21 1955


Uimhir 21 de 1955.


AN tACHT IOMPAIR (FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHODHNÚ AILT 9 DEN ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933 , MAIDIR LE hIOMPAR BAINNE AGUS CRUITHNEACHTAN AGUS, I gCÁS ÉIGEANDÁLA, EARRAÍ EILE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ IARNRÓID A BHEAS SCORTHA GO SEALADACH. [15 Samhain, 1955.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAire.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Iompar bainne agus cruithneachtan.

2. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “uachtarlann” áitreabh atá cláraithe i gClár na nUachtarlann, a coimeádtar faoin Acht Toradh Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) ;

ciallaíonn “stáisiún deighilte uachtair” áitreabh atá cláraithe i gClár na Stáisiún ina nDeighiltear Uachtar, a coimeádtar faoin Acht sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 8 de 1933 ) (a chuireas srian le hiompar marsantais ag daoine neamhcheadúnaithe) maidir le haon cheann nó cinn díobh seo a leanas—

(a) iompar bainne go dtí uachtarlann nó stáisiún deighilte uachtair,

(b) iompar bainne dheighilte ó uachtarlann nó stáisiún deighilte nachtair,

(c) iompar coimeádán bainne go dtí nachtarlann nó stáisiún deighilte uachtair, nó uaidh.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an alt sin 9, ar feadh tréimhse sonraithe, maidir le hiompar cruithneachtan ag duine a bheas údaraithe do réir dlí chun gníomhú i rith saosúir áirithe mar ghníomhaire do cheadúnaí muilinn atá ceadúnaithe faoi alt 21 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933) , i gcás an chruithneacht a bheith ceannaithe don cheadúnaí ag an ngníomhaire agus í a bheith á hiompar i bhfeithicil is leis an ngníomhaire.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoi fho-alt (3) a chúlghairm.

Soláthairtí riachtanacha a choimeád ar fáil.

3. —(1) Féadfaidh an Rialtas, má chítear dóibh gur gá sin ar mhaithe le slándáil an phobail nó le caomhnadh an Stáit, nó chun soláthairtí agus seirbhísí atá riachtanach do shaol an phobail a choimeád ar fáil, a fhoráil le hordú nach mbeidh feidhm, ar feadh tréimhse sonraithe, ag alt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (a chuireas srian le hiompar marsantais ag daoine neamhcheadúnaithe) maidir le hiompar earra a bheas sonraithe san ordú.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm.

Seirbhísí traenach a bheas scortha go sealadach.

4. —I gcás seirbhís traenach ar aon líne iarnróid a bheith scortha go sealadach faoin Ordú Cumhachta Práinne (Córas Iompair Éireann) (Seirbhísí Iarnróid a Laghdú), 1944 (R. & O. R., Uimh. 354 de 1944), agus gan aon bhreith maidir leis an líne a bheith tugtha ag an mBinse Iompair, roimh an Acht seo a rith, faoi alt 55 den Acht Iompair, 1950 ( Uimh. 12 de 1950 ), ní bheidh oblagáid ar Chóras Iompair Éireann an tseirbhís d'athbhunú—

(a) go dtí go dtabharfaidh an Binse Iompair breith ar iarratas ar ordú díolúine maidir leis an líne, faoin alt sin, a déanfar tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis an tAcht seo a rith nó laistigh de pé tréimhse bhreise, nach sia ná dhá bhliain, a fhorálfas an tAire le hordú, nó

(b) mura ndéantar aon iarratas den tsórt sin, go dtí go mbeidh an tréimhse sin nó an tréimhse bhreise sin caite.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Iompair (Forála Ilghnéitheacha), 1955 , a ghairm den Acht seo.