An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Forala Airgeadais.) Ar Aghaidh (CUID IV. Tithe Don Lucht Oibre.)

16 1952

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1952

CUID III.

Rialu Aitreabh Airithe.

Leasú ar alt 15 d'Acht 1948.

26. —Leasaítear leis seo alt 15 d'Acht 1948 trí “nach bhfuil thar dhá sheomra iontu agus” a scrios.

Fo-dhlithe maidir le tithe áirithe.

27. —A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith, feidhmeoidh údarás tithe (seachas comhairle chontae) agus coimisinéirí baile na cumhachta a bheirtear dóibh, maidir le fo-dhlithe a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm, halt 20 den Housing (Ireland) Act, 1919, agus le halt 15 d'Acht 1948, arna leasú leis an Acht seo.