Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Forála ag a mbeidh éifeacht maidir le Saosúr Díola.)

5 1956


Uimhir 5 de 1956.


AN tACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (ARBHAR) (LEASÚ), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933 GO 1939, DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE CHUN CEANNACH, DÍOL, STÓRÁIL AGUS MUILLEOIREACHT CHRUITHNEACHTAN A RIALÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH NITHE ÁIRITHE EILE (LENA nÁIRÍTEAR TÁILLÍ ÁIRITHE A MHUIREARÚ) A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [21 Feabhra, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchta” na hAchta Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1939;

ciallaíonn “cigire” duine atá údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachta d'fheidhmiú a bheirtear leis an Acht seo do chigire;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo nó in aon ordú faoin Acht seo d'fhásóir cruithneachtan d'fhorléiriú, i gcás an chruithneacht sin a cheannach roimh í a bhaint, mar thagairtí do cheannaitheoir na cruithneachtan sin.

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo nó in aon ordú faoin Acht seo do thaisleach i gcruithneacht d'fhorléiriú mar thagairtí do thaisleach i gcruithneacht do réir meáchain.

(4) Forléireofar na hAchta agus an tAcht seo le chéile m aon Acht amháin.

Saosúir dhíola.

2. —(1) Féadfaidh an tAire in aon bhliain, le hordú—

(a) tréimhse, a thosnós lá nach luaithe ná an 15ú lá d'Iúil sa bhliain sin agus a chríochnós lá nach déanaí ná an 31ú lá de Lúnasa sa bhliain ina dhiaidh sin, a cheapadh ina saosúr díola maidir le cruithneacht a bainfear an bhliain sin,

(b) a ordú nach ndéanfaidh ach cineálacha sonraithe daoine (lena n-áirítear cineálacha arb iad a bheas iontu daoine ag a bhfuil ceadúnais nó ceada faoin ordú) cruithneacht den tsórt sin a cheannach sa saosúr díola ó fhásóirí,

(c) coinníollacha d'fhorchur a bheas le comhlíonadh nuair a dhéanfas daoine sna cineálacha sonraithe sin cruithneacht den tsórt sin a cheannach ó fhásóirí,

(d) praghsanna a shocrú, faoi threoir aon nithe sonraithe, do chruithneacht den tsórt sin a dhíolfas fásóirí, nó a ceannófar ó fhásóirí, sa saosúr díola nó in aon tréimhse shonraithe sa saosúr díola,

(e) rátaí íocaíochta a shocrú i leith seirbhísí a dhéanfas daoine a bheas ag gníomhú mar ghníomhairí do shealbhóirí ceadúnas muilleoireachta i ndáil le cruithneacht den tsórt sin a cheannach sa saosúr díola,

(f) táillí uasta a shocrú i leith málaí d'imdháil ar fhásóirí cruithneachtan den tsórt sin,

(g) praghsanna a shocrú, faoi threoir aon nithe sonraithe, do chruithneacht den tsórt sin a dhíolfas daoine, nó a ceannófar ó dhaoine, a cheannaigh í ó fhásóirí,

(h) foráil a dhéanamh chun seilbh, díol, diúscairt nó úsáid chruithneachtan den tsórt sin, a rialú i gcaitheamh an tsaosúir dhíola,

(i) a fhoráil go dtabharfaidh an tAire, dá rogha féin amháin, ceadúnais agus ceada chun críocha an orduithe agus go bhféadfar coinníollacha a bheas le comhlíonadh ag na sealbhóirí, a chur leis na ceadúnais agus na ceada sin,

(j) foráil a dhéanamh i dtaobh nithe a ghabhas nó a bhaineas leis na nithe réamhráite.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoin alt seo (lena n-áirítear aon ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú.

(3) Beidh éifeacht maidir le haon tsaosúr díola a ceapfar faoin alt seo ag forála an Chéad Sceidil a ghabhas leis an Acht seo.

(4) Déanfar pé táille (más ann) a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar aon cheadúnas nó cead a thabhairt a bhéarfar chun críocha orduithe faoin alt seo.

(5) Déanfar na táillí go léir a muirearófar agus a toibheofar de bhuaidh fo-ailt (4) den alt seo a bhailiú agus a ghlacadh i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir mar ordós an tAire sin.

(6) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí a muirearófar agus a toibheofar de bhuaidh fo-ailt (4) den alt seo.

