An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Siamsalanna agus Aontaí Súgraidh a Cheadúnú.)

2 1956

AN tACHT UM CHEARRBHACHAS AGUS CRANNCHUIR, 1956

CUID II.

Cearrbhachas.

Cearrbhachas neamhdhleathach.

4. —(1) Ní thionscnóidh duine ar bith aon chineál cearrbhachais ná ní chabhróidh lena thionscnamh ná ní sholáthróidh saoráidí le haghaidh aon chineál cearrbhachais—

(a) nach dugtar ann, mar gheall ar an sórt cluiche a himrítear, an t-amhantar céanna do na himreoirí uile, lena n-áirítear an baincéir, nó

(b) ina gcoinníonn an tionscantóir aon chuid de na geallta nó ina gcoinníonn an baincéir aon chuid díobh ar chuma seachas mar ghnóthachan de thoradh na himeartha, nó

(c) trí aon scán-inneall nach dtoirmisctear le halt 10.

(2) Tugtar cearrbhachas neamhdhleathach san Acht seo ar an gcearrbhachas sin.

(3) Ní bheidh cearrbhachas ina chearrbhachas neamhdhleathach mura gcuirfidh na himreoirí aon gheall i bhfiontar leis an tionscantóir nó leis an mbaincéir ach amháin táille as an gceart chun bheith páirteach sa chluiche, ar choinníoll—

(a) nach ngearrfar ach táille amháin den tsórt sin i leith an lae a himreofar an cluiche, agus

(b) gurb í an táille chéanna a gearrfar ar gach duine de na himreoirí, agus

(c) nach bhfaighidh an tionscantóir aon bhrabús pearsanta as an gcluiche a thionscnamh.

Usaid ionad le haghaidh cearrbhachais neamhdhleathaigh.

5. —Ní dhéanfaidh ná ní cheadóidh duine ar bith aon foirgneamh ná seomra ná ionad, iata ná neamhiata, d'oscailt ná a choimeád ná d'úsáid le haghaidh cearrbhachais neamhdhleathaigh, ná ní ghlacfaidh sé páirt i gcúram agus i mbainistí, ná ní chabhróidh ar aon tslí i stíurú gnótha, aon fhorgnimh nó seomra nó ionaid a hosclófar nó a coimeádfar nó a húsáidfear amhlaidh.

Cearrbhachas ag surcas nó ag seó taistil.

6. —(1) Ní cearrbhachas neamhdhleathach cearrbhachas a bheas ar siúl in ionad ar bith mar chuid de shurcas nó de sheó taistil eile, más rud é—

(a) nach é an cearrbhachas an phríomh-ghníomhaíocht ag an seó, agus

(b) nach mairfidh an cearrbhachas tréimhse is sia ná deich lá agus nach raibh sé ar siúl i rith na dtrí mhí roimhe sin mar chuid den seó le linn é a bheith ar siúl san ionad sin nó in aon bhall laistigh de thrí mhíle ón ionad sin, agus

(c) nach mó ná sé pingne do gach imreoir faoi leith an geall i ngach cluiche faoi leith, agus

(d) nach gceadófar d'aon duine faoi bhun sé bliana déag d'aois imirt, agus

(e) nach bhféadfaidh aon imreoir níos mó ná luach deich scillinge a ghnóthú i ngach cluiche faoi leith, agus

(f) nach dtabharfaidh páirtíocht i gcluiche, ná toradh cluiche, teideal don imreoir bheith páirteach in aon chluiche ná crannchur eile ná teideal ar chuma ar bith eile chun aon airgead ná luach airgid d'fháil ná chun bheith páirteach in iomaíocht lena aghaidh, agus

(g) gur thug an tionscantóir roimh ré don tSáirsint i bhfeighil stáisiúin áitiúil an Gharda Shíochána fógra i scríbhinn i dtaobh na ndátaí a bheas cearrbhachas ar siúl ag an seó.

(2) Chun críche míre (b) d'fho-alt (1) measfar gur ionann crannchur a thionscnamh agus cearrbhachas a chur ar siúl.

Cearrbhachas ag carnabhail.

7. —(1) Ní cearrbhachas neamhdhleathach cearrbhachas a bheas ar siúl mar chuid de charnabhal, basár, spórt-chruinniú, féile áitiúil, taispeántas nó ócáid eile den tsórt sin, más rud é—

(a) nach bhfaighidh na daoine a rinne socrú le haghaidh na hócáide aon bhrabús pearsanta as an ócáid ná as an gcluiche, agus

(b) nach é an cearrbhachas an phríomh-ghníomhaíocht ag an ócáid, agus

(c) nach mairfidh an cearrbhachas ag an ócáid tréimhse is sia ná mí, agus

(d) nach mó ná sé pinge do gach imreoir faoi leith an geall i ngach cluiche faoi leith, agus

(e) nach gceadófar d'aon duine faoi bhun sé bliana déag d'aois imirt, agus

(f) nach bhféadfaidh aon imreoir níos mó ná luach deich scillinge a ghnóthú i ngach cluiche faoi leith, agus

(g) nach dtabharfaidh páirtíocht i gcluiche, ná toradh cluiche, teideal don imreoir bheith páirteach in aon chluiche ná crannchur eile ná teideal ar chuma ar bith eile chun aon airgead ná luach airgid d'fháil ná chun bheith páirteach in iomaíocht lena aghaidh, agus

(h) gur thug an tionscantóir roimh ré don tSáirsint i bhfeighil stáisiúin áitiúil an Gharda Shíochána fógra i scríbhinn i dtaobh na ndátaí a bheas cearrbhachas ar siúl ag an ócáid.

