An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Eadráin faoi Ordú na Cúirte.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. An Prótacal um Chlásail Eadrána a hOsclaíodh sa Ghinéibh an 24ú lá de Mheán Fómhair, 1923.)

26 1954

AN tACHT EADRÁNA, 1954

CUID V.

Dámhachtana Coigríche Airithe a Chur i bhFeidhm.

“Dámhachtain choigríche”.

54. —(1) (a) Más deimhin leis an Rialtas aon Stát a dhaingnigh Coinbhinsiún 1927 a bheith tar éis na forála cómalartacha sin a dhéanamh a bhéarfas feidhm do Choinbhinsiún 1927 in aon chríoch a bhfuil Coinbhinsiún 1927 infheidhme maidir léi, féadfaidh sé, trí ordú, a dhearbhú—

(i) an Stát sin a bheith ina pháirtí i gCoinbhinsiún 1927,

(ii) an chríoch sin a bheith ina críoch lena mbaineann Coinbhinsiún 1927.

(b) Féadfaidh an Rialtas le hordú aon ordú a rinneadh faoin bhfo-alt seo d'athrú nó a chúlghairm.

(2) Sa Chuid seo ciallaíonn “dámhachtain choigríche” aon dámhachtain a déanfar tar éis tosach feidhme na Coda seo—

(a) de bhun comhaontuithe i dtaobh eadrána lena mbaineann Prótacal 1923, agus

(b) idir daoine—

(i) a mbeidh duine acu faoi dhlínse Stát a dearbhaíodh le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith ina pháirtí i gCoinbhinsiún 1927, agus

(ii) a mbeidh an duine eile faoi dhlínse Stáit eile den tsórt sin, agus

(c) i gcríoch a dearbhaíodh le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith ina críoch lena mbaineann Coinbhinsiún 1927.

Eifeacht dámhachtana coigríche.

55. —(1) Faoi réir forál na Coda seo, beidh dámhachtain choigríche inchurtha i bhfeidhm sa Stát trí chaingean nó sa tslí ina bhfuil dámhachtain eadránaí inchurtha i bhfeidhm de bhuaidh ailt 41 den Acht seo.

(2) Measfar aon dámhachtain choigríche dob inchurtha i bhfeidhm faoin gCuid seo a bheith ina ceangal chun gach críche ar na daoine a ndearnadh eatarthu í, agus dá réir sin féadfaidh aon duine acu sin dul ina muinín mar chosaint, mar fhritháireamh nó eile in aon imeachta dlí sa Stát, agus forléireofar aon tagairtí sa Chuid seo do dhámhachtain choigríche a chur i bhfeidhm mar thagairtí a fholaíos tagairtí do dhul i muinín dámhachtana.

Coinníollacha a bhaineas le dámhachtana coigríche a chur i bhfeidhm.

56. —(1) Ionas go mbeidh dámhachtain choigríche inchurtha i bhfeidhm faoin gCuid seo—

(a) ní foláir í a bheith déanta de bhun comhaontuithe i dtaobh eadrána a bhí bailí faoin dlí a raibh sé faoina réir,

(b) ní foláir í a bheith déanta ag an mbinse dar foráladh sa chomhaontú nó a bhí comhdhéanta mar chomhaontaigh na páirtithe,

(c) ní foláir í a bheith déanta do réir an dlí a rialaíos an nós imeachta i gcás eadrána,

(d) ní foláir í a bheith ina dámhachtain chríochnaitheach sa tír ina ndearnadh í,

(e) ní foláir í a bheith ina dámhachtain maidir le ní is féidir go dleathach a chur chun eadrána faoi dhlí an Stáit,

agus ní foláir gan é a bheith in aghaidh beartais phoiblí ná dlí an Stáit í a chur i bhfeidhm.

