27 1953


Uimhir 27 de 1953.


AN tACHT TELEGRAFA, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ATHGHAIRM NA dTEORANTA REACHTÚLA LE RÁTAÍ TELEGRAFA. [24ú Samhain, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na teoranta reachtúla do rátaí telegrafa scríofa intíre d'athghairm.

1. —Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Telegrafa, 1928 ( Uimh. 10 de 1928 ).

Na teoranta reachtúla do rátaí telegrafa nuachtán d'athghairm.

2. —Athghairmtear leis seo na teoranta leis na rátaí do sheoladh agus seachadadh, nó do sheoladh nó seachadadh, cumarsáidí telegrafa, atá in alt 16 den Telegraph Act, 1868, arna leasú le halt 1 den Post Office and Telegraph Act, 1915.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Telegrafa, 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Telegrafa, 1863 go 1953, a ghairm de na hAchta Telegrafa, 1863 go 1928, agus den Acht seo le chéile.