An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (COINBHINSIÚN SÁBHÁLTACHTA), 1952) Ar Aghaidh (CUID II. Sábháltacht Anama ar Muir.)

29 1952

AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (COINBHINSIÚN SÁBHÁLTACHTA), 1952

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháltachta), 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1952, a ghairm de na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1947, agus den Acht seo le chéile.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an Rialtas le hordú.

Léiriú agus forléiriú.

3. —(1) San Acht seo—

deimhniú inghlactha faoin gCombhinsiún Sábháltachta.

tá leis an abairt “deimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiúin Sábháltachta” an bhrí a bheirtear di le halt 28 den Acht seo;

Acht 1933.

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiúin um Shábhált acht agus um Ualach-Líne), 1933 (Uimh. 42 de 1933) ;

rialacháin iombuailte.

ciallaíonn “rialacháin iombuailte” rialacháin arna ndéanamh faoi Alt 418 den Phríomh-Acht;

rialacha déanmhais.

ciallaíonn “rialacha déanmhais” rialacha arna ndéanamh faoi alt 10 den Acht seo;

tír lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta.

ciallaíonn “tír lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta”—

(a) tír ar dearbhaíodh faoi alt 4 den Acht seo gur ghlac a rialtas leis an gCoinbhinsiún Sábháltachta agus nár dearbhaíodh amhlaidh gur shéan a rialtas an Coinbhinsiún sin;

(b) críoch ar dearbhaíodh amhlaidh réim a bheith ag an gCoinbhinsiún Sábháltachta maidir léi agus nach críoch ar dearbhaíodh amhlaidh gur scoir an Coinbhinsiún sin de réim a bheith aige maidir léi;

dearbhú suirbhéireachta.

ciallaíonn “dearbhú suirbhéireachta” dearbhú ar na dhéanamh faoi alt 272 den Phríomh-Acht;

turas eadarnáisiúnta.

ciallaíonn “turas eadarnáisiúnta” turas ó phort i dtír go port i dtír eile, agus ceachtar tír acu sin ina tír lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta, agus ciallaíonn “gearr-thuras eadarnáisiúnta” turas eadarnáisiúnta—

(a) nach mbíonn an long thar dhá chéad míle farraige lena linn ó phort nó áit ina bhféadfaí na paisnéirí agus an fhoireann a chur ar shlí shábhála, agus

(b) nach mó ná sé chéad míle farraige ar fhad ón bport cuarda deiridh sa tír inar thosnaigh an turas go dtí an port cinn turais, ach, chun críche na mínithe sa mhír seo—

(i) ní háireofar aon chlaonadh a dhéanfas long óna turas beartaithe agus gan de chúis leis sin ach drochaimsir nó siocair éigin eile nach bhféadfadh máistir ná únaer ná fostóir (más ann) na loinge a chosc ná d'oirichill; agus

(ii) measfar gur tír faoi leith gach cóilíneacht, críoch thar lear, coimirceas nó críoch eile a bhfuil rialtas a ghlac leis an gCoinbhinsiún Sábháltachta freagrach ina caidreamh eadarnáisiúnta, nó arb iad na Náisiúin Aontaithe an t-údarás riaracháin ina leith;

na hAchta Loingis Cheannaíochta.

ciallaíonn “na hAchta Loingis Cheannaíochta” na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1947, agus an tAcht seo;

an tAire.

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Merchant Shipping Act, 1894;

radio-chabhair loingseoireachta.

ciallaíonn “radio-chabhair loingseoireachta” radio-ghoireas ar bord loinge atá ceaptha chun suíomh nó treo long nó nithe eile a chinneadh;

radio-rialacha.

ciallaíonn “radio-rialacha” rialacha arna ndéanamh faoi alt 15 den Acht seo;

rialacha i dtaobh treo-aimseoirí.

ciallaíonn “rialacha i dtaobh treo-aimseoirí” rialacha arna ndéanamh faoi alt 18 den Acht seo;

rialacha i dtaobh fearas tárrthála.

ciallaíonn “rialacha i dtaobh fearas tarrthála” rialacha arna ndéanamh faoi alt 427 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 11 den Acht seo;

an Coinbhinsiún Sábháltachta.

ciallaíonn “an Coinbhinsiún Sábháltachta” an Coinbhinsiún Eadarnáisiúnta um Shábhaltacht Anama ar Muir a síníodh thar ceann an Rialtais i Londain an 10ú lá de Mheitheamh, 1948;

long faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta.

ciallaíonn “long faoin gCoinbhinsiúin Sábháltachta” long atá cláraithe i dtír lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta agus forléireofar dá réir sin an abairt “galtán paisnéirí faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta”.

(2) Ach amháin sa mhéid go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile d'fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin mar leasaítear nó leathnaítear é nó mar bheirtear feidhm dó trí nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(3) Ach amháin sa mhéid go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, foirléireofar an tAcht seo agus na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1947, mar aon ní amháin, agus, gan dochar do ghinearáltacht na forála seo, déanfar tagairtí sna hAchta sin do na hAchta Loingis Cheannaíochta d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Acht seo.

(4) Má thagann aon leasú ar an gCoinbhinsiún Sábháltachta i bhfeidhm, déanfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairtí san Acht seo don Choinbhinsiún Sábháltachta d'fhorléiriú mar thagairtí don Choinbhinsiún Sábháltachta arna leasú.

Tíortha lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis—

(a) go bhfuil rialtas aon tíre tar éis glacadh leis an gCoinbhinsiún Sábháltachta nó tar éis é a shéanadh, nó

(b) go bhfuil réim ag an gCoinbhinsiún Sábháltachta, nó go bhfuil scortha aige de réim a bheith aige, maidir le haon chríoch,

dearbhú sa chéill sin a dhéanamh le hordú.

Cumhacht an Aire chun táillí d'ordú.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na táillí a héileofar as iniúchadh a dhéanamh agus deimhnithe d'eisiúint faoin Acht seo a cheapadh le hordú (dá ngairmtear ordú táillí san Acht seo).

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ordú táillí nó ordú a rinneadh faoin bhfo-alt seo a chúlghairm nó a leasú tráth ar bith le hordú.

Táillí a bhailiú agus a chur chun tairbhe.

6. —(1) Déanfar na táillí go léir is iníoctha faoi ordú táillí a bhailiú agus a ghlacadh i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir ordachán an Aire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoi ordú táillí.

Orduithe, rialacha agus rialacháin a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

7. —Gach ordú, riail agus rialachán a dhéanfas an tAire de bhuaidh an Achta seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an ionstraim sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na hionstraime, beidh an ionstraim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ionstraim.

Athghairm.

8. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Forála idirlinne.

9. —Beidh éifeacht ag forála an Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo chun críche an athruithe ón dlí a bhí i bhfeidhm roimh thosach feidhme an Achta seo go dtí forála an Achta seo.