|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Brabúis ó Onnmhaire—Faoiseamh Sealadach ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Bhrabús Corparáide.) |
AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1956
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Brabúis ó Oibríochtaí Gual-Mhianadóireachta— Faoiseamh Sealadach ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Bhrabús Corpáráide. | |
[EN] |
Mínithe (Cuid I I). |
4. —Sa Chuid seo den Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “oibríochtaí gual-mhianadóireachta” oibríochtaí gual-mhianadóireachta (trí thochailt faoi thalamh nó trí thochailt in uachtar talún) sa Stát, pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, ach sin sa mhéid go dtáirgfear nó gur táirgeadh gual dá dtoradh agus sa mhéid sin amháin; | |
[EN] | ciallaíonn “lá tosnuithe” an lá tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, dá dtagartar i mír (b) den mhíniú san alt seo ar “nua-oibríochtaí gual-mhianadóireachta”; | |
[EN] | ciallaíonn “oibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha” oibríochtaí gual-mhianadóireachta ár táirgeadh gual dá dtoradh tráth ar bith sa tréimhse bhliana dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956; | |
[EN] | ciallaíonn “nua-oibríochtaí gual-mhianadóireachta” oibríochtaí gual-mhianadóireachta— | |
[EN] | (a) nach oibríochtaí gual-mhianóireachta láithreacha, | |
[EN] | (b) a tosnófar aon lá tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, agus | |
[EN] | (c) arb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, ag féachaint do na himthosca go léir (ar a bhréadfar cineál agus méadúlacht na n-oibríochtaí agus an áit a bhfuiltear ag gabháil dóibh d'áireamh), gur oibríochtaí gualmhianadóireachta iad atá ar leithligh agus ar deighilt go substaintiúil ó aon oibríochtaí gual-mhianadóireachta eile, agus nach é amháin gur leathnú ar na hoibríochtaí sin iad; | |
[EN] | ciallaíonn “tairgeadh” táirgeadh i gcainníochtaí réasúnacha tráchtála d'fhonn brabús a dhéanamh. | |
[EN] |
Srian ginearálta le faoiseamh. |
5. —Ní tabharfar faoiseamh faoin gCuid seo den Acht seo ach amháin i leith ioncaim nó brabús a gheobhas cuideachta, a corpraíodh sa Stát agus a chónaíos ann chun críocha cánach ioncaim, as nua-oibríochtaí gual-mhianadóireachta nó as oibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha. |
[EN] |
Brabúis ó nuaoibríochtaí gual-mhianadóireachta a ríomh le haghaidh cánach ioncaim. |
6. —Nuair a bheas méid na mbrabús ó aon nua-oibríochtaí gual mhianadóireachta á ríomh lena measúnú i leith cánach ioncaim— |
[EN] | (a) áireofar na nua-oibríochtaí gual-mhianadóireachta mar thrádáil ar leith, agus | |
[EN] | (b) measfar gur híocadh aon cháin bhrabús corparáide nach bhfuil, de bhua ailt 7 den Acht seo, iníoctha. | |
[EN] |
Faoiseamh— nua-oibríochtaí gual-mhianadóireachta. |
7. —(1) Déanfar cáin ioncaim is iníoctha i leith ioncaim, arna ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim, ó nua-oibríochtaí gualmhianadóireachta, a laghdú, maidir leis an mbliain mheasúnuithe ar lá dhi an lá tosnuithe agus le blianta measúnuithe ina dhiadh sin, caoga faoin gcéad, faoi réir an choinníll nach ndéanfar cáin ioncaim is iníoctha amhlaidh a laghdú amhlaidh d'aon bhliain mheasúnuithe a thosnós an 6ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis. |
[EN] | (2) (a) Laghdófar caoga faoin gcead cáin bhrabús corparáide is inchurtha i leith brabús ó nua-oibríochtaí gualmhianadóireachta in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta nó coda de thréimhsí cuntasaíochta laistigh den tréimhse ón lá tosnuithe go dtí an 30ú lá de Mhean Fómhair, 1966. | |
[EN] | (b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pé cionroinnt a dhéanamh is dóigh leo is gá chun críocha an fho-ailt seo. | |
[EN] |
Faoiseamh— oibríochtaí gual mhianadóireachta láithreacha. |
8. —(1) In aghaidh gach bliana measúnuithe iomchuí, laghdófar caoga faoin gcéad cáin ioncaim is iníoctha i leith ioncaim, arna ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim, ó oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha, a mhéid atá an t-ioncam sin inchurtha i leith an fharasbairr chánach ioncaim. |
[EN] | (2) (a) In aghaidh gach ceann de na tréimhsí cuntasaíochta nó de na coda de thréimhsí cuntasaíochta laistigh den tréimhse ón 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1956, go dtí an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1966, laghdófar caoga faoin gcéad cáin bhrabús corparáide is inmhuirir i leith brabús ó oibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha, a mhéid atá na brabúis sin inchurtha i leith an fharasbairr chánach brabús corparáide. | |
