An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus GinearÁlta.) Ar Aghaidh (CUID III. An ChÚirt Uachtarach agus an Ard-ChÚirt.)

32 1953

AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1953

CUID II.

Luach Saothair, Caiteachais Agus Pinsin.

Luach saothair breitheamh a mhéadú.

4. —Déanfar luach saothair breitheamh a mhéadú, le héifeacht ón 1ú lá d'Aibreán, 1953—

(a) i gcás breitheamh na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte agus Uachtaráin na Cúirte Cuarda, dhá chéad agus caoga punt sa bhliain, agus

(b) i gcás breitheamh na Cúirte Cuarda (seachas an tUachtarán) agus na Cúirte Dúiche, ceithre chéad agus caoga punt sa bhliain.

Caitheachais bhreitheamh, etc.

5. —(1) I dteannta luach saothair, féadfar pé suimeanna is dóigh leis an Aire, le ceadú an Aire Airgeadais, a bheith réasúnach a lamháil, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, do bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt, den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche nó do Choimisinéir den Ard-Chúirt ar Cuaird chun caiteachais taistil agus caiteachais eile an bhreithimh nó an choimisinéara sin d'íoc.

(2) Féadfar socrú le haghaidh caiteachas faoin alt seo a dhéanamh—

(a) trí liúntais i leith caiteachas áirithe, arna ríomh do réir pé scálaí agus faoi réir pé coinníoll a chinnfeas an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais; nó

(b) trí liúntais tréimhsiúla de pé méideanna, a bheas iníoctha pé trátha agus i pé slí, a chinnfeas an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais; nó

(c) i gcás inar dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais nach n-oireann socrú faoi fho-mhír (a) nó fo-mhír (b) den fho-alt seo, i pé slí eile a chinnfeas an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais.

Pinsin bhreitheamh na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chuirte.

6. —(1) San alt seo ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda.

(2) Deonfar do bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt a scoirfeas, ar chúig bliana seascad a bheith slán aige, tar éis seirbhís chúig bliana déag nó níos mó, pinsean saoil is comhionann le dhá dtrian dá luach saothair tráth a scortha.

(3) Deonfar do gach breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt a scoirfeas, de dheasca aoise nó buan-éiglíochta, de bheith i seilbh oifige tar éis seirbhís chúig bliana nó níos mó, pinsean saoil is comhionann leis an séú cuid dá luach saothair tráth a scarúna le hoifig maraon leis an bhficheadú cuid den luach saothair sin do gach bliain iomlán sheirbhíse de bhreis ar chúig bliana, ach ní raghaidh an pinsean thar dhá dtrian den luach saothair sin.

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le duine a bheas i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt ar dháta an Achta seo a rith.

(5) Baineann alt 8 d'Acht 1936 le pinsean a deonfar faoin alt seo.

Pinsin bhreitheamh na Cúirte Cuarda.

7. —(1) San alt seo ciallaíonn “seirbhís” seirbhís mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche.

(2) Deonfar do gach breitheamh den Chúirt Chuarda a scoirfeas, ar chúig bliana seascad a bheith slán aige, tar éis seirbhís chúig bliana déag nó níos mó, pinsean saoil is comhionann le dhá dtrian dá luach saothair tráth a scortha.

(3) Deonfar do gach breitheamh den Chúirt Chuarda a scoirfeas, de dheasca aoise nó buan-éiglíochta, de bheith i seilbh oifige tar éis seirbhís chúig bliana nó níos mó, pinsean saoil is comhionann leis an séú cuid dá luach saothair tráth a scarúna le hoifig maraon leis an bhficheadú cuid den luach saothair sin do gach bliain iomlán sheirbhíse de bhreis ar chúig bliana, ach ní raghaidh an pinsean thar dhá dtrian den luach saothair sin.

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le duine a bheas i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Chuarda ar dháta an Achta seo a rith.

(5) Baineann alt 17 d'Acht 1936 le pinsean a deonfar faoin alt seo.

Pinsin bhreitheamh na Cúirte Dúiche.

8. —(1) Deonfar do bhreitheamh den Chúirt Dúiche a scoirfeas, ar chúig bliana seascad a bheith slán aige, tar éis seirbhís fiche bliain nó níos mó, pinsean saoil is comhionann le dhá dtrian dá luach saothair tráth a scortha.

(2) Deonfar do gach breitheamh den Chúirt Dúcihe a scoirfeas, de dheasca aoise nó buan-éiglíochta, de bheith is seilbh oifige tar éis seirbhís chúig bliana nó níos mó, pinsean saoil is comhionann leis an séú cuid dá luach saothair tráth a scarúna le hoifig maraon leis an tríochadú cuid den luach saothair sin do gach bliain iomlán sheirbhíse de bhreis ar chúig bliana, ach ní raghaidh an pinsean thar dhá dtrian den luach saothair sin.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le duine a bheas i seilbh oifige mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche ar dháta an Achta seo a rith mura nglacfaidh sé sin de roghain trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Aire Airgeadais laistigh de thrí mhí tar éis an dáta sin. Sa chás sin ní bheidh feidhm feasta maidir leis ag an forála de na hAchta a bhaineas le pinsin bhreitheamh na Cúirte Dúiche.

(4) Bainfidh fo-alt (5) d'alt 48 d'Acht 1936 le pinsean a deonfar faoin alt seo nó faoi alt 19 d'Acht 1946.

Luach saothair agus pinsin a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste.

9. —Déanfar an luach saothair agus an pinsean is iníoctha le gach breitheamh faoi réim nó de bhuaidh na nAcht nó an Achta seo a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus d'íoc as an gcéanna.

Srian léis na forála de na hAchta a bhaineas le pinsin.

10. —Ní bheidh feidhm maidir le haon bhreitheamh a ceapfar tar éis dáta an Achta seo a rith ag na forála de na hAchta a bhaineas le pinsin bhreitheamh.