Ar Aghaidh (an sceideal.)

9 1954


Uimhir 9 de 1954.


AN tACHT RÁTHAÍOCHT STÁIT, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH RÁTHAIOCHT ÓN AIRE AIRGEADAIS I LEITH AIRGID A BHEAS FAIGHTE AR IASACHT AG COMHLUCHTA ÁIRITHE. [10ú Márta, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ráthaíocht.

ciallaíonn an focal “ráthaíocht”, ach amháin in alt 2, ráthaíocht a tugadh nó a meastar a tugadh faoi fho-alt (1) d'alt 2;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

comhlucht sceidealta.

ciallaíonn an abairt “comhlucht sceidealta” comhlucht a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Ráthaíocht i leith airgid a gheobhas comhlucht sceidealta ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire ráthaíocht a thabhairt, i pé foirm agus slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh comhlucht sceidealta go cuí príomhshuim aon airgid a bheas faighte ar iasacht, le toiliú an Aire, ag an gcomhlucht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim d'aisíoc agus fós an t-ús d'íoc.

(2) Aon ráthaíocht a thug an tAire roimh thosach feidhme an Achta seo le haghaidh comhluchta sceidealta, measfar chun críocha an Achta seo gur faoi fho-alt (1) den alt seo a tugadh í.

Tórainn le hiomlán na ráthaíochtaí le haghaidh comhluchta sceidealta.

3. —Ní dhéanfaidh an tAire, maidir le comhlucht sceidealta, na cumhachta a bheirtear le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht seo d'fheidhmiú i slí go mbeidh an méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífeas sé aon tráth áirithe d'aisíoc le haghaidh an chomhluchta de bhun aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí atá i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) atá íoctha cheana aige de bhun aon ráthaíochtaí le haghaidh an chomhluchta agus nár haisíocadh, níos mó ná an tsuim a sonraítear sa tríú colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo i leith an chomhluchta.

Urrús ar aisíoc airgid a híocadh faoi ráthaíocht.

4. —I gcás ráthaíocht a bheith tugtha le haghaidh comhluchta sceidealta, bhéarfaidh an comhlucht don Aire, má éilíonn an tAire é, pé urrús (lena n-áirítear bintiúirí más cuideachta an comhlucht) a sonrófar san éileamh d'fhonn go n-áiritheofar don Aire aisíoc aon airgid a dhlífeas sé d'íoc nó d'íoc sé faoin ráthaíocht.

Airgead is gá d'íoc faoi ráthaíocht d'airleacan as an bPríomh-Chiste.

5. —Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis airgead is gá don Aire d'íoc faoi ráthaíocht.

Aisíoc airgid a híocadh faoi ráthaíocht.

6. —(1) Déanfaidh an comhlucht sceidealta airgead a íocfas an tAire faoi ráthaíocht le haghaidh an chomhluchta d'aisíoc leis an Aire (maraon le hús air do réir pé rátaí a cheapfas an tAire) laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an airleacain.

(2) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a hairleacadh faoi alt 5 den Acht seo gan aisíoc leis an Aire do réir fo-ailt (1) den alt seo, déanfar an tsuim a bheas gan aisíoc amhlaidh d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(3) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (2) den alt seo chun suim d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an comhlucht sceidealta áirithe de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an comhlucht sceidealta an tsuim sin (maraon le hús uirthi do réir pé rátaí a cheapfas an tAire) leis an Aire pé trátha agus i pé tráthchoda a cheapfas an tAire agus, mura ndéantar aisíoc mar adúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthuithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Déanfar airgead a aisíocfas comhlucht sceidealta leis an Aire, nó a ghnóthós an tAire ó chomhlucht sceidealta, faoin alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste.

Ráiteas bliantúil maidir le ráthaíochtaí.

7. —Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar, maidir le gach ráthaíocht a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a haisíocadh leis an Aire de bhun na híocaíochta,

(c) an méid a mbeadh an tAire, dá gcuirtí an ráthaíocht i bhfeidhm díreach ar an mbliain sin a bheith caite, faoi dhliteanas ina leith mar phríomhaí faoin ráthaíocht.

Achomaireacht ar chuntais chomhluchta sceidealta.

8. —(1) Déanfaidh comhlucht sceidealta, laistigh den chéad sé mhí tar éis deireadh gach ceann de thréimhsí cuntasaíochta an chomhluchta—

(a) achomaireacht ar chuntais an chomhluchta in aghaidh na tréimhse sin d'ullmhú i pé foirm a ordós an tAire ó am go ham, agus

(b) an achomaireacht a chur chun an Aire maraon le tuarascáil uirthi ó iniúchóirí an chomhluchta.

(2) A luaithe is féidir tar éis dó achomaireacht ar chuntais agus tuarascáil uirthi d'fháil a cuireadh chuige de bhun an ailt seo, leagfaidh an tAire cóipeanna díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

An Sceideal a leasú le hordú.

9. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, an Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a leasú—

(a) trí shuim a sonraítear sa tríú colún a scrios agus suim is mó nó is lú ná sin a chur ina hionad,

(b) trí chomhlucht a sonraítear sa dara colún a bhaint as, nó

(c) trí chomhlucht a chur isteach leis na comhluchta a sonraítear sa dara colún agus suim i leith an chomhluchta a cuirfear isteach amhlaidh a chur sa tríú colún.

(2) I gcás ina ndéanfadh ordú a beartófar a dhéanamh faoin alt seo suim a sonraítear sa tríú colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a scrios agus suim is mó ná sin a chur ina hionad nó comhlucht a chur isteach leis na comhluchta a sonraítear sa dara colún den Sceideal sin, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní déanfar an t-ordú nó go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

(3) Ní dhéanfaidh ordú faoin alt seo dochar ná difir d'aon ráthaíocht a bheas i bhfeidhm nuair a déanfar an t-ordú.

An tAire d'fháil airgid ar iasacht.

10. —(1) Chun airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin Acht seo, féadfaidh an tAire aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheobhas sé ar iasacht amhlaidh.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin alt seo agus na gcaiteachas faoina raghfar maidir le heisiúint na n-urrús sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

11. —(1) Féadfar an tAcht Ráthaíocht Stáit, 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.