12 1952


Uimhir 12 de 1952.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT LIÚNTAS LEANAÍ, 1944 AGUS 1946. [14ú Meitheamh, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Liúntaisí Leanaí, 1944 (Uimh. 2 de 1944) ;

ciallaíonn “Acht 1946” an t Acht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946 (Uimh. 8 de 1946) .

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht agus Acht 1946 mar aon ní amháin.

Alt 3 d'Acht 1946 a scor.

2. —Scoirfidh alt 3 d'Acht 1946 (a dhéanas foráil i dtaobh dátaí cáilitheacha chun críocha an Achta sin) d'éifeacht a bheith aige i leith aon aicme daoine pé lá a cheapfas an tAire le hordú i leith na haicme sin.

Eifeacht a bheith ag leasuithe ar Acht 1946 an lá a scoirfeas alt 3 den Acht sin agus ón lá sin amach.

3. —Nuair a déanfar ordú faoi alt 2 den Acht seo i leith aicme daoine, beidh éifeacht ag Acht 1946, an lá a ceapfar leis an ordú agus ón lá sin amach, maidir leis an aicme sin daoine faoi réir na leasuithe seo a leanas :

(a) in alt 4 scriosfar “ar dháta cáilitheach” agus “ar an dáta cáilitheach sin” ;

(b) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (1) d'alt 5 :

“(1) Duine a mbeidh beirt leanaí nó níos mó is leanaí cáilithe ina gcónaí go rialta leis, beidh sé cáilithe le haghaidh liúntais leanaí i leith na leanaí sin.” ;

(c) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-alt (1) go (4) d'alt 6 :

“(1) Faoi réir forál na nAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1952, agus na rialachán fúthu, aon duine a fionnfar a bheith cáilithe le haghaidh liúntais leanaí i leith leanaí cáilithe, íocfar leis, fad a bheas sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, liúntas míosúil do réir—

(i) aon scilling déag i leith an dara linbh cháilithe, agus

(ii) má bhíonn agus fad a bheas níos mó ná beirt leanaí cáilithe ann, seacht scillinge déag agus sé pingne i leith an tríú linbh cháilithe agus gach linbh cháilithe ina dhiaidh sin.”

Forála idirlinne.

4. —(1) I gcás duine a bheith i dteideal liúntais leanaí in aghaidh tréimhse íoca ina bhfuil an lú lá d'Iúil, 1952—

(I) déantar leis seo an tréimhse íoca d'fhaidiú go dtí an lá deiridh den mhí ina bhfuil an lá ar a gcríochnódh an tréimhse íoca mura mbeadh an mhír seo,

(II) beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1946 maidir leis an duine sin i gcás na tréimhse íoca sin amhail is dá ndéantaí—

(i) “liúntas in aghaidh na tréimhse íoca a bheas ceaptha dhó faoi alt 7 den Acht seo agus íocfar an liúntas sin, maidir leis an gcuid den tréimhse roimh an lú lá d'Iúil, 1952, in aghaidh na seachtaine do réir dhá scilling agus sé pingne i leith gach linbh cháilithe den tsórt sin de bhreis ar bheirt agus, maidir leis an gcuid eile den tréimhse, in aghaidh na míosa do réir aon scilling déag i leith an dara linbh cháilithe den tsórt sin agus do réir seacht scillinge déag agus sé pingne i leith an tríú linbh cháilithe agus gach linbh cháilithe ina dhiaidh sin den tsórt sin” a chur in ionad “liúntas seachtainiúil in aghaidh na tréimhse íoca a bheas ceaptha dhó faoi alt 7 den Acht seo do réir dhá scilling agus sé pingne i leith gach linbh cháilithe den tsórt sin de bhreis ar bheirt” i mír (a),

(ii) “i leith na seachtaine nó na míosa céanna (do réir mar is iomchuí)” a chur in ionad “i leith na seachtaine céanna” i mír (b).

