37 1954


Uimhir 37 de 1954.


ACHT NA SÉADCHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA (LEASÚ), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHTA NA SÉADCHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA, 1930 . [22ú Nollaig, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 (Uimh. 2 de 1930) .

Údarás áitiúil d'aistriú caomhnóireachta nó únaerachta séadchomhartha náisiúnta chun na gCoimisinéirí.

2. —Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1)—

“(1) I gcás—

(a) údarás áitiúil a bheith ceaptha le gníomhas faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile ina gcaomhnóirí ar shéadchomhartha náisiúnta, nó

(b) údarás áitiúil a bheith ina n-únaerí ar shéadchomhartha náisiúnta,

féadfaid, le toiliú na gCoimisinéirí agus le toiliú an únaera más caomhnóirí an t-údarás áitiúil, an chaomhnóireacht nó an únaeracht sin d'aistriú le gníomhas chun na gCoimisinéirí agus ar bheith aistrithe amhlaidh don chaomhnóireacht sin, beidh éifeacht faoin Acht seo ag an ngníomhas lenar ceapadh an t-údarás áitiúil sin ina gcaomhnóirí amhail is dá mba iad na Coimisinéirí a ceapadh leis ina gcaomhnóirí ar an séadchomhartha sin.”

Orduithe buan-choimeádta.

3. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fo-alt (1) agus (2):—

“(1) Má chítear do na Coimisinéirí, de bharr tuaraisce ón gComhairle Chomhairlitheach nó eile, séadchomhartha ar dóigh leo gur séadchomhartha náisiúnta é a bheith i mbaol a scriosta, a dhíobháluithe nó a aistrithe nó go bhfuil sé iarbhír á scrios, á dhíobháladh nó á aistriú, nó go bhfuil sí ag dul i léig trí fhaillí, féadfaidh na Coimisinéirí le hordú (dá ngairmtear ordú buan-choimeádta san Acht seo) buanchoimeád an tséadchomhartha sin a ghabháil de láimh.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí tráth ar bith, le hordú a dhéanfaid tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gComhairle Chomhairlitheach, ordú buan-choimeádta a chúlghairm.”

Orduithe buan-choimeádta sealadacha.

4. —(1) Má chítear do na Coimisinéirí go bhfuil séadchomhartha ar dóigh leo gur séadchomhartha náisiúnta é i ndlúth-bhaol a dhíobháluithe nó a scriosta, féadfaidh na Coimisinéirí, le hordú (dá ngairmtear ordú buan-choimeádta sealadach san Acht seo), buan-choimeád an tséadchomhartha sin a ghabháil de láimh.

(2) Mura gcúlghairmtear roimhe sin é le hordú ó na Coimisinéirí, fanfaidh ordú buan-choimeádta sealadach i bhfeidhm go ceann tréimhse sé mhí agus raghaidh in éag ansin.

(3) Ní ghabhfaidh ordú buan-choimeádta sealadach ionad orduithe bhuan-choimeádta, ná ní chuirfidh cosc lena dhéanamh.

(4) Déanfar tagairtí in alt 9 (seachas míreanna (2) agus (3)) agus in alt 14 den Phríomh-Acht d'orduithe buan-choimeádta d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí d'orduithe buanchoimeádta sealadacha.

Forléiriú ailt 11 den Phríomh-Acht.

5. —Déanfar cumhacht na gCoimisinéirí faoi alt 11 den Phríomh-Acht chun séadchomhartha náisiúnta a thógaint chucu d'fhorléiriú, i gcás maoine a bheas dílsithe iontu faoi alt 25 den Irish Church Act, 1869, mar chumhacht a fholaíos cumhacht chun pé talamh a thógaint chucu a bheas ag teastáil chun bealach isteach go dtí an séadchomhartha sin a chur ar fáil nó chun an mhaoin sin d'fhálú nó a chlúdach nó chun í a chaomhaint ar shlí eile ó dhíobháil nó chun a taitneamhachta a chaomhaint.

Eifeacht orduithe ag dílsiú déanmhas eaglasta.

6. —Chun deireadh a chur le hamhras achtaítear leis seo go bhfuil aon eaglais nó aon fhoirgneamh nó déanmhas eaglasta a raibh sé sainráite é do dhílsiú i Rúnaí na gCoimisinéirí le hordú faoi fho-alt (1) d'alt 25 den Irish Church Act, 1869, dílsithe sna Coimisinéirí agus gur séadchomhartha náisiúnta é do réir bhrí an Príomh-Achta.

Cumhacht chun fógraí a chur suas.

