17 1955


Uimhir 17 de 1955.


AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH AOISLIÚNTAS d'FHOIRINN BHUAN AN BHOIRD IASCAIGH MHARA. [26 Iúil, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” an Bord Iascaigh Mhara;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Aoisliúntas d'fhoirinn an Bhoird Iascaigh Mhara.

2. —(1) Ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun aoisliúntais i bhfoirm pinsin nó aisce nó sa dá fhoirm sin a dheonadh le haghaidh foireann bhuan an Bhoird.

(2) Measfar scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a theacht i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1953, agus cuirfidh an Bord i bhfeidhm í do réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith le ceadú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Air Airgeadais, scéim faoin alt seo a leasú.

(4) Socróidh scéim a cuirfear faoi bhráid an Aire agus a ceadófar faoin alt seo an tráth scortha agus na coinníollacha scortha do na daoine uile lena mbeidh liúntais iníoctha faoin scéim, agus féadfar trátha agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(5) Má tharlaíonn aon díospóid i dtaobh éilimh aon duine chun aon liúntais is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid aon liúntais den tsórt sin, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus beidh breith an Aire Airgeadais uirthi ina breith chríochnaitheach.

Scéim a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

3. —Gach scéim a déanfar faoin Acht seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceaduithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an scéim a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Gearrtheideal, foirléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1955 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht Iascaigh Mhara, 1952 (Uimh. 7 de 1952) , agus an tAcht seo agus féadfar na h Achta Iascaigh Mhara, 1952 agus 1955, a ghairm díobh le chéile.