An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Díscaoileadh Fhógra Fáilte.)

5 1955

AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1955

CUID II.

Bord Fáilte Éireann.

Ainm an Bhoird.

5. —Bhéarfar Bord Fáilte Éireann ar an mBord ar a dtugtaí An Bord Fáilte go dtí seo.

Feidhmeanna breise.

6. —Beidh na feidhmeanna breise seo a leanas ag an mBord—

(a) aon chineál poiblíochta a dhéanamh, laistigh agus lasmuigh den Stát, i ndáil leis an trácht cuartaíochta, lena n-áirítear fógraíocht a dhéanamh i dtaobh buntáistí agus taitneamhachtaí áiteanna sa Stát mar áiteanna do lucht saoire;

(b) leabhair eolais, turas-fhaisnéisí, am-chláir agus foilseacháin eile d'ullmhú agus d'fhoilsiú mar eolas do chuairteoirí;

(c) oifigí eolais do lucht cuartaíochta, nó aon ghníomhaireacht dá samhail sin, i ndáil le poiblíocht do lucht cuartaíochta, a bhunú, a threalmhú agus d'oibriú, nó cabhrú lena n-oibriú, laistigh agus lasmuigh den Stát;

(d) comhoibriú le comhluchta eile i ndáil le poiblíocht do lucht cuartaíochta.

Deontas nach mbeidh le haisíoc.

7. —(1) Gach bliain airgeadais, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna a theastós ón mBord ó am go ham agus nach mó san iomlán ná cúig chéad míle punt in aon bhliain airgeadais áirithe d'íoc leis an mBord as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(2) Ní bheidh suimeanna a híocfar faoin alt seo inaisíoctha.

Deontais ó fhoinsí eile.

8. —(1) Féadfaidh an Bord deontais airgid a ghlacadh ó chuideachta cheadaithe faoi Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931 (Uimh. 15 de 1931) , nó ó aon fhoinse eile.

(2) Cuirfidh an Bord in iúl don Aire gach deontas a gheofar faoin alt seo agus úsáidfidh na deontais sin chun críocha a fheidh meanna faoin gCuid seo.

Leasú ar Acht Trácht na gCuairteoirí (Feabhsú), 1931 .

9. —Leasaítear leis seo fo-alt (8) d'alt 3 d'Acht Trácht na gCuairteoirí, 1931 (Uimh. 15 de 1931) , trí thagairt don Bhord a chur in ionad na tagairte d'Fhógra Fáilte (a cuireadh isteach ann le halt 37 d'Acht 1952).