19 1953


Uimhir 19 de 1953.


AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1953.

[An tiontó oifigiúil].


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA n ACHT FORBARTHA MÓNA, 1946 AGUS 1950. [7ú Iúil, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Forbartha Móna, 1950 (Uimhir 23 de 1950) ;

ciallaíonn “an tAire”an tAire Tionscail agus Tráchtála ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Forbartha Móna, 1946 (Uimh. 10 de 1946) ;

folaíonn “sochair aoisliúntais,” nuair a húsáidtear é maidir le scéim aoisliúntais, pinsin, liúntais agus aiscí.

Airleacain chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste.

2. —(1) Déantar leis seo alt 53 den Phríomh-Acht a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) (a cuireadh isteach ann le halt 3 d'Acht 1950) :

“(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, faoin alt seo agus ar mholadh an Aire, pé suimeanna (nach mó san iomlán ná ceithre mhilliún déag punt) a iarrfas an Bord ó am go ham d'airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.”

(2) Athghairmtear leis seo alt 3 d'Acht 1950.

Deontais don Bhord i leith costas scéimeanna tithe d'fhostaithe.

3. —Déantar leis seo alt 6 d'Acht 1950 a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2) :

“(2) Beidh na deontais a bhéarfar faoi fho-alt (1) den alt seo faoi réir na dtórann seo a leanas :

(a) ní mó ná ceithre chéad agus fiche míle punt a n-iomlán,

(b) ní mó ná cúig chéad agus seachtó punt an deontas i leith aon tí áirithe.”

Conradh seirbhíse idir an tAire agus stiúrthóir bainistí an Bhoird.

4. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in alt 9 den Phríomh-Acht, féadfar luach saothair, tréimhse oifige (nach mbeidh níos sia ná cúig bliana) agus téarmaí ceapacháin stiúrthóra bhainistí an Bhoird a shocrú le conradh a dhéanfas an tAire leis, le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus le haontú an Rialtais.

(2) Fad a bheas conradh faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm—

(a) ní bhainfidh alt 10 den Phríomh-Acht le hoifig an stiúrthóra bhainistí,

(b) féadfaidh an Rialtas an stiúrthóir bainistí a chur as oifig mar gheall ar mhí-iompar nó éagumas a sonrófar, agus leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas i scríbhinn á insint gur cuireadh as oifig amhlaidh é agus ag lua na bhfáth a bhí leis.

Scéim aoisliúntais do chomhaltaí.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh chun sochair aoisliúntais d'íoc, faoi réir pé coinníollacha agus tóranta a hordófar sa scéim, le comhaltaí lán-aimsire den Bhord, ar scor dóibh, agus féadfaidh sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, aon scéim den tsórt sin a leasú.

(2) Féadfaidh scéim faoin alt seo socrú a dhéanamh le haghaidh córach réitithe aon díospóide a tharlós maidir le héileamh duine ar bith chun aon tsochair, nó maidir le méid aon tsochair, is iníoctha de bhun na scéime sin.

(3) Déanfaidh an Bord scéim faoin alt seo a chur i gcrích do réir a téarmaí.

(4) Gach scéim a déanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Scéimeanna aoisliúntais d'fhostaithe.

6. —(1) A luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith, ullmhóidh an Bord agus cuirfidh faoi bhráid an Aire scéimeanna chun sochair aoisliúntais d'íoc, faoi réir pé coinníollacha agus tóranta a hordófar sna scéimeanna, le daoine ar buan-fhostaíocht ag an mBord, ar scor dóibh, agus féadfaidh sé scéimeanna éagsúla d'ullmhú le haghaidh aicmí éagsúla de dhaoine den tsórt sin.

(2) Déanfar socrú ina dtaobh seo a leanas i scéim faoin alt seo—

(a) bunú ciste aoisliúntais as a n-íocfar sochair aoisliúntais,

(b) daoine lena mbaineann an scéim d'íoc ranníocaíocht leis an gciste, agus an Bord do dhéanamh íocaíocht leis an gciste is ionann agus iomlán na ranníocaíocht sin,

(c) an Bord d'íoc costais riartha na scéime agus costais bhainistí an chiste,

(d) dílsiú an chiste sin in iontaobhaithe agus ceapadh na n-iontaobhaithe sin ó am go ham do réir mar is gá,

(e) riaradh agus infheistiú an chiste sin agus iniúchadh a chuntas, agus

(f) cóir réitithe aon díospóide a tharlós maidir le ceart aon fhostaí chun é a ligean isteach ina chomhalta den scéim sin, maidir le héileamh duine ar bith chun aon tsochair, nó maidir le méid aon tsochair, is iníoctha faoin scéim sin.

(3) Ceapfaidh scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadós sé faoin alt seo an tráth scortha agus na coinníollacha scortha do gach duine a mbeidh sochair aoisliúntais faoin scéim iníoctha leis ar scor dó, agus féadfar trátha agus coinníollacha éagsúla a cheapadh d'aicmí éagsúla daoine.

(4) Nuair a bheas scéim ullamh ag an mBord faoin alt seo, déanfaidh an Bord, sara gcuirfidh sé an scéim sin faoi bhraid an Aire—

(a) fógra d'fhoilsiú i pé slí is cuí leis an mBord á chur in iúl gur hullmhaíodh an scéim sin, agus

(b) cóip den scéim sin a chur ar fáil ar feadh lae agus fiche chun a hiniúchta ag daoine lena mbainfidh sí, agus

(c) na huiríolla uile a ghlacadh agus a bhreithniú a chuirfeas aon daoine den tsórt sin faoi bhráid an Bhoird, nó a cuirfear faoi bhráid an Bhoird thar a gceann, i rith na tréimhse sin, agus

(d) pé athruithe a chur ar an scéim sin a mheasfas an Bord is gá nó is inmholta ag féachaint do na huiríolla a cuireadh faoi bhráid an Bhoird amhlaidh.

(5) Cuirfidh an Bord i gcrích do réir a téarmaí scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(6) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le ceadú an Aire, scéim faoin alt seo a leasú, agus beidh feidhm ag ceanglais fo-ailt (4) agus fo-ailt (5) den alt seo maidir le haon scéim leasaitheach den tsórt sin.

(7) Gach scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadós sé faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceaduithe agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoi na bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(8) Aon chiste aoisliúntais a bunófar faoin alt seo measfar é a bheith bunaithe faoi iontaobhas do-chúlghairmthe.

Iasachta don Bhord as an gciste aoisliúntais.

7. —Féadfaidh iontaobhaithe ciste aoisliúntais a bunófar faoi alt 6 den Acht seo pé airgead is cuí leis na hiontaobhaithe agus leis an mBord a thabhairt ar iasacht don Bhord ó am go ham as an gciste sin, agus féadfaidh an Bord é a thógaint ar iasacht ó na hiontaobhaithe sin chun críocha a chuid feidhmeanna agus chun na gcríocha sin amháin, agus beidh iasachta ar bith a bhéarfar amhlaidh faoi réir pé coinníollacha, maidir le hús d'íoc, maidir le haisíoc agus eile, ar a gcomhaontóidh na hiontaobhaithe agus an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais, sara dtabharfar aon airgead den tsórt sin ar iasacht amhlaidh.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

8. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na h Achta Forbartha Móna, 1946 agus 1950, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na h Achta Forbartha Móna, 1946 go 1953, a ghairm díobh le chéile.