An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952) Ar Aghaidh (CUID II. An Bord Fáilte.)

15 1952

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1952

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 agus 1952, a ghairm den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 , agus den Acht seo le chéile.

Forléiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1939” an t Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939) ;

ciallaíonn “An Bord Fáilte” an comhlucht ar a dtugtaí go dtí seo Bord Cuartaíochta na hÉireann agus ar a dtugtar an ainm nua sin le halt 4;

ciallaíonn “an Bord” (ach amháin i gCuid V agus sa Sceideal) An Bord Fáilte;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1939 mar aon ní amháin.

Athghairm.

3. —(1) Athghairmtear leis seo ailt 5, 10, 14, 15 agus 31 d'Acht 1939.

(2) Athghairmtear leis seo an tAcht um Thrácht Cuartaíochta (Leasú), 1946 (Uimh. 14 de 1946) .