An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

29 1955

AN tACHT LOINGIS THRÁCHTÁLA, 1955

CUID II.

Longa Eireannacha, An Bhratach Náisiúnta agus Gné Náisiúnta.

Longa Eireannacha.

9. —Bhéarfar longa Eireannacha ar na longa seo a leanas agus, faoi réir fo-ailt (3) d'alt 18 den Acht seo, beidh teideal acu an bhratach cheart náisiúnta a chaitheamh agus gné náisiúnta a ghlacadh—

(a) longa Stáit;

(b) longa a bhaineas go hiomlán le daoine ar saoránaigh d'Éirinn iad (dá ngairmtear saoránaigh Eireannacha anseo feasta) nó le comhluchta corpraithe Eireannacha agus nach bhfuil cláraithe faoi dhlí tíre eile;

(c) longa eile a bheas cláraithe nó a measfar a bheith cláraithe faoin Acht seo.

Bratach náisiúnta do longa Eireannacha.

10. —(1) Is í bratach cheart náisiúnta a bheas le caitheamh ag longa Eireannacha an suaitheantas náisiúnta nó an suaitheantas sin le ciumhais bhán, ach—

(a) i gcás longa Stáit a n-ordófar suaitheantas speisialta ina leith faoi fho-alt (2) den alt seo, is é an suaitheantas a hordófar amhlaidh an bhratach cheart náisiúnta, agus

(b) i gcás longa a n-údarófar suaitheantas speisialta ina leith le barántas suaitheantais faoi fho-alt (3) den alt seo, is é an suaitheantas a húdarófar amhlaidh an bhratach cheart náisiúnta.

(2) Féadfaidh an tAire suaitheantas d'ordú a bheas le caitheamh in ionad an tsuaitheantais náisiúnta ag longa Stáit nó ag aicmí sonraithe long Stáit.

(3) Féadfaidh an tAire, le barántas suaitheantais a bhéarfar d'aon chomhlucht daoine, a údarú do chomhaltaí an chomhluchta suaitheantas d'úsáid in ionad an tsuaitheantais náisiúnta ar longa Eireannacha sonraithe, agus féadfaidh, le haon bharántas den tsórt sin, coinníollacha agus srianta a chur le feidhmiú an údaráis a bhéarfar leis an mbarántas sin agus féadfaidh aon bharántas den tsórt sin a chúlghairm.

Toirmeasc le bratach seachas an bhratach náisiúnta a chrochadh.

11. —(1) Ní déanfar aon tsuaitheantas do shonrú náisiúntachta ach amháin an bhratach cheart náisiúnta a chrochadh ar loing Éireannach.

(2) Ní sárú ar an alt seo suaitheantas a chur ar folúin mar chórtas amháin, do réir gnáis lena nglactar go hidirnáisiúnta.

(3) Má sáraítear t-alt seo, beidh máistir na loinge a bheas i gceist ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(4) Féadfaidh aon oifigeach lán-pháighe ag a mbeidh céim choimisiúnta chabhlaigh in Óglaigh na hÉireann, nó aon chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Cigire, nó aon oifigeach custam agus máil, nó aon oifigeach taidhleoireachta nó consalachta, dul ar bord aon loinge nó báid ar a mbeidh aon bhratach nó bratainn ar crochadh contrártha don Acht seo agus an bhratach nó an bhratainn a thabhairt leis, agus air sin déanfar an bhratach nó an bhratainn sin d'fhorghéilleadh don Stát.

E a bheith d'oblagáid an bhratach náisiúnta a chrochadh.

12. —(1) Crochfar an bhratach cheart náisiúnta ar loing Éireannach—

(a) ar chomhartha dá thabhairt di ag loing de Sheirbhís Chablaigh Óglaigh na hÉireann faoi cheannas oifigigh choimisiúnta sa tSeirbhís sin, agus

(b) ag dul isteach di i bport lasmuigh den Stát nó á fhágáil, agus

(c) más long caoga tonna, nó os a chionn sin, de mhórthonnáiste í, ag dul isteach di i bport sa Stát nó á fhágáil.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le bád iascaigh atá taifeadta go cuí i gclár na mbád iascaigh agus a bhfuil litir nó litreacha agus uimhir uirthi do réir Coda IV d'Acht 1894.

(3) Má sáraítear an t-alt seo, beidh máistir na loinge a bheas i gceist ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Pionós mar gheall ar ghné Éireannach a ghlacadh go mícheart.

13. —(1) Má úsáideann duine an bhratach cheart náisiúnta nó má ghlacann sé chuige gné náisiúnta Éireannach ar bord loinge nach long Éireannach, d'fhonn a chur i gcéill gur long Éireannach an long beidh an long faoi réir a forghéillte faoin Acht seo murab amhlaidh a glacadh é chun éaló ó ghabháil ag namhaid nó ag loing chogaidh choigríche i bhfeidhmiú cirt éigin chogaígh.

(2) In imeachta chun an forghéilleadh a chur i bhfeidhm is ar an duine d'úsáid an bhratach cheart náisiúnta nó a ghlac chuige gné náisiúnta Éireannach a bheas de dhualgas a chruthú go raibh teideal aige sin d'úsáid agus a ghlaeadh.

Pionós mar gheall ar ghné Éireannach a cheilt nó gné choigríche a ghlacadh.

14. —Má dhéanann máistir nó únaer loinge Eireannaí ní ar bith nó ma cheadaíonn sé go ndéanfar ní ar bith, nó má iompraíonn sé, nó má cheadaíonn sé go n-iomprófar aon pháipéir nó doiciméid le hintinn—

(a) gné náisiúnta Éireannach na loinge a cheilt ar dhuine ar bith a bhfuil teideal aige do réir dlí fiosrú faoi ghné náisiúnta na loinge, nó

(b) aon duine den tsórt sin a mheabhlú, nó

(c) gné choigríche a ghlacadh chuige,

beidh an long faoi réir a forghéillte faoin Acht seo, agus má rinne an máistir an cion, nó má bhí sé inpháirteach i ndéanamh an chiona, beidh sé ciontach in oilghníomh maidir le gach cion.

Gné náisiúnta loinge a bheith le dearbhú sara dtugtar imréiteach.

15. —(1) Ní thabharfaidh oifigeach custam agus máil imréiteach nó transire maidir le loing go dtí go n-inseoidh an máistir náisiúntacht na loinge don oifigeach, agus ansin scríobhfaidh an t-oifigeach an náisiúntacht sin ar an imréiteach nó ar an transire.

(2) Aon long a dhéanfas iarracht ar dhul chun farraige gan a náisiúntacht a bheith scríofa, faoi fho-alt (1) den alt seo, ar an imréiteach nó ar an transire, féadfar í a choinneáil go dtí go n-inseofar a náisiúntacht.

Cáilíocht chun Unaerachta agus Oblagáid maidir le Clárú.

Daoine atá cáilithe chun bheith ina n-únaerí ar longa cláraithe.

16. —Faoi réir ailt 19 den Acht seo maidir le stáit chomharaíochta, is iad seo a leanas amháin atá cáilithe chun long chláraithe nó scair inti a bheith ar únaeracht acu—

(a) an Rialtas;

(b) Aire Stáit;

(c) saoránach Éireannach;

(d) comhlucht corpraithe Éireannach.

Longa Stáit a chlárú.

17. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú socrú a dhéanamh chun longa Stáit a chlárú faoin Acht seo agus faoi réir aon eisceachtaí agus modhnuithe a dhéanfas an Rialtas le hordú go ginearálta nó maidir le haon aicme speisialta long Stáit, bainfidh Acht 1894 agus an tAcht seo le longa a bheas cláraithe do réir aon orduithe den tsórt sin amhail is dá mba ar an modh a fhorálas an tAcht seo a cláraíodh iad.

(2) Féadfaidh an Rialtas ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

E a bheith d'oblagáid longa le saoránaigh Eireannacha agus le comhluchta corpraithe Eireannacha a chlárú.

18. —(1) Clárófar faoin Acht seo gach long a bhaineas go hiomlán le saoránach Éireannach nó le comhlucht corpraithe Éireannach, mura long í atá díolmhaithe faoi fho-alt (2) den alt seo ón oblagáid maidir le clárú faoin Acht seo.

(2) Beidh na longa seo a leanas díolmhaithe ón oblagáid maidir le clárú faoin Acht seo ach is cead iad a chlárú amhlaidh:—

(a) longa nach mó ná cúig thonna déag glan cláraithe de lucht nach n-úsáidtear ach chun loingseoireachta ar aibhne, canálacha, locha nó cóstaí na hÉireann, na Breataine Móire, Inse Mara nIocht agus Oileáin Mhanainn;

(b) longa a fuarthas roimh dháta an Achta seo a rith;

(c) longa a mbeidh an tAire tar éis toiliú, faoi alt 21 den Acht seo, lena gclárú faoi dhlí tíre eile;

(d) longa le saoránaigh Eireannacha nach sa Stát atá gnáthchónaí orthu.

(3) Mura gcláraítear faoin Acht seo long a gceanglaítear le fo-alt (1) den alt seo í a chlárú, ní bheidh teideal aici chun aon tsochair, príbhléide, buntáiste ná caomhanta is gnáth a bheith ag loing Éireannach ná chun an bhratach cheart náisiúnta d'úsáid ná gné náisiúnta Éireannach a ghlacadh chuici, ach sa mhéid a bhaineas le híoc dleacht, le dliteanas i leith fíneála agus forghéillte agus le pionósú cionta a rinneadh ar bord na loinge sin nó a rinne aon daoine a bhain léi, déanfar i gcás na loinge sin amhail mar déanfaí dá mba long Éireannach í.

(4) Aon long a gceanglaítear leis an Acht seo í a chlárú, féadfar í a choinneáil go dtí go dtabharfaidh máistir na loinge deimhniú cláraitheachta na loinge ar aird má hiarrtar sin air.

Stáit chomharaíochta.

19. —(1) Féadfaidh an Rialtas a dhearbhú le hordú gur stát comharaíochta stát áirithe más dóigh leo go mba é leas an náisiúin é sin a dhéanamh agus más deimhin leo go bhfuil teideal, faoi dhlithe an stáit sin, ag saoránaigh Eireannacha agus ag comhluchta corpraithe Eireannacha long, nó scair i loing, de náisiúntacht an Stáit sin a bheith ar únaeracht acu.

(2) An fhad a bheas ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm maidir le Stát áirithe, beidh na daoine seo a leanas—

(a) saoránaigh, géilliúnaigh nó náisiúnaigh de chuid an stáit sin ag a bhfuil teideal faoi dhlithe an stáit sin long de náisiúntacht an stáit sin a bheith ar únaeracht acu agus

(b) comhluchta corpraithe a bunaíodh faoi réim agus faoi réir dlithe an stáit sin agus a bhfuil a bpríomh-áit ghnótha acu sa stát sin,

cáilithe chun long chláraithe nó scair inti a bheith ar únaeracht acu, agus féadfar aon long a bhaineas go hiomlán le duine nó daoine acu sin a chlárú faoin Acht seo.

(3) Féadfaidh an Rialtas ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

Toirmeasc le clárú, agus cosaint do longa áirithe.

20. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ní clárófar faoin Acht seo long nach mbaineann go hiomlán le duine cáilithe nó le daoine cáilithe.

(2) D'ainneoin ailt 16 den Acht seo, measfar long, pé acu le daoine cáilithe í nó nach ea, a bheith cláraithe go cuí faoin Acht seo má taifeadadh a hainm roimh dháta an Achta seo a rith i gclár-leabhar i bport sa Stát.

Clárú faoi dhlí tíre eile.

21. —Féadfaidh an tAire dá rogha féin amháin, ar iarratas d'fháil ó dhuine cáilithe chun long a chlárú faoi dhlí tíre eile. toiliú leis an gclárú sin ag an duine sin.

Pionós mar gheall ar dhuine neamhcháilithe d'fháil únaerachta ar loing Éireannach.

22. —Má gheibheann duine nach duine cáilithe, ar shlí seachas trí tharchur mar foráltar anseo ina dhiaidh seo, aon leas únaerachta, dlíthiúil nó tairbhiúil, i loing Éireannach, beidh an leas a gheofar amhlaidh faoi réir a fhorghéillte faoin Acht seo.

