An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Dleachta Bais.) Ar Aghaidh (CUID V. Ilghneitheach agus Ginearalta.)

14 1952

AN tACHT AIRGEADAIS, 1952

CUID IV.

Dleachta Stampa.

Alt 13 (4) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , a leasú.

18. —(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), agus measfar éifeacht a bheith riamh aige, amhail is nach mbeadh an focal “nó” ann i ndeireadh míre (e) agus go mbeadh na míreanna seo a leanas ann i ndiaidh míre (f):—

“(g) comhlucht corpraithe gan scair-chaipiteal a corpraíodh sa Stát tar éis an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, más rud é—

(i) gur daoine a bhfuil gach duine acu i dtrácht i mír de mhíreanna (a) go (f) den fho-alt seo tromlach (nó, i gcás comhluchta chorpraithe den tsórt sin a corpraíodh le hAcht ón Oireachtas, ar a laghad a leath) de chomhaltaí an chomhluchta chorpraithe, agus

(ii) gur daoine den tsórt adúradh tromlach (nó, i gcás comhluchta chorpraithe den tsórt sin a corpraíodh le hAcht ón Oireachtas, ar a laghad a leath) de na daoine atá ag rialú agus ag bainistí an chomhluchta chorpraithe, nó

(h) comhlucht corpraithe a corpraíodh sa Stát tar éis an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, i gcás níos mó ná a leath (do réir a luacha ainmniúil) de na scaireanna de gach aicme a heisíodh a bheith ar únaeracht tairbhiúil ag daoine a bhfuil gach duine acu i dtrácht i mír de mhíreanna (a) go (g) den fho-alt seo.”

(2) Forléireofar tagairt in aon fhoráil reachtúil (seachas an t-alt seo) do mhíreanna (a) go (f) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , mar thagairt do mhíreanna (a) go (h) den fho-alt sin arna leasú le fo-alt (1) den alt seo agus ní measfar, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le dleacht stampa, comhlucht corpraithe a scor de bheith ina chomhlucht corpraithe den tsórt atá i dtrácht i mír (f) den fho-alt sin de bhrí amháin go dtáinig únaeracht tairbhiúil aon choda dá scaireanna chun bheith dílsithe i gcomhlucht corpraithe den tsórt atá i dtrácht i mír (f) nó (g) den fho-alt sin arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

Tíolacadh nó aistriú ar dhíol-tórainn le dleacht stampa i gcás idirbheart áirithe idir chomhluchta corpraithe.

19. —(1) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, baineann an t-alt seo le gach ionstraim is inchurtha faoi mhuirear dleachta stampa faoi réim nó faoi threoir an mhírchinn “Conveyance or transfer on sale” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, agus a déantar chun nó i dtaobh maoin a thíolacadh nó d'aistriú ó chomhlucht corpraithe amháin (dá ngairmtear an t-aistreoir sa bhfo-alt seo) chun comhluchta chorpraithe eile (dá ngairmtear an t-aistrí sa bhfo-alt seo).

(b) Ní bhainfidh an t-alt seo le hionstraim den tsórt adúradh mura gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim—

(i) go bhfuil an t-aistreoir agus an t-aistrí i dtrácht i mír de mhíreanna (c), (d), (e), (f) agus (h) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), arna leasú le halt 18 den Acht seo,

(ii) go raibh an t-aistreoir, díreach roimh an ionstraim d'fhorghníomhú, i dteideal an leasa thairbhiúil go léir sa mhaoin iomchuí,

(iii) go bhfuil an leas tairbhiúil go léir sa mhaoin iomchuí á dhílsiú san aistrí,

(iv) gurb é an t-aistreoir únaer tairbhiúil nócha faoin gcéad ar a laghad de scair-chaipiteal eisithe an aistrí, agus

(v) nach bhfuil an tíolacadh nó an t-aistriú á dhéanamh de bhun comhshocraíochta faoina scoirfidh an t-aistreoir feasta, go díreach nó go neamhdhíreach, de bheith ina únaer tairbhiúil ar nócha faoin gcéad ar a laghad de scair-chaipiteal eisithe an aistrí.

(2) Ar aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo ní bheidh an dleacht is inmhuirir faoi réim nó faoi threoir an mhírechinn “Conveyance or transfer on sale” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, níos mó ná deich scillinge.

