19 1956


Uimhir 19 de 1956.


AN tACHT SOLÁTHAIR SHÍOLTA AGUS LEASACHÁN, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ DO CHOMHAIRLÍ CONTAETHE SCÉIMEANNA A DHÉANAMH CHUN SÍOLTA CRUITHNEACHTAN, SÍOLTA EORNAN, SÍOLTA COIRCE AGUS PRÁTAÍ SÍL AGUS LEASACHÁIN A DHÍOL AGUS SCÉIMEANNA A DHÉANAMH CHUN RÁTHAÍOCHTAÍ A THABHAIRT I LEITH DÍOLACHÁN AON tSÍOLTA, PRÁTAÍ SÍL NÓ LEASACHÁN DEN tSÓRT SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE (LENA nÁIRÍTEAR BAILÍOCHTAÍ ÁIRITHE) A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [22 Bealtaine, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “earraí” síolta agus leasacháin nó síolta amháin nó leasacháin amháin, do réir mar is gá sa chás;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “tréimhse dhíolacháin” tréimhse nach faide ná dhá mhí dhéag agus dar críoch an 31ú lá d'Iúil i mbliain ar bith;

ciallaíonn “síolta” síolta cruithneachtan, síolta eornan, síolta coirce agus prátaí síl agus iad sin amháin.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo do dhíol earraí ag comhairle chontae nó do cheannach earraí uathu d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos idirbhearta ina ndéanfaidh nó ina ndearna an chomhairle socrú chun déileálaí sna hearraí sin do sholáthar earraí do dhuine ag a bhfuil údarás ón gcomhairle na hearraí sin d'fháil.

Scéimeanna díolacháin.

2. —(1) Féadfaidh comhairle chontae scéim a dhéanamh agus a chur i gcrích trína ngabhfaid orthu féin síolta agus leasacháin nó síolta amháin nó leasacháin amháin a dhíol i dtréimhse dhíolacháin shonraithe le haon áititheoir nó saothraitheoir talún sa chontae nó i gcuid áirithe den chontae.

(2) Ní déanfar scéim faoin alt seo roimh thosach na tréimhse trí mhí dhéag dar críoch lá deiridh na tréimhse díolacháin a sonrófar sa scéim.

(3) Má dhíolann comhairle chontae, de bhun scéime faoin alt seo, síolta agus leasacháin nó ceachtar acu, féadfaid a dhéanamh amach cad é méid iomlán na gcostas agus na gcaiteachas (lasmuigh den phraghas d'íoc an chomhairle ar na síolta agus na leasacháin nó ar na síolta nó ar na leasacháin, do réir mar bheas) faoina ndeachaigh an chomhairle i leith gach díola de bhun na scéime, agus féadfaid an méid sin a chionroinnt ar na daoine éagsúla ar díoladh na hearraí leo, agus air sin cuirfear an tsuim a cionroinnfear amhlaidh ar aon duine den tsórt sin leis an suim a bheas ag an gcomhairle ar an duine sin i leith an díola de bhun na scéime, agus beidh sí agus measfar go raibh sí riamh ina cuid den tsuim sin, agus féadfar í a ghnóthú dá réir sin faoin Acht seo, d'ainneoin nach ndearnadh tráth an díola sin aon chomhaontú maidir lena híoc.

(4) Má dhíolann comhairle chontae, de bhun scéime faoin alt seo, aon earraí le duine ar bith, gabhfaidh ús ar an suim is iníoctha aige leis an gcomhairle i leith an díola do réir pé ráta faoin gcéad sa bhliain a shocrós an chomhairle chuige sin, d'ainneoin nach ndearnadh tráth an díola aon chomhaontú chun ús d'íoc.

(5) Aon tsuim a bheas dlite do chomhairle chontae i leith díola aon earraí de bhun scéime faoin alt seo (lena n-áirítear an t-ús agus an cion de na costais agus na caiteachais is iníoctha de bhuaidh an ailt seo), íocfar leis an gcomhairle í ar an modh agus laistigh den tréimhse a sonrófar sa scéim agus féadfar í a bhailiú agus a ghnóthú ar an modh a húdaraítear leis an Acht seo.

(6) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, scéim a dhéanamh faoin alt seo.

Scéimeanna le haghaidh ráthaíochtaí.

3. —(1) Féadfaidh comhairle chontae scéim a dhéanamh agus a chur i gcrích trína ngabhfaid orthu féin a ráthú d'aon cheannaí síl ceadaithe go n-íocfar go cuí leis an gceannaí an praghas iomlán, nó cion sonraithe den phraghas, is iníoctha ag áititheoir ceadaithe nó saothraitheoir ceadaithe talún sa chontae ar shíolta agus leasacháin nó ar shíolta amháin nó leasacháin amháin a sholáthrós an ceannaí don áititheoir nó don tsaothraitheoir i dtréimhse dhíolacháin shonraithe.

(2) Ní déanfar scéim faoin alt seo roimh thosach na tréimhse trí mhí dhéag dar críoch lá deiridh na tréimhse díolacháin a sonrófar sa scéim.