An Nós Imeachta Maidir le Clárú.

Cláraitheoirí.

23. —(1) Beidh an príomh-oifigeach custam agus máil ag aon phort cláraitheachta, agus aon oifigeach eile custam agus máil a cheapfas na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin, ina gcláraitheoirí long chun críocha an Achta seo.

(2) Ní bheidh cláraitheoir faoi dhliteanas i leith damáistí ná eile mar gheall ar aon chaillteanas a bhainfeas d'aon duine de dhroim aon ghnímh nó mainneachtana aige ina cháil mar chláraitheoir, mura trí fhaillí nó trí ghníomh toiliúil aige a tharla sé.

An clár-leabhar.

24. —Coimeádfaidh gach cláraitheoir leabhar dá ngairmfear an clár-leabhar, agus cuirfear taifid sa leabhar sin do réir na bhforál seo a leanas agus pé forál eile a ordós an tAire:

(a) déanfar an dílseánacht i loing a roinnt i seasca is ceithre scaireanna;

(b) faoi réir forál an Achta seo maidir le comhúnaerí nó únaerí ó tharchur, ní bheidh teideal ag líon is mó ná seasca is ceithre pearsa chun a gcláruithe i gcomhthráth mar únaerí aon loinge áirithe, ach ní dhéanfaidh an riail seo difir do theideal tairbhiúil aon líon daoine ná aon chuideachtan darb ionadaí aon únaer nó comhúnaer cláraithe nó a bheas ag éileamh faoi nó tríd;

(c) ní bheidh teideal ag duine chun a chláruithe mar únaer ar chodán de scair i loing, ach féadfar aon líon daoine nach mó ná cúigear a chlárú mar chomhúnaerí ar loing nó ar aon scair nó scaireanna i loing;

(d) maidir leis na daoine ag a mbeidh teideal chun a gcláruithe, measfar gurb aon duine amháin comhúnaerí, agus ní bheidh teideal acu aon leas i loing nó in aon scair inti a mbeid cláraithe ina leith a dhiúscairt go leithleach.

Suirbhéireacht agus tomhas loinge.

25. —(1) Sara gclárófar aon long faoin Acht seo, déanfaidh suirbhéir long suirbhéireacht uirthi agus fionnfaidh sé a tonnáiste do réir rialachán tonnáiste an Achta seo agus bhéarfaidh an suirbhéir a dheimhniú agus sonróidh ann tonnáiste agus déanamh na loinge, agus bhéarfaidh pé sonraí eile a cheanglós an tAire de thuras na huaire mar thuairisc aitheantais ar an loing, agus seachadfar an deimhniú don chláraithcoir sara ndéanfar an clárú.

(2) Más deimhin leis an Aire gurb ionann rialacha tíre eile chun tonnáiste agus déanamh long a thomhas agus rialacháin tonnáiste an Achta seo, féadfaidh sé deimhnithe tomhais agus déanmha d'eisigh an t-údarás iomchuí sa tír sin d'aithint, agus measfar gur faoi fho-alt (1) den alt seo a tugadh na deimhnithe sin.

Marcáil loinge.

26. —(1) Déanfar gach long, sara gclárófar faoin Acht seo í, a mharcáil go buan agus go feiceálach chun sástachta an Aire mar leanas:—

(a) marcálfar ainm na loinge ar gach leiceann léi, agus marcálfar a hainm agus ainm a poirt chláraitheachta ar a deireadh, ar chúlra dorcha i litreacha bána nó i litreacha buí, nó ar chúlra geal i litreacha dubha, agus beidh fad cheithre orlach ar a laghad sna litreacha agus beid leathan dá réir;

(b) déanfar uimhir oifigiúil na loinge agus an uimhir a thaispeánas a tonnáiste cláraithe a ghearradh ina príomh-sheas;

(c) déanfar scála troithe a thaispeánas tarraingt uisce na loinge a mharcáil ar gach taobh dá ball agus dá hiarphosta i gcinnlitreacha Rómhánacha nó i bhfigiúirí nach lú ná sé orlach ar fhaid, agus líne íochtair na litreacha nó na bhfigiúirí sin a bheith cothrom leis an líne tharraingt uisce a chuirid in iúl, agus marcálfar na línte nó na figiúirí sin trína ngearradh san ábhar agus a bpéinteáil bán nó buí ar chúlra dorcha, nó i pé slí eile a cheadós an tAire.

(2) Féadfaidh an tAire aon aicme long a dhíolmhadh ó gach ceann nó aon cheann de cheanglais an ailt seo, agus ní gá i gcás báid iascaigh atá taifeadta i gclár na mbád iascaigh agus a bhfuil litir nó litreacha agus uimhir uirthi de bhun Coda IV d'Acht 1894 a hainm agus an port cláraitheachta a bheith marcáilte uirthi faoin alt seo.

(3) Má bhíonn an scála troithe a thaispeánas tarraingt uisce na loinge neamhchruinn ar aon tslí ionas gur dócha dhó duine a chur amú, beidh únaer na loinge ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(4) Coimeádfar buan na marcanna is gá do réir an ailt seo, agus ní déanfar aon athrú orthu ach amháin i gcás athrú a dhéanamh mar foráltar leis an Acht seo ar aon tsonra a churid in iúl.

(5) Mura gcuirfidh únaer nó máistir loinge faoi deara a long a mharcáil mar ceanglaítear leis an alt seo nó mura gcoimeádfaidh sé marcáilte amhlaidh í nó má dhéanann duine ar bith, nó má ligeann sé d'aon duine faoina urláimh, aon cheann de na marcanna sin a cheilt, a bhaint dá loing, d'athrú, d'aghlot nó a scrios amach, ach amháin sa chás adúradh, nó chun éaló ó ghabháil ag namhaid, beidh an t-únaer. an máistir nó an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(6) Ar shuirbhéir long nó cigire dá dheimhniú faoi Acht 1894 go bhfuil easnamh nó míchruinneas sa mharcáil ar loing, féadfar an long a choinneáil go dtí go gceartófar an t-easnamh nó an míchruinneas.

Iarratas ar chlárú.

27. —I gcás pearsana, is é an duine a bheas ag iarraidh a chláraithe mar únaer. nó is duine amháin nó níos mó de na daoine a bheas á íarraidh sin má bhíonn níos mó ná duine amháin ann. nó is gníomhaire dhó nó dhóibh, a dhéanfar iarratas ar long a chlárú. agus i gcás comhlucht corpraithe. is é a ngníomhaire a dhéanfas é. agus déanfar údarás an ghníomhaire d'fhianú. más pearsana a cheap é, i scríbhinn faoi lámha na gceapóirí agus. más comhlucht corpraithe a cheap é, faoi shéala an chomhluchta chorpraithe sin.

Unaeracht a dhearbhú le linn cláruithe.

28. —Ní bheidh teideal ag duine chun go gclárófaí é mar únaer ar loing nó ar scair i loing go dtí go mbeidh sé nó. i gcás comhluchta chorpraithe. go mbeidh an duine a húdaraítear le halt 83 den Acht seo chun dearbhuithe a dhéanamh thar cheann an chomhluchta chorpraithe. tar éis dearbhú únaerachta a dhéanamh agus a shíniú, a bhainfeas leis an loing mar tuairiscíodh í i ndeimhniú an tsuirbhéara, agus a mbeidh pé sonraí ann a iarrfas an tAire.

Fianaise le linn an chéadchláruíthe.

29. —(1) An chéad uair a clárófar long. bhéarfar an fhianaise seo a leanas ar aird i dteannta an dearbhuithe únaerachta:

(a) i gcás loinge a rinneadh sa Stát, deimhniú déantóra. is é sin le rá, deimhniú faoi shíniú dhéantóir na loinge ina mbeidh cuntas fíor ar ainmniúchán ceart agus ar thonnáiste na loinge mar bheas sin measta aige. agus ar an am agus an áit a ndearnadh í. agus ar ainm an duine (más ann) ar ar a chuntas a rinneadh an long agus, má tharla aon díol, an bille díolacháin faoina ndearnadh an long. nó scair inti, a dhílsiú san iarratasóir ar chlárú;

(b) i gcás loinge a rinneadh lasmuigh den Stát. an fhianaise chéanna is gá i gcás loinge a rinneadh sa Stát, mura ndearbhóidh dearbhóir an dearbhuithe únaerachta nach eol dó am ná áit a déanta, nó nach féidir an deimhniú déantóra d'fháil, agus sa chás sin ní bheidh ag teastáil ach an bille díolacháin faoina ndearnadh an long, nó scair inti, a dhílsiú san iarratasóir ar chlárú;

(c) i gcás loinge a daoradh ag aon chúirt dlínse inniúla, cóip oifigiúil den daoradh.

(2) Bhéarfaidh an déantóir an deimhniú is gá do réir an ailt seo agus, chun críocha an ailt seo, áireofar san abairt “déantóir na loinge” aon duine a aithníos na Coimisinéirí Ioncaim mar dhuine a bhfuil gnó déantóra loinge á sheoladh aige.

(3) Má dhéanann an duine a bhéarfas deimhniú déantóra faoin alt seo ráiteas bréagach sa deimhniú sin go toiliúil beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Sonraí a thaifeadadh sa chlár-leabhar.

30. —A luaithe a comhlíonfar na ceanglais den Acht seo is gá a chomhlíonadh roimh chlárú, taifeadfaidh an cláraitheoir sa chlár-leabhar na sonraí seo a leanás i dtaobh na loinge:

(a) ainm na loinge agus a port cláraitheachta;

(b) na sonraí atá i ndeimhniú an tsuirbhéara;

(c) na sonraí maidir lena tionscnamh a tugadh sa dearbhú únaerachta; agus

(d) ainm agus tuairise a húnaera chláraithe nó a húnaerí cláraithe agus, má tá níos mó ná únaer amháin uirthi, cion leasa ach únaera acu inti.

Doiciméid atá le coimeád ag an gcláraitheoir.

31. —Ar long a chlárú coimeádfaidh an cláraitheoir ina sheilbh na doiciméid seo a leanas, eadhon, deimhniú an tsuirbhéara, deimhniú an déantóra, aon bhille díolacháin roimhe sin i leith na loinge, cóip den daoradh (má daoradh í) agus gach dearbhú únaerachta.

Poirt chláraitheachta.

32. —(1) Is poirt chláraitheachta chun críocha an Achta seo na poirt uile agus faoi seach a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo (arb iad na poirt chláraitheachta sa Stát iad ar dháta an Achta seo a rith).

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncaim, an liosta port a luaitear sa Sceideal sin a leasú.

(3) Measfar gurb é an port ag a bhfuil long cláraithe de thuras na huaire a port cláraitheachta.

Deimhniú Cláraitheachta.

Deimhniú cláraitheachta.

33. —Ar chlárú loinge a bheith críochnaithe, bhéarfaidh an cláraitheoir deimhniú cláraitheachta ina mbeidh na sonraí ina taobh a taifeadadh sa chlár-leabhar, agus ainm a máistir.

Coimeád an deimhnithe.

34. —(1) Is chuige amháin a húsáidfear an deimhniú cláraitheachta chun loingseoireacht dleathach a dhéanamh leis an loing agus ní bheidh sé faoi réir a choinneála toisc aon teideal. lian, muirear nó leas d'aon tsórt a bheith ag aon únaer, morgáistí nó duine eile, nó a bheith á éileamh aige, chun na loinge nó uirthi nó inti.

(2) Má dhiúltaíonn duine ar bith, pé acu atá leas aige sa loing nó nach bhfuil, an deimhniú cláraitheachta a thabhairt suas, má hiarrtar sin air agus go mbeidh an deimhniú sin ina sheilbh nó faoina urláimh, don duine atá i dteideal a choimeádta d'fhonn loingseoireacht dleathach a dhéanamh leis an loing, nó d'aon chláraitheoir, oifigeach custam agus máil nó duine eile a bhfuil teideal do réir dlí aige a cheangal go dtabharfaí suas dó amhlaidh é, féadfaidh aon chúirt ag a bhfuil údaras an ní a thabhairt dá haire an duine a dhiúltaigh amhlaidh a thoghairm le láithriú os comhair na cúirte, agus lena cheistiú i dtaobh an diúltuithe sin, agus mura gcruthaítear chun sástachta na cúirte go raibh cúis réasúnach leis an diúltú sin, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air. ach má cruthaítear don chúirt gur cailleadh an deimhniú urscaoilfear an duine a toghairmeadh agus deimhneoidh an chúirt gur cailleadh an deimhniú cláraitheachta.

