An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VII. Bearta atá le déanamh maidir le Cinneadh agus Pianbhreith Armchúirte.) Ar Aghaidh (Caibidil IX. Rialacha Nós Imeachta.)

18 1954

AN tACHT COSANTA, 1954

Caibidil VIII.

Pianbhreitheanna a chur i bhfeidhm.

Pianbhreith bháis.

227. —(1) Ní cuirfear pianbhreith bháis a bhéarfas armchúirt, agus a daingneofar, i bhfeidhm mura gceadaí ná go dtí go gceadóidh an Rialtas an phianbhreith a chur i bhfeidhm.

(2) Nuair a bheas an Rialtas tar éis a cheadú pianbhreith bháis a thug armchúirt, agus a daingníodh, a chur i bhfeidhm, is é an t-údarás daingniúcháin—

(a) a bheas freagrach sa phianbhreith a chur i bhfeidhm, agus

(b) a threorós an modh ar a gcuirfear i bhfeidhm í.

Pianbhreith phian-tseirbhíse a chur i bhfeidhm.

228. —(1) Nuair a bhéarfas armchúirt pianbhreith phiantseirbhíse agus go ndaingneofar í, cuirfear an pian-tseirbhí míleata, a luaithe is féidir, dá chimiú chun príosúin phiantseirbhíse, lena phianbhreith d'fhulaing do réir dlí.

(2) Go dtí go n-aistreofar go dtí príosún pian-tseirbhíse é, fanfaidh pian-tseirbhí míleata faoi choimeád seirbhíse.

(3) Beidh ordú ó údarás inniúil ina leor-bharántas chun piantseirbhí míleata a chur dá chimiú chun príosúin phian-tseirbhíse.

(4) Beidh ordú ó údarás inniúil ina leor-údarás chun piantseirbhí míleata d'aistriú ó choimeád seirbhíse go dtí coimeád sibhialta agus ó choimeád sibhialta go dtí coimeád seirbhíse, agus chun é a thabhairt ó áit go háit agus chun é a choinneáil i gcoimeád sibhialta, agus i gcoitinne chun déileáil leis an bpiantseirbhí sin i pé slí a measfar a bheith foirstineach go dtí go n-aistreofar go dtí príosún pian-tseirbhíse é.

(5) Féadfar, le hordú ó údarás inniúil, pian-tseirbhí míleata a scaoileadh aon tráth roimh theacht, nó tar éis teacht, dó go dtí príosún pian-tseirbhíse, má loghtar a phianbhreith.

(6) Le linn pian-tseirbhí míleata a thabhairt ó áit go háit féadfar pé smacht a chur air is gá chun go dtabharfar agus go n-aistreofar slán é.

(7) Tar éis do phian-tseirbhí míleata teacht go dtí príosún pian-tseirbhíse chun a phianbhreith d'fhulaing, déileáilfear leis mar déileálfaí le gnáth-phríosúnach sibhialta faoi phianbhreith phian-tseirbhíse, agus beidh feidhm dá réir sin, chomh fada is cheados na himthosca é, ag gach achtachán a bhaineas le duine ar ar thug cúirt shibhialta inniúil pianbhreith phian-tseirbhíse.

(8) Chun críocha an ailt seo, is údarás inniúil gach duine acu seo a leanas, is é sin le rá, an tAire agus gach oifigeach forordaithe, agus féadfar oifigigh éagsúla d'fhorordú amhlaidh chun críocha éagsúla den tsórt sin.

Pianbhreith phríosúntachta nó choinneála a chur i bhfeidhm.

229. —(1) Nuair a bhéarfas armchúirt pianbhreith phríosúntachta agus go ndaingneofar í, is i bpríosún míleata nó i mbeairic coinneála nó i gcoimeád seirbhíse de shaghas eile nó i bpríosún poiblí, nó go páirteach ar shlí acu agus go páirteach ar shlí eile, a fhulaingeos an príosúnach míleata téarma a phríosúntachta.

