|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1957) | Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mál.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1957
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Cáin Ioncaim. | |
[EN] |
Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1957-58. |
1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt. |
[EN] | (2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1956, a muirearófar amhlaidh í. | |
[EN] | (3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1957, maidir le cáin ioncaim agus forcháin. | |
[EN] |
Leasú ar Riail 6 de na Rialacha a bhaincas le Cásanna I agus II do Sceideal D a ghabhas leis an Income Tax Act, 1918. |
2. —(1) Déanfar méid aon asbhainte faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D a ghabhas leis an Income Tax Act, 1918, a ríomh, i gcás aon bhliana measúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó lá dá éis sin, amhail is dá mbeadh foráil i mír (1) den Riail sin 6, maidir le haon bhliain den tsórt sin, le haghaidh asbhainte is comhionann le cúig ceathrúna na méide is dóigh leis an údarás ag a bhfuil dlínse san ábhar gur méid é a fhreagraíos, ó chóir agus réasún, do laghdú luacha mar gheall ar chaitheamh agus cumailt an inneallra nó an ghléasra i rith na bliana. |
[EN] | (2) Déanfar na tagairtí don Riail sin 6 atá in alt 3 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), agus i bhfo-alt (1) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1956 ( Uimh. 22 de 1956 ), d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Riail sin 6 arna leasú leis an alt seo. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag mír (4) den Riail sin 6 amhail is dá scriosfaí an chuid ó “as” go deireadh na míre agus go gcuirfí “as is due” ina ionad. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag mír (5) den Riail sin 6 amhail is dá mb'é a bhí sa tsuim a luaitear inti suim is comhionann leis an méid dob inlamháilte faoi mhír (1) den Riail sin 6 dá mbeadh an t-inneallra nó an gléasra á úsáid, i rith tréimhse an ligin, chun críche trádála a bhí ar siúl ag an léasóir. | |
[EN] | (5) Ní bhainfidh forála an ailt seo le haon asbhaint is inlamháilte— | |
[EN] | (a) faoin Riail sin 6 mar mhéid a fhreagraíos do laghdú luacha aon fheithicle, mar gheall ar chaitheamh agus cumailt, ar feithicil í atá oiriúnach chun daoine nó earraí d'iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharló de bóthar, nó | |
[EN] | (b) de bhuaidh roghna faoin gcoinníoll a cuireadh le mír (1) den Riail sin 6 trí alt 3 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 ( Uimh. 47 de 1956 ). | |
[EN] |
Leasú ar alt 20 (1) (b) den Finance Act, 1922. |
3. —Déantar leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 20 den Finance Act, 1922 (is é sin, an mhír a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 )) a leasú tríd an fho-mhír seo a leanas a chur isteach inti i ndiaidh fo-mhíre (i): |
[EN] | “(ia) being payable to any university or college, being a university or college in the State, for the purpose of enabling such university or college to carry on research, is so payable for a period which is or may be three years or longer, or”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 7 den Acht Airgid, 1932 . |
4. —(1) Maidir le stoic, scaireanna agus urrúis chuideachtan arb é a trádáil nó a gnó, go hiomlán nó go formhór, earraí monaraithe a tháirgeadh chun a ndíolta— |
[EN] | (a) cuirfear an fo-alt seo a leanas, agus éifeacht aige amhail ó thosach feidhme ailt 7 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , in ionad fo-ailt (2) den alt sin: | |
