An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Eadráin faoi Achta Eile.) Ar Aghaidh (CUID V. Dámhachtana Coigríche Airithe a Chur i bhFeidhm.)

26 1954

AN tACHT EADRÁNA, 1954

CUID IV.

Eadráin faoi Ordú na Cúirte.

Cumhacht na Cúirte agus na Cúirte Cuarda chun nithe a chur chun eadrána i gcásanna áirithe.

49. —(1) Má tharlann, in aon chúis nó ábhar (lena n-áirítear aon chúis nó ábhar a mbeidh údarás Stáit ina pháirtí ann, ach gan imeacht choiriúil ar agra an Ard-Aighne d'áireamh), gur cúrsaí cuntais an cheist nó cuid den cheist a bheas faoi dhíospóid, féadfaidh an Chúirt nó an Chúirt Chuarda tráth ar bith a ordú an chúis nó an t-ábhar uile nó aon cheist nó saincheist fíorais a éireos ann a thriail os comhair eadránaí ar a gcomhaontóidh na páirtithe nó os comhair oifigigh don Chúirt nó don Chúirt Chuarda (do réir mar bheas) ar pé téarmaí maidir le costais nó eile is dóigh leis an gCúirt nó leis an gCúirt Chuarda (do réir mar bheas) a bheith cóir.

(2) Forléireofar na tagairtí in ailt 50 agus 52 den Acht seo agus an chéad agus an dara tagairt in alt 51 den Acht seo don Chúirt mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Chúirt Chuarda.

Cumhachta eadránaithe in eadrána faoi alt 49.

50. —(1) I ngach cás eadrána ag eadránaí faoi ordú ón gCúirt faoi alt 49 den Acht seo, measfar an t-eadránaí a bheith ina oifigeach don Chúirt agus, faoi réir rialacha cúirte, beidh aige pé údarás, agus déanfaidh sé an eadráin i pé slí, a ordós an Chúirt.

(2) Is ionann agus fíorasc giúiré dámhachtain eadránaí in aon eadráin faoi alt 49 den Acht seo mura gcuire an Chúirt ar ceal í.

(3) Cinnfidh an Chúirt an luach saothair a híocfar le haon eadránaí a gcuirfear aon ábhar chun eadrána aige faoi alt 49 den Acht seo.

Cumhachta a bheith ag an gCúirt amhail mar atá aici in eadrána faoi chomhaontuithe eadrána.

51. —Beidh ag an gCúirt, maidir le headrána faoi ordú a dhéanfas an Chúirt faoi alt 49 den Acht seo, na cumhachta uile a bheirtear don Chúirt le Cuid II den Acht seo maidir le headrána faoi chomhaontuithe eadrána.

Sonrú cáis le linn eadrána.

52. —Tráth ar bith le linn na n-imeacht faoin eadráin, féadfaidh eadránaí in aon eadráin faoi alt 49 den Acht seo, agus déanfaidh sé, má ordaíonn an Chúirt é, aon cheist dlí a éireos le linn na headrána a shonrú i bhfoirm cháis speisialta le tuairim na Cúirte d'fháil air.

Cumhachta na Cúirte Uachtaraí.

53. —Beidh ag an gCúirt Uachtarach na cumhachta uile a bheirtear don Chúirt leis an gCuid seo.