Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Culghairm.)

33 1954


Uimhir 33 de 1954.


AN tACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (FEOIL) (FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE I dTAOBH FEOLA. [9ú Nollaig, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn “Acht 1930” an t Acht Toradh Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 (Uimh. 10 de 1930) ;

ciallaíonn “Acht 1934” an t Acht um Beithígh agus Caoire a Mharú, 1934 (Uimh. 42 de 1934) ;

ciallaíonn “Acht 1935” an t Acht Muc agus Bagúin, 1935 (Uimh. 24 de 1935) ;

ciallaíonn “Acht 1939” an t Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1939 (Uimh. 35 de 1939) .

Leasu ar alt 10 (1) d'Acht 1930.

2. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1930, arna leasú le halt 2 den Acht Toradh Talmhaíochta (Feoil Ur), 1931 (Uimh. 45 de 1931) , a leasú tuilleadh trí na focail “roimh thosach feidhme an Achta seo nó laistigh de ocht mí dhéag ina dhiaidh sin,” a scrios.

Leasú ar alt 43 d'Acht 1930.

3. —(1) Forléireofar na tagairtí i bhfo-alt (1) d'alt 43 d'Acht 1930 d'easportálaí ceadúnaithe mar thagairtí a fholaíos tagairtí do dhuine ar sealbhóir ceadúnais déantóireachta faoi alt 34 d'Acht 1934 é nó sealbhóir ceadúnais faoi fho-alt (4) d'alt S den Acht seo.

(2) Ní forléireofar fo-alt (1) den alt seo mar ní a dhéanas difir don Ordú um Tháirgí Talmhaíochta (Srian le hOnnmhuiriú), 1953.

Leasú ar Riail 2 de na Rialacha sa Sceideal a ghabhas le hAcht 1930.

4. —(1) Leasaítear leis seo Riail 2 de na Rialacha atá sa Sceideal a ghabhas le hAcht 1930—

(i) trí “nó pé suim eile a hordófar” a chur isteach i mír (a) tar éis “scilling”,

(ii) trí “nó pé suim eile a hordófar” a chur isteach i mír (b) tar éis “trí pingne”, agus

(iii) trí “nó pé suim eile a hordófar” a chur isteach i mír (c) tar éis “trí leath-phingne”.

(2) Má beartaítear rialacháin a dhéanamh de bhun míre (a), míre (b) nó míre (c) de Riail 2 den Sceideal a ghabhas le hAcht 1930, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní déanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu.

Leasú ar alt 34 d'Acht 1934.

5. —Leasaítear leis seo alt 34 d'Acht 1934 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach ann tar éis fo-ailt (2):—

“(2a) Féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn a bhéarfar do shealbhóir ceadúnais déantóireachta—

(i) pé coinníollacha is cuí leis agus a shonrós sé sa bhfógra a chur leis an gceadúnas,

(ii) aon choinníoll a cuireadh leis an gceadúnas a chúlghairm, nó

(iii) aon choinníoll a cuireadh leis an gceadúnas d'athrú do réir mar is cuí leis agus mar shonrós sé sa bhfógra,

agus bhéarfaidh an fógra sin fógra míosa ar a laghad agus féadfar é a sheirbheáil trína sheachadadh do shealbhóir an cheadúnais nó trína chur chuige leis an bpost go dtí an áit chónaithe is déanaí is eol a bheith aige.”

Leasú ar alt 28 d'Acht 1935.

6. —Leasaítear leis seo alt 28 d'Acht 1935—

(a) trí “(nach mó ná réal)” a scrios as fo-alt (1), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (10):—

“(10) Má beartaítear rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon tsuime dá dtagartar san alt seo mar shuim ordaithe, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní déanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu.”

Leasú ar alt 44 d'Acht 1939.

7. —(1) Beidh feidhm ag alt 44 d'Acht 1939 maidir le conablach a mbeidh deimhniú eisithe ina leith faoi fho-alt (2) den alt seo agus a bheas curtha sa riocht a luaitear sa bhfo-alt sin.

