An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cearrbhachas.) Ar Aghaidh (CUID IV. Crannchuir.)

2 1956

AN tACHT UM CHEARRBHACHAS AGUS CRANNCHUIR, 1956

CUID III.

Siamsalanna agus Aontaí Súgraidh a Cheadúnú.

Feidhm na Coda seo.

12. —Ní bheidh éifeacht ag an gCuid seo in aon límistéir mura bhfuil i bhfeidhm de thuras na huaire rún faoi alt 13 ag glacadh léi don límistéir sin.

Údarás áitiúil do ghlacadh leis an gCuid seo.

13. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, trí rún, glacadh leis an gCuid seo i leith iomláin a límistéire riaracháin nó i leith coda sonraithe di agus féadfaidh, trí rún, an glacadh sin a chealú.

(2) Chun críche an ailt seo ní háireofar i límistéir riaracháin chomhairle contae aon bhuirg, ceantar uirbeach ná baile.

(3) Ní bheidh éifeacht ag rún murar tugadh fógra míosa ar a laghad i scríbhinn do gach comhalta den údarás áitiúil go rabhthas ar intinn é a thairiscint agus murar foilsíodh sin trí fhógrán i dhá nuachtán ar a laghad a léitear sa límistéir lena mbaineann an tairiscint.

(4) Nuair a bheas rún rite ag údarás áitiúil cuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar fógra á chur sin in iúl i dhá nuachtán ar a laghad a léitear sa límistéir lena mbaineann an rún agus, a luaithe is féidir, cuirfidh sé cóip den rún chun an Aire.

(5) Féadfar fianaise gur ritheadh rún a thabhairt trí chóip den nuachtán ina raibh an fógra a thabhairt ar aird nó trí dheimhniú ina leith sin a thabhairt ar aird a airbheartós a bheith faoi shéala an údaráis áitiúil.

Siamsalann cheadúnaithe agus aonach súgraidh ceadúnaithe.

14. —Ní cearrbhachas neamhdhleathach cearrbhachas a bheas ar siúl i siamsalann nó ag aonach súgraidh, más rud é—

(a) gur do réir ceadúnais a bheas sé ar siúl, agus

(b) nach mó ná sé pingne do gach imreoir faoi leith an geall i ngach cluiche faoi leith, agus

(c) nach gceadófar d'aon duine faoi bhun sé bliana déag d'aois imirt, agus

(d) nach bhféadfaidh aon imreoir níos mó ná luach deich scillinge a ghnóthú i ngach cluiche faoi leith, agus

(e) nach dtabharfaidh páirtíocht i gcluiche, ná toradh cluiche, teideal don imreoir bheith páirteach in aon chluiche ná crannchur eile ná teideal ar chuma ar bith eile chun aon airgead ná luach airgid d'fháil ná chun bheith páirteach in iomaíocht lena aghaidh.

Deimhniú le haghaidh ceadúnais chearrbhachais.

15. —(1) Féadfaidh an Chúirt Dúiche deimhniú a thabhairt á údarú ceadúnas d'eisiúint a cheadós cearrbhachas i siamsalann nó ag aonach súgraidh.

(2) Ní tabharfar deimhniú mura soláthraítear siamsaí eile i dteannta an chearrbhachais.

(3) Ní tabharfar deimhniú mura suífidh an t-iarratasóir nach bhfuil sé dícháilithe le halt 8 chun cearrbhachas a thionscnamh faoi alt 6 nó faoi alt 7.

(4) Féadfaidh an Chúirt coinníollacha a chur leis an deimhniú a thórainneos na huaireanta le haghaidh cearrbhachais, a chuirfeas srian leis na cineálacha cearrbhachais agus lena mhéid is cead cineálacha áirithe cearrbhachais a bheith ar siúl, a thórainneos méid na ngeall agus na nduaiseanna agus a thoirmiscfeas nó a shrianfas cearrbhachas ag daoine faoi bhun aoiseanna sonraithe.

(5) Sonróidh an deimhniú an tréimhse sa bhliain áirithe lena mbaineann sé a bhfuil an ceadúnas le heisiúint ina haghaidh.

