7 1957


Uimhir 7 de 1957.


AN tACHT d'FHORCHUR DLEACHT, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN DLEACHTA CUSTAM, DLEACHTA MÁIL AGUS DLEACHTA STAMPA D'FHORCHUR, D'ATHRÚ AGUS D'FHORCEANNADH LE hORDÚ, AGUS CHUN DLEACHTA CUSTAM D'FHIONRAÍ, AGUS DÍOLÚINE A THABHAIRT INA LEITH, I gCÁSANNA ÁIRITHE. [28 Bealtaine, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Dleachta D'fhorchur, d'athrú agus d'fhorcaannadh.

1. —Féadfaidh an Rialtas le hordú:

(a) dleacht chustam de pé méid is cuí leo d'fhorchur, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha, tórainneacha, aistarraingtí, liúntas, díolúintí, nó rátaí tosaíochta, agus sin amhail ó aon lá sonraithe, ar aon tsaghas áirithe earraí a honnmhuireofar isteach sa Stát agus, má bhíonn aon dleacht chustam eile inghearrtha ar na hearraí, an dleacht chéadluaite sin d'fhorchur amhlaidh i dteannta nó in ionad na dleachta eile sin;

(b) aon dleacht chustam, maidir le hearraí a honnmhuireofar isteach sa Stát, a bheas i bhfeidhm ar dháta an Acht a seo a rith nó a forchuirfear le haon Acht a rithfear nó le haon ordú a déanfar tar éis dáta an Achta seo a rith nó aon choinníoll, tórainn, aistarraing, liúntas, díolúine nó ráta tosaíochta a bheas i bhfeidhm ar dháta an orduithe maidir le haon dleacht den tsórt sin d'fhorceannadh nó d'athrú ar aon mhodh nó slí ar bith agus sin amhail ó aon lá sonraithe;

(c) tórainn a chur le haon fhorchur, forceannadh nó athrú den tsórt sin ionas nach mbainfidh sé ach le hearraí a consíníodh ó thíortha áirithe, nó a fásadh, a táirgeadh nó a rinneadh sna tíortha sin;

(d) dleacht mháil d'fhorchur, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha, tórainneacha, liúntas, díolúintí nó rátaí tosaíochta, ar aon ábhar nó ní áirithe amhail ó aon lá sonraithe agus, chun críche na dleachta, a cheangal go gcaithfear ceadúnas d'fháil chun aon ní áirithe a dhéanamh;

(e) aon dleacht mháil a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith nó a forchuirfear le haon Acht a rithfear nó le haon ordú a déanfar tar éis dáta an Achta seo a rith, nó aon choinníoll, tórainn, liúntas, díolúine, nó ráta tosaíochta a bheas i bhfeidhm ar dháta an orduithe maidir le haon dleacht den tsórt sin d'fhorceannadh nó d'athrú ar aon mhodh nó slí ar bith agus sin amhail ó aon lá sonraithe;

(f) dleacht stampa d'fhorchur, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha, tórainneacha, liúntas, díolúintí nó rátaí tosaíochta, ar aon tsaghas áirithe doiciméid nó idirbhirt amhail ó aon lá sonraithe agus, chun críche na dleachta, a cheangal go gcaithfear doiciméad nó foirm áirithe doiciméid d'úsáid i gcás nó i leith aon tsaghas áirithe idirbhirt;

(g) aon dleacht stampa a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith nó a forchuirfear le haon Acht a rithfear nó le haon ordú a déanfar tar éis dáta an Achta seo a rith, nó aon choinníoll, tórainn, liúntas, díolúine nó ráta tosaíochta a bheas i bhfeidhm ar dháta an orduithe maidir le haon dleacht den tsórt sin d'fhorceannadh nó d'athrú ar aon mhodh nó slí ar bith agus sin amhail ó aon lá sonraithe;

(h) feidhm a thabhairt (le modhnú nó gan modhnú), i gcás nó i leith aon dleachta a forchuirfear nó a hathrófar faoin alt seo, d'aon fhoráil reachtúil do rialú bailiú nó forchur pionós maidir le dleachta den tsaghas ar de an dleacht;

(i) aon dleacht a forchuirfear nó a hathrófar faoin alt seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim;

(j) ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Eifeacht orduithe faoi alt 1.

