19 1952


Uimhir 19 de 1952.


AN tACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE, 1938 GO 1949. [9ú Nollaig, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na hAchta.

1. —San Acht seo ciallaíonn“na hAchta”na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1949.

Tréimhse oifige aireachta sa Chéad Dáil Éireann.

2. —Chun críocha na nAcht, áireofar ar thréimhse oifige dhuine a bhí i seilbh oifige aireachta sa Chéad Dáil Éireann an tréimhse idir an dáta a hainmníodh é chun na hoifige sin agus an dáta a daingníodh a ainmniúchán ag an Dáil sin.

Leathnú ar bhrí na habairte“oifig aireachta”.

3. —Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo go bhfolóidh an abairt“oifig aireachta” i gCuid IV den Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 (Uimh. 38 de 1938) , oifig Stiúrthóra, a bhí ina cheann aireachta ar Roinn den Chéad Dáil Éireann, agus an oifig a shealbhaigh duine a bhí ag gníomhú mar ionadaí do Stiúrthóir.

Pinsean baintrí.

4. —I gcás gan baintreach dhuine a bhí i seilbh oifige cáilithí a bheith cáilithe chun pinsean d'fháil faoi na hAchta, toisc nár leor seirbhís inphinsin an duine sin, beidh sí i dteideal pinsean baintrí d'fháil a bheas ar cóimhéid leis an bpinsean a mbeadh sí ina theideal dá mba trí bliana seirbhís inphinsin an duine sin.

Tosach feidhme pinsean.

5. —Aon phinsean is iníoctha de bhun ailt 2, 3 nó 4 den Acht seo, tosnóidh sé ar bheith iníoctha—

(a) má déantar iarratas go cuí ar an bpinsean sin ar dháta nach déanaí ná sé mhí tar éis dáta an Achta seo a ríth, ar an dáta a rithfear é, nó

(b) in aon chás eile, ar an dáta a déanfar an t-iarratas go cuí.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1952, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchta agus an tAcht seo mar aon ní amháin.