(3) Má cruthaítear go bhfuil an duine a dhiúltaigh amhlaidh tar éis éaló ionas nach féidir próis chúirte a sheirbheáil air, nó má fhanann an deimhniú gan tabhairt suas aige. deimhneoidh an chúirt go bhfuil an scéal amhlaidh agus féadfar ansin na himeachta céanna a thionscnamh dob fhéidir a thionscnamh i gcás deimhnithe a ligeadh ar dearmad. a cailleadh nó a díthíodh, nó imeachta chomh cosúil leo sin agus is féidir sna himthosca.

Pionós mar gheall ar dheimhniú mícheart d'úsáid.

35. —Má bhaineann máistir nó únaer loinge úsáid. nó má fhéachann sé le húsáid a bhaint. chun loingseoireacht a dhéanamh leis an loing. as deimhniú cláraitheachta nár tugadh go dleathach i leith na loinge. beidh sé ciontach in oilghníomh agus beidh an long faoi réir a forghéillte faoin Acht seo.

Cumhacht chun deimhniú nua a thabhairt.

36. —Féadfaidh cláraitheoir poirt chláraitheachta loinge, le ceadú na gCoimisinéirí Ioncaim. ar dheimhniú cláraitheachta loinge a thabhairt suas dó agus ar an húnaerí cláraithe d'íoc na táille forordaithe (más ann). deimhniú nua a thabhairt ina ionad.

Foráil maidir le deimhniú a cailleadh.

37. —(1) Má tharlaíonn go ndéanfar deimhniú cláraitheachta loinge a ligean ar dearmad. a chailliúint nó a dhíthiú. déanfaidh cláraitheoir a poirt chláraitheachta. ar na húnaerí cláraithe d'íoc na táille forordaithe (más ann). deimhniú nua cláraitheachta a thabhairt in ionad a deimhnithe bhunaidh.

(2) Más port lasmuigh den Stát an port (ag a mbeidh oifigeach taidhleoireachta nó consalachta) a mbeidh an long ann tráth na tarlachtana nó a chéad-shroichfeas sí tar éis na tarlachtana. ansin, déanfaidh máistir na loinge, nó duine éigin eile arb eol dó fíorais an cháis, dearbhú ina luafaidh fíorais an cháis agus ainmneacha agus tuairiscí únaerí cláraithe na loinge sin do réir mar is col don dearbhóir agus mar chreideas sé. agus air sin bhéarfaidh an t-oifigeach taidhleoireachta nó consalachta deimhniú sealadach ina luafar na himthosca ina dtugtar é.

(3) Déanfar, laistigh de dheich lá tar éis céad-shroichint poirt sa Stát dá éis sin don loing, an deimhniú sealadach a thabhairt suas do chláraitheoir a poirt chláraitheachta agus, ar na húnaerí cláraithe d'íoc na táille forordaithe (más ann), bhéarfaidh an cláraitheoir an deimhniú nua cláraitheachta, agus má mhainníonn an máistir, gan cúis réasúnach, an deimhniú sealadach a thabhairt suas laistigh den deich lá adúradh, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Atharach máistir d'fhormhuiniú ar dheimhniú.

38. —I gcás máistir loinge cláraithe d'athrú, déanfaidh gach duine acu seo a leanas, eadhon—

(a) más athrú é mar gheall ar an máistir dá chur as a phost ag cúirt faoi Acht 1894, oifigeach cuí na cúirte sin; agus

(b) más athrú ar aon chúis eile é, an cláraitheoir nó, mura bhfuil aon chláraitheoir ann, an t-oifigeach taidhleoireachta nó consalachta ag an bport ina ndearnadh an t-athrú,

ar íoc na táille forordaithe (más ann), meabhrán i dtaobh an athruithe d'fhormhuiniú agus a shíniú ar an deimhniú cláraitheachta, agus cuirfidh an t-athrú in iúl láithreach don duine atá de thuras na huaire i mbun na Príomh-Oifige Cláraithe agus Taifeadta, agus féadfaidh aon oifigeach custam agus máil ag aon phort sa Stát diúltú ligean d'aon duine aon ghníomh a dhéanamh ann mar mháistir loinge cláraithe mura bhfuil a ainm curtha isteach nó formhuinithe ar dheimhniú cláraitheachta na loinge mar an duine is déanaí a ceapadh ina mháistir uirthi.

Athrú únaerachta d'fhormhuiniú ar dheimhniú.

39. —(1) Aon uair a tharlós athrú ar únaeracht chláraithe loinge, déanfaidh cláraitheoir poirt chláraitheachta na loinge, nó cláraitheoir aon phoirt sa Stát a shroisfeas an long a fuair scéala an athruithe ó chláraitheoir phoirt chláraitheachta na loinge, an t-athrú únaerachta d'fhormhuiniú ar a deimhniú cláraitheachta.

(2) Déanfaidh an máistir, chun críche an fhormhuinithe sin ag cláraitheoir poirt chláraitheachta na loinge, an deimhniú cláraitheachta a sheachadadh don chláraitheoir, láithreach tar éis an athruithe más le linn an long a bheith ina port cláraitheachta a tharlós an t-athrú, agus más le linn di bheith as an bport sin a tharlós sé agus nach ndéanfar an formhainiú faoin alt seo roimh fhilleadh dhi, ansin ar a céad-fhilleadh ar an bport sin.

(3) Féadfaidh cláraitheoir aon phoirt, nach é port cláraitheachta na loinge é, a mbeidh de cheangal air formhuiniú a dhéanamh faoin alt seo, a éileamh chuige sin ar mháistir na loinge deimhniú cláraitheachta na loinge a sheachadadh dhó, ionas nach gcoinneofar siar an long dá chionn sin, agus seachadfaidh an máistir dó é dá réir sin.

(4) Mura seachadfaidh an máistir an deimhniú cláraitheachta don chláraitheoir mar ceanglaítear leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

An deimhniú a bhaineas le loing a cailleadh nó a scoir de bheith ar únaeracht ag daoine cáilithe a thabhairt suas.

40. —(1) Má tharlaíonn. iarbhír nó go hinchiallaithe. go gcaillfear long chláraithe nó go ngabhfaidh an namhaid nó go ndófar nó go mbrisfear suas í. nó go scoirfidh sí. de dhroim aistrithe chun daoine nach daoine cáilithe nó ar chúis eile. de bheith ina loing chláraithe. déanfaidh gach duine is únaer ar an loing nó ar aon scair sa loing. a luaithe a ghcobhas sé scéala na tarlachtana sin, mura bhfuil aon fhógra ina taobh tugtha cheana féin don chláraitheoir. fógra ina taobh a thabhairt don chláraitheoir ag a port cláraitheachta. agus cuirfidh an cláraitheoir sin ar taifead é sa chlár-leabhar. agus más rud é gur thug an tAire a cheadú, i gcás inar gá an ceadú sin faoi rialacháin faoi alt 76 den Acht seo, measfar críoch a bheith curtha le clárú na loinge sa leabhar sin ach amháin a mhéid a bhaineas le haon mhorgáistí gan sásamh nó le haon deimhnithe morgáiste ar taifeadadh ann atá ar marthain.

(2) In aon chás den tsórt sin. ach amháin má cailleadh nó má díthíodh deimhniú cláraitheachta na loinge, déanfaidh máistir na loinge, más i bport don loing tráth na tarlachtana. an deimhniú a sheachadadh láithreach. ach más in aon áit eile di, é a sheachadadh laistigh de dheich lá tar éis dó port a shroichint, don chláraitheoir nó. mura bhfuil cláraitheoir ann. don oifigeach taidhleoireachta nó consalachta ann, agus déanfaidh an cláraitheoir, murab é féin cláraitheoir a poirt chláraitheachta, nó déanfaidh an t-oifigeach taidhleoireachta nó consalachta, an deimhniú a seachadadh dó amhlaidh a chur ar aghaidh láithreach go dtí cláraitheoir a poirt chláraitheachta.

(3) Má mhainníonn aon únaer nó máistir den tsórt sin. gan cúis réasúnach. déanamh do réir an ailt seo. beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Deimhniú sealadach do longa a thiocfas ar únaeracht chun daoine cáilithe lasmuigh den Stát.

41. —(1) Más rud é. i bport lasmuigh den Stát. go dtiocfaidh dílseánacht loinge chun daoine cáilithe. féadfaidh an t-oifigeach taidhleoireachta nó consalachta ann. faoi réir a cheaduithe ag an Aire, deimhniú sealadach a thabhairt don mháistir ar é dá iarraidh agus cuirfidh cóip den deimhniú ar aghaidh, a luaithe is caothúil, go dtí an Phríomh-Oifig Chláraithe agus Taifeadta.

(2) Beidh pé sonraí a ordós an tAire i ndeimhniú sealadach a bhéarfar faoin alt seo agus beidh éifeacht deimhnithe chláraitheachta aige go ceann sé mhí óna dháta nó go dtí go sroichfidh an long port sa Stát ina bhfuil cláraitheoir (pé acu sin is túisce a tharlós) agus, ar cheachtar ní acu sin a tharlachtain, scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige.

Pasanna sealadacha in ionad deimhnithe cláraitheachta.

42. —Más dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim go mba mhaith an rud é mar gheall ar imthosca speisialta, cead a thabhairt do loing a bhaineas go hiomlán le duine cáilithe nó le daoine cáilithe gabháil gan a bheith cláraithe roimhe sin—

(a) ó aon phort sa Stát go port eile sa Stát. nó

(b) ó aon phort sa Stát go port lasmuigh den Stát nuair nach cuspóirí trádála príomh-fheidhm an turais.

féadfaidh na Coimisínéirí Ioncaim pas a thabhairt dá réir sin agus beidh éifeacht ionann is dá mba dheimhniú cláraitheachta é ag an bpas sin don tréimhse, agus laistigh de na tóranta. a luafar ann.

Aistriú agus Tarchur.

Long nó scair d'aistriú.

43. —(1) Is trí bhille díolacháin a haistreofar long chláraithe nó scair inti (i gcás í a dhiúscairt chun duine cháilithe).

(2) Sa bhille díolacháin beidh tuairisc ar an loing mar atá i ndeimhniú an tsuirbhéara, nó sa deimhniú ó údarás atá aitheanta ag an Aire, agus beidh an bille i pé foirm a ordós na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham le toiliú an Aire nó i bhfoirm chomh cosúil léi agus is féidir sna himthosca. agus forghníomhóidh an t-aistreoir é i láthair finné nó finnéithe a fhianós é.

Dearbhú ar aistriú.

44. —I gcás long chláraithe nó scair inti d'aistriú ní bheidh teideal ag an aistrí chun a chláruithe mar únaer uirthi go dtí go ndéanfaidh agus go síneoidh sé, nó i gcás comhluchta chor praithe go dtí go ndéanfaidh agus go síneoidh an duine a bheas údaraithe le halt 83 den Acht seo chun dearbhuithe a dhéanamh thar ceann an chomhluchta sin, dearbhú (dá ngairmtear dearbhú aistrithe san Acht seo) i leith na loinge, ina mbeidh—

(a) ráiteas ar cháilíocht an aistrí chun bheith ina únaer ar loing chláraithe nó, más comhlucht corpraithe an t-aistrí, ar na himthosca maidir le comhdhéanamh agus gnó an chomhluchta chorpraithe a chruthaíos é a bheith cáilithe chun bheith ina únaer ar loing chláraithe; agus

(b) dearbhú nach bhfuil, do réir mar is eol dó agus mar chreideas sé, teideal mar únaer ag aon duine ná ag aon chomhlucht daoine nach daoine cáilithe chun aon leasa, dlíthiúil ná tairbhiúil, sa loing ná in aon scair inti.

