An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. An Coinbhinsiún a chur i bhFeidhm agus Pionóis.)

25 1956

AN tACHT UM OLA-THRUAILLIÚ NA FARRAIGE, 1956

CUID II.

Truailliú na Farraige le hOla a Chosc.

Réigiúin toirmiscthe.

9. —(1) Faoi réir fo-ailt (3), is réigiúin toirmiscthe do theaincéirí na límistéirí a sonraítear i gCoda I agus III den Sceideal.

(2) Faoi réir fo-ailt (3), is réigiúin toirmiscthe do longa seachas teaincéirí na límistéirí farraige a sonraítear i gCoda II agus IV den Sceideal.

(3) Chun éifeacht a thabhairt d'aon athrú ar límistéirí farraige do réir Choinbhinsiúin 1954 nó chun feidhm a thabhairt d'aon Choinbhinsiún ina dhiaidh sin nó chun cóstaí an Stáit a chosaint, féadfaidh an tAire, le hordú, aon réigiúin toirmiscthe a leathnú nó a laghdú nó a dhearbhú gur réigiún toirmiscthe do theaincéirí nó do longa eile aon límistéir shonraithe farraige, agus féadfaidh sé aon ordú faoin bhfo-alt seo a leasú.

Ola a scaoileadh amach i réigiúin toirmiscthe.

10. —(1) Baineann an t-alt seo le hola amh, ola bhreosla agus ola bhealála.

(2) Bainfidh an t-alt seo freisin le haon ola throm diesel nó le haon tsórt eile ola a forordófar.

(3) Beidh únaer agus fós máistir aon loinge atá cláraithe sa Stát ciontach i gcion má scaoileann an long amach, i réigiún atá ina réigiún toirmiscthe don long sin, aon ola lena mbaineann an t-alt seo nó aon mheascán ina bhfuil ola den tsórt sin a shalaíos dromchla na farraige.

(4) Chun na críche seo, más lú ná céad rann ola i milliún rann den mheascán an méid ola atá in aon mheascán olach measfar gan é do shalú dromchla na farraige.

(5) Féadfaidh an tAire eisceachtaí d'fho-alt (3) d'fhorordú, go hiomlán nó ar choinníollacha sonraithe, agus go ginearálta nó d'aicmí sonraithe long, nó maidir le cineálacha áirithe ola nó meascán olach, nó maidir lena scaoileadh amach in imthosca sonraithe, nó maidir le límistéirí áirithe farraige.

Ola a scaoileadh amach i bhfarraigí tórann agus in uiscí intíre.

11. —(1) Má scaoiltear (go díreach nó go neamhdhíreach) aon ola nó meascán olach amach i bhfarraigí tórann an Stáit nó sna huiscí intíre sa Stát intseolta ag árthaí farraige, ansin, i gcás a scaoilte—

(a) as árthach, beidh únaer agus fós máistir an árthaigh,

(b) as áit ar tír, beidh áititheoir na háite sin,

(c) as goireas chun ola d'aistriú isteach in árthach nó amach as árthach, beidh an duine i bhfeighil an ghoiris,

ciontach i gcion.

(2) Féadfaidh máistir cuain áit a shonrú ina bhféadfar uisce balasta árthaigh, ar hiompraíodh last de bhiotáille phetroleum inti, a scaoileadh amach in uiscí an chuain pé trátha agus ar pé coinníollacha a ordós sé. Ní cion é uisce balasta nach bhfuil aon ola ann seachas biotáille phetroleum a scaoileadh amach do réir na n-orduithe sin.

Cosaint do scaoileadh amach ola in imthosca speisialta.

12. —(1) Ní bhainfidh ailt 10 agus 11—

(a) le scaoileadh ola nó meascáin olaigh amach as árthach chun an t-árthach a dhéanamh sábháilte, chun damáiste don árthach nó dá last a chosc, nó chun duine a tharrtháil, má bhí an scaoileadh sin riachtanach agus réasúnach sna himthosca áirithe, ná

(b) le héaló ola nó meascáin olaigh as árthach, de dheasca damáiste don árthach nó de dheasca aon tsilte aisti, nach neamhchúram míréasúnach faoi deara é, má glacadh gach cúram réasúnach tar éis an damáiste a bheith déanta nó an sileadh a bheith faighte chun an t-éaló a chosc nó é a laghdú an méid dob fhéidir.