[EN] | (b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pé cionroinnt a dhéanamh is dóigh leo is gá chun críocha an fho-ailt seo. | |
[EN] | (c) Nuair a bheas méid na mbrabús ó oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha á ríomh lena measúnú i leith cánach ioncaim, measfar gur híocadh aon cháin bhrabús corparáide nach bhfuil, de bhua an fho-ailt, seo, iníoctha. | |
[EN] | (3) (a) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “bonn-tréimhse” an tréimhse ar ar a brabúis nó a sochair a déantar cáin ioncaim i leith na n-oibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha a ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D don bhliain mheasúnuithe iomchuí; | |
[EN] | ciallaíonn “farasbarr cánach brabús corparáide” farasbarr na táirgeachta guail ó na hoibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha do thréimhse chuntasaíochta nó do chuid de thréimhse chuntasaíochta dá dtagrann mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo thar an táirgeacht chaighdeánach ghuail; | |
[EN] | ciallaíonn “farasbarr cánach ioncaim” farasbarr na táirgeachta guail ó na hoibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha sa bhonn-tréimhse do bhliain mheasúnuithe iomchuí thar an táirgeacht chaighdeánach ghuail; | |
[EN] | ciallaíonn “bliain mheasúnuithe iomchuí” gach ceann de na deich mbliana measúnuithe comhleanúnacha arb í an chéad bhliain díobh pé bliain de na trí bliana measúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, an 6ú lá d'Aibreán, 1958, agus an 6ú lá d'Aibreán, 1959, faoi seach, a roghnós an chuideachta a bheas i gceist nó, mura roghnaí, an bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, faoi réir an choinníll, in aon chás inarb ionann an táirgeacht chaighdeánach ghuail agus an táirgeacht ghuail sa dá mhí dhéag dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nach bliain mheasúnuithe iomchuí an bhliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, más rud é gur ar lá roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1955, a thosnaigh an bhonn-tréimhse maidir léi; | |
[EN] | ciallaíonn “an táirgeacht chaighdeánach ghuail” an táirgeacht ghuail ó na hoibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha sa dá mhí dhéag dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó, más é is rogha leis an gcuideachta a bheas i gceist, sa dá mhí dhéag dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1955. | |
[EN] | (b) I gcás inar gá, chun an farasbarr cánach ioncaim nó an farasbarr cánach brabús corparáide a dhéanamh amach, comparáid a dhéanamh idir an táirgeacht chaighdeánach ghuail agus an táirgeacht ghuail i dtréimhse is giorra ná dhá mhí dhéag, measfar, chun críche na comparáide, gurb ionann an táirgeacht chaighdeánach ghuail agus an chuid sin di a bhfuil idir í agus an t-iomlán an cothrom céanna atá idir an tréimhse sin agus dhá mhí dhéag. | |
[EN] |
Díbhinní, etc. |
9. —(1) Má bhíonn teideal, faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, ag cuideachta cáin ioncaim a bhaint as aon díbhinn, ní déanfar, in aon chás, cáin a bhaint aisti do réir ráta is mó ná ráta na cánach ioncaim arna laghdú d'aon fhaoiseamh ón gcáin sin a bheirtear faoin gCuid seo den Acht seo, agus beidh feidhm dá réir sin ag forála ailt 5 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940) , le haon mhodhnuithe is gá. |
[EN] | (2) An ráta cánach ioncaim ar dá réir a bheas aon aisíoc cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe le déanamh beidh sé faoi réir pé coigeartuithe is cuí i gcásanna ina dtugtar faoiseamh faoi réim nó de bhua na Coda seo den Acht seo. | |
[EN] | (3) Ní deonfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim faoin gCuid seo den Acht seo i leith aon ioncaim a bhfuil teideal ag cuideachta, ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, an cháin ioncaim ina leith a mhuirearú ar aon duine eile nó a bhaint, a choimeád siar nó a ghlanadh as aon íocaíocht le haon duine eile. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfar, de bhua fo-ailt (1) den alt seo, cáin ioncaim a bhaint as díbhinn do réir ráta laghdaithe, is é méid a bheas le cur i leith na díbhinne in aon tuairisceán chun críocha forchánach ná méid a mbeidh idir é agus méid na díbhinne an cothrom céanna atá idir ráta na cánach ioncaim a baineadh aisti agus an ráta a húdarófaí a bhaint aisti dá mba nár hachtaíodh an t-alt seo. |