An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV. Imeachta Dlí.) Ar Aghaidh (CUID III. Cearta agus Sainchumais an Phobail maidir le Maoin, Eiséatadh agus bona vacantia.)

25 1954

AN tACHT MAOINE STÁIT, 1954

Caibidil V.

Forála Ilghnéitheacha.

Bronntanais d'údarás Stáit, don Stát, don Náisiún nó don Phobal.

19. —(1) Chun críche an ailt seo—

(a) folaíonn “maoin” maoin réadach agus maoin phearsanta,

(b) forléireofar tagairtí do bhronntanas maoine mar thagairtí do bhronnadh na maoine sin trí thiomna, trí ghníomhas nó eile,

(c) folaíonn tagairtí do dhéileáil le maoin tagairtí do diúscairt na maoine sin.

(2) Má bheirtear bronntanas maoine d'údarás Stáit—

(a) féadfaidh an t-údarás Stáit sin, le comhthoiliú an Aire, an bronntanas sin a ghlacadh nó diúltú é a ghlacadh,

(b) má ghlacann an t-údarás Stáit sin an bronntanas, dílseoidh an mhaoin air sin san údarás Stáit sin.

(3) Má bheirtear bronntanas maoine don Stát, don Náisiún nó don Phobal, nó má bheirtear é i dtéarmaí a chuireas in iúl gur chun tairbhe don Stát, don Náisiún nó don Phobal é—

(a) féadfaidh an Rialtas an bronntanas a ghlacadh nó diúltú é a ghlacadh,

(b) má ghlacann an Rialtas an bronntanas, dílseoidh an mhaoin air sin i pé údarás Stáit a chinnfeas an Rialtas le barántas.

(4) Má tugadh bronntanas maoine (seachas talamh) don Stát, don Náisiún nó don Phobal roimh an dáta feidhme, agus gur ghlac an Rialtas an bronntanas nó gur glacadh é thar a cheann, beidh an mhaoin arna dílsiú, ar an dáta feidhme, san Aire.

(5) Aon uair a dhílseos maoin in údarás Stáit de bhuaidh fo-ailt (2), (3) nó (4) den alt seo—

(a) más talamh an mhaoin, tiocfaidh sí chun bheith, agus beidh sí, ina talamh Stáit chun críocha an Achta seo agus féadfar, faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, déileáil léi dá réir sin.

(b) mura talamh an mhaoin, féadfaidh an t-údarás Stáit sin déileáil léi, faoi réir fo-ailt (6) den alt seo, mar is cuí leis an údarás Stáit sin.

(6) Má dhílsíonn aon mhaoin in údarás Stáit de bhuaidh fo-ailt (2), (3) nó (4) den alt seo, agus gur ar choinníollacha áirithe a tugadh mar bhronntanas í, ní déileálfar leis an maoin ar shlí a bheadh ar neamhréir leis an coinníollacha sin.

Cumhacht ag Coimisiún na Talún talamh Stáit a cheannach, nó glacadh le talamh Stáit a deonfar in aisce, chun críocha na nAcht Talamh-Cheannaigh.

20. —D'ainneoin aon ní in aon achtachán, féadfaidh Coimisiún na Talún, chun críocha na nAcht Talamh-Cheannaigh, talamh Stáit a cheannach ó aon údarás Stáit nó glacadh le haon talamh Stáit a dheonfas údarás Stáit in aisce.

Tagairtí d'uasleas sna hAchta Talamh-Cheannaigh.

21. —D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhforléireofar tagairtí d'uasleas, aon áit a bhfuilid sna hAchta Talamh-Cheannaigh, mar thagairtí a fholaíos, agus d'fholaigh riamh, tagairtí d'aon tsean-fhrithdhílse choróineach nó d'aon eastát atá feifeach ar fhorceannadh eastáit shainoidhrithe nó feo theasctha.

Coimeád gníomhas teidil a bhaineas le talamh Stáit.

22. —Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le hionstraim theidil a bhaineas le talamh Stáit—

(a) má bhaineann an ionstraim theidil le talamh Stáit atá dílsithe san aon údarás Stáit amháin, is é an t-údarás Stáit sin a choimeádfas í, agus

(b) in aon chás eile, is é an tAire a choimeádfas í.

Forála maidir leis na Coimisinéirí.

23. —(1) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar shéala na gCoimisinéirí.

(2) Féadfaidh duine ar bith a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag na Coimisinéirí chuige sin aon chonradh nó ionstraim a dhéanamh nó d'fhorghníomhú, thar ceann na gCoimisinéirí, nár ghá a bheith faoi shéala da mba dhuine (seachas comhlucht corpraithe) a bheadh a dhéanamh nó á fhorghníomhú.

Daingniú ar aistarraingt éileamh áirithe i leith seanchoróinchíos agus i leith seanfhrithdhílsí coróineach.

24. —Má rinne Oifig an Chíosa Chúitigh (pé acu in imeachta faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh é nó i slí eile), i gcomaoin íoctha aon tsuime, éileamh d'aistarraingt an 6ú lá de Nollaig, 1922, nó dá éis agus roimh an dáta feidhme, i leith aon tseanchoróinchíosa nó i leith aon tsean-fhrithdhílse coróineach nó aon eastáit a bhí feifeach ar fhorceannadh eastáit shainoidhrithe nó feo theasctha, daingnítear leis seo an aistarraingt sin agus scoirfidh an t-éileamh sin de bheith inchurtha i bhfeidhm.

Daingniú ar an gcomhaontú chun Teach Albro, Baile Átha Cliath, a dhíol.

25. —(1) Daingnítear leis seo an comhaontú (dá ngairmtear an comhaontú sin san alt seo) a rinneadh sa bhliain 1937 idir an tAire Poist agus Telegrafa (dá ngairmtear an tAire san alt seo) de pháirt agus Ard-Mhéara Ró-Onorach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath (dá ngairmtear Bardas Bhaile Átha Cliath san alt seo) den pháirt eile trína ndearnadh (inter alia) comhaontú go ndíolfadh an tAire agus go gceannódh Bardas Bhaile Átha Cliath ar phraghas naoi míle naoi gcéad agus caoga punt an t-áitreabh (dá ngairmtear an t-áitreabh léasach san alt seo) ar a dtugtar Teach Albro, Baile Átha Cliath, agus a bhí, díreach roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, á theachtadh ag an Postmaster General faoi dhá dhintiúir léasa.

(2) Bheirtear leis seo údarás agus cumhacht don Aire, i gcomhlíonadh an chomhaontuithe sin, sannadh an áitribh léasaigh chun Bardais Bhaile Átha Cliath d'fhorghníomhú, agus oibreoidh an sannadh sin chun an t-áitreabh léasach a dhílsiú sa Bhardas.

Daingniú ar ionstraimí áirithe maidir le talamh Stáit.

26. —(1) Daingnítear leis seo na hionstraimí ar leithligh a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus measfar go rabhadar riamh bailí ar gach slí.

(2) Más rud é—

(a) gur heiséatadh aon talamh nó gur déileáladh leis mar bona vacantia, an 6ú lá de Nollaig, 1922, nó dá éis agus roimh an dáta feidhme, agus

(b) gur tarscaoileadh ceart an Stáit chun na talún sin agus gur forghníomhaíodh i bhfábhar aon duine tíolacas nó sannadh i leith na talún nó an chirt sin,

daingnítear leis seo an tíolacas nó an sannadh sin agus beidh sé, agus measfar go raibh sé riamh, bailí ar gach slí.