An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1954) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Máil.)

22 1954

AN tACHT AIRGEADAIS, 1954

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1954-55.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1954, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1954, a mhuirearú ar ioncaim aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1953, a muireófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muireófar mar adúradh don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1954, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1954, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Méadú ar an liúntas pearsanta.

2. —(1) Forléireofar fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais, 1947 (Uimh. 15 de 1947), agus le halt 2 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), agus beidh éifeacht aige amhail is dá ndéantaí—

(a) “three hundred pounds” a chur ann in ionad “two hundred and eighty pounds”, agus

(b) “one hundred and fifty pounds” a chur ann in ionad “one hundred and forty pounds”.

(2) Más rud é, mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeadh teideal ag an éilitheoir chun asbhainte céad agus caoga punt faoi fho-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, ansin, má chruthaíonn an t-éilitheoir gur baintreach fir é nó gur baintreach mná í sa bhliain mheasúnuithe, beidh teideal ag an éilitheoir chun asbhainte céad agus seachtó agus cúig puint in ionad na hasbhainte céad agus caoga punt sin.

Díolúine nuair nach mó ná £240 an t-ioncam iomlán, agus faoiseamh marghanach.

3. —(1) (a) Aon phearsa a dhéanfas, sa tslí a hordaítear leis na hAchta Cánach Ioncaim, éileamh chuige sin, agus tuairisceán a thabhairt sa bhfoirm ordaithe ar a ioncam iomlán, agus cruthúnas a thabhairt nach mó ná dhá chéad agus ceathracha punt a ioncam iomlán don bhliain mheasúnuithe, beidh teideal aige chun díolúine ó cháin ioncaim.

(b) Aon phearsa ag a mbeadh, mura mbeadh a ioncam iomlan a bheith níos mó ná dhá chéad agus ceathracha punt, teideal chun díolúine mar foráltar i mír (a) den fho-alt seo, beidh teideal aige chun an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin, dá mba rud é go raghadh an méid sin, d'éagmais forál na míre seo, thar suim is comhionann le trí chúigiú na méide atá a ioncam iomlán os cionn dhá chéad agus ceathracha punt, a laghdú anuas go dtí an tsuim sin.

(2) Na forála sin go léir de na hAchta Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu maidir le liúntais nó asbhaintí do réir bhrí an Tríú Sceidil a ghabhas leis an Finance Act, 1920, beidh feidhm acu, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le díolúintí ó cháin nó le laghduithe ar cháin faoin alt seo.

(3) San alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forál na nAcht Cánach Ioncaim.

Méadú ar na hasbhaintí i leith leanaí.

4. —(1) Déanfar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh trí “a deduction of eighty-five pounds” a chur in ionad “a deduction of eighty pounds” (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 )).

(2) Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 )—

(a) trí “na hAchta Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1952” a chur in ionad “Acht 1944” i bhfo-alt (1), agus

(b) trí fho-ailt (2), (3) agus (4) a scrios.

Alt 3 den Acht Airgid, 1935 , do scor i gcásanna áirithe.

5. —(1) San alt seo ciallaíonn “maoin iomchuí” aon tionóntán nó oidhreachtán inrátuithe lena mbainfeadh alt 3 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), mura mbeadh an t-alt seo.

(2) Má dhéanann pearsa éileamh sa tslí orduithe agus go gcruthóidh gurb é únaer na maoine iomchuí é agus go bhfuil an mhaoin sin á háitiú aige d'aon-toisc mar áit chónaithe dhó féin, ansin—

(a) ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an alt sin 3 maidir leis an maoin iomchuí,

(b) déanfar cáin faoi Sceideal A den Income Tax Act, 1918, a mhuirearú dá réir sin i leith na maoine iomchuí amhail is nár hachtaíodh an t-alt sin 3, agus

(c) má muirearaíodh cáin i leith na maoine iomchuí ar shlí seachas do réir an ailt seo, aisíocfar aon cháin iomarcach a bheas íoctha.

(3) Measfar an mhaoin iomchuí a bheith á háitiú d'aon-toisc mar áit chónaithe dhó féin ag an bpearsa dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo más rud é gur chuige sin atá sí á háitiú aige go formhór agus nach bhfuil aon chuid di á háitiú chun críocha trádála ach go bhfuil cuid di á háitiú chun críocha gairme.

Pinsin áirithe a bheith díolmhaithe ó cháin ioncaim.

