An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Tithe Don Lucht Oibre.) Ar Aghaidh (CUID VI. Teaghais Bheaga a Thogaint.)

16 1952

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1952

CUID V.

Iostain Sclabhaithe.

Leathnú ar alt 5 d'Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937.

33. —(1) Beidh ag comhairle chontae maidir lena límistéir feidhme na cumhachta céanna a bheirtear d'údarás uirbeach le halt 5 d'Acht na dTithe agus na Sclábhaithe, 1937 (Uimh. 42 de 1937) , arna leasú, agus measfar gur críocha a bhféadfaidh comhairle chontae airgead d'fháil ar iasacht chucu faoi alt 37 d'Acht 1948 críocha an ailt sin, agus forléireofar an t-alt sin 5 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) I gcás fógra a bheith seirbheáilte, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi alt 19 d' Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931 (Uimh. 50 de 1931) , ag údarás tithe ar dhuine a bhfuil teach faoina urláimh agus an t-údarás a bheith, de bhun ailt 20 den Acht sin, tar éis na hoibreacha a dhéanamh a sonraíodh sa bhfógra sin, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas nach mó ná pé suim acu seo a leanas is lú a thabhairt, as airgead sholáthrós an tOireachtas, don údarás sin, is é sin le rá :—

(a) £80 i leith gach teaghais ar leithligh is cuid den tigh sin tar éis na hoibreacha sin a dhéanamh,

(b) trian de chostas na n-oibreacha sin.

(3) Nuair a bheas na caitheachais faoina ndeachaigh údarás tithe faoi alt 20 d'Acht na dTithe (Forála Ilghnéitheacha), 1931, á ríomh, bainfidh an t-údarás astu méid aon deontais a híocadh, leis an údarás faoi fho-alt (2) den alt seo.

Leasú ar alt 35 d'Acht 1948.

34. —(1) Leasaítear leis seo alt 35 d'Acht 1948 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2) :—

“(2) Forálfaidh rialacháin faoin alt seo go ndéanfar, nuair a beifear ag ligean iostán, aird a thabhairt ar charachtar, tionsclacht, slí bheatha, agus cúrsaí teaghlaigh na n-iarratasóirí agus ar an gcóir chónaithe atá acu, agus, faoina réir sin, déanfar an chéad rogha, nuair is féidir sin, ar iarratasóirí—

(a) is daoine a bhíos ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar tuarastal ar thalamh dhuine éigin eile agus arb é an obair sin a bpríomhshlí mharthana,

(b) is fir a bhíos ag gnáth-ghabháil d'obair thalmhaíochta ar thalamh gaolta lena gcónaíd, nó

(c) aoirí,

agus déanfar an dara rogha, nuair is féidir sin, ar iarratasóirí a bhfuil teaghlach acu agus iad—

(i) ina gcónaí plódaithe agus an eitinn ar dhuine nó ar dhaoine den teaghlach ;

(ii) ina gcónaí i dteaghais aon-tseomra agus an eitinn dhuine nó ar dhaoine den teaghlach nó dhá bhliain déag d'aois a bheith slán ag duine nó ag daoine den teaghlach (seachas na tuismitheoirí) ; nó

(iii) ina gcónaí i dteaghas a daoradh mar theaghas atá neamhoiriúnach chun daoine do chónaí ann.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar plódú a bheith ann más amhlaidh atá an scéal uair ar bith maidir leis an méid daoine a chodlaíos de ghnáth in iostán atá beartaithe chun a áitithe nó atá á áitiú ag daoine den lucht oibre nó ag sclábhaithe talmhaíochta, agus maidir leis an méid seomraí san iostán—

(a) go gcaithfidh aon bheirt de na daoine sin, is daoine atá dhá bhliain déag d'aois nó níos mó agus nach den aon-ghnéas agus nach daoine a chónaíos le chéile mar fhear céile agus bean chéile, codladh san aon-tseomra ; nó

(b) go bhfuil an t-aerspás saor, in aon tseomra a húsáidtear mar sheomra codlata, do dhuine ar bith níos lú ná ceithre chéad troigh chiúbach (á ghlacadh, chun an an t-aerspás saor a ríomh, gur ocht dtroithe d'airde atá sa tseomra má tá níos mó ná ocht dtroithe d'airde ann).

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 35 d'Acht 1948, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, maidir le tithe a cuirfear ar fáil de bhuaidh ailt 35 den Acht seo.

Críocha breise chun a bhféadfar talamh a thógaint faoi Achta na Sclábhaithe.

35. —(1) Féadfaidh údarás tithe, agus é ag forghníomhú Acht na Sclábhaithe, talamh a thógaint trí chomhaontú le toiliú an Aire nó go héigeantach faoi na cumhachta a bheirtear leis na hAchta sin chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas :—

(a) sráideanna nó bóithre poiblí agus spásanna oscailte a leagan amach agus a dhéanamh ar an talamh agus pé oibreacha eile a dhéanamh is gá chun an talamh d'fhorbairt, nó i ndáil lena forbairt, chun críocha foirgníochta ;

(b) tithe a thógáil agus iad a dhíol nó a léasú le daoine, pé acu sclábhaithe talmhaíochta iad nó nach ea ;

(c) an talamh nó cuid de a dhíol nó a léasú le cumainn fóntais phoiblí agus le daoine den tsórt sin chun go ndéanfaidh, agus ar an gcoinníoll go ndéanfaidh, na cumainn agus na daoine sin pé méid tithe a shocrós an t-údarás tithe a thógáil agus a chothabháil air do réir pleananna a cheadós an t-údarás.

(2) Féadfaidh údarás tithe talamh nó tithe a dhíol nó a léasú faoin alt seo le toiliú an Aire agus déanfar an t-airgead caipitil go léir a gheofar i leith aon idirbhirt faoin alt seo d'úsáid chun nó i leith talamh eile a cheannach chun críocha Acht na Sclábhaithe nó, le toiliú an Aire, chun aon chríche, lena n-áirítear aisíoc airgid iasachta, chun a bhféadfar airgead caiptil d'úsáid go cuí.

(3) Má rinne údaras tithe aon talamh a thógaint, a dhíol nó a léasú roimh an Acht seo a rith agus go mbeadh sin bailí dá mba de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo a déanfaí é, beidh sé, agus measfar go raibh sé riamh, déanta go bailí faoi Achta na Sclábhaithe.

(4) Ní bheidh feidhm, maidir le tithe a thógfas údarás tithe de bhuaidh míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ag na forála d'Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936) , a bhaineas le ceannach iostán.