|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cáin Ioncaim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Cáin Bhrabús Corparáide.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1954
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Custaim agus Máil. | |
[EN] |
Beoir—dleachta custam. |
13. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952) . |
[EN] | (2) Déanfar an dleacht chustam a forchuirtear le halt 9 d'Acht 1952 ar mhum, beoir sprúis nó beoir dhubh, fionn-bheoir Bherlíneach, agus ullmhóidí eile (giosáilte nó neamhghiosáilte) dá samhail sin a hallmhuireofar isteach sa Stát, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 22ú lá d'Aibreán, 1954, agus dá éis, do réir na rátaí seo a leanas: | |
[EN] | (a) ar gach sé ghalún tríochad beorach a bhfuil a foirt, nó a raibh sí roimh ghiosáil, de shaindlús nach mó ná míle, dhá chéad agus cúig gráid déag, seacht bpuint tríochad; | |
[EN] | (b) ar gach sé ghalún tríochad beorach a bhfuil a foirt, nó a raibh sí roimh ghiosáil, de shaindlús is mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, trí puint cheathrachad agus ocht scillinge. | |
[EN] | (3) Déanfar an dleacht chustam a forchuirtear le halt 9 d'Acht 1952, ar an mbeoir go léir d'aon tsórt (seachas beoir is inchurtha faoi mhuirear na dleachta a forchuirtear le fo-alt (1) den alt sin) a hallmhuireofar isteach sa Stát, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 22ú lá d'Aibreán, 1954, agus dá éis, do réir naoi bpuint agus cúig scillinge ar gach sé ghalún tríochad beorach a raibh a foirt, roimh ghiosáil, de shaindlús míle agus cúig gráid chaogad. | |
[EN] | (4) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar nó ina loingseofar, chun a húsáidte mar stóras, beoir allmhuirithe a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur híocadh dleacht uirthi do réir ráta a foráltar le fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir naoi bpuint, ceithre scillinge agus naoi bpingne ar gach sé ghalún tríochad beorach ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh. | |
[EN] | (5) Más rud é, i gcás beorach is inchurtha faoi mhuirear dleachta do réir an ráta a foráltar le fo-alt (3) den alt seo nó i gcás beorach ar a bhfuil aistarraing faoi fho-alt (4) den alt seo iníoctha, nach ionann saindlús na beorach sin agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt sin (3) nó sa bhfo-alt sin (4) (pé acu is iomchuí) athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin (pé acu é) go coibhneasach. | |
[EN] | (6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), maidir le ceachtar de na dleachta custam lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] |
Beoir—dleachta máil. |
14. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952) . |
[EN] | (2) An dleacht mháil a forchuirtear le halt 10 d'Acht 1952, deánfar, maidir le beoir is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 22ú lá d'Aibreán, 1954, agus dá éis, do réir naoi bpuint, ceithre scillinge agus sé pingne ar gach sé ghalún tríochad foirte de shaindlús míle agus cúig ghráid chaogad. | |
[EN] | (3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar, mar mharsantas nó chun a húsáidte mar stóras loinge, beoir a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur híocadh uirthi dleacht do réir an ráta a foráltar le fo-alt (2) den alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir naoi bpuint, ceithre scillinge agus naoi bpingne ar gach sé ghalún tríochad ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh. | |
[EN] | (4) I gcás beorach nach ionann a saindlús agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt iomchuí den alt seo, athrófar go coibhneasach an dleacht is inmhuirir nó an aistarraing is iníoctha (pé acu é) de bhun an ailt seo. | |
[EN] |
Lasáin—dleacht mháil. |
15. —An dleacht mháil a forchuirtear le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1945 ( Uimh. 20 de 1945 ), déanfar, maidir le lasáin is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 22ú lá d'Aibreán, 1954, agus dá éis, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. |
[EN] |
