10 1957


Uimhir 10 de 1957.


AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO THABHAIRT TUILLEADH CUMHACHT DO BHORD NA MÓNA CHUN AIRGEAD D'FHÁIL AR IASACHT AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [12 Meitheamh, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Cumhachta an Bhoird chun airgead d'fháil ar iasacht lena fheidhmeanna a chomhlíonadh.

1. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, airgead d'fháil ar iasacht trí stoc nó urrúis de chineálacha eile a chruthú a heiseofar, a haistreofar, a riarfar agus a fuasclófar i pé slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an Bord leis an toiliú adúradh.

(2) Is cead go mbeadh ar na téarmaí ar a bhféadfar airgead d'fháil ar iasacht faoin alt seo forála ag muirearú an airgid agus an úis air ar an maoin uile, pé cineál í, a bheas dílsithe sa Bhord de thuras na huaire nó ar aon mhaoin áirithe leis an mBord agus forála ag leagadh síos tosaíochta na muirear sin ar a chéile agus a dtosaíochta i leith muirear in aghaidh airleacan a rinneadh chun an Bhoird, roimh an Acht seo a rith nó dá éis, as an bPríomh-Chiste, agus féadfaidh na téarmaí sin a fhoráil, d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon achtachán, go bhféadfaidh aon mhuirear i leith airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo tosach a bheith aige ar mhuirir i leith airleacan den tsórt sin nó a bheith ar aon-chéim leo.

(3) Ní raghaidh an méid iomlán a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar dhá mhilliún punt.

(4) Ní raghaidh iomlán na suimeanna a hairleacfar chun an Bhoird faoi alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 ( Uimh. 10 de 1946 ), agus aon airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar cheithre mhilliún déag punt.

An tAire Airgeadais do thabhairt frithgheallúna i leith eisiúna stoic.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar pé coinníollacha is cuí leis, a chomhaontú leis an mBord, má bhíonn aon stoc leis an mBord, a beifear ar tí a thairiscint aon tráth áirithe lena shuibscríobh, gan glacadh ag an bpobal i gceann tréimhse sonraithe, go nglacfaidh sé an stoc sin nó cion sonraithe éigin de agus go n-íocfaidh as.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc an airgid go léir a theastós ó am go ham faoi chomhair íocaíochtaí is gá don Aire Airgeadais a dhéanamh leis an mBord i leith aon stoic a ghlacfas sé faoin Acht seo.

Urrúis a ráthú.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais a ráthú, i pé slí agus foirm agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí aon airgead a gheobhas an Bord ar iasacht faoi alt 1 den Acht seo agus féadfaidh feidhm a bheith, freisin, ag an ráthaíocht sin le hús ar an airgead sin d'íoc.

(2) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a hairleacfar an t-airgead go léir a theastós ón Aire Airgeadais ó am go ham chun suimeanna d'íoc a bheas iníoctha faoi aon ráthaíocht a thug sé faoin alt seo.

(3) Aisíocfaidh an Bord leis an bPríomh-Chiste, laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an airleacain, aon airleacain as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis chun críche an ailt seo (maraon le hús orthu do réir pé rátaí a cheapfas an tAire Airgeadais).

(4) Má bhíonn iomlán na n-airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis chun críche an ailt seo, nó aon chuid díobh, gan aisíoc ag an mBord leis an bPríomh-Chiste do réir fo-ailt (3) den alt seo, aisíocfar leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas an méid a bheas gan aisíoc amhlaidh.

(5) Má sholáthraíonn an tOireachtas airgead faoi fho-alt (4) den alt seo, ní dhíolmhóidh sin an Bord ó bheith faoi dhliteanas méid iomlán aon airleacain a rinneadh faoi fho-alt (2) den alt seo, maraon le hús air do réir an ráta a cheap an tAire Airgeadais, d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste, agus déanfaidh an Bord an t-aisíoc sin pé trátha agus i pé tráthchoda a cheapfas an tAire Airgeadais.

Ráiteas bliantúil i dtaobh ráthaíochtaí.

4. —Leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas ina luafar i gcás gach ráthaíochta a tugadh faoi alt 3 den Acht seo i rith na bliana sin nó a tugadh aon uair roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm ina tosach—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) má rinne an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid a haisíocadh (má haisíocadh) leis an Aire de bhun na híocaíochta,

(c) an méid den phríomhshuim atá gan íoc ag deireadh na bliana sin agus atá faoi réim na ráthaíochta.