(2) Nuair a bhéarfas armchúirt pianbhreith choinneála agus go ndaingneofar í, nó nuair a bhéarfas oifigeach ceannais í, is i mbeairic coinneála nó i gcoimeád seirbhíse, nó go páirteach ar shlí acu agus go páirteach ar shlí eile, ach ní i bpríosún poiblí, a fhulaingeos an duine ar ar tugadh an phianbhreith téarma a choinneála.

(3) Féadfar príosúnach míleata nó fear faoi phianbhreith choinneála a chur, go dtí go sroichfidh sé an príosún nó an beairic coinneála ina mbeidh a phianbhreith le fulaing aige, i gcoimeád seirbhíse nó i gcoimeád sibhialta nó go páirteach i gcoimeád seirbhíse agus go páirteach i gcoimeád sibhialta, agus féadfar, le hordú ó údarás inniúil é d'aistriú ó choimeád seirbhíse go dtí coimeád sibhialta agus ó choimeád sibhialta go dtí coimeád seirbhíse do réir mar is gá.

(4) Beidh ordú ó údarás inniúil ina leor-údarás chun príosúnach míleata a chur dá chimiú chun príosúin nó chun beairic coinneála, nó chun fear faoi phianbhreith choinneála a chur dá chimiú chun beairic coinneála.

(5) Beidh ordú ó údarás inniúil ina leor-údarás chun príosúnach míleata d'aistriú ó phríosún go dtí beairic coinneála, nó ó bheairic coinneála go dtí príosún nó ó phríosún nó beairic coinneála amháin go dtí príosún nó beairic coinneála eile, nó chun fear faoi choinneáil d'aistriú ó bheairic coinneála amháin go ceann eile, nó chun príosúnach míleata nó fear faoi choinneáil a sheachadadh chun coimeád seirbhíse.

(6) Féadfar, le hordú ó údarás inniúil, príosúnach míleata nó fear faoi choinneáil a scaoileadh aon tráth, má loghtar a phianbhreith.

(7) Le linn príosúnach míleata nó fear faoi choinneáil a thabhairt ó áit go háit féadfar pé smacht a chur air is gá chun go dtabharfar agus go n-aistreofar slán é.

(8) Le linn príosúnach míleata bheith i bpríosún poiblí gaibhneofar é, coimeádfar le daor-obair é, agus déileálfar leis ar gach slí eile mar déanfaí i gcás gnáth-phríosúnaigh faoi phianbhreith phríosúntachta dá samhail.

(9) Má bhíonn an t-ospidéal, nó an áit ghlactha daoine breoite, i bpríosún nó i mbeairic coinneála scartha ón bpríosún nó ón mbeairic coinneála, féadfar príosúnach míleata nó fear faoi choinneáil a choinneáil san ospidéal nó san áit sin agus é a thabhairt chuige nó uaidh do réir mar is gá.

(10) Chun críocha an ailt seo—

(a) folaíonn an abairt “beairic coinneála” seomra coinneála i mbeairic;

(b) is údarás inniúil gach duine acu seo a leanas, is é sin le rá, an tAire agus gach oifigeach forordaithe, agus féadfar oifigigh éagsúla d'fhorordú amhlaidh chun críocha éagsúla den tsórt sin.

Caitheamh pianbhreithe d'fhionraí má éalaíonn duine nó má scaoiltear é gan údarás cuí.

230. —D'ainneoin aon ní san Acht seo, má éalaíonn duine ar ar tugadh pianbhreith phian-tseirbhíse, phríosúntachta nó choinneála, nó má scaoiltear é gan údarás cuí, le linn an phianbhreith sin a bheith á cur isteach aige, measfar caitheamh na pianbhreithe sin a bheith ar fionraí ón dáta d'éalaigh sé nó a scaoileadh é gan údarás cuí go dtí go dtabharfaidh sé é féin suas nó go ngabhfar arís é agus, ar é dá thabhairt féin suas nó ar é dá ghabháil amhlaidh, féadfaidh an t-údarás forordaithe é d'athchimiú chun an téarma neamhchaite dá phianbhreith a chur isteach.