Aistriú a chlárú.

45. —(1) Ar é a bheith forghníomhaithe go cuí. bhéarfar ar aird do chláraitheoir a poirt chláraitheachta gach bille díolacháin chun long chláraithe nó scair inti d'aistriú. maraon leis an dearbhú aistrithe. agus air sin taifeadfaidh an cláraitheoir ainm an aistrí sa chlár-leabhar mar únaer na loinge nó na scaire. agus formhuineoidh ar an mbille díolacháin go ndearnadh an taifeadadh sin. maraon leis an lá agus an uair a chloig a rinneadh é.

(2) Déanfar billí díolacháin loinge nó scaire inti a thaifeadadh sa chlár-leabhar san ord inar tugadh ar aird don chláraitheoir iad.

Dílseánacht i loing a tharchur, i gcás báis, féimheachta, etc.

46. —(1) I gcás an dilscánacht i loing chláraithe nó i scair inti a tharchur chun duine cháilithe ar bhás nó ar fhéimheacht aon únaera chláraithe, nó ar aon mhodh dleathadh eile seachas trí aistriú faoin Acht seo—

(a) fíordheimhneoidh an duine sin an tarchur trí dhearbhú (dá ngairmtear dearbhú tarchuir san Acht seo) a a dhéanamh agus a shíniú ina dtabharfaidh airíona aitheantais na loinge agus ina mbeidh na ráitis éagsúla a gceanglaítear anseo roimhe seo iad a bheith i ndearbhú aistrithe. nó ráitis chomh cosúil leo sin agus is féidir sna himthosca. agus ráiteas ag insint an mhodha ar ar tarchuireadh, agus an duine chun ar tarchuireadh, an dílseánacht;

(b) más tarchur de dhroim féimheachta é beidh ag gabháil leis an dearbhú tarchuir pé fianaise is inghlactha de thuras na huaire i gcúirteanna breithiúnais mar chruthú ar theideal daoine atá ag déanamh éilimh faoi fhéimheacht;

(c) más tarchur de dhroim bais é beidh an ionstraim ionadaíochta. nó sliocht oifigiúil aisti ag gabháil leis an dearbhú tarchuir.

(2) Taifeadfaidh an cláraitheoir sa chlár-leabhar, ar é d'fháil an dearbhuithe tharchuir agus na nithe a bheas ag gabháil leis amhlaidh, ainm an duine ag a bhfuil teideal faoin tarchur mar únaer na loinge nó na scaire ar tarchuireadh an dílseánacht inti agus, i gcás níos mó ná duine amháin den sórt sin a bheith ann, taifeadfaidh sé ainmneacha na ndaoine sin go léir ach, chun críocha na forála den Acht seo a bhaineas leis an méid daoine ag a bhfuil teideal chun iad a chlárú mar únaerí, measfar gurb aon duine amháin na daoine sin dá líonmhaire iad.

Ordú díolacháin ar dhílséanacht a tharchur chun duine neamhcháilithe.

47. —(1) I gcás an dílseánacht i loing chláraithe nó i scair inti a tharchur ar bhás, nó féimheacht nó eile chun duine nach duine cáilithe. ansin, féadfaidh an Ard-Chúirt. ar iarratas ón duine sin nó thar a cheann. a ordú go ndíolfar an dílseánacht a tarchuireadh amhlaidh agus a ordú go ndéanfar fáltais an díolacháin. tar éis costais an díolacháin sin a bhaint as. d'íoc leis an duine ag a bhfuil teideal faoin tarchur sin nó ar shlí eile mar ordós an chúirt.

(2) Féadfaidh an chúirt aon fhianaise is gá leo d'éileamh mar thaca leis an iarratas. agus féadfaid an t-ordú a dhéanamh ar aon téarmaí agus, coinníollacha is cóir leo nó diúltú don ordú a dhéanamh agus, go ginearálta, pé ní a dhéanamh sa chás a dhlífeas ceartas an cháis.

(3) Gach iarratas den tsórt sin a déanfar chun dílséanacht a dhíol. déanfar é laistigh de cheithre seachtaine tar éis an ní a tharlachtain a dtáinig an tarchur dá chionn nó laistigh de pé tréimhse is sia ná sin (ach nach sia ná bliain san iomlán) a cheadós an chúirt.

(4) Mura ndéantar iarratas do réir an ailt seo nó má dhiúltaíonn an chúirt ordú díolacháin a dhéanamh, ansin, beidh an long nó an scair a tarchuireadh faoi réir a forghéillte faoin Acht seo.

Long d'aistriú arna díol de dhroim orduithe chúirte.

48. —I gcás ina n-ordóidh aon chúirt, pé acu faoi na hailt sin roimhe seo den Acht seo nó eile é, aon long nó aon scair inti a dhíol. beidh san ordú cúirte dearbhú a dhílseos i nduine éigin a ainmneos an chúirt an ceart chun an long nó an scair sin d'aistriú, agus, air sin beidh teideal ag an duine sin an long nó an scair d'aistriú sa tslí chéanna agus sa mhéid céanna ina bhféadfadh dá mba é a húnaer cláraithe é, agus géillfidh gach cláraitheoir d'éileamh an duine a bheas ainmnithe amhlaidh maidir le haon aistriú den tsórt sin ionann is dá mba é an t-únaer cláraithe é an duine sin.

Cumhacht chúirte chun aistriú a thoirmeasc.

49. —Féadfaidh an Ard-Chúirt, más oiriúnach leo (gan dochar d'fheidhmiú aon chumhachta eile de chuid na cúirte) ar iarratas ó aon duine leasmhar, ordú a dhéanamh ag toirmeasc aon déileála le loing nó le haon scair inti go ceann tréimhse sonraithe, agus féadfaidh an chúirt an t-ordú a dhéanamh ar aon téarmaí nó coinníollacha is cóir leo, nó diúltú don ordú a dhéanamh, nó an t-ordú, ar bheith déanta dhó, d'urseaoileadh, le costais nó gan costais, agus féadfaid, go ginearálta, pé ní a dhéanamh sa chás a dhlífeas ceartas an cháis, agus géillfidh gach cláraitheoir, gan bheith ina pháirtí san imeacht, don ordú nuair a seirbheálfar an t-ordú nó cóip oifigiúil de air.

Morgáistí.

Morgáistiú loinge nó scaire.

50. —(1) Féadfar long chláraithe nó scair inti a chur in urrus i leith iasachta nó comaoine luachmhaire eile. agus beidh an ionstraim a dhéanfas an t-urrús (dá ngairmtear an morgáiste san Acht seo) i pé foirm a ordós na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham le toiliú an Aire. nó i bhfoirm chomh cosúil léi sin agus is féidir sna himthosca, agus ar an ionstraim sin a thabhairt ar aird taifeadfaidh cláraitheoir poirt chláraitheachta na loinge sa chlár-leabhar í.

(2) Taifeadfaidh an cláraitheoir morgáistí san ord ama a dtabharfar ar aird dó chuige sin iad agus cuirfidh sé in iúl ar gach morgáiste, trí mheabhrán faoina láimh. gur thaifid sé é agus luafaidh an lá agus an uair a chloig a rinne sé an taifeadadh sin.

Urscaoileadh morgáiste a thaifeadadh.

51. —I gcás morgáiste cláraithe d'urscaoileadh, déanfaidh an cláraitheoir. ar ghníomhas an mhorgáiste, agus admháil ar an airgead morgáiste formhuinithe air, a thabhairt ar aird, arna shíniú agus arna fhianú go cuí, taifead a chur sa chlárleabhar á chur in iúl gur hurscaoileadh an morgáiste, agus ar an taifeadadh sin a dhéanamh dílseoidh an t-eastát (más ann) a ráinig chun an mhorgáistí sa duine ina ndílseodh sé (ag féachaint do ghníomhartha agus d'imthosca idirlinne, más ann) dá mba nach ndearnadh an morgáiste.

Tosaíocht mhorgáistí.

52. —Má cláraítear níos mó ná morgáiste amháin i leith na loinge nó na scaire céanna, ansin, d'ainneoin aon fhógra sainráite nó intuigthe nó inchiallaithe, is do réir dáta cláruithe gach morgáiste sa chlár-leabhar, agus ní do réir dáta an mhorgáiste féin a bheas tosaíocht teidil ar a chéile ag na morgáistithe.

Gan morgáistí d'áireamh mar únaer.

53. —Ach amháin a mhéid is gá chun long nó scair mhorgáistithe a chur ar fáil mar urrús i leith an fhéich mhorgáiste, ní measfar an morgáistí a bheith, de dhroim an mhorgáiste, ina únaer ar an loing nó ar an scair, ná ní measfar an morgáisteoir a scor de bheith ina únaer uirthi.

Cumhacht díola ag morgáistí.

54. —Beidh cumhacht iomlán ag gach morgáistí cláraithe an long nó an scair a mbeidh sé cláraithe ina leith a dhiúscairt agus admhála éifeachtúla a thabhairt ar an airgead ceannaigh, ach i gcás níos mó ná duine amháin a bheith cláraithe mar mhorgáistithe i leith na loinge nó na scaire céanna, ní dhéanfaidh morgáistí iardain ach amháin faoi ordú cúirte dlínse inniúla an long nó an scair a dhíol gan comhthoiliú gach morgáistí roimhe.

Gan féimheacht do dhéanamh difir do mhorgáiste.

55. —Ní difir do mhorgáiste cláraithe loinge nó scaire an morgáisteoir do dhéanamh aon ghnímh féimheachta tar éis dáta taifeadta an mhorgáiste d'ainneoin go raibh an long nó an scair i seilbh an mhorgáisteora nó faoina ordú nó faoina réir. nó gurbh é a húnaer ainme é i dtosach a fhéimheachta, agus beidh tosaíocht ag an morgáiste ar aon cheart, éileamh, nó leas inti a bheas ag creidiúnaithe eile an fhéimhigh nó ag aon iontaobhaí nó sannaí thar a gceann.

Morgáistí d'aistriú.

56. —Féadfar faoi réir ailt 62 den Acht seo, morgáiste cláraithe loinge nó scaire d'aistriú chun duine ar bith, agus beidh ionstraim an aistrithe i pé foirm a ordós na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham le toiliú an Aire, nó i bhfoirm chomh cosúil léi sin agus is féidir sna himthosea, agus ar an ionstraim sin a thabhairt ar aird taifeadfaidh an cláraitheoir í trí ainm an aistrí a thaifeadadh sa chlár-leabhar mar mhorgáistí na loinge nó na scaire, agus cuirfidh sé in iúl ar ionstraim an aistrithe, trí mheabhrán faoina láimh, gur thaifid sé í agus luafaidh an lá agus an uair a chloig a rinne sé an taifeadadh sin.

Leas i morgáiste a tharchur i gcás báis, féimheachta, etc.

57. —(1) Má déantar leas morgáistí i loing nó i scair a tharchur i gcás báis nó féimheachta, nó ar aon mhodh dleathach seachas trí aistriú faoin Acht seo, fíordheimhneofar an tarchur le dearbhú ón duine chun ar tarchuireadh an leas, ina luafar an modh ar ar tarchuireadh, agus an duine chun ar tarchuireadh, an dílseánacht, agus beidh ag gabháil leis fianaise den tsórt is gá do réir an Achta seo i gcás tarchuir chomhréire ar únaeracht loinge nó scaire.

(2) Ar an dearbhú d'fháil don chláraitheoir, agus ar an bhfianaise réambráite a thabhairt ar aird, taifeadfaidh an cláraitheoir sa chlár-leabhar, ainm an duine ag a bhfuil teideal faoin tarchur mar mhorgáistí i leith na loinge nó na scaire.

Deimhnithe Morgáiste agus Díolacháin.

Cumhachta morgái te agus díolacháin a thabhairt trí dheimhniú.

58. —Féadfaidh únaer cláraithe, más mian leis an long nó an scair a bhfuil sé cláraithe ina leith in aon áit lasmuigh den Stát a dhiúseairt trína morgástiú nó trína díol, iarratas a dhéanamh chun an chláraitheora, agus air sin cuirlidh an cláraitheoir ar a chumas sin a dhéanamh trí dheimhniú morgáiste nó deimhniú díolacháin a thabhairt.

