An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT MINE FÉIR (TÁIRGEADH), 1953) Ar Aghaidh (CUID II. Min Fhéir Teoranta.)

11 1953

AN tACHT MINE FÉIR (TÁIRGEADH), 1953

CUID I.

Réamhráiteach.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Mine Féir (Táirgeadh), 1953 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

na hAchta Cuideachtan.

ciallaíonn “na hAchta Cuideachtan” na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924 ;

an Chuideachta.

ciallaíonn “an Chuideachta” an Chuideachta a bunófar de bhun ailt 5 den Acht seo ;

an tAire.

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Caiteachais an Aire.

3. —Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholárthrós an tOireachtas.

Díolúine ó dhleachta stampa.

4. —(1) Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, chun a cheangal ar an gCuideachta aon ráiteas a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtan ná aon dleacht stampa d'íoc faoin alt sin i leith scair-chaipitil na Cuideachtan.

(2) Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon aistriú ar scaireanna sa Chuideachta.