(6) Ní bheidh deimhniú faoin alt seo neamhbhailí toisc rún faoi alt 13 a chealú ina dhiaidh sin.

Fógra i dtaobh iarratais ar dheimhniú.

16. —(1) (a) Bhéarfaidh an duine a bheas ar intinn deimhniú d'iarraidh fógra ocht lá fichead i scríbhinn go bhfuil sin ar intinn aige do gach údarás áitiúil a bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas laistigh dá límistéir riaracháin agus do Cheannfort Gharda Shíochána na háite.

(b) Luafar sa bhfógra an méid agus na cineálacha cluichí atá le bheith ar siúl agus na saghsanna eile áineasa atá le soláthar.

(2) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara freisin fógra i dtaobh a intinne d'fhoilsiú, ceithre lá déag ar a laghad roimh éisteacht a iarratais, i nuachtán a léitear san áit.

Eisteacht iarratais.

17. —(1) Nuair a bheas iarratas ar dheimhniú á bhreithniú ag an gCúirt bhéarfaidh sí aird—

(a) ar charachtar an iarratasóra nó, i gcás comhluchta chorpraithe, na ndaoine atá á rialú agus á bhainistí,

(b) ar an méid ceadúnas cearrbhachais atá i bhfeidhm cheana féin san áit,

(c) ar oiriúnacht an áitribh nó an ionaid a beartaítear d'úsáid,

(d) ar an gcineál daoine is dócha a bheas á thaithí agus, má bhí ceadúnas cearrbhachais ag an iarratasóir don áitreabh sin nó d'aon áitreabh nó ionad eile an bhliain roimhe sin, ar an gcuma inar stiúraigh sé é, agus

(e) ar na cineálacha cearrbhachais atá le bheith ar siúl.

(2) Féadfaidh an t-údarás áitiúil, Ceannfort an Gharda Shíochána agus aon duine eile ar dóigh leis an gCúirt leas a bheith aige ann, láithriú ag an éisteacht agus fianaise a thabhairt ar aird maidir leis an iarratas.

Achomharc i leith iarratais ar dheimhniú.

18. —(1) Gan dochar d'aon cheart achomhairc a bheirtear le haon Acht eile, beidh ceart achomhairc chun na Cúirte Cuarda—

(a) ag an iarratasóir ar dheimhniú—i gcoinne orduithe ón gCúirt Dúiche ag diúltú don iarratas,

(b) ag an iarratasóir—i gcoinne aon choda áirithe d'ordú ón gCúirt Dúiche ag tabhairt deimhnithe, agus

(c) ag aon duine a chuir i gcoinne an iarratais tráth a éisteachta—i gcoinne orduithe nó aon choda áirithe d'ordú ón gCúirt Dúiche ag tabhairt an deimhnithe.

(2) Fanfaidh deimhniú a thug an Chúirt Dúiche i lán-fheidhm go dtí go n-athrófar nó go gcúlghairmfear é de thoradh achomhairc.

(3) Más rud é, i gcás ina ndiúltóidh an Chúirt Dúiche deimhniú a thabhairt, gur sealbhóir ar cheadúnas atá fós i bhfeidhm an t-iarratasóir, leanfaidh an ceadúnas i bhfeidhm go dtí go gcinnfear achomharc i gcoinne an diúltuithe sin.

Ceadúnas d'oisiúint.

19. —Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar dhuine dar tugadh deimhniú i leith ceadúnais chearrbhachais dá iarraidh sin agus ar é d'íoc aon dleachta máil a foráltar le dlí, ceadúnas i pé foirm a ordóid d'eisiúint chun an iarratasóra agus beidh an ceadúnas sin, agus déarfar ann go mbeidh sé, faoi réir na gcoinníollacha a bheas ag gabháil leis an deimhniú.

Fógra a bheith ar taispeáint ag an gceadúnaí.

20. —Cuirfidh ceadúnaí siamsalainne ceadúnaithe nó aonaigh shúgraidh ceadúnaithe faoi deara go dtaispeánfar i gcónaí, i suíomh feiceálach in aice leis an mbealach isteach, fógra ar a mbeidh ainm agus seoladh an cheadúnaí agus coinníollacha an cheadúnais.