(2) Ní bhainfidh alt 11 le héaló ola nó meascáin olaigh as aon áit nó goireas, murab aon neamhchúram míréasúnach faoi deara an t-éaló agus má rinneadh gach beart ba réasúnach tar éis an t-éaló a bheith faighte amach, chun an t-éaló a stopadh nó a laghdú an méid dób fhéidir.

(3) Ní bhainfidh alt 11 le útruisce as aon áit i gcás an útruisce a theacht de thoradh oibríochtaí chun ola a scagadh. más rud é—

(a) nárbh fhéidir do réir réasúin an útruisce a dhiúscairt ach trína scaoileadh amach amhlaidh, agus

(b) go ndearnadh gach beart réasúnach chun ola a bhaint as an útruisce, agus

(c) má salaíodh le hola, nuair a scaoileadh an útruisce, dromchla na n-uiscí inar scaoileadh an meascán, nó an tír a thadhlaíos na huiscí sin, go dtaispeánfar nach ola in aon útruisce a scaoileadh as an áit sin, an tráth sin nó roimhe, a bhí ina chúis nó ina leas-chúis leis an salú.

Saoraidi cuain chun iarmhar olach a dhiúscairt.

13. —(1) Féadfaidh údarás cuain saoráidí a sholáthar, nó a chur faoi deara go soláthrófar iad, chun iarmhar olach a scaoileadh as árthaí a úsáidfeas an cuan agus féadfaidh socrú a dhéanamh chun é a dhiúscairt.

(2) Aon uair is dóigh leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás cuain agus le haon eagras a chítear dó a bheith ionadaitheach d'únaerí long atá cláraithe sa Stát, go bhfuil na saoráidí nó na socruithe sin riachtanach i gcuan áirithe, nó nach leor na saoráidí atá ann, féadfaidh sé a cheangal ar an údarás cuain pé soláthar is riachtanach leis a dhéanamh laistigh de pé tréimhse is riachtanach leis agus féadfaidh sé cur leis an tréimhse chun aon cheanglas den tsórt sin a chomhlíonadh.

(3) Ní bheidh ar údarás cuain aon tsaoráidí a soláthrófar faoin alt seo a chur ar fáil le haghaidh teaincéirí ná le haghaidh iarmhar olach a scaoileadh chun go bhféadfar deisiúchán a dhéanamh ar árthach ná ní bheidh air a cheadú iarmhar a dhiúscairt nach mbeidh an t-uisce bainte as go héifeachtúil ach, faoi réir na nithe sin, beidh na saoráidí sin ar fáil ag gach árthach a úsáidfeas an cuan.

(4) Aon údarás cuain a sholáthrós, nó aon duine a sholáthrós trí chomhshocraíocht le húdarás cuain, saoráidí le haghaidh árthach do réir an ailt seo, féadfaidh sé muirir réasúnacha a ghearradh, agus coinníollacha réasúnacha d'fhorchur, le haghaidh úsáid na saoráidí sin.

Scaoileadh ola i gcuanta a chur in iúl.

14. —(1) Más rud é—

(a) go scaoilfear aon ola nó meascán olach as árthach in uiscí cuain chun an t-árthach a dhéanamh sábháilte, chun damáiste don árthach nó dá last a chosc, nó chun duine a tharrtháil, nó

(b) go bhfaighfear amach go bhfuil aon ola nó meascán olach ag éaló nó tar éis éaló as árthach sna huiscí sin, de dheasca damáiste don árthach nó de dheasca aon tsilte aisti, nó as aon áit ar tír,

cuirfidh únaer agus máistir an árthaigh, nó áititheoir na háite, pé acu é, in iúl láithreach don mháistir cuain gur tharla sin agus an chúis gur tharla sé.

(2) Duine ar bith nach gcomhlíonfaidh fo-alt (1), beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Ola d'aistriú san oíche.

15. —(1) Ní déanfar, idir luí gréine agus éirí gréine, aon ola d'aistriú isteach in árthach, ná d'aistriú amach as árthach, i gcuan, murar tugadh fógra roimh ré, do réir an ailt seo, don mháistir cuain.

(2) Bhéarfar fógra trí huaire a chloig ar a laghad agus sé huaire nóchad a chloig ar a mhéid roimh thosnú ar an ola d'aistriú ach, má déantar ola d'aistriú go minic in áit áirithe, is leor fógra ginearálta sa chéill sin le haghaidh tréimhse nach mó ná dhá mhí dhéag ó dháta an fhógra.

