An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Forála Airgeadais.)

10 1956

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1956

CUID VI.

Ilghnéitheach

Foráil ghinearálta i dtaobh liúntas a bheith ina liúntas saoil.

60. —Ach amháin mar foráltar a mhalairt leis an Acht seo, is liúntas ar feadh saoil an duine dá ndeonfar é liúntas a deonfar faoin Acht seo.

Liúntas a shannadh, etc.

61. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le haon íocaíocht (dá ngairmtear an deontas san alt seo) is iníoctha faoin Acht seo ag údarás áitiúil le duine ar bith (dá ngairmtear an fáltaí san alt seo), is é sin le rá—

(a) gach sannadh agus muirearú a déanfar i leith an deontais agus gach comhaontú chun an deontas a shannadh nó a mhuirearú, beid ar neamhní ach amháin sa mhéid gur chun tairbhe do bhanchéile nó d'fhearchéile nó do ghaolta cleithiúnacha an fháltaí iad, agus i gcás féimheachta an fháltaí ní híocfar an deontas le haon iontaobhaí ná duine eile a bheas ag gníomhú thar ceann an chreidiúnaí;

(b) i gcás aon chúnamh poiblí a thabhairt de bhun an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939 ( Uimh. 27 de 1939 ), don fháltaí nó do dhuine ar bith a dhlíos sé faoin Acht sin a chothabháil, feadfaidh an t-údarás áitiúil iomlán an deontais nó aon chuid de d'íoc leis an údarás cúnaimh phoiblí a bheir an cúnamh, agus féadfar an cion den deontas a híocfar amhlaidh d'úsáid chun aisíoctha aon tsuimeanna a caitheadh ar an gcúnamh sin agus, faoina réir sin, déanfaidh an t-údarás cúnaimh phoiblí é d'íoc leis an bhfáltaí nó é d'úsáid chun tairbhe dhó;

(c) má fhaillíonn an fáltaí duine ar bith a chothabháil a dhlíos sé a chothabháil, féadfaidh an t-údarás áitiúil, dá rogha féin, iomlán an deontais nó aon chuid de d'íoc leis an duine sin nó d'úsáid chun tairbhe dhó;

(d) má chítear don údarás áitiúil an fáltaí a bheith ina dhuine mímheabhrach nó a bheith éagumasach in aon tslí eile ar ghníomhú, féadfaid pé cion den deontas is oiriúnach leo d'íoc leis an bhforas nó leis an duine ar a bhfuil cúram an fháltaí, agus féadfaid an barrachas (más ann) nó pé cuid de is oiriúnach leo d'íoc chun nó i leith cothabhála agus tairbhe banchéile nó fearchéile nó gaolta cleithiúnacha an fháltaí;

(e) má d'éag an fáltaí nó an t-oifigeach nó an seirbhíseach a bhfuil an deontas iníoctha ina leith agus go bhfuil suim nach mó ná céad punt dlite ar scór an deontais, féadfar, más oiriúnach leis an údarás áitiúil é, probháid nó cruthúnas eile ar theideal ionadaithe pearsanta an éagaigh a ligean thar ceal agus féadfar an tsuim d'íoc leis na daoine, nó a roinnt orthu, a bhfeicfear don údarás áitiúil teideal tairbhiúil a bheith acu chun eastáit phearsanta an éagaigh nó í d'íoc le haon duine nó daoine acu sin, nó a roinnt orthu, nó, i gcás neamhdhlisteanachta an éagaigh, í d'íoc le pé daoine, nó a roinnt orthu, is oiriúnach leis an údarás áitiúil, agus beidh an t-údarás áitiúil agus aon oifigeach dóibh a dhéanfas an íocaíocht saor ó gach dliteanas maidir le haon íocaíocht nó roinnt den tsórt sin;

(f) aon tsuim is iníoctha le mionaoiseach ar scór an deontais, féadfar í d'íoc leis an mionaoiseach féin nó le pé duine agus ar pé coinníollacha chun tairbhe an mhionaoisigh is oiriúnach leis an údarás áitiúil;

(g) má dhéanann an t-údarás áitiúil an íocaíocht le haon duine de bhun an ailt seo is cúiteántas maith i leith na suime a híocadh admháil ón duine sin.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil, chun aon chríche a bhaineas le híocaíochtaí de bhun an ailt seo, a cheangal go ndéanfar pé dearbhuithe is dóigh leo is gá, agus ní bheidh duine lena ndéanfar aon íocaíocht den tsórt sin i dteideal an íocaíocht sin d'fháil má fhaillíonn sé aon dearbhú a dhéanamh a ceanglófar air a dhéanamh mar adúradh.

