An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1952) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mal.)

14 1952

AN tACHT AIRGEADAIS, 1952

CUID I.

Cain Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1952-53.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1952, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1952, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, a muirearófar amhlaidhí.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht, maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1952, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1952, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Athrú ar an liúntas i leith ioncaim thuillte agus an liúntas as an ioncam iomlán (duine atá cúig bliana seascad d'aois nó os a chionn).

2. —(1) Cuirfear an fhoráil seo a leanas in ionad ailt 16 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 4 den Acht Airgeadais, 1939 ( Uimh. 18 de 1939 ), is é sin le rá:—

“An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall, for the purposes of ascertaining the amount of his assessable income for the purpose of income tax, be allowed a deduction from the amount of his earned income as estimated in accordance with the provisions of the Income Tax Acts of a sum equal to—

(a) one-fourth of so much of that income as does not exceed eight hundred pounds; and

(b) one-fifth of so much of that income as exceeds eight hundred pounds;

but not exceeding, in the case of any individual, the sum of four hundred pounds.”

(2) Forléireofar alt 4 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), agus beidh éifeacht aige, amhail is dá ndéantaí —

(a) “an ceathrú cuid” a chur in ionad “an cúigiú cuid” i mír (a) d'fho-alt (1), agus

(b) “sé chéad punt” a chur in ionad “chúig chéad punt” aon áit a bhfuil na focail deiridh sin i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1), agus

(c) tagairt d'fho-alt (1) den alt seo a chur in ionad na tagairte d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1939 , atá i bhfo-alt (2).

Asbhaint i leith gaoil chleithiúnaigh — méadú ar an tórainn le hioncam an ghaoil.

3. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 22 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 5 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 ), agus le halt 7 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), a leasú tuilleadh trí “whose total income from all sources does not exceed eighty pounds a year” a chur in ionad “whose total income from all sources does not exceed fifty pounds a year”.

Athrú ar fhaoiseamh an ráta laghdaithe agus leasú iarmartach ar alt 32 den Income Tax Act, 1918.

4. —(1) Cuirfear an fhoráil seo a leanas in ionad ailt 23 den Finance Act, 1920, arna leasú le fo-alt (4) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , is é sin le rá:—

“An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall be entitled to be charged at two-fifths of the standard rate of tax on the first one hundred pounds of his taxable income and at four-fifths of the standard rate of tax on the next one hundred pounds of that income.”

(2) Déanfar tagairtí in aon achtachán don alt sin 23 den Finance Act, 1920, arna leasú leis an bhfo-alt sin (4) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1932, d'fhorléiriú, agus beidh éifeacht acu, faoi réir an mhalairtithe a déantar le fo-alt (1) den alt seo agus ag féachaint go cuí don mhalairtiú sin agus, go sonrach, déanfar tagairtí in aon achtachán do leath an ráta chaighdeánaigh chánach maidir leis an gcéad chéad punt d'ioncam inchánach d'fhorléiriú, i gcás an chéad céad punt d'ioncam inchánach, mar thagairtí do dhá chúigiú an ráta chaighdeánaigh chánach agus d'fhorléiriú, i gcás an chéad chéad punt eile d'ioncam inchánach, mar thagairtí do cheithre chúigiú an ráta chaighdeánaigh chánach.

(3) Cuirfear na focail seo a leanas in ionad na bhfocal “half the standard rate of tax” i mír (i) d'fho-alt (1) d'alt 32 den Income Tax Act, 1918, arna leasú le halt 26 den Finance Act, 1920, agus i bhfo-mhír (i) de mhír (e) d'fho-alt (3) den alt sin 32 arna leasú amhlaidh, is é sin le rá:—

“the lesser of the two following rates:

(A) half the standard rate of tax,

(B) the rate obtained by dividing the tax payable by the person referred to in subsection (1) of this section, before deduction of any relief under this section or of any double taxation relief under any agreement between the Government and the Government of any other State, but after reduction in respect of any tax which he is entitled to charge against any other person, by the amount of his taxable income, which for this purpose shall be deemed to be reduced by the amount of any income the income tax upon which he is entitled to charge as aforesaid”,

agus forléireofar tagairtí in aon achtachán d'alt 32 den Income Tax Act, 1918, agus beidh éifeacht acu, dá réir sin.

Alt 2 den Acht Airgeadais, 1941 , a scor.

5. —Ní bhainfidh alt 2 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), d'ainneoin fo-ailt (2) dhe, leis an mbliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1952, ná le haon bhliain dá éis sin.