(2) (a) Má gheibheann muc a cheannaigh ceadúnaí bás tar éis í a cheannach agus sara scroichfidh sí áitreabh ceadúnaithe an cheadúnaí nó má gheibheann sí bás (seachas trína marú) san áitreabh ceadúnaithe sin—

(i) féadfaidh scrúdóir tréidliachta, ar iarratas an cheadúnaí, a dheimhniú go bhfuair an mhuc bás amhlaidh, agus

(ii) má bheirtear deimhniú den tsórt sin, cuirfidh an ceadúnaí, láithreach, conablach na muice sa riocht go mbeidh sé neamh-oiriúnach mar bhia don duine agus, mura ndéana an ceadúnaí é sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(b) Forléireofar an fo-alt seo agus Acht 1935 mar aon ní amháin.

Deimhniú i dtaobh aebha a bheith oiriúnach lena n-úsáid chun críocha cógaisíochta.

8. —(1) (a) Más rud é, ar chigireacht a dhéanamh dhó faoi aon rialacháin faoin Acht Sláinte, 1947 (Uimh. 28 de 1947) , ar ae ainmhí i seamlas a bheas á chothabháil ag údarás sláintíochta agus a bheas á cláraithe in aon chlár de sheamlais a bheas á choimeád ag an Aire faoi Acht 1930, arna leasú leis an Acht Toradh Talmhaíochta (Feoil Ur) (Leasú), 1935 (Uimh. 36 de 1935) , go bhfeicfear d'oifigeach tréidliachta (a bheas ina thréidlia cláraithe) don údarás sin go bhfuil an t-ae, cé nach bhfuil sé oiriúnach mar bhia don duine, oiriúnach lena úsáid chun críocha cógaisíochta, féadfaidh sé, in ionad an ní a dhéanamh leis a foráltar leis na rialacháin sin, a dheimhniú go bhfuil an t-ae oiriúnach chuige sin.

(b) Aon uair a bhéarfar, i seamlas a bheas á chothabháil ag údarás sláintíochta, deimhniú faoin bhfo-alt seo go bhfuil ae ainmhí oiriúnach lena úsáid chun críocha cógaisíochta—

(i) tiocfaidh an t-údarás sláintíochta chun bheith, agus beidh sé, ina únaer ar an ae,

(ii) ní dhíolfaidh an t-údarás sláintíochta an t-ae le haon duine, ná ní dhiúscarfaidh é chun aon duine, nach sealbhóir ar cheadúnas faoi fho-alt (4) den alt seo,

(iii) ní haistreofar an t-ae as an seamlas sin mura ndíoltar ná go dtí go ndíolfar le sealbhóir ar cheadúnas den tsórt sin é.

(2) (a) Más rud é, ar aon ainmhí a mharú a thaispeáin easportálaí ceadúnaithe chun a scrúduithe faoi Acht 1930, arna leasú leis an Acht Toradh Talmhaíochta (Feoil Ur) (Leasú), 1935 (Uimh. 36 de 1935) , do scrúdóir tréidliachta i seamlas cláraithe, go bhfaighidh an scrúdóir amach go bhfuil ae an ainmhí, cé nach bhfuil sé oiriúnach mar bhia don duine, oiriúnach lena úsáid chun críocha cógaisíochta, féadfaidh sé, más cuí leis é, a dheimhniú go bhfuil an t-ae oiriúnach chuige sin.

(b) Aon uair a bhéarfar, i seamlas cláraithe easportálaí chláraithe, deimhniú faoin bhfo-alt seo go bhfuil ae ainmhí oiriúnach lena úsáid chun críocha cógaisíochta—

(i) ní bheidh feidhm ag alt 37 d'Acht 1930 maidir leis an ae,

(ii) ní dhíolfaidh an t-easportálaí ceadúnaithe an t-ae le haon duine, ná ní dhiúscarfaidh é chun aon duine, nach sealbhóir ar cheadúnas faoi fho-alt (4) den alt seo,

(iii) ní haistreofar an t-ae as an seamlas sin mura ndíoltar ná go dtí go ndíolfar le sealbhóir ar cheadúnas den tsórt sin é.

