10 1953


Uimhir 10 de 1953.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH) (LEASÚ), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE I LEITH LIMISTÉIR DLÍNSE CHOROINEARA AGUS SHIRRIAIM CHONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH DE DHROIM TORAINN CHONTAE-BHUIRGE BHAILE ÁTHA CLIATH A LEATHNÚ LE hORDÚ SEALADACH CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH (TORAINN A LEATHNÚ), 1953, ARNA DHAINGNIÚ AG AN OIREACHTAS. [31ú Márta, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Forléiriú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an tOrdú” Ordú Sealadach Chathair Bhaile Atha Cliath (Tórainn a Leathnú), 1953, arna dhaingniú ag Acht ón Oireachtas.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1945, mar aon ní amháin.

Límistéir dlínse choróinéara Chontae Bhaile Atha Cliath.

2. —An fhaid a leanfas an duine a bheas i seilbh oifige choróinéara an Chontae le linn tosach feidhme an Orduithe seo de bheith i seilbh na hoifige sin, leanfaidh a límistéir dlínse amhail is nár tháinig an tOrdú i bhfeidhm ach, ar an duine sin a scor toisc é d'éag nó ar chúis eíle, de bheith i seilbh na hoifige sin, déanfar an méid sin den límistéir sin a folaítear sa chathair leis an Ordú a bhaint de límistéir dlínse choróinéara an chontae agus cuirfear é le límistéir dlínse choróinéara na cathrach agus beidh sé folaithe sa límistéir sin feasta.

Límistéir dlínse shirriaim Chontae Bhaile Atha Cliath.

3. —An fhaid a leanfas an duine a bheas i seilbh oifige shirriaim an chontae le linn tosach feidhme an Orduithe de bheith i seilbh na hoifige sin, leanfaidh a límistéir dlínse amhail is nár tháinig an tOrdú i bhfeidhm ach, ar an duine sin a scor toisc é d'éag nó ar chúis eile, de bheith i seilbh na hoifige sin, déanfar an méid sin den limistéir sin a folaítear sa chathair leis an Ordú a bhaint de límistéir dlínse shirriaim an Chontae agus cuirfear é le límistéir dlínse shirriaim na cathrach agus beidh sé folaithe sa limistéir sin feasta.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1953, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1945, agus den Acht seo le chéile.