(2) Chun críche míre (c) d'fho-alt (1) measfar gurb ionann crannchur a thionscnamh agus cearrbhachas a chur ar siúl.

Cáilíochtaí maidir le háit chónaithe i gcás tionscantóirí cearrbhachais.

8. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “pearsa cháilithe” pearsa ar sa Stát a bhí a ghnátháit nó a phríomh-áit chónaithe aige i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag roimh dháta áirithe;

ciallaíonn “cuideachta cháilithe” comhlucht corpraithe ar pearsana cáilithe tromlach a chomhaltaí agus tromlach na ndaoine atá á rialú agus á bhainistí.

(2) Ní thabharfaidh aon ní in alt 6 ná in alt 7 gur dleathach do dhuine cearrbhachas lena mbaineann alt 4 a thionscnamh nó cabhrú lena thionscnamh nó saoráidí a sholáthar lena aghaidh, mura rud é—

(a) gur pearsa cháilithe nó cuideachta cháilithe an duine sin, agus

(b) má tá an duine sin ag gníomhú thar ceann duine eile, gur pearsa cháilithe nó cuideachta cháilithe nó comhlucht neamhchorpraithe daoine, ar pearsa cháilithe gach comhalta dhe, an duine eile sin freisin.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le pearsa nach bhfuil ach ag cabhrú le cearrbhachas a thionscnamh do réir conartha sheirbhíse.

Cearrbhachas in áitreabh ceadúnaithe.

9. —(1) Ní cheadóidh ceadúnaí aitribh atá ceadúnaithe chun deocha meisciúla a dhíol cearrbhachas san áitreabh.

(2) Ní thoirmiscfidh an t-alt seo ar an gceadúnaí ná ar a chairde príobháideacha cártaí d'imirt ar gheallta i gcuid den áitreabh seachas an chuid inar gnáth deocha meisciúla a dhíol más ar a chostas féin a bheas sé ag tabhairt aíochta do na cairde sin.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le cluiche d'imirt nach gcuireann na himireoirí aon gheall i bhfiontar ann ach amháin táille as an gceart chun bheith páirteach sa chluiche, ar choinníoll—

(a) nach ngearrfar ach táille amháin den tsórt sin i leith an lae a himreofar an cluiche, agus

(b) gurb í an táille chéanna a gearrfar ar gach duine de na himreoirí, agus

(c) nach bhfaighidh an tionscantóir (más ann) aon bhrabús pearsanta as an gcluiche a thioscnamh.

(4) Déanfaidh an Chúirt, más cuí léi dá rogha féin é, ciontú i leith ciona faoin alt seo a thaifeadadh ar an gceadúnas.

Scán-innill a thoirmeasc.

10. —(1) Ní oibreoidh duine ar bith, ná ní chuirfidh faoi deara ná ní cheadóidh go n-oibreofar, ná ní sholáthróidh saorá dí chun go n-oibreofar, aon scán-inneall a bheas ceaptha chun go dtabharfaidh sé, nuair a hoibreofar go rathúil é, duais airgid nó comhartha nó earra eile a ngeallann nó a dtoilíonn an tionscantóir nó aon duine ag gníomhú thar a cheann é a mhalairtiú ar airgead nó ar luach airgid nó is féidir d'úsáid chun an t-inneall d'oibriú arís.

(2) Aon duine a bheas tar éis airgead nó luach airgid a thabhairt mar mhalairt ar chomhartha nó ar earra eile a scaoileadh amach as scán-inneall, measfar, murab é féin tionscantóir an innill, é a bheith ag gníomhú thar ceann an tionscantóra mura gcruthaítear a mhalairt.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le hinneall a bheas ceaptha chun áineasa amháin agus nach scaoilfear as, ar é d'oibriú go rathúil, méid is mó ná méid an ghill agus a mbeidh fógra air á mhíniú gurb shin é an cineál innill atá ann.

Falcaireacht.

11. —Gach duine a ghnóthós ó aon duine eile, trí aon chalaois nó falcaireacht ag tionscnamh nó ag oibriú aon chluiche nó ag cabhrú ina thionscnamh nó ina oibriú, nó ag soláthar saoráidí lena aghaidh, nó ag gníomhú mar bhaincéir do na daoine atá ag imirt, nó ag gabháil d'imirt, nó ag gealltóireacht ar thoradh, aon chluiche, spóirt, caithimh aimsire nó freachnaimh, nó a chuirfeas faoi deara nó a thabharfas amhlaidh go ngnóthóidh aon duine ó dhuine eile, rud ar bith is féidir a ghoid, measfar é a bheith ciontach sa rud sin d'fháil ón duine eile sin trí dhúmas bréige, le hintinn calaois a dhéanamh, do réir bhrí ailt 10 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 (Uimh. 2 de 1951) , agus ar é a chiontú pionósfar é dá réir.