An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LOINGIS THRÁCHTÁLA, 1955) Ar Aghaidh (CUID II. Longa Eireannacha, An Bhratach Náisiúnta agus Gné Náisiúnta.)

29 1955

AN tACHT LOINGIS THRÁCHTÁLA, 1955

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Loingis Thráchtála, 1955 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1894” an Merchant Shipping Act, 1894, agus déanfar, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, é d'fhorléiriú mar thagairt don Acht sin arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin;

folaíonn “príomh-oifigeach custam agus máil” an bailitheoir, nó an príomh-oifigeach eile custam agus máil ag gach port;

folaíonn “oifigeach consalachta” aon oifigeach consalachta, pé acu i Stát-Sheirbhís an Stáit dó nó nach ea agus folaíonn sé freisin duine arna ainmniú, ar leithligh nó faoi threoir aicme, ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, chun feidhmeanna consalachta d'fheidhmiú chun críocha an Achta seo nó aon alt sonraithe dhe;

ciallaíonn “oifigeach taidhleoireachta” duine i Stát-Sheirbhís an Stáit is ambasadóir urghnáthach lánchumhachtach, toscaire urghnáthach agus aire lánchumhachtach, chargé d'affaires, comhairleoir ambasáide nó leagáideachta, rúnaí ambasáide nó leagáideachta nó attaché;

ciallaíonn “an Phríomh-Oifig Chláraithe agus Taifeadta” an oifig a cothabhálfar do réir ailt 96 den Acht seo;

ciallaíonn “comhlucht corpraithe Éireannach” comhlucht corpraithe a bunaíodh faoi réim agus faoi réir dlí an Stáit agus a bhfuil a phríomh-áit ghnótha aige sa Stát;

folaíonn “máistir” gach duine (ach amháin píolóta) i gceannas nó i bhfeighil aon loinge;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le hordú táillí faoi alt 4 den Acht seo;

ciallaíonn “duine cáilithe” duine atá cáilithe faoin Acht seo chun bheith ina únaer ar loing chláraithe nó ar scair inti;

ciallaíonn “stát comharaíochta” stát a mbeidh dearbhaithe le hordú faoi alt 19 den Acht seo a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire gur stát comharaíochta é;

ciallaíonn “long chláraithe” long a bheas cláraithe faoin Acht seo;

folaíonn “long” gach sórt árthaigh a húsáidtear chun loingseoireachta agus nach le maidí rámha a gluaistear í;

ciallaíonn “long Stáit” long ar leis an Rialtas nó le hAire Stáit í go hiomlán;

ciallaíonn “suirbhéir long” duine a ceapadh ina shuirbhéir long chun críocha Achta 1894 agus forléireofar “suirbhéir” dá réir sin.

(2) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairtí in aon achtachán d'Acht 1894 d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairt don Acht seo.

(3) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhtéacs a mhalairt, déanfar tagairtí in aon achtachán do Chuid I d'Acht 1894 d'fhorléiriú mar thagairt don Acht seo.

Longa nach mbaineann an tAcht seo leo.

3. —Ní bhainfidh an tAcht seo le longa ar le Seirbhís Chabhlaigh Óglaigh na hÉireann iad agus ar pearsanra de chuid na Seirbhíse sin a bhfoirne go léir.

Cumhacht don Aire chun táillí d'fhorordú.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na táillí a héileofar as iniúchadh a dhéanamh agus deimhnithe d'eisiúint faoin Acht seo d'fhorordú le hordú (dá ngairmtear ordú táillí san Acht seo).

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cúlghairm nó leasú a dhéanamh, tráth ar bith le hordú, ar ordú táillí nó ar ordú a rinneadh faoin bhfo-alt seo.

Bailiú táillí agus a n-úsáid.

5. —(1) Déanfar na táillí go léir is iníoctha faoi ordú táillí a bhailiú agus a ghlacadh i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste iad nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad i pé slí a ordós an tAire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoi ordú táillí.

Orduithe, rialacha agus rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

6. —Gach ordú, riail agus rialachán a déanfar de bhuaidh an Achta seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an ionstraim sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na hionstraime, beidh an ionstraim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ionstraim.

Caiteachais.

7. —A mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, is as airgead a sholáthrós an tOireachtas a híocfar na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Athghairm.

8. —(1) Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) D'ainneoin na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm, ansin, mura léirítear a mhalairt ar shlí eile,

(a) leanfaidh aon ordú, ceadúnas, deimhniú, fo-dhlí, riail nó rialachán a rinneadh nó a tugadh faoi aon achtachán acu sin de bheith i bhfeidhm amhail is dá mba faoin Acht seo a rinneadh nó a tugadh é;

(b) leanfaidh aon oifigeach a ceapadh, aon chomhlucht a toghadh nó a comhrinneadh, agus aon oifig a bunaíodh faoi aon achtachán a hathghairmtear leis seo, de bheith ar marthain agus measfar gur faoin Acht seo a ceapadh, a toghadh, a comhrinneadh nó a bunaíodh é, pé acu é;

(c) déanfar aon doiciméad a thagras d'aon Acht nó achtachán a hathghairmtear leis seo d'fhorléiriú mar dhoiciméad a thagras don Acht seo nó don achtachán comhréire faoin Acht seo.