|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Éifeacht Orduithe Uchtála.) | Ar Aghaidh (CUID V. Ilghnéitheach.) |
AN tACHT UCHTÁLA, 1952
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Clárú Cumann Uchtála. | |
[EN] |
Srian le comhshocraíochta a dhéanamh chun leanaí d'uchtáil. |
34. —(1) Ní dleathach d'aon chomhlucht daoine aon chomhshocraíochta a dhéanamh, ná féachaint le hiad a dhéanamh, chun leanbh faoi bhun seacht mbliana d'aois d'uchtáil, mura cumann uchtála cláraithe nó údarás cúnaimh phoiblí an comhlucht sin ná, chun na críche sin, leanbh a choinneáil ina gcoimeád ná a shocrú go gcoinneoidh aon duine nó comhlucht eile é. |
[EN] | (2) Má ghlacann aon duine páirt ar bith i mbainistí nó i rialú comhluchta daoine arb é is aon-chuspóir dó, nó ar ceann dá chuspóirí, comhshocraíochta a dhéanamh i dtaobh uchtála, agus nach cumann uchtála cláraithe ná údarás cúnaimh phoiblí, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag a chur air nó fíneáil nach mó ná céad punt nó an phríosúntacht sin agus an fhíneáil sin le chéile. | |
[EN] | (3) In aon imeachta faoin alt seo, má tugtar cruthúnas ar nithe a bheith déanta nó focail a bheith scríofa, ráite nó foilsithe (pé acu i láthair aon pháirtí sna himeachta é nó nach ea) ag duine ar bith a ghlac páirt i mbainistí nó i rialú comhluchta daoine, nó i ndéanamh comhshocraíocht i dtaobh uchtála thar ceann an chomhluchta, beidh an cruthúnas sin inghlactha mar fhianaise ar chuspóir an chomhluchta sin. | |
[EN] |
An Clár de Chumainn Uchtála. |
35. —(1) Coimeádfaidh an Bord Clár de Chumainn Uchtála (ar a dtugtar an clár sa Chuid seo). |
[EN] | (2) Beidh an clár inscrúduithe ag an bpobal le linn gnáthuaireanta oifige. | |
[EN] | (3) Is sa bhfoirm ordaithe a bheas na taifid sa chlár agus ní foláir na sonraí ordaithe a bheith iontu. | |
[EN] |
Cumainn uchtála a chlárú. |
36. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, taifeadfaidh an Bord sa chlár aon chomhlucht daoine a dhéanfas iarratas ar chlárú agus a bhéarfas don Bhord pé faisnéis is gá leis an mBord chun a chur ar a chumas a chinneadh an bhfuil an comhlucht sin i dteideal é a chlárú. |
[EN] | (2) Ní chláróidh an Bord aon chomhlucht daoine mura deimhin leis an mBord— | |
[EN] | (a) gur comhlucht é atá ann d'aon-toisc chun cuspóirí carthanais nó daoncharadais a chur ar aghaidh, pé acu cuspóir carthanais do réir bhrí aon rialach dlí aon chuspóir acu sin nó nach ea, agus | |
[EN] | (b) go bhfuil an comhlucht inniúil ar na hoblagáidí a chomhlíonadh a cuirtear ar chumainn uchtála chláraithe faoin Acht seo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an Bord diúltú d'aon chomhlucht daoine a chlárú más dóigh leis an mBord nach duine cuí oiriúnach chun gníomhú duine ar bith a ghlacfas páirt i mbainistí nó i rialú an chomhluchta nó atá, thar ceann an chomhluchta, ag gabháil do chomhshocraíochta a dhéanamh i dtaobh uchtála. | |
[EN] |
Clárú a chealú. |
37. —Féadfaidh an Bord clárú cumainn uchtála chláraithe a chealú ar aon fhoras a cheanglódh ar an mBord nó a bhéarfadh teideal don Bord iarratas ar chlárú an chumainn a dhiúltú nó más dóigh leis an mBord nach bhfuil ceanglais an Achta seo á gcomhlíonadh go sásúil ag an gcumann nó má dhéanann an cumann, nó aon duine ag gníomhú thar ceann an chumainn, cion faoin Acht seo. |
[EN] |
Faisnéis a thabhairt agus scrúdú leabhar a cheadú. |
38. —(1) Déanfaidh cumann uchtála cláraithe agus gach oifigeach don chumann nó duine ar bith eile a ghlacas páirt i mbainistí nó i rialú an chumainn— |
[EN] | (a) pé faisnéis a thabhairt don Bhord a iarrfas an Bord ó am go ham, trí fhógra i scríbhinn, maidir le cóiriú, comhaltas, fostaithe, eagraíocht agus gníomhachta an chumainn; | |
[EN] | (b) cead a thabhairt, gach tráth réasúnach, do chomhalta den Bhord nó d'oifigeach údaraithe dhó na leabhair agus na doiciméid uile i dtaobh uchtála atá i seilbh nó faoi urlámhas an chumainn a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh. | |
[EN] | (2) Aon duine a shárós, pé acu trí ghníomh nó neamhghníomh é, foráil den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air. | |
[EN] |
Míniú don mháthair nó don chaomhnóir ar éifeacht uchtála. |
39. —(1) Má bheartaíonn máthair nó caomhnóir linbh an leanbh a chur faoina réir ag cumann uchtála cláraithe lena uchtáil faoin Acht seo, ní foláir don chumann, sara nglacfaid an leanbh— |
[EN] | (a) ráiteas i scríbhinn sa bhfoirm ordaithe a thabhairt don duine sin agus míniú soiléir ann— | |
[EN] | (i) ar an éifeacht atá ag ordú uchtála ar chearta máthar nó caomhnóra, agus | |
[EN] | (ii) ar na forála den Acht seo a bhaineas le toiliú le hordú uchtála a dhéanamh; agus | |
[EN] | (b) a áirithiú go dtuigeann an duine an ráiteas agus go síneoidh sé doiciméad á rá sin. | |
[EN] | (2) Mura gcomhlíontar aon ceann áirithe de cheanglais fo-ailt (1), beidh an cumann agus gach duine a ghlacas páirt i mbainistí nó i rialú an chumainn, agus gach duine a raibh baint aige le glacadh an linbh thar ceann an chumainn, ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air. |