23 1957


Uimhir 23 de 1957.


AN tACHT UM LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA (LEASÚ), 1957.

[An tiontó oiligiúil.]

ACHT D'FHADÚ RÉ FEIDHME, AGUS DO LEASÚ, AN ACHTA UM LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA, 1952 .

[12 Nollaig, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952 (Uimh. 1 de 1952) ;

ciallaíonn “dáta an aistrithe” an lú lá d'Eanáir, 1964.

(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht seo agus dá sanntar brí áirithe leis an bPríomh-Acht beidh an bhrí sin leis san Acht seo.

Ré feidhme an Phríomh-Achta.

2. —Leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1963, d'ainneoin ailt 1 den Acht sin.

Deontais ón Aire tar éis dul in éag don Phríomh-Acht.

3. —(1) I gcás deontas a chinn an Bord a thabhairt faoin bPríomh-Acht a bheith gan íoc go hiomlán nó go páirteach ar dhul in éag don Phríomh-Acht, bhéarfaidh an tAire an deontas, nó an chuid de a bheas gan íoc, ar na téarmaí céanna ar ar chinn an Bord.

(2) Is as airgead a sholáthrós an tOireachtas a bhéarfar deontais faoin alt seo.

(3) Ní raghaidh iomlán na ndeontas a bhéarfas an Bord faoin bPríomh-Acht agus a bhéarfas an tAire faoin Acht seo thar ceithre mhilliún punt.

Maoin d'aistriú.

4. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, an mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa Bhord nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó, agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineas nó a ghabhas le haon mhaoin den tsórt sin, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe, agus gan tíolacadh ná sannadh ar bith eile ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachtan nó údaráis, dílsithe san Aire nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó (do réir mar is gá sa chás) chun an eastáit, an iontaobhais nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa Bhord nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó.

(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt seo agus a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, ar seasamh i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide, cuideachtan nó údaráis, déanfaidh an banc, an chorparáid, an chuideachta nó an t-údarás sin, ar an Aire dá iarraidh sin ar dháta an aistrithe nó dá éis, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an Aire.

(3) Gach ábhar i gcaingean a haistrítear leis an alt seo chun an Aire, féadfaidh an tAire, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin, agus ní gá don Aire fógra i dtaobh an aistrithe a déantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheas faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin.

Dliteanais d'aistriú.

5. —Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as torta nó as sáruithe conartha) a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, dlite ón mBord agus gan íoc aige, nó tabhaithe agus gan fuascailt aige, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar dháta an aistrithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an Aire agus íocfaidh nó fuasclóidh an tAire é agus féadfar é a ghnóthú ón Aire nó é a chur i bhfeidhm ina choinne dá réir sin.

Conartha leanúnacha a choimeád i bhfeidhm.

6. —Gach banna, ráthaíocht, morgáiste nó urrús eile de chineál leanúnach a bheas déanta nó a bheas tugtha ag an mBord do dhuine ar bith, nó ag duine ar bith don Bhord, agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a bheas déanta idir an Bord agus duine eile agus nach mbeidh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh dháta an aistrithe, leanfaidh sé, d'ainneoin an Príomh-Acht do dhul in éag, de bheith i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí ainm an Aire ann in ionad ainme an Bhoird, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an Aire nó ina choinne.

Leanúint d'imeachta dlí a bheas ar feitheamh.

7. —Gach caingean, agra nó imeacht a bheas ar feitheamh ar dháta an aistrithe in aon chúirt nó binse agus a mbeidh an Bord ina pháirtí iontu, tiocfaidh an tAire chun bheith agus beidh sé, ar dháta an aistrithe, ina pháirtí iontu in ionad an Bhoird agus leanfar de na himeachta sin idir an tAire agus na páirtithe eile iontu dá réir sin agus ní thitfidh aon imeachta den tsórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leo ná ní déanfar dochar dóibh de dhroim an Príomh-Acht do dhul in éag.

Díolúine ó dhleacht stampa.

8. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin an Bhoird a dhílsiú san Aire.

Talamh a dílseofar san Aire a dhiúscairt.

9. —(1) Féadfaidh an tAire aon talamh a dílseofar ann le halt 4 den Acht seo a dhíol, a ligean ar léas nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(2) Aon airgead a gheobhas an tAire i leith talamh a dhiúscairt, pé acu trína dhíol, a ligean ar léas nó eile, íocfar isteach sa Stát-Chiste é nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

Cuntais agus iniúchadh.

10. —(1) Coimeádfaidh an tAire na cuntais go léir is gnáth agus is cuí ar an airgead a gheobhas sé agus a chaithfeas sé faoin Acht seo.

(2) Cuirfidh an tAire na cuntais faoi bhráid an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh agus bhéarfaidh an tAire go ndéanfar cóipeanna de na cuntais ar iad a bheith iniúchta amhlaidh, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste orthu, a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Comhairleoirí teicniúla a cheapadh.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais. comhairleoirí teicniúla a cheapadh chun é a chomhairliú maidir le híoc deontas faoi alt 3 den Acht seo agus féadfar pé táillí nó luach saothair eile a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc leis na comhairleoirí sin as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

(2) Ní dhéanfaidh aon chomhairleoir teicniúil aon eolas a gheobhas sé i gcomhlíonadh a dhualgas mar chomhairleoir den tsórt sin a nochtadh ach amháin i gcúrsa tuarascála uaidh chun an Aire.

(3) Aon duine a shárós fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Rátaí a mhaitheamh.

12. —(1) Baineann an t-alt seo le háitreabh a dheimhneos an tAire, tar éis dul in éag don Phríomh-Acht, a bheith arna sholáthar do ghnóthas tionscail i límistéir neamhfhorbartha, ag an mBord nó trí dheontas arna thabhairt ag an mBord faoin bPríomh-Acht nó ag an Aire faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil, más oiriúnach leo, dhá dtrian ráta is intobhaigh acu i leith áitribh lena mbaineann an t-alt seo a mhaitheamh.

(3) Faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, beidh éifeacht ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla ina ndearnadh soláthar an áitribh le haghaidh an ghnóthais thionscail a chríochnú agus i leith gach bliana de na naoi mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

(4) Má dheimhníonn an tAire, in aon bhliain airgeadais áitiúil nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh an t-áitreabh, ní bheidh éifeacht ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla sin.

(5) Ní deonfar maitheamh níos mó ná uair amháin i leith aon áitribh áirithe.

(6) I gcás gan luacháil ar leithligh, faoi na hAchta Luachála, a bheith déanta ar áitreabh, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón Aire, an méid is cuí leis de luacháil inrátuithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh.

(7) Is feidhmeanna forcoimeádta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, na cumhachta a bheirtear d'údarás áitiúil leis an alt seo.

Tuilleadh forál maidir le rátaí a mhaitheamh.

13. —Má rinne údarás áitiúil, roimh dháta an Achta seo a rith, nó má dhéanaid dá éis sin, rátaí a mhaitheamh faoi alt 9 den Phríomh-Acht i gcás áitribh ar dheimhnigh an Bord gur soláth raíodh é le haghaidh gnóthais thionscail i límistéir neamhfhorbartha, ansin, más rud é go ndeimhneoidh an tAire, sa chuid den bhliain airgeadais áitiúil a bheas gan chaitheamh ar dhul in éag don Phríomh-Acht nó in aon bhliain airgeadais áitiuil dá éis sin (is bliain airgeadais áitiúil ina bhféadfadh éifeacht a bheith ag an maitheamh sin), nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh an t-áitreabh, ní bheidh éifeacht ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla sin.

Alt 9 den Phríomh-Acht a leasú.

14. —I gcás aon mhaitheamh rátaí a bhéarfar faoi alt 9 den Phríomh-Acht tar éis dáta an Achta seo a rith, beidh éifeacht ag an alt sin amhail is dá gcuirtí an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (3):

“(3) Faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, beidh éifeacht ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla ina ndearnadh soláthar an áitribh le haghaidh an ghnóthais thionscail a chríochnú agus i leith gach bliana de na naoi mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.”

Alt 12 den Phríomh-Acht a leasú.

15. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht trí “cheithre mhilliún punt” a chur i bhfo-alt (2) in ionad “dhá mhilliún punt”.

Athghairm.

16. —Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 7 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal agus comhlua.

17. —(1) Féadfar an tAcht um Límistéirí Neamhfhorbartha (Leasú), 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952 agus 1957, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.