7. —Féadfaidh na Coimisinéirí a chur faoi deara go gcuirfear suas ag séadchomhartha náisiúnta is ábhar d'ordú buan-choimeádta nó d'ordú buan-choimeádta sealadach fógra á rá go bhfuil an t-ordú sin ann, agus chuige sin féadfaidh aon oifigeach do na Coimisinéirí a bheas údaraithe go cuí acu chuige sin dul isteach sa séadchomhartha sin agus in aon talamh nó áitreabh eile.

Liostaí de shéadchomharthaí náisiúnta d'fhoilsiú.

8. —(1) Cuirfidh na Coimisinéirí faoi deara ó am go ham go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil liostaí—

(a) de na séadchomharthaí a dtabharfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach tuairisc fúthu agus ar dóigh leis na Coimisinéirí gur séadchomharthaí iad a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint lena mbuan-choimeád, agus

(b) de pé séadchomharthaí eile is oiriúnach leis na Coimisinéirí.

(2) Má beartaítear séadchomhartha a chur ar liosta faoi fho-alt (1) den alt seo, bhéarfaidh na Coimisinéirí fógra d'únaer an tséadchomhartha á rá go bhfuil sin beartaithe agus ag lua na bpionós a dlífear a chur ar dhuine a bheas ciontach i gcion faoin alt seo.

(3) I gcás únaer séadchomhartha a bheas ar liosta faoi fho-alt (1) den alt seo dá bheartú, tar éis dó fógra faoi fho-alt (2) den alt seo d'fháil, an séadchomhartha a scartáil nó d'aistriú go hiomlán nó go páirteach, nó a dhéanmhas d'athrú nó breis a chur leis, nó tochailt a dhéanamh ina chomharsanacht, bhéarfaidh sé fógra do na Coimisinéirí go bhfuil sin beartaithe aige, agus ní thosnóidh sé, mura mbíonn dianghá leis agus toiliú na gCoimisinéirí faighte aige, ar aon tsaothar scartála, aistrithe, athruithe, breisithe ná tochailte go ceann dhá mhí tar éis dó an fógra sin a thabhairt.

(4) Gach duine a shárós fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Séadchomharthaí d'aistriú go dtí láithreacha séadchomharthaí eile.

9. —Más iad na Coimisinéirí is únaerí ar shéadchomhartha náisiúnta, mar mínítear sin i bhfo-alt (1) d'alt 13 den Phríomh-Acht, féadfaid, más inmholta leo sin a dhéanamh, an séadchomhartha d'aistriú go dtí láthair pé séadchomhartha náisiúnta eile is oiriúnach agus is cead leo.

Coirp d'adhlacadh i gcuid shonruithe de shéadchomhartha náisiúnta.

10. —Féadfaidh baint a bheith ag ordú faoi alt 17 den Phríomh-Acht le pé cuid de shéadchomhartha náisiúnta a sonrófar san ordú, agus sa chás sin ní bhainfidh forála an ailt sin ach leis an gcuid sin den tséadchomhartha.

Séadchomharthaí náisiúnta a scrúdú.

11. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí a chur faoi deara go ndéanfaidh a n-oifigigh pé scrúduithe, agus go dtabharfaid pé tuairiscí, a ordós na Coimisinéirí (go ginearálta nó go sonrach) maidir le séadchomharthaí náisiúnta agus le háiteanna a bhfuil cúis ag na Coimisinéirí a chreidiúint go bhfuil séadchomharthaí náisiúnta iontu.

(2) Chun séadchomhartha náisiúnta ar bith a scrúdú faoin alt seo, féadfaidh aon oifigeach do na Coimisinéirí dul isteach in aon talamh agus áitreabh agus gach ní a dhéanamh ann a mheasfas sé a bheith riachtanach chun críche an scrúduithe.

(3) Gach duine a chuirfeas bac, nó a chuirfeas isteach ar shlí eile, ar oifigeach do na Coimisinéirí agus é ag feidhmiú aon cheann dá chumhachta faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó na cúig puint a chur air.

(4) Athghairmtear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht.

Alt 22 den Phríomh-Acht a leasú.

12. —Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht tríd an méid seo leanas a chur in ionad fo-ailt (2):—

“(2) Is iad a bheas ar gach coiste comhairlitheach áitiúil pé líon daoine, nach lú ná triúr ná nach mó ná deichniúr, a ndéanfaidh an t-údarás áitiúil a bhunós é iad a cheapadh ina gcomhaltaí dhe.”

Alt 23 den Phríomh-Acht a leasú.

13. —In ionad na dtagairtí atá in alt 23 den Phríomh-Acht do Choimeádaí Sean-sheod Éireann sa Mhusaem Náisiúnta, cuirfear tagairtí do Stiúrthóir an Mhusaeim Náisiúnta.