(3) Aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo, agus a stampáladh le suim dleachta is 1ú ná an tsuim a bheadh inmhuirir uirthi, mura mbeadh forála an ailt seo, measfar gan í a bheith stampáilte go cuí mura bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim a thabhairt ina taobh do réir ailt 12 den Stamp Act, 1891.

(4) (a) Chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal go seachadfar dóibh dearbhú reachtúil i pé foirm a threorós siad, arna dhéanamh ag aturnae do na Cúirteanna Breithiúnais, agus pé fianaise eile, más ann di, a theastós uathu.

(b) Na cumhachta a bheirtear do na Coimisinéirí Ioncaim le mír (a) den fho-alt seo, is cumhachta iad i dteannta, agus ní cumhachta iad in ionad, na gcumhacht a bheirtear dóibh le halt 12 den Stamp Act, 1891.

Alt 13 (6) (b) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , a leasú.

20. —Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (6) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), trí “athair nó máthair, sean-athair nó sean-mháthair, leas-athair nó leasmháthair, fear céile nó bean chéile, deartháir nó deirfiúr athar nó máthar nó” a chur isteach roimh “deartháir nó deirfiúr” agus “athar nó máthar, fir chéile nó mná céile nó” a chur isteach roimh “dearthár nó deirfíre”.

Srian le feidhm ailt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 .

21. —(1) Ní bhainfidh alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), le tíolacadh ná aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán, ar a ndíol, má tá gaol ag an duine atá ag teacht i dteideal an leasa thairbhiúil go léir sa mhaoin (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, ag gach duine acu) leis an duine nó le gach duine de na daoine a bhí díreach roimhe sin i dteideal an leasa thairbhiúil go léir sa mhaoin, i slí éigin acu seo a leanas, is é sin le rá, mar dhír-shliochtach, athair nó máthair, sean-athair nó seanmháthair, leas-athair nó leas-mháthair, fear céile nó bean chéile, deartháir nó deirfiúr athar nó máthar nó deartháir nó deirfiúr, nó mar dhír-shliochtach athar nó máthar, fir chéile nó mná céile nó dearthár nó deirfíre, agus go bhfuil san ionstraim deimhniú á dheimhniú sin ón bpáirtí chun a bhfuil an mhaoin á tíolacadh nó á haistriú.

(2) Ar aon ionstraim lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo beidh pé dleachta stampa inmhuirir a bheadh inmhuirir dá mba rud é nár hachtaíodh alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 .

(3) Aon ionstraim lena mbaineann fo-ailt (1) agus (2) den alt seo, agus a stampáladh le suim dleachta is lú ná an tsuim a bheadh inmhuirir uirthi mura mbeadh forála an ailt seo, measfar gan í a bheith stampáilte go cuí mura bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim a thabhairt ina taobh do réir ailt 12 den Stamp Act, 1891.

Alt 24 (4) den Acht Airgeadais, 1949 , a leasú.

22. —(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), agus measfar éifeacht a bheith riamh aige, amhail is nach mbeadh an focal “nó” ann i ndeireadh míre (e) agus go mbeadh na míreanna seo a leanas ann i ndiaidh míre (f):

“(g) comhlucht corpraithe gan scair-chaipiteal a corpraíodh sa Stát tar éis an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, más rud é—

(i) gur daoine a bhfuil gach duine acu i dtrácht i mír de mhíreanna (a) go (f) den fho-alt seo tromlach (nó i gcás comhluchta chorpraithe den tsórt sin a corpraíodh le hAcht ón Oireachtas, ar a laghad a leath) de chomhaltaí an chomhluchta chorpraithe, agus

(ii) gur daoine den tsórt adúradh tromlach (nó, i gcás comhluchta chorpraithe den tsórt sin a corpraíodh le hAcht ón Oireachtas, ar a laghad a leath) de na daoine atá ag rialú agus ag bainistí an chomhluchta chorpraithe, nó

(h) comhlucht corpraithe a corpraíodh sa Stát tar éis an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, i gcás níos mó ná a leath (do réir luacha ainmniúil) de na scaireanna de gach aicmo a heisíodh a bheith ar únaeracht tairbhiúil ag daoine a bhfuil gach duine acu i dtrácht i mír de mhíreanna (a) go (g) den fho-alt seo.”

(2) Forléireofar tagairt in aon fhoráil reachtúil (seachas an t-alt seo) do mhíreanna (a) go (f) d'fho-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , mar thagairt do mhíreanna (a) go (h) den fho-alt sin arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.