|
|||||
|
AN tACHT EADRÁNA, 1954
[EN] | ||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL. An Coinbhinsiún um Dhámhachtanna Eadrána Coigríche a chur i bhfeidhm a rinneadh sa Ghinéibh an 26ú lá de Mheán Fómhair, 1927. | |
[EN] | ||
Airteagal 1. | ||
[EN] | I gcríocha aon Ard-Pháirtí Chonarthaigh lena mbaineann an Coinbhinsiún seo, déanfar dámhachtain eadrána a rinneadh de bhun comhaontuithe, pé acu le heasaontais atá ann nó a bheas ann a bhaineas sé (dá ngairmtear “comhaontú i leith eadrána” anseo feasta) atá faoi réim an Phrótacail um Chlásail Eadrána a hosclaíodh sa Ghinéibh an 24ú Meán Fómhair, 1923, d'aithint mar dhámhachtain cheangailteach agus í a chur i bhfeidhm do réir rialacha nós imeachta na críche ina dtéitear i muinín na dámhachtana, ar choinníoll gur i gcríoch cheann de na hArd-Pháirtithe Conarthacha lena mbaineann an Coinbhinsiún seo a rinneadh an dámhachtain sin agus gur idir daoine atá faoi dhlínse cheann de na hArd-Pháirtithe Conarthacha a rinneadh í. | |
[EN] | Chun go n-aithneofaí nó go gcuirfí i bhfeidhm amhlaidh í, ní foláir ina theannta sin: | |
[EN] | (a) An dámhachtain a bheith déanta de bhun comhaontuithe i leith eadrána atá bailí faoin dlí a bhaineas leis; | |
[EN] | (b) Abhar na dámhachtana a bheith intsocruithe trí eadráin faoi dhlí na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana; | |
[EN] | (c) An dámhachtain a bheith déanta ag an mBinse Eadrána dar foráladh sa chomhaontú i leith eadrána nó a bhí comhdhéanta mar chomhaontaigh na páirtithe agus do réir an dlí a rialaíos an nós imeachta i gcás eadrána; | |
[EN] | (d) An dámhachtain a bheith ina dámhachtain chríochnaitheach sa tír ina ndearnadh í, sa chéill nach meastar í a bheith ina dámhachtain chríochnaitheach más féidir opposition, appel nó pourvoi en cassation a thabhairt ina coinne (sna tíortha ina bhfuil foirmeacha nós imeachta den tsórt sin) nó má cruthaítear go bhfuil aon imeacht ar feitheamh chun bailíocht na dámhachtana a chonspóid; | |
[EN] | (e) Gan aithint na dámhachtana ná a cur i bhfeidhm a bheith contrártha do bheartas poiblí ná do phrionsabail dlí na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh dul ina muinín. | |
Airteagal 2. | ||
[EN] | Fiú má comhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 1 de seo, diúltófar an dámhachtain d'aithint agus a chur i bhfeidhm más deimhin leis an gCúirt: | |
[EN] | (a) Gur cuireadh an dámhachtain ar neamhní sa tír ina ndearnadh í; | |
[EN] | (b) Nár tugadh don pháirtí a bhfuiltear ag iarraidh an dámhachtain d'úsáid ina choinne fógra i dtaobh na n-imeachta eadrána luath go leor chun go bhféadfadh sé a chás a phlé; nó, toisc é a bheith faoi éagumas dlíthiúil, nach raibh ionadaíocht chuí ar a shon; | |
[EN] | (c) Nach ndéileálann an dámhachtain leis na heasaontais a raibh beartaithe an comhaontú i leith eadrána do bhaint leo nó leis na heasaontais a thagas faoi réim a théarmaí nó gur tugadh breitheanna inti ar ábhair lasmuigh de réim an chomhaontuithe i leith eadrána. | |
[EN] | Murar bhain an dámhachtain leis na ceisteanna uile a tarchuireadh chun an bhinse eadrána; ansin, más cuí leis é, féadfaidh údarás inniúil na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh an dámhachtain d'aithint nó a chur i bhfeidhm aithint na dámhachtana nó a cur i bhfeidhm a chur siar nó sin a dheonadh faoi réir pé ráthaíochta a chinnfeas an t-údarás sin. | |
Airteagal 3. | ||
[EN] | Má chruthaíonn an páirtí a ndearnadh an dámhachtain ina choinne go bhfuil ann, faoin dlí a rialaíos an nós imeachta i gcás eadrána, foras seachas na forais dá dtagartar in Airteagal 1 (a) agus (c) agus in Airteagal 2 (b) agus (c), a bheir teideal dó bailíocht na dámhachtana a chonspóid i gCúirt Dlí, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é, aithint na dámhachtana nó a cur i bhfeidhm a dhiúltú, nó an breithniú air sin a chur ar atráth, agus tréimhse réasúnach a thabhairt don pháirtí sin chun go bhféadfadh an binse inniúil an dámhachtain a chur ar neamhní. | |
Airteagal 4. | ||
[EN] | Ní foláir don pháirtí a raghas i muinín dámhachtana nó a éileos í a chur i bhfeidhm na nithe seo a leanas, go sonrach, a chur ar fáil: | |
