|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Forála Forlíontacha.) |
[EN] | ||
Uimhir 48 de 1956. | ||
[EN] |
AN tACHT UM DHEONTAIS THIONSCAIL, 1956. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN DEONTAIS A THABHAIRT I gCABHAIR AR FHORBAIRT TIONSCAL I LIMISTÉIRÍ SEACHAS LIMISTÉIRÍ LENA mBAINEANN AN tACHT UM LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA, 1952 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [27 Nollaig, 1956.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Forbartha Tionscail; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála. | |
[EN] |
Deontais le haghaidh tionscail. |
2. —(1) Aon uair is dóigh leis an Údarás go raghadh sé chun leasa don eacnamaíocht náisiúnta mór-mhéid d'earra áirithe a bheith á monarú sa Stát agus gur dócha— |
[EN] | (a) go soláthródh sin roinnt mhaith fostaíochta, nó | |
[EN] | (b) go gcuirfeadh sé mór-chuid den earra ar fáil sa Stát, nó | |
[EN] | (c) go dtabharfadh sé deis chun trádáil onnmhuirithe d'fhorbairt, | |
[EN] | ansin, más deimhin leis an Údarás gur gá cabhair airgeadais chun a áirithiú go mbunófar gnóthas tionscail chun mór-mhéid den earra a mhonarú agus gur gnóthas réasúnta buan a bheas ann agus go seolfar go héifeachtach é, féadfaid, ar pé coinníollacha is cuí leo, deontais a thabhairt i leith an chostais a bhainfeas leis na foirgnimh, agus na hoibreacha eile is gá le haghaidh an ghnóthais, d'fháil, a thógáil agus d'oiriúnú. | |
[EN] | (2) Ní raghaidh an méid iomlán a deonfar amhlaidh i gcás aon ghnóthais áirithe thar dhá dtrian den chostas sin, nó suim chaoga míle punt, pé acu is lú. | |
[EN] | (3) Nuair a bheas an tÚdarás ag breithniú iarratas ar dheontais faoin alt seo, bhéarfaid aird ar a mhéid atá riar a gcáis de na hearraí atá le monarú le fáil ag an bpobal ó ghnóthais atá ar bun cheana. | |
[EN] | (4) Ní tabharfar deontais faoin alt seo i leith gnóthais a bhunú i límistéir lena mbaineann an tAcht um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952 (Uimh. 1 de 1952) . | |
[EN] | (5) Ní cheadóidh an tÚdarás aon deontas tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1963. | |
[EN] |
Deontais don Údarás. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt don Údarás, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, chun a chur ar a gcumas a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Ní raghaidh comhiomlán na ndeontas faoin alt seo thar dhá mhilliún punt. | |
[EN] |
Forála forlíontacha. |
4. —Bainfidh forála an Sceidil leis an Údarás chun críocha an Achta seo. |
[EN] |
Caiteachais an Aire. |
5. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag cur an Achta seo í bhfeidhm. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
6. —Féadfar an tAcht um Dheontais Thionscail, 1956 , a ghairm den Acht seo. |