Riachtanais faoi chomhair deimhnithe morgáiste agus díolacháin.

59. —Sara dtabharfar deimhniú morgáiste nó díolacháin, inseoidh an t-iarratasóir don chláraitheoir, agus taifeadfaidh an cláraitheoir sa chlár-leabhar, na sonraí seo a leanas:—

(a) ainm an duine ag a mbeidh an chumhacht a luafar sa deimhniú le feidhmiú, agus, i gcás morgáiste, uasmhéid an mhuirir a bheas le cruthnú, má beartaítear aon uas-mhéid a shocrú, agus, i gcás díolacháin, an praghas íosta ar a ndíolfar an long nó an scair, má beartaítear aon phraghas íosta a shocrú;

(b) an áit ina mbeidh an chumhacht le feidhmiú nó, mura sonraítear aon áit áirithe, dearbhú go bhféadfar, faoi réir forál an Achta seo, í d'fheidhmiú in áit ar bith;

(c) an tréimhse ar laistigh di a féadfar an chumhacht d'fheidhmiú.

Srianta le deimhnithe morgáiste agus díolacháin.

60. —Ní tabharfar deimhniú morgáiste ná díolacháin ionas go n-údarófar aon mhorgáiste nó díolachán a dhéanamh in aon áit sa Stát ná ag aon duine nach mbeidh ainmnithe sa deimhniú.

Na nithe a bheas i ndeimhnithe morgáiste agus díolacháin.

61. —Beidh i ndeimhniú morgáiste agus i ndeimhniú díolacháin ráiteas ar na sonraí éagsúla a hordaítear leis an Acht seo a thaifeadadh sa chlár-leabhar nuair a hiarrtar an deimhniú, agus ina theannta sin áireamh ar aon mhorgáistí cláraithe nó aon deimhnithe morgáiste nó díolacháin a bhaineas leis an loing nó leis an scair ar ina leith a tugadh an deimhniú.

Srian le haistriú nó morgáistiú.

62. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aistriú ná morgáistiú, ná ní aistreoidh sé aon mhorgáiste, ar aon loing Éireannach ná ar aon scair i loing Éireannach—

(a) mura gceadaí an tAire an t-idirbheart, nó

(b) muran idirbheart a mbeidh dearbhaithe le rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo gur idirbheart eiscithe é chun críocha an ailt seo an t-idirbheart.

(2) Má forghníomhaítear ionstraim a airbheartaíos gur aistriú, morgáistiú nó aistriú morgáiste ar loing Éireannach nó ar scair inti í agus más idirbheart nach mbeidh ceadaithe ag an Aire, ná idirbheart a mbeidh dearbhaithe le rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo gur idirbheart eiscithe é chun críocha an ailt seo, an t-idirbheart lena mbaineann an ionstraim, beidh an ionstraim ar neamhní.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin a dhearbhú gur idirbheart eiscithe chun críocha an ailt seo idirbheart arb é atá ann—

(a) aistriú, morgáistiú nó aistriú morgáiste inar ceann nó cinn acu seo a leanas an t-aistreoir agus an t-aistrí araon nó an morgáisteoir agus an morgáistí araon—

(i) duine ar a bhfuil gnáthchónaí sa Stát,

(ii) comhlucht corpraithe Éireannach, nó

(b) aistriú, morgáistiú nó aistriú morgáiste ar loing d'aicme shonraithe nó ar aon scair inti.

Rialacha maidir le deimhnithe morgáiste.

63. —Comhlíonfar na rialacha seo a leanas maidir le deimhnithe morgáiste:—

(1) Feidhmeofar an chumhacht do réir na dtreoracha a bheas sa deimhniú.

(2) Clárófar gach morgáiste faoin deimhniú trí chláraitheoir nó oifigeach taidhleoireachta nó consalachta d'fhormhuiniú taifid ina thaobh ar an deimhniú.

(3) Ní déanfar morgáiste faoi de mheon mhacánta a tháinseamh de dheasca an duine a thug an chumhacht d'fháil bháis sara ndearnadh an morgáiste.

(4) Aon uair a sonrófar sa deimhniú an áit, agus tréimhse aimsire nach sia ná dhá mhí dhéag, ina mbeidh an chumhacht le feidhmiú, ní déanfar morgáiste de mheon mhacánta chun morgáistí, gan fógra, a tháinseamh de dheasca féimheachta an duine a thug an chumhacht.

(5) Gach morgáiste a clárófar mar adúradh ar an deimhniú, beidh tosaíocht aige ar gach morgáiste ar an loing nó an scair chéanna a déanfar tar éis dáta taifeadta an deimhnithe sa chlárleabhar; agus, má cláraítear amhlaidh níos mó ná morgáiste amháin, ansin, d'ainneoin aon fhógra, sainráite, nó intuigthe nó inchiallaithe, is do réir dáta cláruithe gach morgáiste ar an deimhniú, agus ní do réir dáta an mhorgáiste féin, a bheas tosaíocht teidil ar a chéile ag na morgáistithe faoi seach a bheas ag éileamh faoi na morgáistí.

(6) Faoi réir na rialacha sin roimhe seo, beidh ag gach morgáistí a mbeidh a mhorgáiste cláraithe ar an deimhniú na cearta agus na cumhachta céanna a bheadh aige, agus beidh air na dliteanais chéanna a bheadh air, dá mba sa chlár-leabhar a clárófaí a mhorgáiste in ionad é a chlárú ar an deimhniú.

(7) Féadfaidh aon chláraitheoir, nó aon oifigeach taidhleoireachta nó consalachta, urscaoileadh aon mhorgáiste a bheas cláraithe amhlaidh ar an deimhniú d'fhormhuiniú ar an deimhniú, ar an bhfianaise a thabhairt ar aird a ceanglaítear leis an Acht seo a thabhairt ar aird don chláraitheoir nuair a taifeadtar urscaoileadh morgáiste sa chlár-leabhar; agus ar an bhformhuiniú sin a dhéanamh dílseoidh an leas, más ann, a ráinig chun an mhorgáistí sa duine nó sna daoine céanna ina ndílseodh sé (ag féachaint do ghníomhartha agus d'imthosca idirlinne, más ann) dá mba nach ndearnadh an morgáiste.

(8) Ar aon deimhniú morgáiste a sheachadadh don chláraitheoir a thug é, cealóidh an cláraitheoir sin an deimhniú, tar éis aon mhorgáiste gan sásamh a bheas cláraithe air a thaifeadadh sa chlár-leabhar, ionas go gcaomhnófar a thosaíocht, agus taifeadfaidh sé sa chlár-leabhar go ndearnadh an cealú sin; agus beidh gach deimhniú a cealófar amhlaidh ar neamhní chun gach intinne.

Rialacha maidir le deimhnithe díolacháin.

64. —Comhlíonfar na rialacha seo a leanas maidir le deimhnithe díolacháin:—

(1) Ní tabharfar deimhniú díolacháin ach amháin chun long iomlán a dhíol.

(2) Feidhmeofar an chumhacht do réir na dtreoracha a bheas sa deimhniú.

(3) Ní déanfar díolachán a rinneadh faoi de mheon mhacánta le ceannaitheoir ar chomaoin luachmhar a tháinseamh de dheasca an duine a thug an chumhacht d'fháil bháis sara ndearnadh an díolachán sin.

(4) Aon uair a sonrófar i ndeimhniú an áit, agus tréimhse aimsire nach sia ná dhá mhí dhéag, ina mbeidh an chumhacht le feidhmiú, ní déanfar díolachán a rinneadh de mheon mhacánta le ceannaitheoir ar chomaoin luachmhar, gan fógra, a tháinseamh de dheasca féimheachta an duine a thug an chumhacht.

(5) Is le bille díolacháin do réir an Achta seo a déanfar aistriú chun duine cháilithe.

(6) Más le duine cáilithe a díolfar an long clárófar an long as an nua, ach taifeadfar sa chlár-leabhar fógra i dtaobh gach morgáiste a bheas luaite ar an deimhniú díolacháin.

(7) Sara ndéanfar clárú as an nua, bhéarfar ar aird don chláraitheoir a n-iarrfar air an clarú a dhéanamh an bille díolacháin lena n-aistrítear an long, an deimhniú díolacháin, agus deimhniú cláraitheachta na loinge sin.

(8) Coinneoidh an cláraitheoir is déanaí a luaitear an deimhniú díolacháin agus an deimhniú cláraitheachta agus, tar éis dó taifead d'fhormhuiniú ar an dá ionstraim sin go ndearnadh díolachán, cuirfidh sé ar aghaidh iad go dtí cláraitheoir an phoirt a ndealróidh sé uathu gurb é port cláraitheachta na loinge é roimhe sin, agus air sin cuirfidh an cláraitheoir is déanaí a luaitear meabhrán i dtaobh an díolacháin ina chlár-leabhar, agus measfar críoch a bheith curtha le clárú na loinge sa leabhar sin ach amháin a mhéid a bhaineas le haon mhorgáistí gan sásamh nó le haon deimhnithe morgáiste ar taifeadadh ann atá ar marthain.

(9) Ar an long a chlárú amhlaidh as an nua, féadfar an tuairisc uirthi sa deimhniú bunaidh cláraitheachta d'aistriú chun an chlár-leabhair nua, gan athshuirbhéireacht a dhéanamh uirthi, agus is ionann an dearbhú a bheas le déanamh ag an gceannaitheoir agus an dearbhú a bheadh le déanamh ag gnáth-aistrí.

(10) Más le duine nach duine cáilithe a díolfar an long, déanfar an bille díolacháin, más ann, lena n-aistreofar an long, an deimhniú díolacháin, agus an deimhniú cláraitheachta a thabhairt ar aird do chláraitheoir nó d'oifigeach taidhleoireachta nó consalachta, agus coinneoidh an cláraitheoir nó an t-oifigeach sin na deimhnithe díolacháin agus cláraitheachta agus, tar éis dó a fhormhuiniú orthu gur díoladh an long le duine nach duine cáilithe, cuirfidh na deimhnithe ar aghaidh go dtí cláraitheoir an phoirt a ndealróidh sé ón deimhniú cláraitheachta gurb é port cláraitheachta na loinge sin é; agus air sin cuirfidh an cláraitheoir sin meabhrán i dtaobh an díolacháin ina chlár-leabhar agus, más rud é gur thug an tAire a cheadú, i gcás inar gá an ceadú sin faoi rialacháin faoi alt 76 den Acht seo, measfar críoch a bheith curtha le clárú na loinge sa leabhar sin, ach amháin a mhéid a bhaineas le haon mhorgástí gan sásamh nó le haon deimhnithe morgáiste ar taifeadadh ann atá ar marthain.

(11) Más rud é, ar long a dhíol le duine nach duine cáilithe. nach dtabharfar ar aird na deimhnithe sin a luaitear sa riail deiridh, measfar, do réir dlí an Stáit, nach bhfuil aon teideal chun na loinge ná aon leas inti faighte ag an duine sin; agus, ina theannta sin, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur ar an duine ar de thoradh iarratais uaidh a tugadh an deimhniú díolacháin agus, freisin, ar an duine d'fheidhmigh an chumhacht.

(12) Mura ndéantar aon díolachán do réir an deimhnithe dhíolacháin, seachadfar an deimhniú sin don chláraitheoir a thug é; agus air sin cealóidh seisean é agus taifeadfaidh a chealú sa chlár-leabhar, agus beidh gach deimhniú a cealófar amhlaidh ar neamhní chun gach intinne agus críche.

(13) Dearbhaítear leis seo, nuair a measfar críoch a bheith curtha le clárú loinge, faoi fho-alt (10) den alt seo nó faoi fho-alt (1) d'alt 40 den Acht seo, mar gheall ar aistriú chun daoine nach daoine cáilithe, go bhféadfaidh aon chúirt sa Stát, má thagann an long laistigh dá dlínse agus go bhfuil dlínse aici an morgáiste sin a chur i bhfeidhm, nó a mbeadh an dlínse sin aici dá mba nach ndearnadh an t-aistriú, aon mhorgáiste cláraithe atá gan sásamh (lena n-áirítear morgáistí a rinneadh faoi dheimhniú morgáiste) a chur i bhfeidhm d'ainneoin an aistrithe, gan dochar i gcásanna inar díoladh an long faoi bhreithiúnas cúirte, d'éifeacht an bhreithiúnais sin.