(3) Má déantar aon ola d'aistriú isteach in árthach nó amach as árthach, contrártha don alt seo, beidh máistir an árthaigh, agus, más as áit nó chun áite ar tír a haistreofar an ola, beidh an t-áititheoir freisin, ciontach i gcion, agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(4) Ní beidh feidhm ag an alt seo i gcás ola dá haistriú ag an máistir cuain nó ar ordú uaidh nó ag an oifigeach i gceannas briogáide tóiteáin, nó ar ordú uaidh, i gcás tóiteán a bheith ann.

Trealmhú long chun truailliú le hola a chosc.

16. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go bhfeisteofar longa atá cláraithe sa Stát ar chuma, agus go gcomhlíonfaid ceanglais de shórt, a choiscfeas nó a laghdós scaoileadh ola nó meascán olach sa bhfarraige.

(2) Féadfaidh suirbhéir long agus pé daoine eile a cheapfas an tAire pé tástála a dhéanamh a forordófar chun críche an ailt seo agus féadfaidh pé táillí a ordós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a ghearradh i leith na dtástála sin.

(3) Má déantar rialacháin faoin alt seo a shárú i leith loinge, beidh únaer, agus fós máistir na loinge, ciontach i gcion. Is cion leanúnach an cion agus féadfar imeachta nua a thionscnamh ina leith ó am go ham.

Taifid ola a choimeád.

17. —(1) Coimeádfaidh máistir loinge atá cláraithe sa Stát na taifid fhorordaithe i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a) scaoileadh aon ola nó meascáin olaigh as an loing chun an long a dhéanamh sábháilte, chun damáiste don loing nó dá last a chosc, nó chun duine a tharrtháil;

(b) éaló aon ola nó meascáin olaigh as an loing, de dheasca damáiste don loing nó de dheasca aon tsilte aisti;

(c) déanamh oibríochtaí forordaithe, arb é a bheas iontu—

(i) dabhaigh lasta nó dabhaigh bhreosla bhuncair a bhalastú agus balasta a scaoileadh astu, agus na dabhaigh sin a ghlanadh, nó

(ii) ola in aon mheascán olach a dheighilt, nó

(iii) aon ola, uisce nó substaint eile, de thoradh na n-oibríochtaí sin, a chur amach as an loing, nó

(iv) aon iarmhar olach a dhiúscairt.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal taifid fhorordaithe a choimeád i dtaobh ola d'aistriú isteach in aon árthach nó amach as aon árthach, pé acu tá nó nach bhfuil an t-árthach cláraithe sa Stát, le linn di a bheith i bhfarraigí tórann nó in uiscí intíre an Stáit. Is é an duine a sholáthrós an ola nó an duine dá seachadfar í, faoi seach, a choimeádfas na taifid i dtaobh ola d'aistriú isteach i mbáirse nó d'aistriú amach aisti. I ngach cás eile is é máistir an árthaigh a choimeádfas na taifid.

(3) Féadfaidh rialacháin chun críocha an ailt seo foráil a dhéanamh i dtaobh taifid a choinneáil, a chaomhaint, a dhiúscairt agus d'iniúchadh agus i dtaobh pé nithe foleantacha eile a forordófar.

(4) Beidh gach duine a shárós an t-alt seo, nó rialacháin faoi, ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad agus caoga punt a chur air.

(5) Gach duine a chuirfeas i dtaifead aon ní nó aon athrú is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phone ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad agus caoga punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúntacht sin le chéile.

Feidhm alt 16 agus 17 (1) maidir le longa coigríche.

18. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, feidhm a thabhairt d'alt 16 nó d'fho-alt (1) d'alt 17 maidir le longa atá cláraithe i dtíortha eile le linn dóibh bheith i gcuan sa Stát nó bheith laistigh de na farraigí tórann agus iad ar bealach go dtí cuan sa Stát nó uaidh, mura drochaimsir nó ní éigin eile gan choinne nárbh fhéidir a sheachaint faoi deara iad a bheith ann.

(2) Féadfaidh an Rialtas le hordú, long tíre ar bith a dhíolmhadh ón bhfeidhm sin, más deimhin leo go bhfuil ceanglais dlí na tíre sin chomh héifeachtúil céanna agus go gcomhlíonann an long iad.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm.