39 1956


Uimhir 39 de 1956.


AN tACHT TORADH DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS A DHÉANAMH SEASMHACH) (LEASÚ), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT TORADH DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS A DHÉANAMH SEASMHACH), 1935 GO 1941, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN TOBHAIGH D'FHORCHUR AR IM ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN TÁILLÍ A GHEARRADH AR CHEADA ÁIRITHE. [27 Samhain, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht agus Acht 1941.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Toradh Déiríochta (Praghas a Dhéanamh Seasmhach), 1935 (Uimh. 21 de 1935) agus ciallaíonn “Acht 1941” an t Acht Toradh Déiríochta (Praghas a Dhéanamh Seasmhach) (Leasú), 1941 (Uimh. 9 de 1941) .

Forléiriú.

2. —Déanfar an tAcht seo agus na hAchta Toradh Déiríochta (Praghas a Dhéanamh Seasmhach), 1935 go 1941, a léamh agus d'fhorléiriú mar aon ní amháin, agus beidh le gach focal agus abairt dá dtugann an Príomh-Acht brí nó léiriú áirithe, agus a húsáidtear san Acht seo, an bhrí nó an léiriú a thugann an Príomh-Acht dó.

Tobhaigh ar im allmhuirithe a bheas ar seilbh ag dílseánaigh chláraithe uachtarlann.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, a dhearbhú le hordú—

(a) go mbeidh dáta sonraithe (dá ngairmtear an dáta ceaptha sa bhfo-alt seo) ina dháta ceaptha chun críocha an orduithe, agus

(b) go ndéanfaidh gach dílseánach cláraithe uachtarlainne tobhach, do réir an ráta a sonrófar san ordú, d'íoc leis an Aire ar an im allmhuirithe go léir a bheas ar seilbh ag an dílseánach sin, nó thar a cheann, ar an dáta ceaptha.

(2) Beidh feidhm dlí ag gach ordú a dhéanfas an tAire faoin alt seo.

(3) Beidh gach tobhach faoin alt seo dlite agus iníoctha an seachtú lá i ndiaidh an dáta a ndearbhófar leis an ordú a fhorchuirfeas an tobhach gurb é an dáta ceaptha é chun críocha an orduithe.

(4) Beidh feidhm maidir le haon tobhach faoin alt seo ag ailt 21 agus 23 den Phríomh-Acht i dteannta agus faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin le rá:

(a) forléireofar mar thagairtí don alt seo tagairtí sna hailt sin do Chuid III den Phríomh-Acht,

(b) déanfar na tagairtí do dhleacht-mhí d'fhorléiriú mar thagairtí don dáta a ndearbhófar leis an ordú a fhorchuirfeas an tobhach gurb é an dáta ceaptha é chun críocha an orduithe.

(5) Déanfar an t-airgead uile a gheobhas an tAire ó am go ham de bhun aon tobhaigh faoin alt seo d'íoc isteach sa chiste toradh déiríochta (praghas a dhéanamh seasmhach).

Srian le him a-dhíol i límistéir shonraithe, etc.

4. —(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin, arna ndéanamh i leith límistéire sonraithe, a fhoráil nach ndéanfaidh duine ar bith (seachas comhlucht údaraithe)—

(a) aon im lena mbaineann an t-alt seo a dhíol sa límistéir sin,

(b) aon im den tsórt sin d'fháil chun a dhíolta sa límistéir sin,

(c) aon im den tsórt sin a sholáthar chun a dhíolta sa límistéir sin, ná

(d) aon im den tsórt sin a sholáthar do dhílseánach lónlainne sa límistéir sin ná do cheann aon fhorais sa límistéir sin,

mura rud é gur comhlucht údaraithe, nó duine a fuair é ó chomh lucht údaraithe, a sholáthraigh an t-im dó.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “im lena mbaineann an t-alt seo” aon im is—

(a) im uachtarlainne, nó

(b) im allmhuirithe;

ciallaíonn “comhlucht údaraithe” eagras larnach margaíochta a oibríos faoi rialacha a cheadaigh an tAire faoin bPríomh-Acht;

ciallaíonn “lónlann” pronnlann, óstán, teach iostais, teach aíochta, teach lóistín, café, tae-sheomra, ceaintín nó club;

ciallaíonn “foras” ospidéal, sanatóir, teach eadarshláinte, teach altranais, scoil, coláiste, coinbhint, mainistir, nó aon fhoras dá samhail.