Alt 24 den Phríomh-Acht a leasú.

14. —Leasaítear leis seo alt 24 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis—

“(4)  (a) Féadfaidh an tAire Oideachais ó am go ham, le hordú, a dhearbhú gur rud lena mbaineann an t-alt seo aon, rud ar dóigh leis gur rud ársa é agus féadfaidh aon ordú den tsórt sin a chúlghairm.

(b) Aon rud a ndearbhóidh ordú a bheas i bhfeidhm do thuras na huaire gur rud é lena mbaineann an t-alt seo, glacfar leis go deimhneach gur rud ársa é chun críocha an ailt seo gan a thuilleadh cruthúnais.”

Comhdhéanamh na Comhairle Comhairlithí.

15. —(1) Ar pé dáta agus ó pé dáta a cheapfas an tAire le hordú is iad a bheas ar an gComhairle Chomhairlitheach—

(a) oifigeach don Roinn Oideachais, a ainmneos an tAire Oideachais chuige sin, agus oifigeach do na Coimisinéirí, a ainmneos an tAire chuige sin, agus

(b) pé líon de dhaoine eile (ar a n-áireofar ionadaithe do na comhluchta seo a leanas, is é sin le rá, Acadamh Ríoga na hÉireann, Cumann Ríoga Seanchaí na hÉireann agus Institiúid Ailtirí Éireann) a ainmneos an tAire ina gcomhaltaí dhi.

(2) Beidh comhaltas na Comhairle Comhairlithí le hainmniú i gceann gach cúig mblian.

(3) Féadfar aon chomhalta den Chomhairle Chomhairlitheach d'athainmniú.

(4) Más rud é, ar chúis ar bith, nach féidir go sealadach le comhalta den Chomhairle Chomhairlitheach a bheas ainmnithe faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo gníomhú, féadfar duine d'ainmniú sa tslí chéanna le gníomhú ina ionad.

(5) Athghairmtear leis seo fo-ailt (2) agus (3) d'alt 21 den Phríomh-Acht ar an dáta agus ón dáta a cheapfas an tAire faoi fho-alt (1) den alt seo.

Alt 26 den Phríomh-Acht a mhodhnú.

16. —Ní bhainfidh aon ní in alt 26 den Phríomh-Acht le rómhar ná tochailt in aon talamh ná faoi, ná ní bhéarfaidh go mbeidh sin neamhdhleathach, más chuige amháin a déantar é chun séadchomhartha nó rud ársa a choimeád slán atá i ndlúth-bhaol a scriosta nó a dhulta i léig.

Na Coimisinéirí nó údarás áitiúil do thabhairt léas agus ceadúnas.

17. —(1) Más iad na Coimisinéirí, nó más údarás áitiúil, is únaerí ar shéadchomhartha náisiúnta, féadfaidh na Coimisinéirí, ach toiliú (ginearálta nó sonrach) an Aire d'fháil, agus féadfaidh údaráis áitiúil, ach toiliú na gCoimisinéirí d'fháil, léasa agus ceadúnais a thabhairt maidir leis an séadchomhartha sin chun pé críocha agus go ceann pé téarma agus faoi réir pé coinníoll, lena n-áirítear íoc cíosa, is oiriúnach leis na Coimisinéirí nó leis an údarás áitiúil, do réir mar bheas.

(2) Ní dhéanfaidh feidhmiú na gceart a bheirtear le fo-alt (1) den alt seo do na Coimisinéirí nó d'údarás áitiúil iad a shaoradh ó na dualgais a cuirtear orthu leis an bPríomh-Acht agus leis an Acht seo mar únaeraí séadchomhartha náisiúnta.

(3) Déanfar an t-airgead uile a gheobhas na Coimisinéirí faoin alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire.

Fianaise.

18. —(1) Beidh deimhniú faoi shéala na gCoimisinéirí gurb iad na Coimisinéirí únaerí nó caomhnóirí séadchomhartha náisiúnta shonraithe ina fhianaise prima facie ar an únaeracht nó ar an gcaomhnóireacht sin.

(2) Beidh doiciméad a mbeidh deimhnithe faoi shéala na gCoimisinéirí gur cóip é d'ordú a rinne na Coimisinéirí faoin bPríomh-Acht, nó faoin Acht seo, ina fhianaise prima facie ar an ordú sin.

An tráth chun imeachta i leith cionta a thionscnamh.

19. —D'ainneoin fo-ailt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachta achomaire i leith ciona faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de thrí mhí ón dáta a fuair na Coimisinéirí fios an chiona.

Gearrtheideal forléiriú agus comhlua.

20. —(1) Féadfar Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar Achta na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 agus 1954, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.