(3) Duine ar bith a dhéanfas go toiliúil míráiteas i dtaobh fíorais ábhartha in aon dearbhú den tsórt sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

Liúntas d'fhionraínó a laghdú.

62. —(1) (a) I gcás duine lena mbeidh liúntas iníoctha faoin Acht seo ag údarás áitiúil d'fháil aon íocaíochta (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige (mar atá, aon tseomraí, ciondála no forliúntais eile in earraí), más ann) ó údarás áitiúil nó ó bhord ospidéil mheabhair-ghalar nó as airgead a sholáthraigh an tOireachtas i leith seirbhísí a tugadh (ar seirbhísí iad a tugadh mar oifigeach nó mar sheirbhíseach, mar oifigeach nó seirbhíseach ospidéil mheabhair-ghalar nó mar mhúinteoir, nó ar seirbhísí iad a n-íocfar astu le táillí i gcáilíocht tuarastail), ní híocfar níos mó den liúntas leis in aon bhliain ná an méid is ionann, ar an íocaíocht sin a chur leis, agus an luach saothair (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige (mar atá, aon tseomraí, ciondála nó forliúntais eile in earraí), más ann) a ghabh leis an sean-oifig nó leis an seanfhostaíocht.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo más amhlaidh a tugadh na seirbhísí in oifig nó i bhfostaíocht a sealbhaíodh i gcomhthráth leis an oifig nó an fhostaíocht ar deonadh an liúntas ina leith.

(2) I gcás duine lena mbeidh liúntas iníoctha faoin Acht seo ag údarás áitiúil d'fháil íocaíochta ón údarás áitiúil i leith cúitimh faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, ní híocfar níos mó den liúntas leis in aon bhliain ná an méid is ionann ag cur na híocaíochta sin san áireamh, le cúig shéú den luach saothair (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige (mar atá, aon tseomraí, ciondála nó forliúntais eile in earraí), más ann), a ghabh leis an bpost ar deonadh an liúntas ina leith.

(3) Aon údarás áitiúil a bheas ag íoc liúntais le duine lena mbaineann fo-alt (1) nó (2) den alt seo, féadfaid ó am go ham, do réir mar is cuí leo chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (1) nó (2) den alt seo, na híocaíochtaí a bheas déanta nó le déanamh acu i leith an liúntais d'fhionraí, a mhaolú, a laghdú nó a choigeartú ar aon tslí eile.

(4) Má bhíonn agus faid a bheas, de bhun an ailt seo, liúntas gan íoc, fágfar gan íoc freisin aon chuid den liúntas sin a bheas le haisíoc faoin Acht seo.

(5) Má bhíonn agus faid a bheas, de bhun an ailt seo, maolú nó laghdú ar an méid is iníoctha i leith liúntais, déanfar freisin aon chuid den liúntas sin a bheas le haisíoc faoin Acht seo a laghdú i gcomhréir leis sin.

(6) D'ainneoin na bhforál roimhe seo den alt seo, más rud é go ndearnadh liúntas is iníoctha faoin Acht seo—

(a) a dheonadh do dhuine i gcás inar tharla—

(i) gur cuireadh nó gur scaoileadh as a phost faoi údarás áitiúil é ar chúis seachas mí-iompar nó neamh-oiriúnacht, nó

(ii) gur cuireadh deireadh lena phost faoi údarás áitiúil, nó

(iii) go ndearnadh a phost d'athrú go hábhartha chun dochair dó trí athruithe a rinneadh ar a choinníollacha gan chúis réasúnach agus gur éirigh sé as a phost faoi údarás áitiúil, agus

(b) mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeadh feidhm ar an liúntas ag fionraí, maolú nó laghdú mar gheall ar mhéadú íocaíochta as seirbhísí a tugadh, ar méadú é a deonadh mar chúiteamh in arduithe a tharla, ó deonadh an liúntas, ar an gcostas maireachtana,

ní déanfar an fhionraí, an maolú ná an laghdú sin.