Cumhacht na gCoimisinéirí Ioncaim i gcás deimhniú morgáiste nó díolacháin a chailliúint.

65. —Aon uair a cruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur cailleadh nó gur díthíodh deimhniú morgáiste nó díolacháin, nó go bhfuil sé chomh loitithe sin go bhfuil sé ó rath, agus nár feidhmíodh riamh na cumhachta a bheirtear leis, nó má feidhmíodh iad, ansin, ar chruthú d'fháil ar na nithe agus na rudaí éagsúla a rinneadh faoi, féadfaidh an cláraitheoir, le ceadú na gCoimisinéirí, do réir mar is gá sna himthosca, deimhniú nua d'eisiúint nó a ordú pé taifid a chur sna clár-leabhair d'fhéadfaí a chur iontu, nó pé nithe eile a dhéanamh d'fhéadfaí a dhéanamh dá mba nár tharla an chailliúint, an díthiú nó an lot sin.

Deimhnithe morgáiste agus díolacháin a chúlghairm.

66. —(1) Féadfaidh únaer cláraithe aon loinge nó aon scaire inti ar tugadh deimhniú morgáiste nó díolacháin ina leith, ag sonrú na n-áiteanna ina bhfuil an chumhacht a bheirtear leis le feidhmiú, a údarú, le hionstraim faoina láimh, don chláraitheoir a thug an deimhniú fógra a thabhairt don oifigeach taidhleoireachta nó consalachta i ngach áit acu sin gur cúlghairmeadh an deimhniú.

(2) Air sin bhéarfar fógra dá réir sin agus déanfaidh an t-oifigeach taidhleoireachta nó consalachta a gheobhas an fógra é a thaifeadadh, agus ar bheith taifeadta dhó measfar an deimhniú a bheith cúlghairmthe agus gan éifeacht ar bith chomh fada agus bhaineas le haon mhorgáiste nó díolachán a déanfar dá éis sin san áit sin.

(3) Taispeánfar an fógra, tar éis a thaifeadta, do gach duine a dhéanfas iarratas d'fhonn morgáiste nó aistriú a chur in éifeacht nó d'fháil faoin deimhniú.

(4) Nuair a chlárós oifigeach taidhleoireachta nó consalachta aon fhógra don tsórt sin, cuirfidh sé in iúl don chláraitheoir a thug an deimhniú cé acu feidhmíodh nó nár feidhmíodh roimhe sin an chumhacht lena mbaineann an deimhniú sin.

Ainm Loinge.

Rialacha maidir le hainm loinge.

67. —(1) Ní tuairisceofar long faoi aon ainm seachas an ainm faoina bhfuil sí cláraithe de thuras na huaire.

(2) Ní hathrófar ainm loinge gan cead i scríbhinn roimh ré ón Aire.

(3) Is i scríbhinn a hiarrfar an cead sin, agus más dóigh leis an Aire gur iarratas réasúnach é féadfaidh sé géilleadh dhó agus air sin a cheangal go bhfoilseofar fógra ina thaobh i pé foirm agus i pé slí is oiriúnach leis.

(4) Ar chead a bheith tugtha an ainm d'athrú, athrófar láithreach ainm na loinge sa chlár-leabhar, i ndeimhniú cláraitheachta na loinge, agus ar a leicne agus ar a deireadh.

(5) Má cruthaítear chun sástachta an Aire gur hathraíodh ainm aon loinge gan a chead, ordóidh sé an ainm a bhí uirthi roimh an athrú sin a chur ar ais uirthi agus cuirfear an ainm sin ar ais dá réir sin sa chlár-leabhar, i ndeimhniú cláraitheachta na loinge agus ar a leicne agus ar a deireadh.

(6) I gcás long a cláraíodh tráth ar bith a scor de bheith cláraithe amhlaidh, ní dhéanfaidh duine ar bith, mura bhfuil sé aineolach ar an gclárú roimhe sin (agus is air féin a bheas a chruthú sin) iarratas an long sin a chlárú, ná ní chláróidh aon chláraitheoir go feasach í, ach amháin faoin ainm faoinar cláraíodh cheana í, mura bhfaighidh sé cead roimhe ré i scríbhinn ón Aire.

(7) I gcás loinge coigríche nár cláraíodh riamh cheana faoin Acht seo, ní dhéanfaidh duine ar bith iarratas an long sin a chlárú faoin Acht seo, ná ní chláróidh aon chláraitheoir go feasach amhlaidh í, ach amháin faoin ainm atá uirthi mar long choigríche, mura bhfaighidh sé cead roimh ré i scríbhinn ón Aire.

(8) Má ghníomhaíonn duine ar bith, nó má ligeann sé d'aon duine faoina urláimh gníomhú, contrártha don alt seo, nó má fhágann sé gan déanamh aon ní is gá do réir an ailt seo, nó má ligeann d'aon duine faoina urláimh é d'fhágaint gan déanamh, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus (ach amháin i gcás loinge a luaitear i bhfo-alt (7) den alt seo) féadfar an long a choinneáil go dtí go gcomhlíonfar an t-alt seo.

Cumhacht chun diúltú do chlárú a dhéanamh faoi ainm áirithe.

68. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncaim, rialacháin a dhéanamh á chumasú don Aire diúltú d'aon loing áirithe a chlárú faoin ainm a mbeartaítear an long sin a chlárú fúithi más ainm í atá cheana féin ar loing chláraithe nó ar loing atá cláraithe i Stát comharaíochta nó más ainm í atá chomh cosúil leis sin go gcuirfeadh sí daoine amú, agus féadfaidh a cheangal go dtabharfar fógra, i pé slí a hordófar leis na rialacháin, sara marcálfar ainm na loinge ar an loing, nó sara dtaifeadfar ainm na loinge sa chlár.

(2) Má dhiúltaíonn an tAire long a chlárú faoin ainm a mbeartaítear an long sin a chlárú fúithi nó má fágtar aon cheann de cheanglais na rialachán gan comhlíonadh i gcás aon loinge áirithe a beartaítear a chlárú, ní clárófar an long sin faoin ainm a beartaítear di, nó go dtí go gcomhlíonfar na rialacháin, do réir mar bheas.

Athruithe a Chlárú as an nua agus Clárú d'Aistriú.

Athruithe a chlárú.

69. —(1) Nuair a hathrófar long chláraithe ar chuma nach mbeidh sí ag freagairt do na sonraí maidir lena tonnáiste nó maidir lena tuairisc mar atá sa chlár-leabhar ansin, a luaithe is féidir tar éis an athruithe sin, déanfaidh únaer cláraithe na loinge iarratas chun an chláraitheora ag port cláraitheachta na loinge agus, ar dheimhniú ina luafar, sonraí an athruithe d'fháil dó ó shuirbhéir, cuirfidh an cláraitheoir faoi deara go gclárófar an t-athrú nó ordóidh go gclárófar an long as an nua.

(2) Má déantar mainneachtain maidir le loing a chlárú as an nua nó maidir le hathrú ar loing a hathraíodh mar adúradh a chlárú, beidh únaer na loinge ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, ina theannta sin, fíneáil nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion tar éis a chiontuithe.

Rialacháin chun athrú a chlárú.

70. —(1) Chun athrú ar loing a chlárú, bhéarfar deimhniú cláraitheachta na loinge ar aird don chláraitheoir, agus déanfaidh an cláraitheoir, dá rogha féin, an deimhniú cláraitheachta a choinneáil agus deimhniú cláraitheachta nua a thabhairt ina mbeidh tuairisc ar an loing arna hathrú nó meabhrán i dtaobh an athruithe d'fhormhuiniú agus a shíniú ar an deimhniú a bhain léi.

(2) Cuirfidh an cláraitheoir isteach ina chlár-leabhar sonraí an athruithe a rinneadh amhlaidh, agus taifeadfaidh sé ann gur tugadh an deimhniú nua nó go ndearnadh an formhuiniú.

Cumhacht chun fiosrú a dhéanamh i dtaobh teideal loinge cláraithe chun a cláraithe.

71. —(1) Má chítear do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil aon amhras ann maidir le teideal aon loinge cláraithe chun a cláruithe faoin Acht seo, féadfaid a ordú don chláraitheoir ag port chláraitheachta na loinge a cheangal go dtabharfar fianaise chun a shástachta go bhfuil teideal ag an loing chun a cláruithe faoin Acht seo.

(2) Mura ndéantar, laistigh de pé tréimhse, nach giorra ná tríocha lá, a shocrós na Coimisinéirí Ioncaim, fianaise shásúil a thabhairt amhlaidh ar theideal na loinge chun a cláruithe, beidh an long faoi réir a forghéillte faoin Acht seo.

Clárú as an nua nuair a athrós únaeracht.

72. —I gcás ina n-athrófar únaeracht aon loinge áirithe, féadfaidh an cláraitheoir ag an bport ag a bhfuil an long cláraithe má iarrann únaerí na loinge é, an long a chlárú as an nua cé nach gá faoin Acht seo í a chlárú as an nua.

An nós imeachta chun long a chlárú as an nua.

73. —(1) I gcás long a bheith le clárú as an nua, déanfaidh an cláraitheoir mar dhéanfadh sé i gcás a céad-chláruithe, agus ar an deimhniú cláraitheachta a bhain léi a bheith tugtha suas dó, agus ar na ceanglais eile maidir le clárú, nó i gcás a húnaeracht d'athrú pé méid díobh is dóigh leis atá ábhartha, a bheith comhlíonta go cuí, déanfaidh sé an clárú as an nua sin, agus bhéarfaidh deimhniú ina leith.

(2) Nuair a clárófar long as an nua, measfar críoch a bheith lena sean-chlárú ach amháin a mhéid a bhaineas le haon mhorgáiste gan sásamh nó le haon deimhnithe díolacháin nó morgáiste ar taifeadadh ann atá ar marthain, ach taifeadfar sa chlár nua ainmneacha na ndaoine go léir a hainmnítear ar an sean-chlár mar dhaoine a bhfuil leas acu sa loing mar únaerí nó morgástithe, agus ní dhéanfaidh an clárú as an nua difir ar bith do chearta aon duine acu sin.

Clárú d'aistriú.

74. —(1) Féadfar clárú aon loinge d'aistriú ó phort cláraitheachta amháin go port cláraitheachta eile sa Stát ar iarratas chun an chláraitheora ag port cláraitheachta na loinge i láthair na huaire dá dhéanamh trí dhearbhú i scríbhinn ó na daoine go léir a hainmnítear sa chlár mar dhaoine a bhfuil leas acu inti mar únaerí nó morgáistithe, ach ní dhéanfaidh an t-aistriú sin difir ar bith do chearta na ndaoine sin ná aon duine acu, agus mairfidh na cearta sin ar gach slí amhail is nach ndearnadh aon aistriú den tsórt sin.

(2) Ar aon iarratas den tsórt sin d'fháil dó, cuirfidh an cláraitheoir fógra ina thaobh go dtí cláraitheoir an phoirt chláraitheachta atá beartaithe don loing, maraon le cóip de na sonraí uile a bhaineas leis an loing, agus ainmneacha na ndaoine go léir a hainmnítear sa chlár mar dhaoine a bhfuil leas acu inti mar únaerí nó morgáistithe.

(3) Bhéarfar deimhniú cláraitheachta na loinge suas do chláraitheoir an phoirt chláraitheachta atá aici nó atá beartaithe dhi agus, más do chláraitheoir an phoirt chéadluaite a bhéarfar suas é, cuirfear é go dtí cláraitheoir an phoirt chláraitheachta atá bearthaithe don loing.