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, ní bheidh dámhachtain choigríche inchurtha i bhfeidhm faoin gCuid seo, más deimhin leis an gCúirt—

(a) gur cuireadh an dámhachtain ar neamhní sa tír ina ndearnadh í, nó

(b) nár tugadh don pháirtí a bhfuiltear ag iarraidh an dámhachtain a chur i bhfeidhm ina choinne fógra i dtaobh na n-imeacht eadrána luath go leor chun go bhféadfadh sé a chás a phlé nó go raibh an páirtí sin faoi éagumas dlíthiúil éigin agus nach raibh ionadaíocht chuí ar a shon, nó

(c) nach ndéileálann an dámhachtain leis na ceisteanna uile a cuireadh chun eadrána nó go bhfuil breitheanna ann atá taobh amuigh de réim an chomhaontuithe i dtaobh eadrána.

(3) Mura ndéileálann dámhachtain choigríche leis na ceisteanna uile a cuireadh chun eadrána, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é, cur na dámhachtana i bhfeidhm a chur siar nó a ordú í a chur i bhfeidhm ar choinníoll go dtabharfaidh an duine a bheas ag iarraidh í a chur i bhfeidhm pé urrús is oiriúnach leis an gCúirt.

(4) Má chruthaíonn an páirtí a bheas ag cur in aghaidh dámhachtain choigríche a chur i bhfeidhm go bhfuil foras ann, seachas gan na dála a bheith mar sonraítear i míreanna (a) (b) agus (c) d'fho-alt (1) den alt seo nó na dála a bheith mar sonraítear i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (2) den alt seo, a bheir teideal dó bailíocht na dámhachtana a chonspóid, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é, diúltú an dámhachtain a chur i bhfeidhm, nó an éisteacht a chur ar atráth, go dtí tar éis deireadh pé tréimhse is leor do réir réasúin dar leis an gCúirt chun go bhféadfadh an páirtí sin na bearta ba ghá a dhéanamh le go gcuirfeadh an binse inniúil an dámhachtain ar neamhní.

Fianaise.

57. —(1) Ní foláir don pháirtí a bheas ag iarraidh dámhachtain choigríche a chur i bhfeidhm iad seo a leanas a thabhairt ar aird—

(a) an dámhachtain bhunaidh nó cóip di arna fíordheimhniú go cuí mar is gá do réir dlí na tíre ina ndearnadh í, agus

(b) fianaise á chruthú go bhfuil an dámhachtain ina dámhachtain chríochnaitheach, agus

(c) pé fianaise is gá chun a chruthú gur dámhachtain choigríche an dámhachtain agus gur comhlíonadh na coinníollacha a sonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 56 den Acht seo.

(2) I gcás aon doiciméad is gá a thabhairt ar aird faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith i dteanga seachas ceann de na teangacha oifigiúla, is é dualgas an pháirtí a bheas ag iarraidh an dámhachtain a chur i bhfeidhm tiontó a thabhairt ar aird a bheas deimhnithe bheith ina thiontó ceart ag gníomhaire taidhleoireachta nó consalachta don tír lena mbaineann an páirtí sin nó a bheas deimhnithe a bheith ina thiontó ceart i pé slí eile is leor do réir dlí an Stáit.

(3) Faoi réir forál an ailt seo, féadfar rialacha cúirte a dhéanamh faoi alt 36 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), arna leasú le halt 68 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ), maidir leis an bhfianaise a bheas le tabhairt ar aird ag páirtí a bheas ag iarraidh dámhachtain choigríche a chur i bhfeidhm faoin gCuid seo.

An bhrí atá le “dámhachtain chríochnaitheach”.

58. —Chun críocha na Coda seo, ní measfar dámhachtain a bheith ina dámhachtain chríochnaitheach má tá aon imeachta chun bailíocht na dámhachtana sin a chonspóid ar feitheamh sa tír inar ndearnadh í.

Cosaint do chearta eile, etc.

59. —Ní bheidh aon ní sa Chuid seo ina ní—

(a) a dhéanfas dochar d'aon chearta a bheadh ag aon duine chun aon dámhachtain a chur i bhfeidhm sa Stát nó a bheadh aige chun leas a bhaint sa Stát as dámhachtain dá mba nár hachtaíodh an Chuid seo, ná

(b) a bhainfeas le haon dámhachtain a déanfar de bun comhaontuithe eadrána a bheas faoi réir dlí an Stáit.