E a bheith de dhualgas ar rialtóir príosúin príosúnaigh a ghlacadh.

231. —(1) Glacfaidh rialtóir gach príosúin na príosúnaigh uile a cuirfear chun an phríosúin sin de bhun an Achta seo, agus gaibhneoidh sé iad go dtí go scaoilfear nó go seachadfar anonn iad i gcúrsa cuí an dlí.

(2) Glacfaidh rialtóir gach príosúin faoina choimeád freisin, go ceann tréimhse nach sia ná seacht lá, aon fhear a bheas i gcoimeád seirbhíse, ar ordú i scríbhinn a airbheartós a bheith sínithe ag oifigeach ceannais an fhir sin a sheachadadh don rialtóir sin.

Príosúin mhíleata agus beairicí coinneála a bhunú.

232. —(1) Is dleathach don Aire aon fhoirgneamh nó aon chuid d'fhoirgneamh a bheas faoi urláimh an Aire a chur in áirithe mar phríosún míleata nó beairic coinneála agus a dhearbhú gur príosún míleata nó beairic coinneála, do réir mar bheas, aon fhoirgneamh nó aon chuid d'fhoirgneamh den tsórt sin.

(2) Féadfaidh oifigeach forordaithe cumhachta an Aire faoin alt seo d'fheidhmiú le linn tréimhse éigeandála.

Príosúin mhíleata agus beairicí coinneála a rialáil.

233. —(1) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh (dá ngairmtear san Acht seo rialacha do phríosúin mhíleata agus do bheairicí coinneála) chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) rialú, bainistí agus rialáil phríosún míleata agus beairi cí coinneála;

(b) ceapadh agus cur as oifig agus cumhachta a gcigirí, a gcuairteoirí, a rialtóirí agus a n-oifigeach;

(c) obair phríosúnach míleata agus fear a bheas faoi choinneáil iontu;

(d) a chur ar chumas na bpríosúnach nó na bhfear sin loghadh a thuilleamh i gcuid dá bpianbhreith trí dhúthracht oibre ar leith agus trí dhea-iompar;

(e) aicmiú príosúnach míleata agus fear a bheas faoi choinneáil;

(f) slán-choimeád na bpríosúnach nó na bhfear sin, agus araíonacht a choinneáil orthu, agus cionta a dhéanfas na príosúnaigh nó na fir sin a phionósú trína gceartú go pearsanta, trína gcur faoi dhlúth-smacht, nó ar shlí eile;

(g) na príosúnaigh nó na fir sin a scaoileadh go sealadach, sna cásanna sin agus ar feadh na dtréimhsí sin agus faoi réir na gcoinníollacha sin a forordófar leis na rialacha.

(2) Ní údaróidh rialacha faoin alt seo pionós coirp a thabhairt i leith aon chiona ná ní dhéanfaid an phríosúntacht ná an choinneáil níos déine ná mar bheas sí faoin dlí a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire in aon phríosún poiblí.

(3) I gcás aon duine a scaoileadh go sealadach as príosún míleata nó as beairic coinneála do réir rialacha faoin alt seo, déanfar caitheamh aon phianbhreithe a bheas sé a chur isteach d'fhionraí ar feadh na tréimhse dar tosach an lá i ndiaidh lae a scaoilte agus dar críoch lá a fhillte ar an bpríosún nó ar an mbeairic coinneála nó lá a ghlactha i gcoimeád ar shlí eile faoi fho-alt (4) den alt seo.

