|
|||||
|
Ar Aghaidh (An Achomaireacht ar Sceidil (A) agus (B) dá dTagartar san Acht seo.) |
[EN] | ||
Uimhir 20 de 1954. | ||
[EN] |
AN tACHT LEITHREASA, 1954. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE, NAOI gCÉAD, CAOGA A CÚIG, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONADH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1954 , AGUS A DEONTAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT D'FHÁIL. [13ú Iúil, 1954.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
Deontais as an bPríomh-Chiste. | ||
[EN] |
£73,362,473 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1954-55. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim seachtó agus trí mhilliún, trí chéad, seasca agus dhá mhíle, ceithre chéad, seachtó agus trí puint d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle, naoi gcéad, caoga a cúig. |
[EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó nó £73,362,473 a thógaint ar iasacht. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná seachtó agus trí mhilliún, trí chéad, seasca agus dhá mhíle, ceithre chéad, seachtó agus trí puint a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan don Aire Airgeadais, agus chun an céanna a thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis urrús ar bith a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint. | |
[EN] | (3) Déanfar aon airgead a cruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo a chur i gcreidiúnas do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
Deontais a Leithreasu. | ||
[EN] |
Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £116,832,550, a leithreasú. |
3. —(1) Na suimeanna uile a deontar as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis na hAchta eile a luaitear i Sceideal (A) a ghabhas leis an Acht seo, chun slánuithe an tsoláthair a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad agus sé mhilliún déag, ocht gcéad, tríocha agus dhá mhíle, cúig chéad agus caoga punt, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAcht a luaitear sa Sceideal sin (A) a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal (B) a ghabhas leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhas léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhas leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo. |
[EN] | (2) I dteannta na suimeanna a deontar as an bPríomh-Chiste agus dá dtagartar sa bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a taispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhas leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim ceithre mhilliún, sé chéad, caoga agus ocht míle, naoi gcéad, tríocha agus trí puint d'úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é d'úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a sonraítear sa Sceideal sin. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1954 , a ghairm den Acht seo. |