An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Siamsalanna agus Aontaí Súgraidh a Cheadúnú.) Ar Aghaidh (CUID V. Cur i bhFeidhm, Fianaise agus Pionóis.)

2 1956

AN tACHT UM CHEARRBHACHAS AGUS CRANNCHUIR, 1956

CUID IV.

Crannchuir.

Crannchuir a thoirmeasc.

21. —(1) Ní thionscnóidh duine ar bith crannchur ná ní chabhróidh lena thionscnamh.

(2) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon ticéad, comhdhuille ná cúpón le haghaidh úsáide i gcrannchur, ná aon doiciméad ina mbeidh aon eolas maidir le crannchur, d'allmhuiriú, a chlóbhualadh, d'fhoilsiú, d'imdháil, a dhíol ná a thairiscint ná a thaispeáint chun a dhíolta, ná ní iarrfaidh tairiscint chun sin a cheannach ná ní bheidh sin ina sheilbh aige le díol ná le himdháil.

(3) Má gheibhtear in aon ionad nó áitreabh a cuardófar de bhun barántais chuardaigh faoin Acht seo aon ticéad, comhdhuille nó cúpón le haghaidh úsáide i gcrannchur, beidh sin ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt, in inchúiseamh faoi gur sáraíodh an t-alt seo go raibh sé ina sheilbh le díol nó le himdháil ag an duine ag a raibh urlamhás ar an ionad nó ar an áitreabh.

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le crannchur a ndearbhaítear le haon fhoráil den Chuid seo nach crannchur neamhdhleathach é.

(5) Ní bhaineann an t-alt seo le clóbhualadh ticéad, comhdhuillí, cúpón nó doiciméad eile do thionscantóirí crannchuir a tionscnaítear agus a stiúraítear go hiomlán lasmuigh den Stát.

Fógraíocht do chrannchuir.

22. —Ní dhéanfaidh duine ar bith aon fhógra ná scéala i dtaobh crannchuir (seachas scéala ag insint torthaí crannchuir a ndearbhaítear le haon fhoráil den Chuid seo nach crannchur neamhdhleathach é) a chlóbhualadh, d'fhoilsiú in aon nuachtán ná in aon fhoilseachán tréimhsiúil, a thaispeáint ar aon scáileán cineama ná a chraoladh ar an radio, ná ní chuirfidh faoi deara ná ní thabharfaidh chun críche go gclóbhuailfear, go bhfoilseofar, go dtaispeánfar nó go gcraolfar amhlaidh aon fhógra ná scéala den tsórt sin, ná ní leathfaidh, ná ní chuirfidh faoi deara ná ní thabharfaidh chun críche go leathfar, go feasach, aon nuachtán ná aon fhoilseachán tréimhsiúil ina mbeidh aon fhógra nó scéala den tsórt sin.

Crannchuir phríobháideacha.

23. —Ní bheidh crannchur neamhdhleathach más rud é—

(a) nach ndíolfar na hamhantair ach—

(i) le comhaltaí an aon-chumainn a bunaíodh agus a stiúraítear chun críocha nach mbaineann le cearrbhachas, geallchur ná crannchuir, nó

(ii) le daoine a n-oibríonn nó a gcónaíonn gach duine acu san áitreabh céanna, agus

(b) nach dtabharfar aon fhógra ná scéala i scríbhinn maidir leis an gcrannchur ach amháin fógra in áitreabh an chumainn nó na ndaoine eile lena mbaineann nó fógra do chomhaltaí an chumainn.

Crannchuir ag rincí agus ceolchoirmeacha.

24. —Ní bheidh crannchur neamhdhleathach más rud é—

(a) gur mar chuid de rince, ceolchoirm nó ócáid eile dá samhail a tionscnaítear é agus nach bhfaigheann na daoine a rinne socrú le haghaidh na hócáide aon bhrabús pearsanta as an ócáid ná as an gcrannchur, agus

(b) nach mó ná cúig puint fhichead luach iomlán na nduaiseanna sa chrannchur agus, má bhíonn níos mó ná crannchur amháin ann, nach mó ná cúig puint fhichead luach iomlán na nduaiseanna le haghaidh na hócáide.

Crannchuir ag carnabhail agus ag ócáidí eile.

25. —Ní bheidh crannchur neamhdhleathach más rud é—

(a)    (i) gur mar chuid de shurcas nó de sheó taistil eile, lá a bheas cearrbhachas ceadaithe faoi alt 6, a tionscnófar é, nó

(ii) gur mar chuid de charnabhal, basár, spórtchruinniú, féile áitiúil, taispeántas nó ócáid eile dá samhail, lá a bheas cearrbhachas ceadaithe faoi alt 7, a tionscnófar é, agus nach bhfaighidh na daoine a rinne socrú le haghaidh na hócáide aon bhrabús pearsanta as an ócáid ná as an gcrannchur, nó

(iii) gur ceadúnaí siamsalainne ceadúnaithe nó aonaigh shúgraidh cheadúnaithe a thionscnós é, mar chuid den tsiamsa ann, agus

(b) nach ndíolfar na ticéid lasmuigh den ionad nó den áitreabh ina mbeidh an ócáid ar siúl, agus

(c) nach ndíolfar iad ach an lá nó an oíche chéanna a déanfar an tarraingt agus a hinseofar na torthaí, agus

(d) nach mó ná sé pingne praghas gach ticéid faoi leith, agus

(e) nach bhféadfaidh aon duine níos mó ná luach deich scillinge a ghnóthú sa chrannchur, agus

(f) nach dtabharfaidh páirtíocht sa chrannchur, ná toradh an chrannchuir teideal don rannpháirtí bheith páirteach in aon chrannchur ná cluiche eile ná teideal ar chuma ar bith eile chun aon airgead ná luach airgid d'fháil ná chun bheith páirteach in iomaíocht lena aghaidh.

Crannchuir faoi chead nó faoi cheadúnas.

26. —(1) Ní bheidh crannchur neamhdhleathach más laistigh den Stát agus do réir ceada nó ceadúnais a tionscnófar agus a stiúrófar é go hiomlán.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 32 den Acht um Gheallchur, 1931 (Uimh. 27 de 1931) (a bhaineas le geallta a chur ar chluichí peile), maidir le crannchur lena mbaineann an t-alt seo.

Ceada.

27. —(1) Féadfaidh Ceannfort den Gharda Síochána, ar iarratas aon duine a chónaíos ina cheantar, cead d'eisiúint chun crannchur a thionscnamh do réir an ailt seo.

(2) Beidh na coinníollacha seo a leanas le comhlíonadh maidir leis an gcrannchur:—

(a) ní bhfaighidh sealbhóir an cheada aon bhrabús pearsanta as an gcrannchur;

(b) ní mó ná trí chéad punt luach iomlán na nduaiseanna;

(c) luafar ar gach ticéad nó cúpón luach gach duaise faoi leith.

(3) Ní tabharfar cead chun sochair d'aon tairbhí áirithe níos mó ná uair amháin sa sé mhí.

(4) Más rud é, áfach, gur carnabhal, basár, spórt-chruinniú, féile áitiúil, taispeántas nó ócáid eile dá samhail a bheas á eagrú féadfaidh an cead a údarú go dtionscnófar níos mó ná aon chrannchur amháin i ndáil leis. Má bhíonn níos mó ná crannchur amháin ann in aon tseachtain, ní mó ná trí chéad punt luach iomlán na nduaiseanna don tseachtain sin.

(5) Má dhiúltaíonn Ceannfort cead a thabhairt féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne an diúltuithe. Is breith chríochnaitheach breith na Cúirte Dúiche.

Ceadúnas crannchuir.

28. —(1) Féadfaidh an Chúirt Dúiche ceadúnas a thabhairt chun crannchuir thréimhsiúla a thionscnamh do réir an ailt seo i rith pé tréimhse, nach sia ná bliain, a sonrófar sa cheadúnas.

(2) Beidh na coinníollacha seo a leanas le comhlíonadh maidir le gach sreath chrannchur:—

(a) is chun críche nó críocha éigin carthanais nó daoncharadais a tionscnófar í;

(b) ní bhfaighidh an ceadúnaí aon bhrabús pearsanta aisti;

(c) ní mó ná cúig chéad punt luach iomlán na nduaiseanna aon tráth, agus, má bhíonn níos mó ná crannchur amháin ann in aon tseachtain, ní mó ná cúig chéad punt luach iomlán na nduaiseanna don tseachtain sin;

(d) luafar ar gach ticéad nó cúpón luach gach duaise faoi leith;

(e) ní húsáidfear níos mó ná ceathracha faoin gcéad den fháltas iomlán le haghaidh caiteachas a tionscanta, lena n-áirítear coimisiún, agus measfar gurb íocaíocht choimisiúin is ionann agus an méid is fiú í aon iontráil a bhéarfar in aisce le haghaidh an chrannchuir.

Fógra i dtaobh iarratais ar cheadúnas.

29. —(1) Bhéarfaidh an duine a bheas ar intinn ceadúnas d'iarraidh fógra ocht lá fichead i scríbhinn go bhfuil sin ar intinn aige do Cheannfort an Gharda Shíochána sa cheantar ina bhfuil an crannchur le heagrú.

(2) Luafar sa bhfógra an cineál crannchuir atá le cur ar siúl, cuspóir an chrannchuir, an méid nó an chionúireacht den fháltas a beartaítear a thabhairt mar luach saothair do ghníomhairí, díoltóirí ticéad agus daoine eile a fostófar i ndáil leis, agus luach na nduaiseanna.

Ráitis bhréagacha mar thaca le hiarratas ar cheadúnas nó ar chead.

30. —Duine ar bith a dhéanfas, mar thaca le hiarratas ar cheadúnas nó ar chead, aon ráiteas nó uiríoll (i scríbhinn nó ó bhéal) is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Eisteacht iarratais.

31. —(1) Nuair a bheas iarratas ar cheadúnas á bhreithniú ag an gcúirt bhéarfaidh sí aird—

(a) ar charachtar an iarratasóra, agus

(b) ar an méid crannchur tréimhsiúla atá ar siúl cheana san áit.

(2) Nuair a bheas an t-iarratas á éisteacht féadfaidh Ceannfort an Gharda Shíochána, agus aon duine eile ar dóigh leis an gCúirt leas a bheith aige ann, láithriú agus fianaise a thabhairt ar aird maidir leis an iarratas.

Achomharc i leith iarratais ar cheadúnas.

32. —Gan dochar d'aon cheart achomhairc a bheirtear le haon Acht eile, beidh ceart achomhairc chun na Cúirte Cuarda—

(a) ag an iarratasóir ar cheadúnas—i gcoinne an orduithe ón gCúirt Dúiche ag diúltú don iarratas,

(b) ag an iarratasóir—i gcoinne na coda den ordú ón gCúirt Dúiche a shonraíos tréimhse an cheadúnais, agus

(c) ag aon duine a chuir i gcoinne an iarratais tráth a éisteachta—i gcoinne an orduithe ón gCúirt Dúiche ag tabhairt an cheadúnais nó i gcoinne na coda den ordú a shonraíos tréimhse an cheadúnais.

Ticéid chrannchuir.

33. —Beidh ar gach ticéad, cúpón, comhdhuille agus fógra maidir le crannchur (seachas crannchur lena mbaineann alt 23, 24 nó 25) ainm agus seoladh sealbhóra an cheadúnais nó an cheada nó, má bhíonn an ceadúnas nó an cead in ainm níos mó ná duine amháin, ainm agus seoladh aon duine amháin acu, agus ainm agus seoladh an chlódóra agus an tairbhí nó an chuspóra, agus luafar ann cé acu faoi cheadúnas nó faoi chead atá sé ar siúl agus luafar an Chúirt nó an Ceannfort a thug an ceadúnas nó an cead.

Toirmeasc ar airgead nó doiciméid a thabhairt amach nó a chur amach as an Stát.

34. —(1) Ní dhéanfaidh ná ní thriailfidh duine ar bith aon ticéad, comhdhuille ná cúpón le haghaidh úsáide i gcrannchur ná aon airgead chun ticéad nó amhantar a cheannach, ná aon airgead is ionann agus praghas ceannaigh ticéid nó amhantair, i gcrannchur ná duais a gnóthaíodh i gcrannchur, ná aon doiciméad a bhaineas le ceannach nó díol, nó a chuireas in iúl cé hé sealbhóir, aon ticéid nó amhantair den tsórt sin, a thabhairt amach ná a chur amach as an Stát.

(2) Ní bhaineann an t-alt seo le honnmhuiriú ticéad, cúpón, comhdhuillí agus doiciméad eile a clóbhuailtear sa Stát do thionscantóirí crannchuir a tionscnaítear agus a stiúraítear go hiomlán lasmuigh den Stát.

(3) I gcás crannchur a thionscnamh, do réir ceadúnais, do thairbhí lasmuigh den Stát, ní chuirfidh an t-alt seo toirmeasc ar dhoiciméid a bhaineas leis an gcrannchur a thabhairt amach nó a chur amach as an Stát chun duine atá ag gníomhú thar ceann an tairbhí nuair a beifear tar éis na duaiseoirí a chinneadh.

Díolmhadh ó na hAchta um Gheallchur.

35. —Ní bheidh ar shealbhóir ceadúnais nó ceada crannchuir ceadúnas geallghlacadóra a bheith aige faoin Acht um Gheallchur, 1931 (Uimh. 27 de 1931) , agus ní bheidh feidhm ag an Betting Act, 1853, maidir le húsáid áitribh i ndáil leis an gcrannchur.