Marthain éiglíochta a chinntiú.

63. —(1) Má dheonann údarás áitiúil liúntas faoin Acht seo do dhuine atá faoi bhun na haoise a sonraítear don liúntas sin i bhfo-alt (2) den alt seo ar an bhforas go bhfuil sé éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) go dtí go slánóidh an duine sin an aois sin, cinnteoidh an t-údarás áitiúil sin ó am go ham an maireann a éiglíocht agus, chuige sin, féadfaid, más cuí leo, socrú a dhéanamh le haghaidh scrúduithe dochtúra agus a cheangal air dul faoi na scrúduithe sin;

(b) má fhaillíonn an duine sin go toiliúil nó má dhiúltaíonn sé dul faoi aon scrúdú dochtúra den tsórt sin, scoirfear den liúntas d'íoc atá iníoctha leis de bhuaidh an deontais (agus ina theannta sin, más fear pósta é agus go bhfuil aon liúntas iníoctha faoi alt 51 den Acht seo lena bhanchéile i ndáil leis an deontas, den liúntais sin d'íoc);

(c) má dheimhníonn beirt lia-chleachtóirí cláraithe ar a laghad d'ainmnigh an t-údarás áitiúil sin go bhfuil deireadh le héiglíocht an duine sin agus má tairgtear dó oifig nó fostaíocht inphinsin faoi údarás áitiúil de shaghas is ionann agus a shean-oifig nó a sheanfhostaíocht agus ar ráta luach saothair nach lú ná mar bhí á íoc leis díreach roimh é a scor de bheith i seilbh a shean-oifige nó a shean-fhostaíochta, scoirfear den liúntas d'íoc atá iníoctha leis de bhuaidh an deontais (agus ina theannta sin, más fear pósta é agus go bhfuil aon liúntas iníoctha faoi alt 51 den Acht seo lena bhanchéile i ndáil leis an deontas, den liúntas sin d'íoc).

(2) Is í aois dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) le haghaidh liúntais d'oifigeach nó seirbhíseach briogáide tóiteáin—cúig bliana caogad,

(b) le haghaidh aon liúntais eile—seasca bliain.

(3) má tairgtear, de bhun míre (c) d'fho-alt (1) den alt seo, oifig nó fostaíocht nua do dhuine dar deonadh liúntas i leith tréimhse de sheirbhís áitiúil inphinsin chun críocha Coda II nó Coda III den Acht seo agus go nglacfaidh sé í, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas ar é a scor de bheith i seilbh na hoifige nó na fostaíochta nua:

(a) chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 nó míre (a) d'alt 33 den Acht seo, measfar nach tréimhse a bhfuair sé cnapshuim nó liúntas ina leith an tréimhse sin;

(b) déanfar aon chnapshuim a deonfar dó faoi Chuid II den Acht seo nó aon aisce a deonfar dó nó dá ionadaí dlíthiúil pearsanta faoi Chuid II nó Cuid III den Acht seo a laghdú méid na cnapshuime (más ann) a deonfar dó i dteannta an liúntais;

(c) measfar an tréimhse sin a bheith comhleanúnach lena thréimhse sheirbhíse san oifig nó sa bhfostaíocht nua agus ní tabharfar aird ar an tréimhse a raibh sé ag fáil an liúntais lena linn.

(4) Is é an tAire iomchuí a chinnfeas aon díospóid idir údarás áitiúil agus duine i dtaobh oifig nó fostaíocht nua a tairgfear don duine sin a bheith, chun críocha míre (c) d'fho-alt (1) den alt seo, de shaghas is ionann agus a shean-oifig nó a shean-fhostaíocht.

(5) Beidh oifigeach chomh cáilithe céanna chun oifig a shealbhú a tairgfear dó de bhun an ailt seo agus a bheadh sé dá mba nár briseadh a sheirbhís leis an tréimhse a raibh sé ag fáil an liúntais lena linn.

Liúntas a chealú ar dhuine a chiontú i gcion.