2. —(1) Gach ordú faoi alt 1 beidh feidhm reachtúil aige nuair a déanfar é agus, mura ndaingnítear an t-ordú le hAcht ón Oireachtas a rithfear tráth nach déanaí ná deireadh na bliana i ndiaidh na bliana a rinneadh an t-ordú nó más ordú é nach ndéanann ach ordú a rinneadh roimhe sin faoin alt sin a chúlghairm go hiomlán, scoirfidh an t-ordú d'éifeacht reachtúil a bheith aige i gceann na tréimhse sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

(2) Aon ordú faoi alt 1 a scoirfeas d'éifeacht reachtúil a bheith aige mar gheall ar an tréimhse a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a bheith caite, nó a cúlghairmfear le hordú faoi alt 1, ní féadfar é a bhuanú ná d'athnuachaint le haon ordú eile arna dhéanamh (pé acu roimh an scor sin nó an chúlghairm sin é nó dá éis) faoin alt sin.

(3) Más rud é, nuair a déanfar ordú faoi alt 1 nó aon uair ina dhiaidh sin agus sara ndaingnítear an t-ordú le hAcht ón Oireachtas nó sara gcúlghairmtear é nó sara scoire sé d'éifeacht reachtúil a bheith aige, go mbeidh Dáil Éireann ar athló go ceann tréimhse is sia ná deich lá agus más rud é, le linn Dáil Éireann a bheith ar athló amhlaidh, go ndéanfaidh tromlacht comhaltaí Dháil Éireann, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Cheann Comhairle, a iarraidh go ndéanfaí Dáil Éireann a thoghairm, déanfaidh an Ceann Chomhairle Dáil Éireann a thoghairm chun teacht le chéile lá a ainmneos sé agus nach deireannaí ná lá is fiche tar éis dó an fógra d'fháil ná nach luaithe ná deich lá tar éis an toghairm d'eisiúint.

Forála maidir le dleachta faoi réir forál ceadúnúcháin.

3. —(1) Baineann an t-alt seo le haon dleacht chustam a bhfuil foráil ina leith ann chun earraí d'allmhuiriú faoi cheadúnas gan an dleacht d'íoc pé uair is dóigh leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála nó leis an Aire Talmhaíochta, do réir mar bheas, gur cuí sin.

(2) I gcás dleacht lena mbaineann an t-alt seo, más dóigh leis an Aire Airgeadais gurb é leas an phobail go ndéanfaí amhlaidh, féadfaidh sé, le toiliú an Aire eile dá dtagartar i bhfo-alt (1) maidir leis an dleacht sin, aon ní acu seo leanas a dhéanamh le hordú—

(a) an dleacht, nó a baint le hearraí de shaghas nó de thuairisc áirithe, d'fhionraí, nó

(b) earraí de shaghas nó de thuairisc áirithe a dhíolmhadh ón dleacht.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le toiliú aa Aire eile sin mar adúradh, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú le hordú

(4) Féadfar ordú faoi fho-alt (2) a dhéanamh gan tórainn maidir le ham nó go ceann tréimhse sonraithe.

Orduithe a leagadh faof bhráid Tithe an Oireachtais.

4. —Gach ordú a déanfar faoi alt 3 leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Cúlghairm.

5. —Cúlghairmtear leis seo an tAcht chun Diúitéithe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Orduithe faoin Acht chun Diúitéithe do Ghearradh go Práinneach, 1932, do leanúint i bhfeidhm.

6. —Gach ordú faoin Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 , a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith leanfaidh sé í bhfeidhm d'ainneoin an Achta chéadluaite a chúlghairm agus bainfidh alt 2 leis an ordú amhail mar bhaineas sé le horduithe faoi alt 1.

Gearrtheideal.

7. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , a ghairm den Acht seo.