13 1954


Uimhir 13 de 1954.


AN tACHT PRÍOMH-CHISTE, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE A CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A CEATHAIR AGUS MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A CÚIG. [23ú Márta, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

£7,470,077 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an 31ú Márta, 1954.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Seacht Milliún Ceithre Chéad agus Seachtó Míle, Seachtó agus Seacht bPuint d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a ceathair.

£36,000,000 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an 31ú Márta, 1955.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim Tríocha agus Sé Mhilliún Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a cúig.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £43,470,077 d'fháil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suim eanna nach mó san iomlán na Ceathracha agus Trí Mhilliún, Ceithre Chéad agus Seachtó Míle, Seachtó agus Seacht bPuint d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoin raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint.

(3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidiúnais do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste, 1954 , a ghairm den Acht seo.