(4) Má mhainníonn aon duine a scaoileadh go sealadach as príosún míleata nó as beairic coinneála, do réir rialacha faoin alt seo, aon cheann de na coinníollacha faoinar scaoileadh é a chomhlíonadh nó filleadh ar ais i gceann na tréimhse dar scaoileadh é—

(a) féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána é a ghabháil gan barántas nó féadfar é a ghlacadh i gcoimeád seirbhíse, agus féadfar é a choinneáil i gcoimeád sibhialta nó i gcoimeád seirbhíse go dtí go dtabharfar ar ais go dtí an príosún míleata nó an beairic coinneála é;

(b) mura dtionscantar imeachta ina choinne faoi alt 135 nó 137, dlífear pé pionós a chur air a forordófar leis na rialacha.

(5) Déanfaidh rialacha faoin alt seo foráil chun feidhm, le pé modhnuithe agus oiriúnuithe is cuí leis an Aire, a thabhairt, maidir le príosúin mhíleata agus beairicí coinneála, do na forála i dtaobh dualgas dochtúirí oifigiúla atá in alt 74 den Prisons (Ireland) Act, 1826, agus in ailt 52 agus 53 den General Prisons (Ireland) Act, 1877, agus do na forála i dtaobh dualgas séiléirí atá in alt 54 den General Prisons (Ireland) Act, 1877, adúradh.

(6) Gach riail a déanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an riail sin a leagadh faoina bhráid amhlaidh, rún a rith ag neamhniú na rialach sin, beidh an riail ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin riail sin.

Cabhrú le príosúnaigh éaló as príosúin mhíleata agus beairicí coinneála.

234. —Gach duine a chabhrós le haon phríosúnach éaló, nó iarracht a dhéanamh ar éaló, as aon phríosún míleata nó beairic coinneála nó, le hintinn éaló aon phríosúnaigh den tsórt sin d'éascú, a thabharfas, nó a chuirfeas faoi deara go dtabharfar, isteach in aon phríosún míleata nó beairic coinneála aon chealtar, culaith nó bréigriocht eile nó aon litir nó aon earra nó ní eile de shórt ar bith, beidh sé ciontach i bhfeileontacht agus ar a chiontú inti dlífear príosúntacht, le daor-obair nó gan daor-obair, go ceann aon téarma nach sia ná dhá bhliain a chur air.

Pionós mar gheall ar dheocha meisciúla, druganna nó tobac a thabhairt isteach i bpríosúin mhíleata nó i mbeairicí coinneála.

235. —Gach duine a bhéarfas aon deoch mheisciúil nó aon drug nó tobac isteach, nó a dhéanfas iarracht sin a thabhairt isteach nó a chur isteach i slí ar bith, chun aon phríosúin mhíleata nó aon bheairic coinneála, contrártha do na rialacha do phríosúin mhíleata agus beairicí coinneála, agus gach duine a bheas ar fostú ar fhoireann aon phríosúin nó beairic den tsórt sin agus a cheadós aon deoch mheisciúil nó aon drug nó tobac a dhíol nó d'úsáid ann contrártha do na rialacha sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche púnt nó, de rogha na cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile a chur air.

Pionós mar gheall ar litreacha, etc., a thabhairt isteach i bpríosúin mhíleata nó i mbeairicí coinneála, nó amach astu.

236. —Gach duine a dhéanfas, nó a dhéanfas iarracht, contrártha do na rialacha do phríosúin mhíleata agus beairicí coinneála, aon litir nó doiciméad eile, nó aon earra nach gceadaítear leis na rialacha sin, a thabhairt isteach in aon phríosún nó beairic den tsórt sin nó amach as, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

Duine i bpríosún nó faoi choinneáil d'éirí mí-mheabhrach.