Urrúis an Bhoird a bheith ina n-urrúis iontaobhais.

5. —Measfar aon urrús a cruthófar faoi alt 1 den Acht seo a bheith ar áireamh ar na hurrúis ina bhféadfaidh iontaobhaithe cistí iontaobhais d'infheistiú faoi chumhachta ailt 1 den Trustee Act, 1893.

Ciste Fuascailte.

6. —(1) Tar éis dó soláthar a dhéanamh le haghaidh íoc úis ar urrúis a bheas cruthaithe faoi alt 1 den Acht seo agus le haghaidh muirear seasta agus oblagáidí eile, cuirfidh an Bord de leataobh ó am go ham pé suimeanna is cuí leis chun ciste a bhunú le haon urrús d'fhuascailt is infhuascailte in airgead, go páirteach nó go hiomlán, do réir coinníollacha a eisiúna.

(2) Féadfaidh an Bord suimeanna ar bith a cuirfear de leataobh faoin alt seo agus an t-ioncam astu d'infheistiú—

(a) i pé urrúis a mbeidh údaraithe le dlí de thuras na huaire cistí iontaobhais d'infheistiú iontu agus is cuí leis an mBord tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais;

(b) i pé urrúis eile a bheas ceadaithe chuige sin de thuras na huaire ag an Aire Airgeadais agus is cuí leis an mBord.

(3) (a) Úsáidfear na suimeanna go léir a cuirfear de leataobh faoin alt seo, maraon leis an ioncam astu, chun nó i leith fuascailte aon urrúis, ar bheith aibidh dó, ar cuireadh de leataobh iad lena fhuascailt nó, más cuí leis an mBord, féadfar iad d'úsáid chun aon urrús den tsórt sin a cheannach agus díscríobhfar agus cealófar aon urrús a ceannófar amhlaidh.

(b) Ach amháin le haontú an Aire Airgeadais, ní cheannóidh an Bord faoin bhfo-alt seo aon urrús ar phraghas is mó ná a gcomhshuim seo a leanas—

(i) praghas fuascailte an urrúis, agus

(ii) aon ús a bheas dlite ar an urrús ar dháta a cheannuithe agus is iníoctha leis an gceannaitheoir.

Airgead barrachais d'infheistiú.

7. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, aon airgead a bheas faoina réir, agus nach mbeidh ag teastáil uaidh de thuras na huaire chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, d'infheistiú i pé urrúis is cuí leis an Aire Airgeadais.

Díbhinní, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

8. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile go léir a gheobhas an tAire Airgeadais i leith stoic leis an mBord a bheas ina sheilbh.

Cumhachta an Aire Airgeadais i leith stoic ina sheilbh.

9. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais an stoc a shuibscríobh sé faoin Acht seo a choinneáil ina sheilbh chomh fada agus is cuí leis agus féadfaidh, mar is cuí leis agus nuair is cuí leis, an stoc sin go léir nó aon chuid de a dhíol.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste na glan-fháltais as díol aon stoic ag an Aire Airgeadais.

Airgead a sholáthar faoi chomhair íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste.

10. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun soláthar a dhéanamh le suimeanna d'íoc as an bPríomh-Chiste faoin Acht seo nó leis na suimeanna go léir a híocadh amhlaidh, nó aon chuid díobh, d'aisíoc leis an gCiste sin, nó le haon urrúis a heisíodh faoin alt seo a ghlanadh, a mhéid nach bhfuil soláthar déanta ar shlí eile ina leith sin, airgead d'fháil ar iasacht trí pé urrúis is cuí leis d'eisiúint, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-úrrús uile a heiseofar faoin alt seo.

Airgead d'fháil ar iasacht go sealadach.

11. —(1) Féadfaidh an Bord pé suimeanna d'fháil ar iasacht go sealadach a theastós uaidh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Ní fheidhmeoidh an Bord a chumhachta i slí go mbeidh a fhiachas iomlán, i leith airgead d'fháil ar iasacht go sealadach, níos mó, aon uair, ná pé suim a bheas údaraithe ag an Aire le ceadú an Aire Airgeadais.

(3) Athghairmtear leis seo alt 58 den Acht Forbartha Móna, 1946 ( Uimh. 10 de 1946 ).

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

12. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na h Achta Forbartha Móna, 1946 go 1953, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin, agus féadfar na h Achta Forbartha Móna, 1946 go 1957, a ghairm díobh le chéile.