An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Dleachta Stampa.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Dleachta ar Thobac.)

22 1956

AN tACHT AIRGEADAIS, 1956

CUID VII.

Ilghnéitheach agus Ginearálta.

Aistriú as an Ród-Chiste chun an Chiste Chaipitil.

32. —Déanfar suim £500,000 d'aistriú chun an Chiste Chaipitil agus d'íoc leis as an Ród-Chiste pé tráth nó trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

33. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 );

ciallaíonn “alt leasúcháin 1955” alt 18 den Acht Airgeadais, 1955 ( Uimh. 13 de 1955 );

ciallaíonn “an séú blianacht bhreise” an tsuim a muirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá leis na habairtí “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna atá leo faoi seach sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasúcháin 1955, maidir leis na naoi mbliana airgeadais fichead d'éis a chéile a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957, ach “£763,950” a chur in ionad “£688,618”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasúcháin 1955 ach “£484,650” a chur in ionad “£445,446”.

(4) Déanfar suim £667,560 le haghaidh fuascailte iasacht, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais d'éis a chéile a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957.

(5) Íocfar an séú blianacht bhreise isteach sa Chuntas i pé slí, agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí, a chinnfeas an tAire.

(6) Féadfar aon chuid den séú blianacht bhreise, nach mó ná £464,100 in aon bhliain airgeadais, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí d'íoc.

(7) Úsáidfear iarmhéid na séú blianachta breise in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Díolúine ó chánachas— stoic nó urrúis eile áirithe.

34. —(1) Baineann an t-alt seo le haon stoc nó urrús eile ar a bhfuil ús iníoctha gan cáin ioncaim d'asbhaint de bhuaidh orduithe ón Aire Airgeadais de bhun ailt 12 den Acht Airgeadais 1954 ( Uimh. 22 de 1954 ), nó ailt 5 den Acht Airgeadais, 1955 (Uimh. 13 de 1955) .

(2) Féadfar aon stoc nó urrús eile lena mbaineann an t-alt seo d'eisiúint ar cheachtar coinníoll nó an dá choinníoll acu seo a leanas:

(a) nach ndlífear aon chánachas a ghearradh sa Stát ar chaipiteal ná ús an stoic nó an urrúis eile faid a taispeánfar sa tslí a ordós an tAire Airgeadais go bhfuil an stoc nó an t-urrús eile ar únaeracht tairbhiúil ag daoine nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí orthu sa Stát,

(b) nach ndlífear cáin ioncaim a ghearradh ar ús an stoic nó an urrúis eile faid a taispeánfar sa tslí a ordós an tAire Airgeadais go bhfuil an stoc nó an t-urrús eile ar únaeracht tairbhiúil ag daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát cé go bhfuil sainchónaí orthu ann,

agus, i gcás gach stoic nó urrúis eile den tsórt sin a heisíodh mar adúradh, deonfar díolúine ó chánachas dá réir sin.

(3) Glacfar le haon díolúine a bheirtear leis an alt seo, chomh fada is bhaineas le dleachta is intobhaigh ar bhás nó i leith báis, mar dhíolúine ag a raibh feidhm maidir le daoine ar díreach roimh an mbás agus nach ina dhiaidh a bhí na stoic nó na hurrúis eile ar únaeracht tairbhiúil acu.

(4) Measfar fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo a theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1955.

Leasú ar alt 8 den Superannuation Act, 1887.

35. —Déantar leis seo alt 8 den Superannuation Act, 1887 (a bhai eas le suimeanna nach mó ná céad punt a dháileadh gan phrobháid i gcásanna áirithe) a leasú trí “five hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds”.

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

36. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

37. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas le dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíos nó a leathnaíos an tAcht sin.

(5) Measfar Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1956, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.