[EN] | “(2) Bainfidh an t-alt seo leis na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a heiseofar tar éis dáta an Achta seo a rith agus a ndeimhneoidh na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaobh gur deimhin leo go bhfuil na coinníollacha seo a leanas go léir comhlíonta i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin, is é sin le rá: | |
[EN] | (a) go bhfuil an stoc, an scair nó an t-urrús sin á eisiúint nó arna eisiúint ag cuideachta a chomhlíonas na forála seo a leanas, is é sin le rá— | |
[EN] | (i) go bhfuil an chuideachta sin corpraithe do réir dlithe an Stáit nó fúthu, agus | |
[EN] | (ii) gur cuideachta atá faoi thórainn scaireanna do réir bhrí an Companies (Consolidation) Act, 1908, an chuideachta sin, agus | |
[EN] | (iii) gur sa Stát atá an chuideachta sín á bainistí agus á rialú, agus | |
[EN] | (iv) gur sa Stát a sheolas an chuideachta sin a gnó nó (i gcás cuideachtan nach bhfuil tosnuithe aici ar ghnó) a bheartaíos sí a gnó a sheoladh, go hiomlán nó go formhór; agus | |
[EN] | (b) maidir leis na stoic, na scaireanna nó na hurrúis— | |
[EN] | (i) gur heisíodh iad lena suibscríobh ag an bpobal, nó | |
[EN] | (ii) gur de chineál de stoic, de scaireanna nó d'urrúis na cuideachtan iad a luaitear ar Stoc-Mhargadh sa Stát, agus nach lú ná caoga líon na bpearsan, mar tuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo, atá ina n-únaeirí tairbhiúla ar stoic, ar scaireanna nó urrúis den chineál sin; agus | |
[EN] | (c) go bhfuil an eisiúint stoc, scaireanna nó urrús sin tuairiscithe agus ainmnithe ar shlí gur so-aitheanta í thar gach eisiúint eile (más ann) de chuid na cuideachtan sin.”; agus | |
[EN] | (b) cuirfear an fo-alt seo a leanas, agus éifeacht aige amhail ó thosach feidhme ailt 7 den Acht Airgid, 1932 , in ionad fo-alt (4) agus (5) den alt sin; | |
[EN] | “(4) Aon stoc, scair nó urrús lena mbaineann an t-alt seo, scoirfidh sé de bheith ina stoc, ina scair nó ina urrús (pé acu é) lena mbaineann an t-alt seo má dhearbhaíonn agus nuair a dhearbhós na Coimisinéirí Ioncaim i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin gur deimhin leo go bhfuil an chuideachta tar éis scor de bheith ag gabháil do thrádáil nó gnó arb é a bhí ann, go hiomlán nó go formhór, táirgeadh earraí monaraithe chun a ndíolta, nó nach bhfuil, maidir leis an gcuideachta, gach ceann nó aon cheann áirithe de na coinníollacha atá leagtha amach i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo nó, maidir leis an stoc, an scair nó an t-urrús sin, gach ceann nó aon cheann áirithe de na coinníollacha atá leagtha amach i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (2) den alt seo nó i bhfo-alt (3) den alt seo, á chomhlíonadh a thuilleadh.” | |
[EN] | (2) Maidir le stoic, scaireanna agus urrúis chuideachtan aro é a trádáil nó a gnó, go hiomlán nó go formhór, earraí monaraithe a tháirgeadh chun a ndíolta, déantar leis seo alt 7 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), d'athghairm le héifeacht amhail ó thosach feidhme an ailt sin. | |
[EN] | (3) Nuair a bhéarfar deimhniú de bhuaidh an ailt seo i leith aon stoc, scaireanna nó urrús, ní tabharfar, dá ainneoin sin, aon fhaoiseamh ná aisíoc faoi fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 , i leith aon díbhinne nó úis ar na stoic, na scaireanna nó na hurrúis is iníoctha roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1958. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo— | |
[EN] | (a) difir do bhailíocht aon deimhnithe faoi fho-alt (2) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 , a heisíodh roimh an Acht seo a rith, ná | |
[EN] | (b) cosc a chur, i gcás inar heisíodh amhlaidh deimhniú den tsórt sin, le heisiúint deimhnithe faoi fho-alt (4) (mar hachtaíodh sin i dtosach) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 . | |
[EN] | (5) I gcás— | |