Dleacht shiamsa— tuath-límistéirí. |
16. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “dleacht shiamsa” an dleacht mháil ar a dtugtar “entertainments duty” in alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus is inmhuirir faoin alt sin; | |
[EN] | ciallaíonn “an daonáireamh” an daonáireamh arb é an daonáireamh is déanaí a foilsíodh de thuras na huaire é; | |
[EN] | ciallaíonn “baile” baile ar a bhfuil Coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, nó aon áit eile ar a dtugtar baile sa daonáireamh. | |
[EN] | (2) Ní déanfar dleacht shiamsa a mhuirearú ná a thobhach maidir le híocaíochtaí as dul isteach go dtí aon tsiamsa a bheas ar siúl an lú lá de Mheán Fómhair, 1954, nó dá éis, in áit nach bhfuil a shuíomh in aon cheann acu seo a leanas ná i bhfogas trí mhíle dhó, eadhon— | |
[EN] | (a) contae-bhuirg nó buirg eile, nó | |
[EN] | (b) ceantar uirbeach, nó | |
[EN] | (c) baile; | |
[EN] | ar mó ná míle, in aon chás acu, a dhaonra do réir an daonáirimh. | |
[EN] | (3) Má híocadh dleacht shiamsa maidir le híocaíochtaí as dul isteach go dtí aon tsiamsa a bhí ar siúl an lú lá de Mheán Fómhair, 1954, nó dá éis, in áit nach bhfuil a shuíomh in aon cheann acu seo a leanas ná i bhfogas trí mhíle dhó, eadhon— | |
[EN] | (a) contae-bhuirg nó buirg eile, nó | |
[EN] | (b) ceantar uirbeach, nó | |
[EN] | (c) baile, | |
[EN] | ar mó ná dhá mhíle, in aon chás acu, a dhaonra do réir an daonáirimh, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim suim is comhionann le caoga faoin gcéad den dleacht a híocadh amhlaidh d'aisíoc le dílseánach an tsiamsa. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo faoi réir an choinníll, má cruthaítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil ar áireamh i ndaonra contae-bhuirge nó buirge eile, ceantair uirbigh nó baile, do réir an daonáirimh, daoine a ríomhadh mar dhaoine a bhí in aon tsámhadh creidimh, foras oideachais, dílleachtlann, ospidéal, foras moabhair-ghalar nó teaghlach contae nó in aon phríosún nó scoil cheartúcháin, go measfar chun críocha na bhfo-alt sin daonra na contaebhuirge nó na buirge eile, an cheantair uirbigh nó an bhaile do réir an daonáirimh a bheith arna laghdú líon na ndaoine sin. | |
[EN] | (5) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo faoi réir an choinníll— | |
[EN] | (a) má thaispeánann an daonáireamh (i gcás daonáirimh a foilseofar tar éis an tAcht seo a rith) gur mó ná míle daonra contae-bhuirge nó buirge eile, ceantair uirbigh nó baile, agus | |
[EN] | (b) más rud é nár mhó ná míle daonra na contae-bhuirge nó na buirge eile, an cheantair uirbigh nó an bhaile do réir an daonáirimh dheiridh roimhe sin, | |
[EN] | go measfar chun críocha fo-ailt (2) den alt seo daonra na contaebhuirge nó na buirge eile, an cheantair uirbigh nó an bhaile, do reir an daonáirimh a bheith, maidir leis an tréimhse dhá bhliain dár tosach dáta foilsithe an daonáirimh, arna laghdú ionas nach mó ná míle é. | |
[EN] | (6) Beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt seo faoi réir an choinníll— | |
[EN] | (a) má thaispeánann an daonáireamh (i cás daonáirimh a foilseofar tar éis an tAcht seo a rith) gur mó ná dhá mhíle daonra contae-bhuirge nó buirge eile, ceantair uirbigh nó baile, agus | |
[EN] | (b) más rud é nár mhó ná dhá mhíle daonra na contaebhuirge nó na buirge eile, an cheantair uirbigh nó an bhaile do réir an daonáirimh dheiridh roimhe sin, | |
[EN] | go measfar chun críocha fo-ailt (3) den alt seo daonra na contaebhuirge nó na buirge eile, an cheantair uirbigh nó an bhaile, do réir an daonáirimh, a bheith, maidir leis an tréimhse dhá bhliain dár tosach dáta foilsithe an daonáirimh, arna laghdú ionas nach mó ná dhá mhíle é. | |
[EN] | (7) Déanfar na tagairtí i mír (b) d'fho-alt (5) agus i mír (b) d'fho-alt (6) den alt seo do dhaonra contae-bhuirge nó buirge eile, ceantair uirbigh nó baile, do réir an daonáirimh dheiridh roimhe sin, d'fhorléiriú, i gcás ina raibh éifeacht maidir leis an daonra sin ag an gcoinníoll atá i bhfo-alt (4) den alt seo, mar thagairtí don daonra sin arna laghdú mar sonraítear sa choinníoll sin. | |
