29 1954


Uimhir 29 de 1954.


AN tACHT UM THIONSCAIL AILGÍNEACHA (ÉIRE) TEORANTA (SCAIREANNA D'FHÁIL), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM TIONSCAIL AILGÍNEACHA (ÉIRE) TEORANTA (SCAIREANNA D'FHÁIL), 1949. [9ú Nollaig, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d'Fháil), 1949 (Uimh. 22 de 1949) .

An Príomh-Acht a leasú.

2. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht (a bheir cumhacht don Aire Tailte suim nó suimeanna nach mó ná cúig mhíle agus céad punt a chaitheamh chun scaireanna d'fháil i dTionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta) trí “ceathracha agus trí mhíle punt” a chur in ionad “cúig mhíle agus céad punt”.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d'Fhail), 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d'Fháil), 1949 agus 1954, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.