An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954) Ar Aghaidh (CUID II. Déileáil in Ór agus in Airgeadra Coigríche.)

30 1954

AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954 , a ghairm den Acht seo.

Tosach agus ré feidhme.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá nó laethe a socrófar chuige sin, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, le hordú nó le horduithe a dhéanfas an tAire, agus féadfar laethe éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus i dtaobh forál éagsúla.

(2) Fanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1958, agus raghaidh in éag ansin.

Léiriú.

3. —San Acht seo—

ciallaíonn “déileálaí údaraithe” duine a sonraítear sa Chéad Sceideal nó a hordófar faoi alt 31;

ciallaíonn “taisc-choimeádaí údaraithe” duine a sonraítear sa Dara Sceideal nó a hordófar faoi alt 31;

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach inimirce nó comhalta den Gharda Síochána;

ciallaíonn “deimhniú iomparthóra” deimhniú teidil chun urrús ar féidir trína sheachadadh, faoi fhormhuiniú nó gan formhuiniú, teideal chun na n-urrús d'aistriú;

ciallaíonn “deimhniú teidil” aon doiciméad (nach admháil ó thaisc-choimeádaí údaraithe ar dhoiciméad a taiseadh) a aithníos nó a bheir teideal nó cearta (iarbhír nó teagmhasach) chun urrús, nó ina bhfuil fianaise ar theideal nó ar chearta den tsórt sin, agus, i gcás aon doiciméid den tsórt sin lena ngabhann cúpóin (pé acu ceangailte den doiciméad dóibh nó ar dhuilleoga cúpón ar leith), folaíonn sé aon chúpóin nár scoitheadh;

ciallaíonn “tír tionscnaimh”, i gcás táirgí nádúrtha, an tír inar táirgeadh na hearraí agus, i gcás táirgí monaraithe, an tír inar claochlódh iad sa riocht inar tugadh isteach sa Stát iad (gan pacáil, athphacáil, sórtáil ná cumasc d'áireamh mar chlaochchló);

ciallaíonn “cúpón” cúpón a sheasas do dhíbhinní nó d'ús ar urrús;

ciallaíonn “airgeadra coigríche” aon airgeadra nó nótaí seachas airgeadra nó nótaí d'eisigh an Rialtas nó a heisíodh faoi dhlí aon choda de na críocha sceidealta, agus folaíonn aon tagairt d'airgeadra coigríche, ach amháin sa mhéid go n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, tagairt d'aon cheart chun airgeadra coigríche d'fháil i leith aon chreidmheasa nó comharduithe i mbanc;

ciallaíonn “ór” monaí óir nó builleon óir;

ciallaíonn “an tAire”, faoi réir ailt 28, an tAire Airgeadais;

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú ag an Aire le rialacháin;

ciallaíonn “clár” aon leabhar, comhad nó treoir ina gcláraítear urrúis;

folaíonn “clárú” inscríobh;

ciallaíonn “urrúis fhorcoimeádta” urrúis a sonraítear sa Tríú Sceideal;

ciallaíonn “na críocha sceidealta”—

(a) an Stát,

(b) Tuaisceart Éireann, an Bhreatain Mhór, Inse Mara nIocht agus Oileán Manann, agus

(c) pé críocha eile a hordófar;

ciallaíonn “urrúis” scaireanna, stoic, bannaí, bintiúir, stoc bintiúir, aonaid faoi scéim iontaobhais aonad nó scaireanna i rí-chíos ola;

tá leis an abairt “airgeadra sonraithe” an bhrí a bheirtear di in alt 4;

ciallaíonn “scéim iontaobhais aonad” aon chomhshocraíocht a rinneadh chun go gcuirfear ar fáil, nó a mbeidh sé d'éifeacht léi go gcuirfear ar fáil, do dhaoine a bhfuil cistí acu le hinfheistiú, saoráidí chun iad a bheith páirteach, mar thairbhithe faoi iontaobhas, i mbrabúis nó in ioncam as aon mhaoin d'fháil, a shealbhú, a bhainistí nó a dhiúscairt;

ciallaíonn “aonad” maidir le scéim iontaobhais aonad, ceart nó leas is féidir d'fháil faoin scéim.