An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Liúntais Foirgníochta Tionscail.)

47 1956

AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1956

CUID V.

Duais-Bhannaí.

An tAire.

21. —Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Duais-Bhannaí.

22. —(1) Féadfaidh an tAire, chun críche aon iasachta a n-údaraítear dó le haon Acht nó faoi í d'fháil, urrúis neamhúsmhara a bhunú agus d'eisiúint a bheas faoi réir pé coinníollacha maidir le haisíoc, fuascailt nó eile is oiriúnach leis agus a bhféadfar ina leith urrúis áirithe a roghnú do réir seans le haghaidh duaiseanna, agus is duais-bhannaí a bhéarfar ar na hurrúis sin agus a gairmtear díobh sa Chuid seo den Acht seo.

(2) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis príomhshuim duais-bhannaí, na duaiseanna ina leith agus an caiteachas faoina raghfar i ndáil lena n-eisiúint.

(3) Déanfar aon airgead a cruinneofar trí dhuais-bhannaí a chur chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina bhfuil an Príomh-Chiste ar fáil.

(4) Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas aon chaiteachas faoina raghfar i ndáil le bainistí duais-bhannaí.

(5) Ní bheidh feidhm maidir le duais-bhannaí ag aon ní atá san Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 ( Uimh. 2 de 1956 .)

Rialacháin.

23. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh duais-bhannaí agus féadfaidh aon rialacháin den tsórt sin foráil a dhéanamh, go háirithe, i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) na daoine a fhéadfas duais-bhannaí a cheannach,

(b) íocaíochtaí i gcásanna inar duine faoi aon mhíchumas dlíthiúil, nó duine marbh, sealbhóir duais-bhannaí,

(c) na hadmhála a bheas ina n-urscaoileadh maith i leith íocaíochtaí,

(d) socrú díospóidí,

(e) feidhm aon cheann d'fhorála na Bills of Exchange Acts, 1882 to 1917, maidir le barántais nó ionstraimí eile trína ndéantar íocaíochtaí.

(2) Beidh feidhm ag alt 10 den Savings Banks Act, 1887, arna athrú leis na Rialacháin um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí (Táillí d'Athrú), 1953 (I.R. Uimh. 214 de 1953) (alt, arna athrú amhlaidh, a bhaineas leis an bpraghas ar dheimhnithe breithe, báis nó pósta) chun críocha rialachán faoin alt seo amhail mar atá feidhm aige chun críocha na nAcht a bhaineas le Banc Taisce an Phoist, agus beidh éifeacht chun críocha na rialachán sin ag an alt sin amhail is dá mba thaisceoir i mBanc Taisce an Phoist sealbhóir duais-bhannaí nó aon duine ag a bhfuil leas i nduais-bhannaí.

Díoliúne ó dhleacht stampa.

24. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir i leith—

(a) aon bharántais, seice nó ionstraime eile trína ndéantar íocaíocht, arb é atá inti barántas nó seic nó ionstraim eile chun íoctha suime is inaisíoctha, nó aon tsuime eile is iníoctha ag an Aire nó thar a cheann, i leith duais-bhannaí,

(b) aon admhála ar aon tsuim den tsórt sin nó ar aon tsuim a híocadh as duais-bhannaí a cheannach,

(c) aon chumhachta aturnae nó doiciméid eile nach mbaineann ach le híoc nó admháil aon tsuime den tsórt a luaitear i mír (a) den alt seo, ná

(d) aon dámhachtana a déanfar i gcás díospóid i dtaobh duais-bhannaí a chinneadh de bhun rialachán faoi alt 23 den Acht seo.