64. —(1) Má ciontaítear duine ar dhíotáil in aon chion agus go gcuirfear pian-seirbhís, nó aon téarma príosúntachta le daorobair nó is sia ná dhá mhí dhéag, de phianbhreith air agus go mbeidh sé, tráth an chiontuithe, ag fáil liúntais a dheoin údarás áitiúil faoin Acht seo, beidh an liúntas arna chealú air sin agus scoirfidh sé de bheith iníoctha.

(2) Má déantar neamhniú ar chiontú a dtiocfaidh cealú liúntais faoin alt seo dá dheasca nó má tugtar saor-mhaithiúnachas don duine ciontaithe, déanfar, i gcás an ciontú a neamhniú, an cealú a chur ar neamhní amhail ó dháta an chiontuithe agus, i gcás saor-mhaithiúnachas a thabhairt, amhail ó dháta an tsaormhaithiúnachais.

(3) Má cealaítear aon liúntas faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil a dheoin an liúntas, más cuí leo sin, an liúntas a thabhairt ar ais go hiomlán nó go páirteach, le toiliú an Aire.

Sonraí ar shochair d'oifigeach nó seirbhíseach roimh scor dó.

65. —(1) Má bhíonn d'aidhm ag oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil scor as a oifig nó a fhostaíocht ar dháta áirithe, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná sé mhí agus nach luaithe ná dhá mhí dhéag roimh an dáta sin, fógra a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil ina n-inseoidh—

(a) go bhfuil d'aidhm aige scor ar an dáta sin,

(b) na fátha go bhfuil d'aidhm aige scor,

(c) gur mian leis go dtabharfaí dhó sonraí ar na sochair a bheas aige ar scor dó.

(2) Má thugann oifigeach nó seirbhíseach fógra faoin alt seo d'údarás áitiúil gur mian leis go dtabharfaí dhó sonraí ar na sochair a bheas aige ar scor dó, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil, laistigh de dhá mhí, ráiteas don oifigeach nó don seirbhíseach ina luafaid—

(a) cé acu atá nó nach bhfuil d'aidhm acu, ar scor dó amhlaidh, aon chumhacht d'fheidhmiú a bheirtear dóibh leis an Acht seo chun aon chnapshuim, liúntas nó aisce a dheonadh dhó nó chun aon ranníoca a thabhairt ar ais dó nó chun aon tréimhse a chur lena sheirbhís nó chun méid aon chnapshuime nó liúntais a mbeidh sé ina theideal a laghdú,

(b) má tá d'aidhm acu aon chumhacht acu sin a luaitear i mír (a) den fho-alt seo d'fheidhmiú, sonraí ar an modh ina bhfuil d'aidhm acu an chumhacht d'fheidhmiú,

(c) méid (más aon mhéid é) gach cnapshuime, liúntais nó aisce nó aistabhairt ranníoc ar dóigh leo, ag féachaint do na haidhmeanna a bheas luaite acu de bhun míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo, teideal a bheith aige chuige ar scor dó amhlaidh.

(3) Beidh feidhm ag forála ailt 66 den Acht seo maidir le ráiteas ar a n-aidhmeanna ó údarás áitiúil faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (2) den alt seo amhail is dá mbeadh an t-oifigeach nó an seirbhíseach lena mbainfidh an ráiteas tar éis scor agus amhail is dá mba nithe a chinn an t-údarás áitiúil ar dháta an ráitis a thabhairt na haidhmeanna sin.

(4) Más rud é, i gcás achomharc a dhéanamh de bhuaidh fo-ailt (3) den alt seo—

(a) go dtarla an scor a bhí d'aidhm ag an oifigeach nó an seirbhíseach a bheas luaite sa bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar an dáta agus ar na fátha a bheas luaite sa bhfógra, agus

(b) go gcuirfear i gcrích aidhmeanna an údaráis áitiúil mar bheid luaite sa ráiteas a tugadh dó de bhun míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo, nó, má hathraíodh na haidhmeanna sin de thoradh achomhairc, na haidhmeanna sin arna n-athrú amhlaidh,

ní bheidh na haidhmeanna sin, arna gcur i gcrích, faoi réir aon achomhairc ansin.

Achomhairc chun an Aire.