(c) Forléireofar mar aon ní amháin an fo-alt seo agus Acht 1930, arna leasú leis an Acht Toradh Talmhaíochta (Feoil Ur) (Leasú), 1935.

(3) (a) Más rud é go bhfaighidh scrúdóir tréidliachta amach, in aon áitreabh ceadúnaithe, go bhfuil ae muice, cé nach bhfuil sé oiriúnach mar bhia don duine, oiriúnach lena úsáid chun críocha cógaisíochta, féadfaidh sé, más cuí leis é, a dheimhniú go bhfuil an t-ae oiriúnach chuige sin.

(b) Aon uair a bhéarfar, in áitreabh ceadúnaithe' deimhniú faoin bhfo-alt seo go bhfuil ae muice oiriúnach lena úsáid chun críocha cógaisíochta—

(i) ní bheidh feidhm ag alt 58 d'Acht 1935 maidir leis an ae,

(ii) ní dhíolfaidh an ceadúnaí an t-ae le haon duine, ná ní dhiúscarfaidh é chun aon duine, nach sealbhóir ar cheadúnas faoi fho-alt (4) den alt seo,

(iii) ní haistreofar an t-ae as an áitreabh sin mura ndíoltar ná go dtí go ndíolfar le sealbhóir ar cheadúnas den tsórt sin é.

(c) Forléireofar mar aon ní amháin an fo-alt seo agus Acht 1935.

(4) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ceadúnas a dheonadh do dhuine ar bith á údarú don duine sin ae lena mbaineann deimhniú faoin alt seo a cheannach.

(b) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis a chur le ceadúnas faoin bhfo-alt seo, ar a n-áirítear coinníollacha i dtaobh na córach a bheas le cur ar ae ar bith lena mbainfidh deimhniú faoin alt seo agus a cheannós an ceadúnaí agus coinníollacha ag cur srian le diúscairt ae ar bith den tsórt sin.

(c) Má bhíonn aon choinníollacha curtha le ceadúnas faoin bhfo-alt seo, ní mór don cheadúnaí iad a chomhlíonadh.

(5) (a) Ní bheidh feidhm ag alt 40 d'Acht 1930, arna leasú leis an Acht Toradh Talmhaíochta (Feoil Ur) (Leasú), 1935, maidir le hae lena mbainfidh deimhniú faoin alt seo.

(b) Ní forléireofar mír (a) den fho-alt seo mar ní a dhéanas difir don Ordú um Tháirgí Talmhaíochta (Srian le hOnnmhuiriú), 1953.

(6) Má sháraíonn duine ar bith aon cheanglas dá bhfuil san alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Cúlghairm.

9. —(1) Cúlghairmtear leis seo na hOrduithe a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar gur deimhniú faoi fho-alt (2) d'alt 7 den Acht seo deimhniú faoi Airteagal 18 den Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 267), 1943 (R. & O.R., Uimh. 102 de 1943), a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith,

(b) measfar gur deimhniú faoi fho-alt (1) d'alt 8 den Acht seo deimhniú faoi Airteagal 3 den Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 272), 1943 (R. & O.R., Uimh. 140 de 1943), a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith,

(c) measfar gur deimhniú faoi fho-alt (2) d'alt 8 den Acht seo deimhniú faoi Airteagal 4 den Ordú sin a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith,

(d) measfar gur deimhniú faoi fho-alt (3) d'alt 8 den Acht seo deimhniú faoi Airteagal 5 den Ordú sin a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith,

(e) measfar gur ceadúnas faoi fho-alt (4) d'alt 8 den Acht seo ceadúnas faoi Airteagal 6 den Ordú sin a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith.

Gearrtheideal.

10. —Féadfar an tAcht Toradh Talmhaíochta (Feoil) (Forála Ilghnéitheacha), 1954 , a ghairm den Acht seo.