[EN] | (1) An dámhachtain bhunaidh nó cóip di arna fíordheimhniú go cuí, mar is gá do réir dlí na tíre ina ndearnadh í; | |
[EN] | (2) Fianaise dhoiciméad nó fianaise eile á chruthú go bhfuil an dámhachtain ina dámhachtain chríochnaitheach, mar mínítear in Airteagal 1 (d), sa tír ina ndearnadh í; | |
[EN] | (3) Nuair is gá é, fianaise dhoiciméad nó fianaise eile á chruthú gur comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 1, mír 1 agus mír 2 (a) agus (c). | |
[EN] | Féadfar tiontó d'iarraidh ar an dámhachtain agus ar na doiciméid eile a luaitear san Airteagal seo i dteanga oifigiúil na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana. Ní foláir an tiontó sin a bheith deimhnithe bheith ina thiontó ceart ag gníomhaire taidhleoireachta nó consalachta don tír lena mbaineann an páirtí atá ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana nó ag tiontaitheoir mionnaithe don tír ina bhfuiltear ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana. | |
Airteagal 5. | ||
[EN] | Ní bhainfidh forála na nAirteagal thuas d'aon pháirtí leasmhar an ceart chun leas a bhaint as dámhachtain eadrána sa tslí ina gceadaítear sin agus a mhéid a ceadaítear sin le dlí nó le conartha na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana sin. | |
Airteagal 6. | ||
[EN] | Ní bhaineann an Coinbhinsiún seo ach le dámhachtana eadrána a rinneadh tar éis teacht i bhfeidhm don Phrótacal um Chlásail Eadrána a hosclaíodh sa Ghinéibh an 24ú Meán Fómhair, 1923. | |
Airteagal 7. | ||
[EN] | Déanfar daingniú ar an gCoinbhinsiún seo, a bheas ar oscailt lena shíniú ag síniúirí uile Phrótacail 1923 um Chlásail Eadrána. | |
[EN] | Ní féadfar é a dhaingniú ach amháin thar ceann na gComhaltaí sin de Chumann na Náisiún, agus na Stát sin nach Comhaltaí, ar daingníodh Prótacal 1923 thar a gceann. | |
[EN] | Taiscfear na daingniúcháin a luaithe is féidir le hArd-Rúnaí Chumann na Náisiún agus cuirfidh seisean an taisceadh sin in iúl do na síniúirí go léir. | |
Airteagal 8. | ||
[EN] | Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm trí mhí tar éis a dhaingnithe thar cheann dhá Ard-Pháirtí Chonarthacha. Ina dhiaidh sin beidh éifeacht aige, i gcás Ard-Pháirtí Chonarthaigh, trí mhí tar éis an daingniúchán thar a cheann a thaisceadh le hArd-Rúnaí Chumann na Náisiún. | |
Airteagal 9. | ||
[EN] | Féadfar an Coinbhinsiún seo a shéanadh thar ceann aon Chomhalta de Chumann na Náisiún nó aon Stáit nach Comhalta. Cuirfear an séanadh in iúl i scríbhinn d'Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún agus cuirfidh seisean láithreach cóip de a bheas deimhnithe bheith do réir mar cuireadh in iúl, chun na bPáirtithe Conarthacha eile go léir agus inseoidh dóibh san am céanna an dáta a fuair sé é. | |
[EN] | Ní thiocfaidh an séanadh i bhfeidhm ach amháin maidir leis an Ard-Pháirtí Conarthach a chuir in iúl é ná go ceann bliana tar éis é a chur in iúl d'Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún. | |
[EN] | Leanfaidh, ipso facto, séanadh an Choinbhinsiúin seo as séanadh an Phrótacail um Chlásail Eadrána. | |
Airteagal 10. | ||
[EN] | Mura luaitear go speisialta iad ní bhaineann an Coinbhinsiún seo le Cóilíneachta, Coimircis, ná críocha faoi ardfhlathúnas nó faoi mhandáid aon Ard-Pháirtí Chonarthaigh. | |
[EN] | Is féidir aon uair, trí dhearbhú a sheolfas ceann de na hArd-Pháirtithe Conarthacha go dtí Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún, feidhm a thabhairt don Choinbhinsiún seo maidir le ceann nó cinn de na Cóilíneachtaí, de na Coimircis (nó de na críocha lena mbaineann an Prótacal um Chlásail Eadrána a hosclaíodh sa Ghinéibh an 24ú Meán Fómhair, 1923. | |
[EN] | Beidh éifeacht ag an dearbhú sin trí mhí tar éis é a thaisceadh. | |
[EN] | Féadfaidh na hArd-Pháirtithe Conarthacha aon uair an Coinbhinsiún a shéanadh i leith gach cinn nó aon chinn de na Cóilíneachtaí, na Coimircis nó na críocha dá dtagartar thuas. Baineann Airteagal 9 de seo leis an séanadh sin. | |
Airteagal 11. | ||
[EN] | Cuirfidh Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún cóip dheimhnithe den Choinbhinsiún seo go dtí gach Comhalta de Chumann na Náisiún, agus go dtí gach Stát nach Comhalta, a shíneos é. |