(7) Ní bheidh feidhm ag ordú faoin alt seo maidir le ceannach ná díol cruithneachtan ag an Aire.

Orduithe ginearálta athruithe chuóta.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, aon uair is cuí leis é ag féachaint don éileamh bliantúil a meastar a bheas ar phlúr agus min chruithneachtan, ordú ginearálta athruithe chuóta a dhéanamh ag méadú nó ag laghdú na gcuótaí do mhuilte ceadúnaithe de chéatadán comhionann.

(2) Beidh feidhm ag ordú ginearálta athruithe chuóta maidir leis an mbliain chuóta a bheas á caitheamh tráth a dhéanta agus maidir le gach bliain chuóta ina dhiaidh sin, ach féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála ordú ginearálta athruithe chuóta a chúlghairm tráth ar bith le hordú agus air sin ní bheidh feidhm aige maidir le haon bhliain chuóta a bheas á caitheamh an tráth sin ná le haon bhliain chuóta ina dhiaidh sin.

(3) Má bhíonn feidhm, i gcás muilinn cheadúnaithe, ag ordú ginearálta athruithe chuóta maidir le bliain chuóta, ansin, in ionad an chuóta atá ann don mhuileann maidir leis an mbliain sin, is é an cuóta sin arna mhéadú nó arna laghdú do réir orduithe ghinearálta athruithe chuóta a bheas i bhfeidhm.

(4) I bhfo-alt (3) den alt seo, déanfar an tagairt don chuóta atá ann do mhuileann maidir le bliain áirithe d'fhorléiriú mar thagairt don chuóta a bheadh, d'éagmais an orduithe ghinearálta athruithe chuóta, i bhfeidhm don mhuileann sin maidir leis an mbliain sin de bhuaidh an orduithe iomchuí a rinneadh (pé acu roimh an ordú ginearálta athruithe chuóta é nó dá éis sin) faoi fho-alt (1), (3), (4), (5) nó (6) d'alt 26 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933) .

(5) Sara ndéanfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála ordú faoin alt seo raghaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Comhairlitheach Muilleoireachta.

Cumhacht chun saoirse a thabhairt ón oblagáid chun cruithneacht dúchais a mheilt.

4. —Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le comhthoiliú an Aire, saoirse a thabhairt le ceadúnas, a mhéid a shonrós sé sa cheadúnas sin agus faoi réir comhlíonadh pé coinníollacha a shonrós sé ann, do shealbhóir ceadúnais mhuilleoireachta ón oblagáid go meilfeadh sé méid arna ríomh faoi threoir an chéatadáin náisiúnta cheaptha de chruithneacht dúchais.

Stóráil ghráin.

5. —(1) Féadfaidh cigire dul isteach gach tráth réasúnach in aon stóras gráin agus é d'iniúchadh.

(2) Féadfaidh an tAire nó cigire, fógra a sheirbheáil ó am go ham, ar áititheoir stórais ghráin á cheangal air an stóras gráin sin agus aon trealamh, feistis agus fearais a bheas ann, nó a húsáidtear i ndáil leis, a ghlanadh (lena n-áirítear a mhúchghlanadh) laistigh de thréimhse shonraithe i pé slí agus trí pé ábhair d'úsáid a sonrófar sa bhfógra.

(3) Féadfaidh an tAire nó cigire fógra a sheirbheáil ó am go ham ar áititheoir stórais ghráin á cheangal air aon ábhar sonraithe truaillitheachta nó meatha, a mbeadh grán a stórálfaí ann faoina lé, a ghlanadh as nó a dhéanamh neamhdhocharach.

(4) Más dóigh leis an Aire nó le cigire go bhfuil aon stóras gráin nó aon chuid áirithe dhe neamhoiriúnach chun grán a stóráil ann go sábháilte, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar áititheoir an stórais ghráin sin á thoirmeasc air grán a stóráil sa stóras gráin sin nó sa chuid áirithe sin de.

(5) Má seirbheáltar fógra faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo ar áititheoir stórais ghráin, déanfaidh sé do réir an fhógra.

(6) Má seirbheáltar fógra faoi fho-alt (4) den alt seo ar áititheoir stórais ghráin, ní stórálfaidh sé aon ghrán ann contrártha don fhógra.

(7) San alt seo—

ciallaíonn “grán” aon arbhar ar cruithneacht, eorna, coirce nó grán buí é;

ciallaíonn “stóras gráin” aon áitreabh nó aon chuid d'áitreabh a húsáidtear nó a beartaítear d'úsáid chun grán a stóráil ann.