(3) Má thugann comhairle chontae ráthaíocht de bhun scéime faoin alt seo do cheannaí síl ceadaithe agus, de dhroim mainneachtana an áititheoira nó an tsaothraitheora lena mbaineann an ráthaíocht, go ndéanfaidh an chomhairle aon íocaíocht leis an gceannaí faoin ráthaíocht, féadfaidh an chomhairle aon tsuim, is inghnóthaithe go dleathach acu ón áititheoir nó ón saothraitheoir nó óna urraí (más ann) de bhíthin na híocaíochta, a ghnóthú faoin Acht seo (i dteannta aon mhodha eile chun í a ghnóthú agus gan dochar dó sin) amhail is dá mba shuim í a bhí iníoctha ag an áititheoir, ag an saothraitheoir nó ag an urra (do réir mar bheas) i leith earraí a dhíol an chomhairle leis de bhun scéime faoin Acht seo.

(4) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, scéim a dhéanamh faoin alt seo.

(5) San alt seo ciallaíonn “ceadaithe” ceadaithe ag an gcomhairle áirithe.

Gnóthú suimeanna is iníoctha le comhairlí contae faoi scéimeanna.

4. —I dteannta aon mhodha eile, agus gan dochar dó, chun aon tsuim a ghnóthú is iníoctha le comhairle chontae i leith nó de bhíthin earraí a dhíol an chomhairle de bhun scéime faoin Acht seo i dtréimhse dhíolacháin, féadfaidh an chomhairle gach suim a bheas gan íoc leis an gcomhairle nó gan gnóthú acu roimh an lú lá d'Eanáir i ndiaidh deiridh na tréimhse sin—

(a) i gcás an duine ag a bhfuil an tsuim iníoctha a bheith rátaithe (ar shlí seachas nar únaer tí chónaithe bhig do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 )) faoin ráta contae sa chontae, a ghnóthú tríd an gcomhairle do thobhach ráta speisialta, a measúnófar ar an tionóntán, nó ar pé ceann a roghnós an chomhairle de na tionóntáin, a bhfuil an duine sin rátaithe amhlaidh ina leith, agus baileofar í agus féadfar í a ghnóthú ar an modh céanna agus ar an gcuma chéanna leis an ráta contae, nó

(b) i gcás gan an duine ag a bhfuil an tsuim iníoctha a bheith rátaithe mar adúradh faoin ráta contae sa chontae, a ghnóthú trí ráta speisialta a ghearrfas an chomhairle chun críocha an ailt seo agus a rátófar an duine sin faoi agus a baileofar agus a féadfar a ghnóthu ar an modh céanna agus ar an gcuma chéanna leis an ráta contae.

Cúiteamh páirteach ón Stát i suimeanna nach féidir a ghnóthú.

5. —Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, leath gach suime a mbaineann na coinníollacha seo a leanas go léir léi a chúiteamh, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, le haon chomhairle chontae:

(a) go bhfuil an tsuim iníoctha leis an gcomhairle ag duine ar bith i leith nó de bhíthin earraí a dhíol an chomhairle leis an duine sin de bhun scéime faoin Acht seo, nó i leith nó de bhíthin íocaíochta a rinne an chomhairle le ceannaí síl de bhun ráthaíochta a tugadh de bhun scéime faoin Acht seo don cheannaí i leith earraí a sholáthraigh sé don duine sin,

(b) gur deimhin leis an Aire gur ghlac an chomhairle cúram réasúnach maidir le roghnú nó ceadú an duine sin sarar díoladh na hearraí nó sarar tugadh an ráthaíocht (do réir mar bheas) ar tharla an tsuim a bheith iníoctha leis an gcomhairle ina leith,

(c) go bhfuil deimhnithe ag an Aire nach féidir leis an gcomhairle an tsuim a ghnóthú ón duine sin.

Cumhacht chun airgead d'fháil ar iasacht.

6. —Féadfaidh comhairle chontae, le ceadú an Aire, suimeanna d'fháil ar iasacht is gá chun earraí a sholáthar lena ndíol ag an gcomhairle de bhun scéime faoin Acht seo, agus ní déanfar aon tsuim a gheofar ar iasacht amhlaidh d'áireamh mar chuid d'fhiach na comhairle chun críche aon achtacháin a thórainníos cumhachta na comhairle chun iasacht d'fháil.

Bailíochtaí.

7. —Más ar an 31ú lá d'Iúil, 1956, a chríochnós an tréimhse dhíolacháin a sonrófar i scéim a dhéanfas comhairle chontae faoin Acht seo—

(a) is bailí chun gach críche rud ar bith a rinne comhairle na contae roimh an tAcht seo a rith, nó a dhéanfaid dá éis sin, i dtosach agus in oirchill ar dhéanamh na scéime, ionann is dá mbeadh an tAcht seo agus an scéim i ngníomh tráth a dhéanta, agus measfar é a bheith arna dhéanamh faoin bhforáil iomchuí den Acht seo nó den scéim, agus

(b) is bailí chun gach críche aon cheadú, maidir le hiasacht d'fháil, a thug an tAire roimh an Acht seo a rith nó a bhéarfas sé dá éis sin, i dtosach agus in oirchill ar dhéanamh na scéime, ionann is dá mbeadh an tAcht seo agus an scéim i ngníomh tráth a thabhartha, agus measfar é a bheith arna thabhairt faoi alt 6 den Acht seo.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht Soláthair Shíolta agus Leasachán, 1956 , a ghairm den Acht seo.