[EN] | (8) Má bhíonn aisíoc dleachta dlite faoi fhorála ailt 6 den Acht Airgeadais, 1953 (Uimh. 21 de 1953) , maidir le haon tsiamsa lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo, ríomhfar an t-aisíoc sin do réir mhéid iomlán na dleachta a híocadh, arna laghdú an tsuim is inaisíoctha faoi fhorála an fho-ailt sin (3). | |
(9) Má éiríonn aon cheist maidir leis an daonáireamh is infheidhme aon tráth áirithe chun críocha an ailt seo nó maidir le dáta foilsithe aon daonáirimh den tsórt sin, féadfaidh an tAire Airgeadais deimhniú dá réir sin a thabhairt agus beidh an deimhniú sin dochloíte. | ||
[EN] |
Bróga agus bróga ísle—dleachta custam. |
17. —(1) Na dleachta custam is inmhuirir ar bhróga agus bróga ísle do réir ailt 9, agus an Dara Sceidil, den Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, scoirfid de bheith inmhuirir ar an Acht seo a rith. |
[EN] | (2) Muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht chustam do réir seasca faoin gcéad de luach na hearra ar gach earra acu seo a leanas a hallmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá: | |
[EN] | comhpháirteanna de bhróga agus de bhróga ísle arb é a bheas sna comhpháirteanna sin boinn chumtha, sála cumtha nó uachtair chumtha nó páirteanna cumtha de bhoinn, sála nó uachtair, a bheas déanta go hiomlán nó go formhór de leathar agus de chraiceann nó de cheachtar acu. | |
[EN] | (3) Aon uair is cuí leis an Aire Airgeadais é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a údarú le ceadúnas d'aon duine áirithe, faoi réir comhlíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is inchurtha faoi mhuirear na dleachta a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo d'allmhuiriú gan an dleacht sin d'íoc nó, i gcás aon earraí den tsórt sin a hallmhuiríodh cheana, seachadadh na n-earraí sin a ghlacadh gan an dleacht sin d'íoc agus sin, do réir mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim, gan tórainn ama nó cainníochta ná ceachtar acu nó laistigh de thréimhse shonraithe nó i gcainníocht shonraithe, ach i slí nach mbeidh aon cheadúnas den tsórt sin díolmhaithe ó fhorála ailt 15 den Acht Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) . | |
[EN] | (4) San alt seo, folaíonn “bróg” aon choisbheart imeachtrach a thagas aníos thar rúitín an té a chaitheas í, agus folaíonn “bróg íseal” slipéid, golais, cuarán, paitín agus aon choisbheart imeachtrach eile nach dtagann aníos thar rúitín an té a chaitheas í. | |
[EN] |
Glúcós agus siúicrín—dleachta cnstam agus máil. |
18. —(1) Scoirfidh an dleacht chustam is inmhuirir ar shiúicrín faoi fho-alt (3) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), de bheith inmhuirir ar an Acht seo a rith. |
[EN] | (2) Scoirfidh an dleacht mháil is inmhuirir ar ghlúcós agus siúicrín faoi fho-alt (4) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), de bheith inmhuirir ar an Acht seo a rith. | |
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 17 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), trí na focail “ach sacairín i méid nach mó ná aon per cent.,” a scrios. | |
[EN] |
Mataí tuí, luachra nó féir—diolúine ó dhleacht chustam. |
19. —Scoirfidh an dleacht chustam a forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaitear ag uimhir thagartha 33 sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, de bheith inmhuirir, ar an Acht seo a rith, ar mhataí a bheas déanta de thuí, luachair nó féar. |
[EN] |
Dleachta custam áirithe d'fhorceannadh. |
20. —(1) An dleacht a luaitear sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha agus a forchuireadh leis na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin, scoirfidh sí de bheith inmhuirir ar an Acht seo a rith. |
[EN] | (2) Na sonraí a luaitear sa cheathrú colún den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, is chuige amháin a cuireadh isteach iad chun go mb'fhusaide na dleachta ar leithligh a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin d'aithint, agus dá réir sin ní dhéanfaidh aon ní sa cheathrú colún sin difir d'fhorléiriú, ná tórainniú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colúin agus an tríú colúin den Sceideal sin. |