237. —I gcás duine a bheas i bpríosún nó faoi choinneáil de bhuaidh an Achta seo d'éirí mí-mheabhrach, ansin, gan dochar d'aon achtachán eile, féadfaidh Aire Stáit, ar bheirt lia-chleachtóirí cláraithe do shíniú deimhnithe go bhfuil an duine sin mímheabhrach, a ordú an duine sin d'aistriú go dtí ospidéal meabhair-ghalar le go bhfanfaidh sé ansin go ceann na coda neamhchaite de théarma a phianbhreithe príosúntachta nó coinneála ach, ar bheirt lia-chleachtóirí cláraithe dá dheimhniú go bhfuil an duine sin slán-mheabhrach arís, féadfaidh sé a ordú é d'aistriú go dtí aon phríosún nó beairic coinneála ina bhféadfaí é a ghaibhniú mura mbeadh é d'éirí mí-mheabhrach le go gcuirfidh sé isteach ann an chuid eile de théarma a phianbhreithe.

Inchoisne ar dhuine faoi phianbhreith a éagfas i bpríosún míleata nó i mbeairic coinneála.

238. —Aon uair a gheobhas duine a bheas faoi phianbhreith bás i bpríosún míleata nó i mbeairic coinneála, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) cuirfidh an cróinéir ag a mbeidh dlínse san áit ina bhfuil an príosún nó an beairic sin inchoisne ar chorp an duine sin;

(b) más féidir é, beidh lá glan idir lá an bháis agus dáta an inchoisne sin;

(c) is inchoisne le giúiré a cuirfear ar an gcorp;

(d) d'ainneoin ailt 5 den Acht Cróinéirí (Leasú), 1927 (Uimh. 1 de 1927) , ní bheidh aon duine acu seo a leanas ina chomhalta den ghiúiré sin, is é sin le ná:—

(i) comhaltaí d'fhoireann an phríosúin nó an bheairic sin,

(ii) daoine a bheas faoi phianbhreith sa phríosún nó sa bheairic sin,

(iii) daoine a bheas ag déanamh aon trádála nó gnótha leis an bpríosún nó leis an mbeairic sin.

Forála maidir le barántais agus orduithe ó údaráis mhíleata faoi Chaibidil VIII de Chuid V.

239. —(1) I gcás aon phian-tseirbhí míleata nó aon phríosúnach míleata nó aon fhear faoi choinneáil a bheith de thuras na huaire i gcoimeád seirbhíse nó i gcoimeád sibhialta in aon áit nó in aon tslí ina bhféadfaí é a choimeád go dlíthiúil de bhun an Achta seo, ní measfar coimeád an phian-tseirbhí nó an phríosúnaigh nó an fhir sin a bheith neamhdhlíthiúil de dheasca amháin aon neamhfhoirmiúlacht nó earráid a tharlú i gcorp, nó a tharlú i leith, an orduithe, an bharántais, nó an doiciméid eile nó an údaráis ar tríd nó dá bhun a tugadh an pian-tseirbhí, an príosúnach nó an fear sin faoi choimeád nó atá sé á choinneáil i gcoimeád, agus féadfar aon ordú, barántas nó doiciméad den tsórt sin a leasú dá réir sin,

(2) Má bhíonn pian-tseirbhí míleata nó príosúnach míleata nó fear faoi choinneáil, nó duine faoin dlí míleata a cúisíodh i gcion, ina phríosúnach nó ina fhear atá i gcoimeád seirbhíse agus, chun é d'iompar ar muir, go seachadfar é ar bord loinge don duine a bheas i gceannas na loinge nó d'aon duine eile ar bord na loinge a bheas ag gníomhú faoi údarás an cheannasaí, beidh ordú an údaráis mhíleata á údarú an príosúnach nó an fear d'iompar ar muir ina leor-údarás don duine sin, agus don duine a bheas de thuras na huaire i gceannas na loinge, chun an príosúnach nó an fear sin a choinneáil i gcoimeád agus chun é d'iompar do réir an orduithe, agus measfar an príosúnach nó an fear a bheith á choinneáil i gcoimeád seirbhíse le linn dó bheith á choinneáil amhlaidh.