(2) I gcás tréimhse íoca a bheas ceaptha faoi alt 7 d'Acht 1946 a bheith le tosnú an lú lá d'Iúil, 1952, nó dá éis sin, beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1946 maidir leis an duine áirithe i gcás na tréimhse íoca sin amhail is dá ndéantaí—

(I) “liúntas míosúil in aghaidh na tréimhse íoca a bheas ceaptha dhó faoi alt 7 den Acht seo, do réir aon scilling déag i leith an dara linbh cháilithe den tsórt sin agus seacht scillinge déag agus sé pingne i leith an tríú linbh cháilithe agus gach linbh cháilithe ina dhiaidh sin den tsórt sin” a chur in ionad “liúntas seachtainiúil in aghaidh na tréimhse íoca a bheas ceaptha dhó faoi alt 7 den Acht seo do réir dhá scilling agus sé pingne i leith gach linbh cháilithe den tsórt sin de bhreis ar bheirt”,

(II) “míosa” a chur in ionad “seachtaine” i mír (b).

Alt 20 den Phríomh-Acht a leasú.

5. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 20 den Phríomh-Acht (a shonraíos na nithe a bhféadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ina dtaobh) a leasú trí na míreanna seo a leanas a chur leis :

“ (h)  chun a ordú cad é an tslí ina ndéanfar éilimh ar liúntais leanaí ;

 (i)  chun a ordú cad iad na dátaí ar a dtosnóidh liúntais leanaí, mar dámhadh i dtosach iad, ar fhaibhriú ;

 (j)  chun a ordú cad iad na dátaí ar a dtiocfaidh liúntais leanaí, arna n-athscrúdú ó am go ham mar gheall ar athruithe ar na himthosca, chun éifeachta, d'ainneoin aon ní in alt 9 den Acht seo ;

 (k)  chun aon chuid d'fhorála alt 29 agus 41 go 48 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, nó d'fhorála arna ndéanamh faoi na hailt sin, a chur i bhfeidhm maidir le liúntais leanaí, pé acu feidhm mhodhnaithe nó feidhm gan mhodhnú í agus pé acu i dteannta nó in ionad aon fhorál de na hAchta Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1952, é.”

Leasuithe iarmartacha agus mionleasuithe ar an bPríomh-Acht.

6. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 9 den Phríomh-Acht trí “nó má chítear dó, i gcás ina raibh liúntas leanaí iníoctha, go dtáinig aon athrú ábhartha ar na himthosca” a chur isteach roimh “agus na forálacha den Acht seo”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 9 den Phríomh-Acht trí “nó mura rud é, i gcás a thiocfas faoi réim míre (c) den fho-alt seo, go bhfeictear don oifigeach breithiúnachta, i gcás ina raibh liúntas leanaí iníoctha, go dtáinig aon athrú ábhartha ar na himthosca” a chur i ndeireadh an fho-ailt.

(3) Leasaítear leis seo fo-mhír (i) de mhír (a) d'fho-alt (4) d'alt 9 den Phríomh-Acht trí “lú lá den mhí tar éis na míosa ina raibh an” a chur isteach roimh “dáta ar ar hiarradh athscrúdú”.

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 15 den Phríomh-Acht trí “deich scillinge” a chur in ionad “cúig scillinge”.

(5) Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht trí “(nó, más cuí leis an Aire, sé mhí)” a chur isteach tar éis “trí mhí”.

(6) Leasaítear leis seo fo-mhír (i) de mhír (e) d'fho-alt (1) d'alt 20 den Phríomh-Acht trí “(nó, más cuí leis an Aire, de shé mhí)” a chur isteach tar éis “de thrí mhí”.

Aois a shlánú.

7. —Chun críocha na nAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1952, measfar nach bhfuil sé bliana déag d'aois slán ag duine go dtí tosach an lae atá cothrom sé bliana déag ón lá a rugadh é, agus mar sin do gach aois eile.

Uchtleanbh.

8. —I gcás leanbh d'uchtáil faoi aon Acht a dhéanas socrú i dtaobh leanaí d'uchtáil (arna rith roimh an Acht seo nó dá éis) déanfar, chun críocha na nAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1952, an leanbh d'áireamh feasta amhail is dá mba é leanbh an uchtóra nó na n-uchtóirí é a rugadh dó, di nó dóibh de phósadh dleathach agus nár leanbh dhuine ar bith eile é.

Gearrtheideal agus comhlua.

9. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1952, a ghairm den Phríomh-Acht, d'Acht 1946 agus den Acht seo le chéile.