An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTRÉIDLIA, 1952)

18 1952

ACHT NA dTRÉIDLIA, 1952

AN SCEIDEAL

Alt 4.

Comhaontú a rinneadh an 20ú lá de Bhealtaine, 1949, maidir le ceapadh nó toghadh comhaltaí breise de Chomhairle Choláiste Ríoga na dTréidlia agus le híoc táillí leis a n gComhairle sin.

Tá Rialtas a Shoilse i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann agus Rialtas Phoblacht na hÉireann tar éis comhaontú mar leanas:—

1.   (1) I dteannta na gcomhaltaí de Chomhairle Choláiste Ríoga na dTréidlia (dá ngairmtear an Coláiste anseo ina dhiaidh seo) a sonraítear in ailt a naoi agus a dó dhéag den Veterinary Surgeons Act, 1948 (11 agus 12 Geo. 6 c. 52), beidh cúigear comhaltaí breise (dá ngairmtear na hionadaithe Éireannacha anseo ina dhiaidh seo) ar an gComhairle sin mar leanas, is é sin le rá—

(i) Duine amháin, arna cheapadh ag Aire Talmhaíochta Phoblacht na hÉireann, a bheas (mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as oifig nó é a dhícháiliú nó é a chur as oifig ag an Aire sin) i seilbh oifige go ceann ceithre bliana agus a bheas inathcheaptha;

(ii) Ceathrar arb iad na comhaltaí tofa ginearálta iad, de thuras na huaire, de Chomhairle na dTréidlia i bPoblacht na hÉireann faoi Acht na Máinlia Beithíoch, 1931 (Uimh. 36 de 1931) .

(2) Scarfaidh na hionadaithe Éireannacha lena n-oifig mar chomhaltaí de Chomhairle athchóirithe an Choláiste, agus beidh deireadh leis an gClásal seo den Chomhaontú seo, mura n-athnuaitear é, ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil den Choláiste a tionólfar tar éis foráil a theacht in éifeacht do réir dlithe Phoblacht na hÉireann á fhoráil go ndéanfar duine ar bith a mbronnfaidh Ollscoil i bPoblacht na hÉireann céim tréidliachta air le linn an dlí sin a bheith i bhfeidhm a chlárú do réir an dlí sin i gClár na dTréidlia a bheas á choimeád ag Comhairle na dTréidlia i bPoblacht na hÉireann.

2. (1) Gach duine a bheas de thuras na huaire cláraithe i gClár Tréidlia na Ríochta Aontaithe agus fós i gClár na dTréidlia a bheas á choimeád ag Comhairle na dTréidlia i bPoblacht na hÉireann, déanfaidh sé, i leith gach bliana nó coda de bhliain a bheas sé ina chónaí lasmuigh de límistéir dlínse Rialtas Phoblacht na hÉireann nó (pé áit a mbeidh sé ina chónaí) a bheas ag cleachtadh, nó á thabhairt le tuiscint go bhfuil sé ag chleach tadh, nó go bhfuil sé ullamh chun bheith ag cleachtadh, na tréidliachta lasmuigh den límistéir sin, pé táille bhliantúil (más ann) d'íoc le Comhairle an Choláiste a ordós an Chomhairle sin de bhun ailt a cúig is fiche den Veterinary Surgeons Act, 1948, adúradh, ach sin faoi réir a laghduithe de shuim ghiní amháin i gcás duine ar bith ar íoc Comhairle na dTréidlia i bPoblacht na hÉireann an tsuim sin ina leith le Comhairle an Choláiste i leith na tréimhse sin.

(2) Beidh feidhm, faoi réir a bhfuil ráite roimhe seo, ag forála an ailt sin a cúig is fiche maidir le gach duine den tsórt dá dtagartar sa chlásal seo.

(3) Sa chlásal seo ciallaíonn an focal “bliain” tréimhse dhá mhí dhéag dár tosach an dáta i ngach bliain chaileandair a bheas an táille bhliantúil sin iníoctha le Comhairle an Choláiste.

3. Na forála den Chomhaontú idir Rialtas a Shoilse i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann agus Rialtas a Shoilse i Saorstát Éireann maidir le clárú agus rialú tréidlia, a daingníodh agus dár tugadh éifeacht reachtúil leis an Veterinary Surgeons (Irish Free State Agreement) Act, 1932 (22 Geo. 5. c. 10), agus le hAcht na Máinlia Beithíoch, 1931, adúradh, faoi seach, beidh acu (faoi réir forál an Veterinary Surgeons Act, 1948, adúradh) éifeacht faoi réir forál an Chomhaontuithe seo.

4. (1) Tiocfaidh an Comhaontú seo (ach amháin clásal 2 dhe seo) in éifeacht ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil den Choláiste a tionólfar tar éis dáta an Orduithe i gComhairle trína ndéanfaidh a Shoilse foráil, faoi alt a fiche den Veterinary Surgeons Act, 1948, adúradh, chun éifeacht a thabhairt don Chomhaontú seo.

(2) Tiocfaidh clásal 2 den Chomhaontú seo in éifeacht ar an gcéad dáta, i ndiaidh an dáta dá dtagartar sa bhfo-chlásal deiridh roimhe seo, a bheas an táille bhliantúil a luaitear sa chlásal sin 2 iníoctha le Comhairle an Choláiste.

Arna shíniú thar ceann Rialtas a Shoilse i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann.

PHILIP NOEL-BAKER,

Rúnaí Stáit um Chaidreamh an Chomhfhlaithis.

Arna shíniú thar ceann Rialtas Phoblacht na hÉireann.

JOHN W. DULANTY,

Ard-Choimisinéir na hÉireann.