Srian leis na críocha chun a bhféadfar im a dhíol, a cheannach nó d'úsáid.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil nach ndéanfaidh duine ar bith im lena mbaineann an t-alt seo a cheannach, a dhíol ná d'úsáid chun aon chríche seachas gnáth-úsáid teaghlaigh nó úsáid a húdarófar le cead ón Aire.

(2) Féadfar le rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh maidir le ceada a dheonadh chun críocha na rialachán agus maidir le coinníollacha a chur leis na ceada sin.

(3) Déanfar pé táille (más ann) a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham a ghearradh, a thobhach agus d'íoc as cead a dheonadh faoi rialacháin faoin alt seo.

(4) Déanfar na táillí uile a gearrfar agus a toibheofar de bhua an ailt seo a bhailiú agus a thógaint i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir mar ordós an tAire sin.

(5) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí a gearrfar agus a toibheofar de bhua an ailt seo.

(6) San alt seo ciallaíonn “im lena mbaineann an t-alt seo” im is—

(a) im uachtarlainne,

(b) im ar cumasc é d'im uachtarlainne agus d'im nach im a rinneadh in uachtarlann, nó

(c) im allmhuirithe.

Srian le him-bhoscaí folamha a dhíol.

6. —(1) Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin nach ndíolfar im-bhoscaí folamha de shaghas sonraithe ach amháin le daoine sonraithe agus ar phraghsanna sonraithe.

(2) San alt seo ciallaíonn “im-bhosca” bosca inar díoladh im uachtarlainne.

Alt 38 den Phríomh-Acht a leasú.

7. —Déantar leis seo alt 38 den Phríomh-Acht a leasú—

(i) trí “duine ar bith” a chur in ionad “déantóir” i bhfo-alt (1),

(ii) trí “duine” a chur in ionad “déantóir ime” i bhfo-alt (3), agus

(iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt sin:

“(5) Féadfar le hordú faoin alt seo, maidir le haon tsaghas ime lena mbaineann an t-ordú, an t-aon phraghas uasta amháin nó dhá phraghas uasta nó níos mó a cheapadh a athrós do réir gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) an chainníocht ime a díolfar,

(b) an sórt duine a cheannós an t-im, agus

(c) modh pacála an ime.”

Alt 41 (6) den Phríomh-Acht a leasú.

8. —Déantar leis seo fo-alt (6) d'alt 41 den Phríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1941, a leasú tuilleadh trí “nó pé liúntais ar im nó ar aon toradh bainne” a chur isteach ann i ndiaidh “rann-íoca”.

Alt 9 (2) d'Acht 1941 a leasú.

9. —Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 9 d'Acht 1941 a leasú tríd an mír seo a leanas a chur in ionad míre (c):

“(c) ní cead méid iomlán na suimeanna a bheas arna ráthú aon tráth áirithe faoin mír dheiridh sin roimhe seo a dhul thar cheithre mhilliún punt,”.

Cionta.

10. —(1) Duine ar bith a sharós (trí ghníomh nó neamhghníomh)—

(a) foráil i rialacháin faoin Acht seo, nó

(b) coinníoll a bheas ag gabháil le cead faoi rialacháin faoin Acht seo,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(2) Féadfaidh an tAire, nó féadfar ar agra an Aire, mar inchúisitheoir, inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin alt seo.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.

11. —(1) Féadfar an tAcht Toradh Déiríochta (Praghas a Dhéanamh Seasmhach) (Leasú), 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

(3) Féadfar na hAchta Toradh Déiríochta (Praghas a Dhéanamh Seasmhach), 1935 go 1956, a ghairm de na hAchta Toradh Déiríochta (Praghas a Dhéanamh Seasmhach), 1935 go 1941, agus den Acht seo le chéile.