An modh chun an méid cruithneachtan a ríomh a meileadh i muileann i réamhthréimhse chuóta agus i mblianta cuóta.

6. —Beidh éifeacht, maidir le haon réamhthréimhse nó bliain chuóta a bheas gan caitheamh lá thosach feidhme an Achta seo nó a thosnós an lá sin nó dá éis, ag fo-alt (1) d'alt 5 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1935 (Uimh. 26 de 1935) , amhail is dá bhforáladh sé go measfar gurb é méid cruithneachtan a meileadh sa mhuileann ceadúnaithe áirithe i gcaitheamh na tréimhse nó na bliana sin (pé acu é) méid cruithneachtan is ionann do réir meáchain agus comhiomlán na meáchan plúir, mine cruithneachtan agus táirgí eile cruithneachtan (lena n-áirítear turscar cruithneachtan) a táirgeadh sa mhuileann sin sa tréimhse nó sa bhliain sin (pé acu é).

Alt 2 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1937, a leathnú.

7. —Féadfar ordú faoi alt 2 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1937 (Uimh. 27 de 1937) , a thabhairt i leith cruithneachtan a meileadh ina min chruithneachtan atá úsáidte, nó atá le húsáid, chun brioscaí a dhéanamh ag duine atá ag gabháil do ghnó déanta brioscaí lena ndíol ar mór-reic.

Alt 9 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1938, a mhodhnú.

8. —D'ainneoin ailt 9 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1938 (Uimh. 16 de 1938) (a thoirmisceas plúr agus min chruithneachtan d'allmhuiriú ach amháin faoi cheadúnas), féadfar plúr agus min chruithneachtan d'allmhuiriú i gcoinsíneachtaí nach mó ná 300 lb. más rud é—

(a) gur mar éifeachtaí príobháideacha i mbagáiste paisnéirí a hiomprófar iad, nó

(b) go gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gurb amhlaidh a rinne duine nach trádálaí a dhéileálas i bplúr nó i min chruithneachtan iad a chur mar bhronntanas chun duine sa Stát.

Taisleach a chinneadh.

9. —Chun críocha an Achta seo nó aon orduithe faoin Acht seo, déanfar an céatadán taislí i gcruithneacht a chinneadh trí shampla ionadaitheach den chruithneacht a mheilt agus é a thiormú ar feadh uaire a chloig faoi theocht céad agus tríocha grád Centigrád.

Cigire do thabhairt a údaráis ar aird.

10. —Nuair a bheas cigire ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar dó leis an Acht seo bhéarfaidh sé a údarás faoin Acht seo ar aird, má hiarrtar sin air, d'aon duine lena mbainfidh.

Cionta.

11. —(1) Aon duine a shárós (trí ghníomh nó neamhghníomh) foráil den Acht seo, an Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, nó aon ordú faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, más é an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin aige é, fíneáil nach mó ná céad punt nó, de rogha na Cúirte, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(2) Féadfaidh an tAire mar inchúisitheoir inchúiseamh a dhéanamh i leith aon chiona faoin alt seo.

(3) I gcás sealbhóir ceadúnais mhuilleoireachta a chiontú i gcion faoin alt seo, measfar, chun críocha ailt 34 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 (Uimh. 7 de 1933) , an sealbhóir sin a bheith arna chiontú i gcion faoin Acht sin, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt sin 34, arna leasú le halt 13 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1934 (Uimh. 41 de 1934) .

Fógraí a sheirbheáil.

12. —(1) Féadfar aon fhógra faoin Acht seo nó faoin gCéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a sheirbheáil ar dhuine—

(a) tríd an bhfógra a sheachadadh dhó, nó

(b) tríd an bhfógra a chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheas dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáth-chónaí air nó gnó ar siúl aige.

(2) Chun críche fo-ailt (1) den alt seo, measfar gnó a bheith ar siúl ina hoifig chláraithe ag cuideachta atá cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, agus measfar gnó a bheith ar siúl ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnótha sa Stát ag gach comhlucht corpraithe eile agus ag gach comhlucht neamhchorpraithe.

Orduithe a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

13. —Gach ordú a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Caiteachais.

14. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina raghaidh an tAire nó an tAire Tionscail agus Tráchtála ag riaradh an Achta seo.

Athghairm.

15. —Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

16. —(1) Féadfar an tAcht Toradh Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

(3) Féadfar na hAchta Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1956, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.