66. —(1) Más cúis éagóra le duine údarás áitiúil dá fhaillí nó dá dhiúltú cnapshuim, liúntas nó aisce a dheonadh faoin Acht seo nó ranníoc a thabhairt ar ais faoin Acht seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne na faillí nó an diúltuithe sin.

(2) Más cúis éagóra le duine méid aon chnapshuime, liúntais nó aisce a dheoin údarás áitiúil faoin Acht seo, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun an Aire mar gheall ar a mhéid.

(3) Aon achomharc a dhéanfas duine faoin alt seo i gcoinne faillí maidir le ranníoca a dheonadh nó a thabhairt ar ais, déanfar é tráth nach déanaí ná ocht mí tar éis na himthosca a tharlachtaint a líomhnós sé a thug ar an údarás áitiúil na ranníoca a dheonadh nó a thabhairt ar ais, agus déanfar aon achomharc eile faoin alt seo tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an cinneadh is ábhar don achomharc a bheith curtha in iúl don achomharcóir.

(4) Nuair a déanfar achomharc faoin alt seo, féadfaidh an tAire diúltú don achomharc nó pé forála a dhéanamh is dóigh leis a bhí sé ceart ag an údarás áitiúil a dhéanamh, agus beidh éifeacht amhail is dá mb'iad an t-údarás áitiúil a rinne iad ag aon fhorála a dhéanfas an tAire amhlaidh.

Oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil a ceapfar ina státsheirbhíseach.

67. —(1) I gcás ina ndéanfar oifigeach inphinsin nó seirbhíseach inphinsin (is seirbhíseach inphinsin ag a bhfuil deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin) d'údarás áitiúil a cheapadh chun poist bhunaithe sa stát-sheirbhís, measfar chun críocha na nAcht Aoisliúntas gur seirbhís i bpost bunaithe sa stát-sheirbhís a sheirbhís áitiúil inphinsin (lasmuigh d'aon seirbhís den tsórt sin dá dtagartar i mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 11 nó i mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 34 den Acht seo).

(2) Más rud é, faoi na hAcht Aoisliúntas agus na hachtacháin (lena n-áirítear an tAcht seo) a bhaineas le deonadh aoisliúntais agus cúitimh i leith cailliúint oifige d'oifigigh nó seirbhísigh d'údaráis áitiúla, go bhfuil difríocht idir na sochair a fhaibhríos nó na coinníollacha a cháilíos daoine chun sochair, féadfaidh an tAire Airgeadais a chinneadh go ndéanfar modhnuithe sonraithe i gcomhréir leis an difríocht sin le haghaidh aon cháis áirithe lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo in aon mhéid a bheas le deonadh faoi na hAchta Aoisliúntas, agus déanfar dá réir sin na modhnuithe a cinnfear amhlaidh.

Ranníoca faoi Acht 1948 d'aisíoc.

68. —I gcás—

(a) duine a bheith i bpost ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, agus

(b) roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, ranníoca a bheith tugtha ar ais dó ag údarás áitiúil faoi Acht 1948,

beidh teideal aige an tsuim sin a tugadh ar ais dó amhlaidh d'aisíoc leis an údarás áitiúil roimh dheireadh pé tréimhse is réasúnach leis an údarás áitiúil in imthosca an cháis agus, má aisíocann sé an tsuim sin agus gur chúitigh aon chomhlucht eile aon chuid di leis an údarás áitiúil, déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile.

Ranníoca a thabhairt ar ais (Bardas Chorcaighe).

69. —(1) Más rud é—

(a) gur taifeadadh ainm duine faoi alt 63 d'Acht 1948 sa chlár a bhí á choimeád ag Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe faoi alt 38 den Acht sin, agus

(b) gur híocadh ina leith ranníoca faoin Acht sin leis an mBardas sin agus, ar dháta an Achta seo a rith, go mbeidh na ranníoca sin gan tabhairt ar ais dó,

íocfaidh an Bardas sin na ranníoca sin leis nó, má tá sé tar éis bháis, lena ionadaí dlíthiúil pearsanta.