[EN] | (a) ina bhfuil seilbh thairbhiúil ag cuideachta (dá ngairmtear an chuideachta shealbhaíochta sa bhfo-alt seo) ar bhreis agus nócha faoin gcéad (luach ainmniúil) de na stoic, na scaireanna agus na hurrúis d'eisigh aon chuideachta nó cuideachtana eile, | |
[EN] | (b) gur stoic, scaireanna nó urrúis iad sin uile a bheadh cáilithe le haghaidh deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (2) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 , arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, mura mbeadh mír (b) den fho-alt sin arna leasú amhlaidh, agus | |
[EN] | (c) gurb í an tsealbhaíocht sin aon-ghnó nó príomh-ghnó na cuideachtan sealbhaíochta, | |
[EN] | beidh éifeacht ag fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo, an fhad a mhairfeas na dála sin roimhe seo, i leith stoic, scaireanna agus urrús arna n-eisiúint ag an gcuideachta sealbhaíochta amhail is dá mba chuideachta arb é a trádáil nó a gnó, go hiomlán nó go formhór, earraí monaraithe a tháirgeadh chun a ndíolta an chuideachta shealbhaíochta. | |
[EN] |
Leasú ar alt 12 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 . |
5. —Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 ( Uimh. 47 de 1956 ), tríd na fo-ailt seo a leanas a chur leis: |
[EN] | “(5) (a) I gcás aon bhliana éilimh seachas an bhliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirtí ‘laghdófar go neamhní’ in ionad ‘laghdófar caoga faoin gcéad’ sa bhfo-alt. | |
[EN] | (b) I gcás aon bhliana éilimh seachas an bhliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt seo amhail is dá gcuirtí ‘laghdófar go neamhní’ in ionad ‘laghdófar caoga faoin gcéad’ sa bhfo-alt. | |
[EN] | (6) (a) Aon cháin ioncaim is iníoctha ag cuideachta in aghaidh bliana éilimh seachas an bhliain mheasúnaithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, féadfar, a mhéid a bhaineas an cháin ioncaim sin le brabús ó dhíol earraí a honnmhuiríodh as an Stát, í a laghdú tiche cúig faoin gcéad d'ainneoin aon ní san alt seo, ach is laghdú é in ionad, agus ní laghdú é i dteannta, aon laghduithe eile ar cháin ioncaim, faoi fhorála an ailt seo, don bhliain éilimh. | |
[EN] | (b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gurb é an ‘brabús ó dhíol earraí a honnmhuiríodh as an Stát’ pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don bhliain éilimh, arna ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim, is inchurtha i leith díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) an cothrom céanna a bheas idir an méid a bhí le fáil sa bhonn-tréimhse ó dhíol earraí a honnmhuiríodh agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta ó dhíol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) sa bhonn-tréimhse.” | |
[EN] |
Ioc úis ar urrúis Bhord na Móna. |
6. —(1) Aon stoc nó cineál eile urrúis a eiseos Bord na Móna tar éis dáta an Achta seo a rith, measfar gur urrúis iad a heisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais do réir bhrí ailt 2 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt sin. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní sna hAchta Cánach Ioncaim, beidh de theideal ag Bord na Móna go ndéanfar an méid cánach ioncaim a bheadh air sa deireadh, mura mbeadh an t-alt seo, d'aon bhliain mheasúnuithe, a laghdú de shuim is ionann agus cáin ioncaim ar mhéid an úis ar stoc nó ar chineálacha eile urrús a dhéanfas Bord na Móna, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 2 den Acht Airgid, 1924 , mar feidhmítear é leis an alt seo, d'íoc gan asbhaint chánach sa bhliain mheasúnuithe sin. | |
[EN] | (3) Cuirfear le Riail I de Chás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, an clásal seo a leanas, is é sin le rá: | |
[EN] | “(k) interest on stock or other forms of security issued by Bord na Móna in cases where such interest is paid without deduction of tax.” |