(4) Ar na doiciméid sin thuas d'fháil dó, cuirfidh cláraitheoir an phoirt chláraitheachta atá beartaithe don loing ar taifead ina chlár-leabhar na sonraí agus na hainmneacha uile a cuireadh chuige mar adúradh, agus bhéarfaidh deimhniú cláraitheachta úr, agus uaidh sin amach measfar an long sin a bheith cláraithe sa phort cláraitheachta nua, agus déanfar ainm phoirt chláraitheachta nua na loinge a chur in ionad ainme a sean-phoirt chláraitheachta ar dheireadh na loinge.

Srianta le longa tréigthe d'athchlárú.

75. —I gcás long a scor de bheith cláraithe faoin Acht seo toisc í a raiceáil nó a thréigean nó ar aon chúis seachas a gabháil ag an namhaid nó a haistriú chun duine nach duine cáilithe, ni hathchlárófar an long go dtí go mbeidh, ar chostas an iarratasóra ar chlárú, suirbhéireacht déanta uirthi ag suirbhéir long agus deimhniú go bhfuil sí muirfhulaingeach tugtha aige sin nó ag údarás nó thar ceann údaráis a bheas aitheanta ag an Aire nó ag comhlucht a bheas aitheanta ag údarás den tsórt sin.

Rialacháin á shrianadh críoch a chur le clárú nó clárú d'aistriú.

76. —(1) Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin nach gcuirfear críoch le clárú sa Stát ar loing shonraithe nó ar aon loing d'aicme shonraithe ná nach n-aistreofar an clárú go dtí port lasmuigh den Stát ach amháin le ceadú an Aire.

(2) Ní cuirfear críoch leis an gclárú sa Stát ar loing lena mbaineann rialacháin faoin alt seo ná ní haistreofar an clárú sin go dtí port lasmuigh den Stát ach amháin le ceadú an Aire.

Daoine faoi Eagumas.

Socrú le haghaidh cásanna naíonachta nó éagumais eile.

77. —(1) Más rud é de dheasca naíonachta, gealtachta nó aon chúise eile, go bhfuil duine ar bith ag a bhfuil leas in aon loing, nó in aon scair inti, éagumasach ar aon dearbhú nó ní a dhéanamh a gceanglaíonn nó a gceadaíonn an tAcht seo é a dhéanamh maidir le clárú na loinge nó na scaire, féadfaidh caomhnóir nó cúramaí, más ann, an duine sin, nó mura bhfuil caomhnóir ná cúramaí ann, aon duine a bheas ceaptha de thoradh iarratais thar ceann an duine éagumasta, nó thar ceann aon duine leasmhair eile, ag aon chúirt nó breitheamh ag a bhfuil dlínse i leith maoin daoine éagumasta, an dearbhú sin a dhéanamh, nó dearbhú chomh cosúil leis agus is féidir sna himthosca, agus an gníomh nó an ní sin a dhéanamh in ainm agus thar ceann an duine éagumasta; agus beidh gach gníomh a dhéanfas an t-ionadaí chomh héifeachtúil agus dá mb'é an duine darb ionadaí é a rinne é.

(2) Beidh feidhm ag an Trustee Act, 1850, agus ag na hAchta á leasú sin, a mhéid a bhaineas leis an gcúirt a fheidhmíos dlínse i ngealtacht, maidir le scaireanna i longa a bheas cláraithe faoin Acht seo amhail is dá mba stoc iad mar mínítear leis an Acht sin.

Iontaobhais agus Cearta Cothromais.

Fógra i dtaobh iontaobhas nach bhfuarthas.

78. —Ní déanfar aon fhógra i dtaobh aon iontaobhais, sainráite, intuigthe ná inchiallaithe, a thaifeadadh sa chlár-leabhar ná ní bheidh sé inghlactha ag an gcláraitheoir agus, faoi réir aon cheart agus cumhacht a dhealraíos ón gclár-leabhar a bheith dílsithe in aon duine eile, beidh cumhacht iomlán ag únaer cláraithe aon loinge nó aon scaire inti an long nó an scair a dhiúscairt mar foráltar leis an Acht seo, agus admhála éifeachtúla a thabhairt i leith aon airgid a híocadh nó a hairleacadh a bhfoirm chomaoine.

Cothromais nach bhfuil eisiata ag an Acht.

79. —Folaíonn an abairt “leas tairbhiúil”, mar a n-úsáidtear í san Acht seo, leasa faoi chonradh agus leasa cothromais eile; agus is é intinn an Achta seo, an dochar do na forála den Acht seo a choisceas fógra i dtaobh iontaobhas a thaifeadadh sa chlár-leabhar nó a bheith inghlactha ag an gcláraitheoir, agus gan dochar do na cumhachta chun diúscairt a dhéanamh agus admhála a thabhairt a bheirtear leis an Acht seo d'únaerí agus morgáistithe cláraithe, agus gan dochar do na forála den Acht seo a bhaineas le daoine nach daoine cáilithe d'eisiamh ó longa a a chlárú faoin Acht seo, go mbeidh leasa faoi chonradh nó leasa cothromais eile inchurtha i bhfeidhm ag únaerí agus morgáistithe long, nó ina gcoinne, maidir lena leas iontu amhail mar is féidir sin a dhéanamh maidir le haon mhaoin phearsanta eile.

Dliteanas Unaera Thairbhiúil.

Dliteanas únaerí.

80. —I gcás leas tairbhiúil a bheith, ar shlí seachas i bhfoirm morgáiste, ag aon duine in aon loing nó in aon scair i loing atá cláraithe in ainm duine éigin eile mar únaer, beidh an duine ag a bhfuil an leas sin, agus fós an t-únaer cláraithe, faoi réir na bpionós airgid uile a cuirtear leis an Acht seo nó le haon Acht eile ar únaerí long nó scaireanna i longa, ar shlí, ámh, go bhféadfar imeachta a thionscnamh chun aon phionóis den tsórt sin a chur i bhfeidhm i gcoinne an dá pháirtí réamhráite sin nó i gcoinne ceachtar páirtí díobh, agus an páirtí eile a chur, nó gan é a chur, i gcomhpháirt leis.

Unaer Bainistí.

Unaer bainistí, nó bainisteoir, loinge a chlárú.

81. —(1) Déanfar ainm agus seoladh gach duine is únaer bainistí de thuras na huaire ar loing chláraithe a chlárú i dtigh custam a poirt chláraitheachta.

(2) Mura bhfuil únaer bainistí ann clárófar amhlaidh ainm an duine a bhfuil bainistí na loinge curtha de chúram air ag an únaer nó thar a cheann agus aon duine a gclárófar a ainm amhlaidh beidh sé, chun críocha an Achta seo, faoi na hoblagáidí céanna agus faoi réir na ndliteanas céanna a bheadh air dá mba é an t-únaer bainistí é.

(3) Mura gcomhlíontar an t-alt seo, beidh an t-únaer ciontach i gcion nó, má bhionn níos mó ná únaer amháin ann, beidh gach únaer acu ciontach i gcion, agus ar a chiontú go hachomair dlífear, i gcoibhneas lena leas sa loing, fíneáil nach mó san iomlán ná céad púnt a chur air gach uair a fhágfas an long aon phort sa Stát.

Dearbhuithe agus Iniúchadh an Chlár-Leabhair.

Cumhacht an chláraitheora chun dearbhuithe agus fianaise eile a ligean thar ceal.

82. —Aon uair, faoin Acht seo, a ceanglófar ar dhuine ar bith dearbhú a dhéanamh thar a cheann féin nó thar ceann aon chomhluchta chorpraithe, nó a ceanglófar aon fhianaise a thabhairt ar aird don chláraitheoir, agus go gcruthófar chun sástachta an chláraitheora nach féidir leis an duine sin, ar aon chúis réasúnach, an dearbhú a dhéanamh, nó nach féidir an fhianaise a thabhairt ar aird, féadfaidh an cláraitheoir, le ceadú na gCoimisinéirí Ioncaim agus ar an bhfianaise eile sin a thabhairt ar aird, agus faoi réir pé téarmaí is oiriúnach leo, an dearbhú nó an fhianaise a ligean thar ceal.

Modh déanta dearbhuithe.

83. —(1) Is os comhair cláraitheora nó feadhmannaigh shíochána nó coimisinéara mhionn, nó oifigigh thaidhleoireachta nó chonsalachta, a déanfar dearbhuithe is gá do réir an Achta seo.

(2) I gcás comhluchta chorpraithe féadfaidh an rúnaí nó aon oifigeach eile a bheas údaraithe acu chuige sin na dearbhuithe is gá do réir an Achta seo a dhéanamh thar ceann an chomhluchta chorpraithe.

Iniúchadh an chlár-leabhair.

84. —Féadfaidh duine ar bith a íocfas an táille fhorordaithe (más ann) aon chlár-leabhar d'iniúchadh má iarrann sé cead chuige sin ar an gcláraitheoir tráth réasúnach le linn na n-uaireanta a bheas an cláraitheoir ag freastal go hoifigiúil.

Doiciméid is inghlactha i bhfianaise.

85. —(1) Beidh na doiciméid seo a leanas inghlactha i bhfianaise sa tslí a foráltar le hAcht 1894, eadhon:—

(a) aon chlár-leabhar faoin Acht seo, ar é a thabhairt ar aird ó choimeád an chláraitheora nó an duine eile a bhfuil sé ina choimeád go dleathach,

(b) deimhniú cláraitheachta faoin Acht seo a airbheartós a bheith sínithe ag an gcláraitheoir nó ag oifigeach cuí eile,

(c) formhuiniú ar dheimhniú cláraitheachta a airbheartós a bheith sínithe ag an gcláraitheoir nó ag oifigeach cuí eile,

(d) gach dearbhú de bhun an Achta seo i leith loinge cláraithe, agus

(e) pé doiciméid eile de bhun an Achta seo a ordós an tAire.

(2) Beidh cóip nó leagan athscríofa de chlár na long Éireannach a bheas á choimeád sa Phríomh-Oifig Chláraithe agus Taifeadta faoi ordú an Aire inghlactha i bhfianaise sa tslí a foráltar le hAcht 1894, agus beidh aige sin chun gach intinne an éifeacht chéanna a bheas ag an gclár bunaidh dár cóip nó leagan athscríofa é.

(3) San alt seo ciallaíonn “oifigeach cuí” oifigeach taidleoireachta nó consalachta don Stát nó do Stát comharaíochta.

Foirmeacha doiciméad agus treoracha maidir le clárú.

86. —(1) Beidh na hionstraimí agus na doiciméid uile agus faoi seach a sonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo i pé foirm a ordós na Coimisinéirí Ioncaim, le toiliú an Aire, nó i bhfoirm chomh cosúil léi agus is féidir sna himthosca, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le toiliú an Aire, pé athruithe is gá leo a dhéanamh ar na foirmeacha a hordófar amhlaidh.

(2) Ní ceanglófar ar chláraitheoir, gan ordú speisialta ó na Coimisinéirí Ioncaim, aon bhille díolacháin, morgáiste, ná ionstraim eile diúscartha nó aistrithe loinge nó scaire ar bith, nó leasa ar bith inti, a ghlacadh agus a thaifeadadh sa chlár-leabhar más in aon fhoirm dó seachas an fhoirm is gá de thuras na huaire faoin Acht seo, nó má bhíonn aon tsonraí ann seachas na sonraí sa bhfoirm sin.

(3) Bhéarfaidh na Coimisinéirí Ioncaim go soláthrófar na foirmeacha sin do gach cláraitheoir faoin Acht seo lena roinnt ar dhaoine a dteastóid uathu le húsáid, in aisce nó ar pé praghsanna measartha a ordós na Coimisinéirí Ioncaim.

Treoracha ó na Coimisinéirí Ioncaim maidir le dualgais a n-oifigeach faoin Acht seo.

87. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le toiliú an Aire chun an tAcht seo a chur in éifeacht, pé treoracha is oiriúnach leo a thabhairt dá n-oifigigh maidir leis an modh a gcuirfear taifid sa chlár-leabhar, maidir le cumhachta aturnae d'fhorghníomhú agus d'fhianú, maidir le haon fhianaise is gá chun aon duine d'aithint, maidir le haon cheist lena mbaineann amhras nó deacracht a chur faoina mbráid féin, agus go ginearálta maidir le haon ghníomh nó ní a bheas le déanamh de bhun an Achta seo.