(2) Déanfar íocaíocht a ceanglaítear a dhéanamh le fo-alt (1) den alt seo—

(a) mura bhfuil an duine atá i gceist i seirbhís Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe ar dháta an Achta seo a rith, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta a rite, agus,

(b) in aon chás eile, laistigh de thréimhse a shocrós an Bardas sin le rún.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 go 1955, rún a rith faoin alt seo.

Aisce d'aisíoc

70. —(1) Más rud é, tar éis aisce a bheith deonta ag údarás áitiúil do dhuine, go bhfaighidh an duine sin fostaíocht ina dhiaidh sin i bpost ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, beidh teideal aige, roimh dheireadh dhá mhí dhéag, nó pé tréimhse is sia ná sin a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, i ndiaidh a cheaptha iardain, an aisce sin d'aisíoc leis an údarás áitiúil agus, má aisíocann sé í—

(a) ansin, d'ainneoin aon fhorála eile, measfar nach tréimhse a bhfuair sé aisce ina leith an tréimhse ar deonadh an aisce sin ina leith, agus

(b) má chúitigh aon chomhlucht eile aon chuid di leis an údarás áitiúil, déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile sin.

(2) Más rud é—

(a) go mbeifear tar éis aisíoc a dhéanamh faoin alt seo le húdarás áitiúil, agus

(b) gur cás é inar íoc údarás áitiúil eile an aisce,

aistreoidh an t-údarás áitiúil céadluaite chun an údaráis áitiúil eile—

(i) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil céadluaite—leath an aisíoca, agus

(ii) in aon chás eile—an t-aisíoc go léir.

Forála maidir le hAcht 1948.

71. —(1) Ar thosach feidhme Coda II den Acht seo agus dá éis, scoirfear de choimeád gach cláir a bhí á choimeád faoi Chuid II d'Acht 1948 agus, dá réir sin, déanfar gach duine a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, ina oifigeach bunaithe do réir bhrí Achta 1948 d'áireamh, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, mar dhuine atá scortha de bheith ina oifigeach bunaithe den tsórt sin.

(2) Ar an lú lá d'Aibreán tar éis an tAcht seo a rith, agus d'éis an lae sin, scoirfear de choimeád gach cláir a bhí á choimeád faoi Chuid III d'Acht 1948 agus, dá réir sin, déanfar gach duine a bhí, díreach roimh an lá sin, ina sheirbhíseach bunaithe do réir bhrí Achta 1948 d'áireamh, ar an lá sin agus dá éis, mar dhuine atá scortha de bheith ina sheirbhíseach bunaithe den tsórt sin.

(3) Beidh éifeacht ag alt 66 d'Acht 1948 amhail is dá mbeadh foráil ann go bhféadfadh aon dá údarás a luaitear san alt sin, d'ainneoin aon fhorála eile san alt, comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích nach n-aisíocfaid aon airgead lena chéile faoin alt.

(4) Beidh éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 69 d'Acht 1948 amhail is dá bhfolaíodh an tagairt do mhír (a) d'alt 13 d'Acht 1948 tagairt do mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 den Acht seo agus go bhfolódh an tagairt do mhír (a) d'alt 42 d'Acht 1948 tagairt do mhír (a) d'alt 33 den Acht seo.

(5) Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 69 d'Acht 1948:

“(5) Beidh oifigeach chomh cáilithe céanna chun oifig a tairgfear dó de bhun an ailt seo a shealbhú agus a bheadh sé dá mba nár briseadh a sheirbhís leis an tréimhse a raibh sé ag fáil an liúntais lena linn.”

(6) Ní dhéanfaidh an tAire aon chinneadh faoi alt 70 d'Acht 1948 tar éis dáta an Achta seo a rith ach amháin i gcásanna a cuirfear faoina bhráid lena gcinneadh roimh an dáta sin.

(7) Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoi alt 72 d'Acht 1948 tar éis an tAcht seo a rith.