6. —(1) Beidh ioncam lena mbaineann an t-alt seo díolmhaithe ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ní háireofar é nuair a bheas ioncam á ríomh chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim.

(2) Baineann an t-alt seo—

(a) leis an bpinsean is iníoctha faoi alt (1) d'Acht Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 (Uimh. 30 de 1950) , agus

(b) le pinsean is iníoctha faoin Acht Pinsean, 1952 (Uimh. 27 de 1952) .

Leasú ar alt 3 den Acht Airgid, 1925 .

7. —Déantar leis seo alt 3 (a bhaineas le díolmhadh pinsean agus aiscí míleata áirithe) den Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach ann in ionad fo-ailt (2) atá anois (de bhuaidh ailt 2 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950) ) san alt sin 3:

“(2) Folóidh na pinsin chréachta agus míchumais lena mbaineann alt 16 den Finance Act, 1919, agus measfar gur fholaíodar riamh—

(a) gach pinsean créachta agus míchumais, agus gach méadú ar na pinsin sin, a deonadh faoi na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1953, agus

(b) gach aisce i leith créachta nó míchumais a deonadh amhlaidh,

agus forléireofar an t-alt sin 16 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.”

Feidhm ailt 8 den Acht Airgid, 1932 .

8. —Beidh feidhm, agus measfar go raibh feidhm riamh, ag alt 8 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), maidir le haon liúntas a deonadh faoi alt 4 den Acht Arm-Phinsean, 1953 ( Uimh. 23 de 1953 ), do bhaintreach, do thuismitheoir, do dheirfiúr nó do dheartháir dhuine a maraíodh i rith Eirí-Amach an Aibreáin agus na Bealtaine, 1916.

Feidhm ailt 4 den Acht Airgeadais, 1950 .

9. —Beidh feidhm, agus measfar go raibh feidhm riamh, ag alt 4 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ), maidir le haon liúntas is iníoctha faoi alt 45 den Acht Arm-Phinsean, 1953 ( Uimh. 23 de 1953 ).

Leasú ar alt 11 den Acht Airgid, 1924 .

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 )—

(a) trí “£600” a chur in ionad “£300” i bhfo-alt (1),

(b) trí “£50” a chur in ionad “£25” i bhfo-alt (2).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 3 den Acht Airgeadais, 1941 .

11. —Déantar leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais, 1943 ( Uimh. 16 de 1943 ), a leasú tuilleadh trí na focail “nó, i gcás an chuid sin dá ioncam d'eirí in aon tír (dá ngairmtear an tír áirithe anseo feasta) de na tíortha a thagas faoin tuairisc atá luaite go deiridh i bhfo-alt (3) den alt seo, go raibh sé ina chónaí, roimh an mbliain cháinmheasa sin in aon dá thír nó níos mó, arb í an tír áirithe ceann acu, de na tíortha a thagas faoin tuairisc sin ar feadh tréimhsí nach lú ná deich mbliana a gcomhiomlán,” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “le deich mbliana ar a laghad”.

Us d'ioc ar urrúis Bhord Soláthair an Leictreachais agus Chóras Iompair Éireann

12. —(1) Aon stoc nó aon tsaghsanna eile urrúis a eiseos Bord Soláthair an Leictreachais nó Córas Iompair Éireann tar éis dáta an Achta seo a rith, measfar gur urrúis iad a heisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais do réir bhrí ailt 2 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní i mír (l) de Riail 3 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, nó i Rialacha 19, 20 agus 21 de na Rialacha Ginearálta a bhaineas le Sceidil A, B, C, D agus E den Acht sin, nuair a beifear, chun críocha measúnuithe faoin Sceideal sin D, ag ríomh méid brabús nó gnóthachain Bhord Soláthair an Leictreachais nó Chóras Iompair Éireann, do réir mar bheas, d'aon tréimhse dá n-ullmhaítear cuntais, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar stoc nó saghsanna eile urrúis a íocas Bord Soláthair an Leictreachais nó Córas Iompair Éireann, pé acu é, do réir treora ón Aire Airgeadais faoi alt 2 den Acht Airgid, 1924 , mar bheirtear feidhm dó leis an alt seo, gan cáin a bhaint as in aghaidh na tréimhse sin.

(3) Cuirfear an clásal seo a leanas le Riail 1 de Chás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, is é sin le rá:

“(i) interest on stock or other forms of security issued by the Electricity Supply Board or by Córas Iompair Éireann in cases where such interest is paid without deduction of tax.”