Brionnú agus Dearbhuithe Bréagacha.

Doiciméid a bhrionnú.

88. —Má dhéanann duine ar bith brionnú, nó athrú calaoiseach, nó má chabhraíonn sé le brionnú nó athrú calaoiseach a dhéanamh, nó má thugann sé go ndéanfar brionnú nó athrú calaoiseach, ar aon doiciméad acu seo a leanas, eadhon, aon chlár-leabhar, deimhniú déantóra, deimhniú suirbhéara, deimhniú cláraithachta, dearbhú, bille díolacháin, ionstraim mhorgáiste, nó deimhniú morgáiste nó díolacháin faoin Acht seo, nó aon taifead nó formhuiniú a ceanglaítear leis an Acht seo a dhéanamh in aon doiciméad acu sin nó air, beidh an duine sin ciontach in oilghníomh.

Dearbhuithe bréagacha i dtaobh únaerachta, etc., long.

89. —(1) Gach duine—

(a) a dhéanfas aon ráiteas bréagach nó a chabhrós chun go ndéanfar é, nó a bhéarfas go ndéanfar é, go toiliúil, maidir leis an teideal chun aon loinge nó chun aon scaire inti nó maidir lena húnaeracht nó maidir leis an leas inti, nó

(b) a rithfeas, a bhéarfas ar aird, nó a úsáidfeas aon dearbhú nó doiciméad ina bhfuil aon ráiteas bréagach den tsórt sin agus a fhios aige é a bheith bréagach, maidir le haon dearbhú a déanfar nó aon doiciméad nó fianaise eile a bhéarfar ar aird faoin Acht seo,

beidh sé ciontach in oilghníomh.

(2) Gach duine a dhéanfas, go toiliúil, dearbhú bréagach maidir lena cháilíocht féin nó cáilíocht aon duine eile nó aon chomhluchta chorpraithe chun long chláraithe nó aon scair inti a bheith ar únaeracht aige, beidh sé ciontach in oilghníomh.

(3) Gach long nó scair i loing a ndéanfar aon dearbhú bréagach ina leith faoin bhfo-alt roimhe seo den alt seo, beidh sí faoi réir a forghéillte chomh fada is théas leas an dearbhóra inti, agus, freisin, leas aon duine nó cumhluchta chorpraithe a ndearnadh an dearbhú sin thar a cheann, mura gcruthaí an duine nó an comhlucht sin go ndearnadh an dearbhú sin gan údarás uaidh.

Fhorghéilleadh Loinge.

Imeachta ar loing d'fhorghéilleadh.

90. —(1) I gcás long ar bith a theacht, go hiomlán nó maidir le haon scair inti, faoi réir a forghéillte faoin Acht seo, féadfaidh—

(a) comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Cigire, nó

(b) oifigeach custam agus máil, nó

(c) pé duine eile a bheas údaraithe ag an Aire chuige sin,

an long a ghabháil agus a choinneáil agus í a thabhairt le breithniu a dhéanamh ina leith os comhair na hArd-Chúirte, agus air sin féadfaidh an Chúirt a bhreithniú go bhfuil an long, maraon lena tácla, a fearais agus a troscán arna forghéilleadh don Stát agus pé ordú a dhéanamh sa chás is dóigh leis an gCúirt a bheith cóir.

(2) Ní bheidh aon oifigeach ná duine dá luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo faoi fhreagracht, sibhialta ná coiriúil, do dhuine ar bith i leith aon ghabhála ná coinneála mar adúradh, d'ainneoin nár tugadh an long isteach le breithniú a dhéanamh ina leith, nó má tugadh isteach amhlaidh í gur dearbhaíodh nach ndlitear í d'fhorghéilleadh, má cruthaítear chun sástachta na Cúirte ar os a comhair a bheas aon triail maidir leis an loing sin nó leis an ngabháil nó leis an gcoinneáil sin go raibh forais réasúnacha leis an ngabháil nó leis an gcoinneáil sin; ach mura gcruthaítear aon fhorais den tsórt sin féadfaidh an Chúirt costais agus damáistí a dhámhadh d'aon pháirtí éagóraithe, agus pé ordú eile a dhéanamh sa chás is dóigh leis an gCúirt a bheith cóir.

Tomhas Loinge agus Tonnáiste.

Tonnáiste long a bheas le clárú d'fhionnadh.

91. —(1) Déanfar, faoi réir na heisceachta a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 25 den Acht seo, tonnáiste gach loinge a bheas le clárú faoin Acht seo d'fhionnadh, sara gclárófar í, do réir rialachán a dhéanfas an tAire (dá ngairmtear san Acht seo rialacháin tonnáiste an Achta seo) agus féadfar forála éagsúla a dhéanamh leis na rialacháin sin d'aicmí éagsúla de na longa sin.

(2) Féadfaidh rialacháin tonnáiste an Achta seo foráil a dhéanamh le haghaidh pé liúntas agus asbhaintí is oiriúnach leis an Aire.

An tonnáiste a fionnfar do loing a bheith mar thonnáiste dhi feasta.

92. —Aon uair a fionnfar agus a clárófar tonnáiste aon loinge do réir rialachán tonnáiste an Achta seo, measfar feasta gurb é an tonnáiste sin tonnáiste na loinge, agus is é a cuirfear síos don loing gach uair a clárófar ina dhiaidh sin í, mura ndéantar athrú ar chrot nó ar luchtmhaireacht na loinge, nó mura bhfaightear amach nár ríomhadh tonnáiste na loinge i gceart; agus i gceachtar cás acu sin tomhaisfear an long athuair, agus fionnfar agus clárófar a tonnáiste do réir rialachán tonnáiste an Achta seo.

Dleachta a bheith le n-íoc as spás faoi last leibhinne.

93. —(1) Má hiompraítear adhmad, stórtha nó earraí eile ar aon loing mar last leibhinne, is é sin le rá, in aon spás neamhchlúdaithe ar a leibheann, nó in aon spás clúdaithe nach n-áirítear sa luchtmhaireacht chiúbach arb í tonnáiste cláraithe na loinge í, beidh gach dleacht is iníoctha ar thonnáiste na loinge le n-íoc amhail is dá gcuirtí le tonnáiste cláraithe na loinge tonnáiste an spáis a bheas gafa ag na hearraí sin an tráth a bheas na dleachta iníoctha.

(2) Is é spás a measfar a bheith gafa amhlaidh an spás laistigh de thórainn an achair a bheas gafa ag na hearraí agus de línte díreacha ag iamh dronuilleoige ina mbeadh leor-spás le haghaidh na n-earraí

(3) Fionnfaidh suirbhéir long nó oifigeach custam agus máil tonnáiste an spáis do réir rialachán tonnáiste an Achta seo, agus ar é a bheith fionnta amhlaidh taifeadfaidh an suirbhéir nó an t-oifigeach sin é i dturas-leabhar oifigiúil na loinge, agus fós i meabhrán a sheachadfas an suirbhéir nó an t-oifigeach sin don mháistir, agus, nuair a héileofar na dleachta sin, bhéarfaidh an máistir an meabhrán sin ar aird amhail is dá mba é an deimhniú cláraitheachta é nó, i gcás loinge nach long chláraithe ná long atá cláraithe i stát comharaíochta, bhéarfaidh ar aird an doiciméad is ionann agus deimhniú cláraitheachta, agus mura ndéanfaidh dlífear an pionós céanna a chur air a cuirfí dá mba nár thug sé an deimhniú nó an doiciméad sin ar aird.

(4)  (a)  Ní bhainfidh an t-alt seo le loing a bhíos ag trádáil nó ag triall laistigh de na tóranta geograife seo a leanas, eadhon, Éire, an Bhreatain Mhór, Inse Mara nIocht, Oileán Mhanainn agus mór-roinn na hEorpa idir abhainn Elbe agus Brest nó laistigh de na tóranta sin arna n-athrú le hordú faoi mhír (b) den fho-alt seo a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire.

(b) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, athrú a dhéanamh le hordú ar na tóranta atá leagtha amach i mír (a) den fho-alt seo agus féadfaidh aon ordú faoin mír seo a leasú nó a chúlghairm.

Suirbhéirí agus orduithe i dtaobh longa a thomhas.

94. —Is suirbhéirí long nó aon duine a údarós an tAire chuige sin a chomhlíonfas, do réir orduithe an Aire, na dualgais uile maidir le suirbhéireacht agus tomhas long.

Tonnáiste long tíortha eile.

95. —(1) I gcás inar deimhin leis an Aire gurb ionann na rialacha a chuireas tír eile i bhfeidhm chun tonnáiste long a thomhas agus rialacháin tonnáiste an Achta seo, féadfaidh an tAire a ordú go measfar, gan a dtomhas athuair sa Stát, tonnáiste long na tíre sin a bheith mar luaitear ina ndeimhnithe cláraitheachta nó ina bpáipéir náisiúnta eile, sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna a meastar tonnáiste loinge cláraithe a bheith mar luaitear i ndeimhniú cláraitheachta na loinge sin agus chun na gcríocha céanna chun a meastar sin, agus i gcás aon spáis a dtaispeánfaidh deimhniú cláraitheachta nó páipéir náisiúnta eile aon loinge den tsórt sin é a bheith bainte de thonnáiste toisc é a bheith gafa ag mairnéalaigh nó príntísigh, agus curtha in áirithe le haghaidh a n-úsáide, measfar an spás sin a bheith deimhnithe faoin Acht seo agus a bheith do réir na bhforál den Acht seo a bhaineas le spás den tsórt sin i gcás long cláraithe, mura ndeimhneoidh suirbhéir long don Aire nach sroicheann déanamh agus trealamh na loinge maidir leis an spás sin an caighdeán is gá faoin Acht seo i gcás loinge cláraithe, agus má tharlaíonn aon cheist i dtaobh déanamh agus trealamh na loinge do shroichint amhlaidh an chaighdeáin is gá féadfaidh suirbhéir long an long d'iniúchadh chun a chinneadh cé acu is ceart dó deimhniú den tsórt sin a thabhairt nó gan é a thabhairt.

(2) Féadfaidh an tAire tórainn a chur leis an tréimhse a bheas an t-ordú i ngníomh, agus an t-ordú a dhéanamh faoi réir pé comha agus coinníollacha (más ann) is oiriúnach leis an Aire, agus beidh feidhm an orduithe faoi réim tórann agus modhnuithe dá réir sin.

(3) Má cuirtear ina luí ar an Aire go bhfuil difríocht ábhartha idir tonnáiste loinge, arna thomhas faoi rialacha na tíre lena mbaineann sí, agus a tonnáiste dá mba faoin Acht seo a tomhaisfí é, féadfaidh an tAire a ordú go bhféadfar, d'ainneoin aon ordú a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo, aon long de chuid na tíre sin a thomhas athuair do réir an Achta seo chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta seo.

Oifig Chláraitheachta.

Oifig chláraitheachta a bhunú.

96. —Cothabhálfar, faoi urláimh an Aire, oifig ghinearálta chláraitheachta agus taifeadta loingis agus mairnéalach dá ngairmfear an Phríomh-Oifig Chláraithe agus Taifeadta Loingis agus Mairnéalach.

Clár mairnéalach.

97. —Déanfaidh an duine a bheas de thuras na huaire i mbun na Príomh-Oifige Cláraithe agus Taifeadta clár a choimeád ina oifig, trí dhoiciméid a cuirfear chuige agus ar aon tslí eile ina chumas, de na daoine go léir ar seirbhís i longa lena mbaineann an tAcht seo.

Inchúiseamh i leith Cionta.

Oilghníomh.

98. —Aon duine a dhéanfas cion faoin Acht seo a ndearbhófar gur oilghníomh é dlífear ar é a chiontú ann ar díotáil é a phionósú trí fhíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó trí phríosúntacht go ceann téarma nach sia ná dhá bhliain nó tríd an bhfíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile ach, in ionad é d'inchúiseamh ar díotáil, féadfar é d'inchúiseamh go hachomair sa Chúirt Dúiche agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear é a phionósú trí fhíneáil nach mó ná céad punt nó trí phríosúntacht go ceann téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó trid an bhfíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.