(8) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) d'alt 75 d'Acht 1948:

“(1) (a) I gcás duine lena bhfuil liúntas iníoctha faoin Acht seo nó faoi aon Acht roimhe seo ag údarás áitiúil nó ag bord ospidéil mheabhair-ghalar d'fháil aon íocaíochta (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige, más ann) ó údarás áitiúil nó ó bhord ospidéil mheabhair-ghalar nó as airgead a sholáthraigh an tOireachtas i leith seirbhísí a tugadh (ar seirbhísí iad a tugadh mar oifigeach nó mar sheirbhíseach, mar oifigeach nó seirbhíseach ospidéil mheabhair-ghalar nó mar mhúinteoir, nó ar seirbhísí iad a n-íoctar astu le táillí i gcáilíocht tuarastail), ní híocfar níos mó den liúntas leis in aon bhliain áirithe ná an méid is ionann, ar an íocaíocht sin a chur leis, agus an luach saothair (lena n-áirítear an luach in airgead atá ar shochair oifige, más ann) a ghabh leis an sean-oifig nó leis an sean-fhostaíocht.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo más amhlaidh a tugadh na seirbhísí in oifig nó i bhfostaíocht a sealbhaíodh i gcomhthráth leis an oifig nó an fhostaíocht ar deonadh an liúntas ina leith”.

(9) Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 75 d'Acht 1948:

“(5) D'ainneoin na bhforál roimhe seo den alt seo, más rud é go ndearnadh liúntas is iníoctha faoin Acht seo nó faoi aon Acht roimhe seo—

(a) a dheonadh do dhuine i gcás inar tharla—

(i) gur cuireadh nó gur scaoileadh as a phost faoi údarás áitiúil é ar chúis seachas mí-iompar nó neamh-oiriúnacht, nó

(ii) gur cuireadh deireadh lena phost faoi údarás áitiúil, nó

(iii) go ndearnadh a phost d'athrú go hábhartha chun dochair dó trí athruithe a rinneadh ar choinníollacha gan chúis réasúnach agus gur éirigh sé as a phost faoi údarás áitiúil, agus

(b) mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeadh feidhm ar an liúntas ag fionraí, maolú nó laghdú mar gheall ar mhéadú íocaíochta as seirbhísí a tugadh, ar méadú é a deonadh mar chúiteamh in arduithe a tharla, ó deonadh an liúntas, ar an gcostas maireachtana,

ní déanfar an fionraí, an maolú ná an laghdú sin.”

(10) Más rud é, ar Acht 1948 a rith, gur tharla do liúntas, nach raibh feidhm air díreach roimh an Acht sin a rith ag alt 49 d'Acht 1925, bheith ina liúntas ar chuí feidhm a bheith air ag alt 75 d'Acht 1948, measfar nach raibh feidhm riamh ag an alt sin 75 maidir leis an liúntas.

(11) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (2) agus (3) d'alt 76 d'Acht 1948:

“(2) Féadfaidh údarás áitiúil, chun aon chríche a bhaineas le híocaíochtaí de bhun an ailt seo, a cheangal go ndéanfar pé dearbhuithe is dóigh leo is gá, agus ní bheidh duine lena ndéanfar aon íocaíocht den tsórt sin i dteideal an íocaíocht sin d'fháil má fhaillíonn sé aon dearbhú a dhéanamh a ceanglófar air a dhéanamh mar adúradh.

(3) Duine ar bith a dhéanfas go toiliúil míráiteas i dtaobh fíorais ábhartha in aon dearbhú den tsórt sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.”

(12) Ní tabharfar aon deontas faoi alt 77 d'Acht 1948 tar éis an tAcht seo a rith ach amháin i gcásanna inar tharla an díobháil roimh an Acht seo a rith.

(13) Ní tabharfar aon fhógra faoi alt 78 d'Acht 1948 tar éis an tAcht seo a rith.

(14) I gcás duine a ceapadh chun poist bhunaithe sa státsheirbhís roimh an Acht seo a rith, forléireofar fo-alt (1) d'alt 82 d'Acht 1948 amhail is dá n-achtaítí é gan an focal “bunaithe” sa chéad áit ina bhfuil an focal sin agus gan na focail “ag a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin agus”.

(15) Ní déanfar aon chinneadh faoi alt 83 d'Acht 1948 tar éis an tAcht seo a rith agus beidh éifeacht ag an alt amhail is dá mbeadh foráil ann go bhféadfaidh an tAire Airgeadais agus údarás áitiúil, d'ainneoin aon fhorála eile san alt, comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích nach ndéanfar aon aisíoc faoin alt leis an údarás áitiúil sin.